EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32018D0937
European Council Decision (EU) 2018/937 of 28 June 2018 establishing the composition of the European Parliament
Cinneadh (AE) 2018/937 ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018 lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa
Cinneadh (AE) 2018/937 ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018 lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa
ST/7/2018/REV/1
IO L 165I, 2.7.2018, p. 1–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
2.7.2018 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
CINNEADH (AE) 2018/937 ÓN gCOMHAIRLE EORPACH
an 28 Meitheamh 2018
lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa
TÁ AN CHOMHAIRLE EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 14(2) de,
Ag féachaint don tionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa (1),
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 14(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) na critéir maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, eadhon nach bhfuil líon na n-ionadaithe do shaoránaigh an Aontais le dul thar seacht gcéad caoga, móide an tUachtarán, go bhfuil an ionadaíocht le bheith comhréireach go céimlaghdaitheach, agus go bhfuil íosmhéid seisear comhaltaí le bheith ann do gach Ballstát, agus nach bhfuil níos mó ná sé shuíochán is nócha le bheith ag aon Bhallstát. |
(2) |
Foráiltear le hAirteagal 10 CAE, inter alia, go bhfuil oibriú an Aontais le fothú ar an daonlathas ionadaíoch, lena n-ionadaítear do na saoránaigh go díreach ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa agus lena n-ionadaíonn a Rialtais, atá freagrach iad féin go daonlathach, sin os comhair a bParlaimintí náisiúnta nó os comhair a gcuid saoránach, do na Ballstáit sa Chomhairle. |
(3) |
Tá feidhm ag Airteagal 14(2) CAE, dá bhrí sin, faoi chuimsiú na socruithe institiúideacha níos leithne a leagtar amach sna Conarthaí, lena n-áirítear freisin na forálacha maidir le cinnteoireacht sa Chomhairle, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Agus Airteagal 14(2) CFAE á chur i bhfeidhm, urramófar na prionsabail seo a leanas:
— |
le leithdháileadh na suíochán i bParlaimint na hEorpa, táthar le leas iomlán a bhaint as an íosmhéid agus as an uasmhéid in aghaidh an Bhallstáit atá leagtha amach le CAE d'fhonn méideanna daonraí na mBallstát faoi seach a léiriú a ghaire is féidir, |
— |
táthar le comhréireacht chéimlaghdaitheach a shainiú mar a leanas: an cóimheas idir daonra agus líon suíochán gach Ballstáit sula ndéanfar slánú go dtí slán-uimhreacha, tá sé le hathrú de réir a gcuid daonraí faoi seach ar chaoi go ndéanfaidh gach Comhalta de Pharlaimint na hEorpa arb as Ballstát dó ina bhfuil níos mó daoine, ionadaíocht do líon níos mó saoránach ná gach Comhalta de Pharlaimint na hEorpa arb as Ballstát dó ina bhfuil níos lú daoine agus, os a choinne sin, gur mó an teideal a bheidh ag Ballstát chun líon mór suíochán a bheith aige i bParlaimint na hEorpa más airde an daonra sa Bhallstát sin, |
— |
go bhfuil leithdháileadh na suíochán i bParlaimint na hEorpa le forbairtí déimeagrafacha sna Ballstáit a léiriú. |
Airteagal 2
Ríomhann an Coimisiún (Eurostat) daonra iomlán na mBallstát ar bhonn na sonraí is déanaí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit, i gcomhréir le modh arna bhunú trí bhíthin Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).
Airteagal 3
1. Déantar leis seo líon na n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa a thoghfar i ngach Ballstát a shocrú mar a leanas do théarma parlaiminteach 2019-2024:
An Bheilg |
21 |
An Bhulgáir |
17 |
Poblacht na Seice |
21 |
An Danmhairg |
14 |
An Ghearmáin |
96 |
An Eastóin |
7 |
Éire |
13 |
An Ghréig |
21 |
An Spáinn |
59 |
An Fhrainc |
79 |
An Chróit |
12 |
An Iodáil |
76 |
An Chipir |
6 |
An Laitvia |
8 |
An Liotuáin |
11 |
Lucsamburg |
6 |
An Ungáir |
21 |
Málta |
6 |
An Ísiltír |
29 |
An Ostair |
19 |
An Pholainn |
52 |
An Phortaingéil |
21 |
An Rómáin |
33 |
An tSlóivéin |
8 |
An tSlóvaic |
14 |
An Fhionlainn |
14 |
An tSualainn |
21 |
2. Mar sin féin, i gcás gur Ballstát den Aontas fós í an Ríocht Aontaithe ag tús théarma parlaiminteach 2019-2024, is é an líon dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Chinneadh 2013/312/AE ón gComhairle Eorpach (4) an líon ionadaithe i bParlaimint na hEorpa in aghaidh an Bhallstáit a rachaidh i mbun oifige go dtí go mbeidh éifeacht ó thaobh an dlí le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas.
A luaithe a bheidh éifeacht ó thaobh an dlí le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, is é an líon dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a bheidh i líon na n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa a thoghfar i ngach Ballstát.
Maidir leis na hionadaithe uile i bParlaimint na hEorpa a líonfaidh na suíocháin bhreise a bheidh ann mar thoradh ar an difríocht idir an líon suíochán a leithdháiltear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, glacfaidh siad a gcuid suíochán i bParlaimint na hEorpa ag an am céanna.
Airteagal 4
Fada go leor roimh thús théarma parlaiminteach 2024-2029, cuirfidh Parlaimint na hEorpa faoi bhráid na Comhairle Eorpaí, i gcomhréir le hAirteagal 14(2) CAE, togra le haghaidh leithdháileadh nuashonraithe suíochán i bParlaimint na hEorpa.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meitheamh 2018.
Thar ceann na Comhairle Eorpaí
An tUachtarán
D. TUSK
(1) Tionscnamh arna ghlacadh an 7 Feabhra 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Toiliú an 13 Meitheamh 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach (IO L 330, 10.12.2013, lch. 39).
(4) Cinneadh 2013/312/AE ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2013 lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa (IO L 181, 29.6.2013, lch. 57).