EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017R2321

Rialachán (AE) 2017/2321 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad agus Rialachán (AE) 2016/1037 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad

IO L 338, 19.12.2017, p. 1–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2321/oj

19.12.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/2321 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2017

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad agus Rialachán (AE) 2016/1037 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/1036 (2), ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle rialacha comhchoiteanna maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad.

(2)

Is é Airteagal 2(7) de Rialachán (AE) 2016/1036 an bonn ar ar cheart gnáthluach a chinneadh i gcás allmhairí ó thíortha nach bhfuil geilleagar margaidh acu. I bhfianaise athruithe i leith tíortha áirithe, is iomchuí an gnáthluach a chinneadh ar bhonn Rialachán (AE) 2016/1036, arna leasú leis an Rialachán seo, le héifeacht ón 20 Nollaig 2017. I gcás tíortha nach baill den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) iad ar dháta tionscnaimh imscrúdaithe agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ba cheart gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le modheolaíocht shonrach atá deartha do na tíortha sin. Tá an Rialachán seo gan dochar do chinneadh a dhéanamh an geilleagar margaidh aon bhall de EDT nó nach ea nó do na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach i bprótacail agus in ionstraimí eile ar aontaigh tíortha le Comhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a rinneadh an 15 Aibreán 1994 i gcomhréir leo (4).

(3)

I bhfianaise na taithí a fuarthas in imeachtaí roimhe seo, is iomchuí a shoiléiriú cé na cúinsí ina bhféadfar a mheas gur ann do shaobhadh suntasach a imríonn tionchar mór ar fhórsaí an mhargaidh shaoir. Go háirithe, is iomchuí a shoiléiriú gurb é sin an cás nuair nach torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna nó na costais a tuairiscíodh, lena n-áirítear costais amhábhar agus fuinnimh, toisc go bhfuil tionchar ag idirghabháil shubstainteach rialtais orthu. Is iomchuí a shoiléiriú chomh maith gur cheart, agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, aird a thabhairt, inter alia, ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas: freastal ar an margadh sin atá i gceist a bheith á dhéanamh ar leibhéal suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht, faoi mhaoirseacht beartais nó faoi stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir; an stát a bheith i láthair i gcuideachtaí lena gcumasaítear don státcur isteach i leith praghsanna nó costas; beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthraithe intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir; maidir leis na dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, easnamh a bheith ann ina leith, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor; saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais pá; rochtain ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó ar chaoi eile nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an stát.

(4)

Maidir le tuarascálacha ar shaobhadh suntasach, a bhféadfadh imscrúdú frithdhumpála teacht astu, agus lena dtugtar tuairisc ar na dálaí margaidh a bhaineann leis na cásanna sin i dtír nó in earnáil ar leith, ba cheart don Choimisiún iad a ullmhú, a phoibliú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Ba cheart na tuarascálacha sin agus an fhianaise ar a bhfuil siad bunaithe a chur i gcomhad aon imscrúdaithe a bhaineann leis an tír sin nó leis an earnáil sin. Maidir le himscrúduithe den sórt sin, ba cheart neart deiseanna a bheith ag na páirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt faoi na tuarascálacha sin agus faoin bhfianaise ar a bhfuil siad bunaithe. Agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, ba cheart go gcuirfí i gcuntas, i gcás inarb iomchuí, caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear croí-choinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus coinbhinsiúin chomhshaoil iltaobhacha ábhartha.

(5)

Is gnách go ndéantar costais a ríomh ar bhonn taifid a choinníonn an t-onnmhaireoir agus an táirgeoir faoi imscrúdú. Más rud é go mbíonn saobhadh suntasach díreach nó indíreach sa tír is onnmhaireoir, áfach, agus mar iarmhairt air sin go mbíonn na costais atá léirithe i dtaifid an pháirtí lena mbaineann níos ísle ná mar atá réasúnach, féadfar na costais sin a choigeartú nó a shocrú ar aon bhonn réasúnach, lena n-áirítear faisnéis ó mhargaí ionadaíocha eile nó ó phraghsanna nó ó thagarmharcanna idirnáisiúnta. Féadfar costais intíre a úsáid freisin, ach ní fhéadfar iad a úsáid ach amháin sa mhéid go suitear go dearfach nach bhfuil siad saofa, ar bhonn fianaise chruinn agus iomchuí.

(6)

I gcás sonraí a fhaightear i dtíortha ionadaíocha agus inar gá don Choimisiún a shuíomh an leor leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil sna tíortha sin, ní mór don Choimisiún scrúdú a dhéanamh an gcomhlíonann na tíortha sin croí-choinbhinsiúin EIS agus na coinbhinsiúin chomhshaoil iltaobhacha ábhartha.

(7)

I gcás ina bhfuil cuid de na costais d'onnmhaireoir agus táirgeoir saofa, lena n-áirítear nuair a fhaightear ionchur ar leith ó fhoinsí éagsula, ba cheart costais neamhshaofa a chur in ionad an chuid sin de na costais. I bhfianaise na taithí a fuarthas in imeachtaí roimhe seo, is iomchuí a shoiléiriú chomh maith gur cheart, ar mhaithe lena chinneadh an ann do shaobhadh suntasach i dtríú tír, aird iomchuí a thabhairt ar an bhfianaise ábhartha uile maidir leis na cúinsí atá i réim i margadh intíre na n-onnmhaireoirí agus na dtáirgeoirí arb as an tír sin iad, a cuireadh sa chomhad, agus a raibh deis ag na páirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt ina leith, lena n-áirítear deis do na honnmhaireoirí agus na táirgeoirí sin a léiriú go cinntitheach go bhfuil a gcostais intíre neamhshaofa. I gcás ina mbeidh fáil uirthi, folaíonn fianaise den sórt sin tuarascálacha ábhartha. Féadfaidh na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear tionscal agus ceardchumainn an Aontais tásca maidir le saobhadh suntasach a bheith ann a chur i láthair. Maidir leis na tásca sin agus leis an ngá le haon ualaí breise le haghaidh thionscal an Aontais a sheachaint, agus an ionstraim fhrithdhumpála á húsáid, go háirithe i bhfianaise shonraíochtaí eacnamaíocha agus trádála fiontar beag agus meánmhéide, ba cheart na tásca agus an gá sin a mheas nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh i dtaobh na tuarascálacha iomchuí a ullmhú nó a thabhairt cothrom le dáta.

(8)

Maidir leis an modheolaíocht a úsáideadh san imscrúdú bunaidh agus a úsáidfear san imscrúdú athbhreithniúcháin, tá feidhm ag Airteagal 11(9) de Rialachán (AE) 2016/1036. Sa chomhthéacs sin, agus scrúdú á dhéanamh an bhfuil tásc ann gur tháinig athrú ar chúinsí, is iomchuí a shoiléiriú gur cheart aird iomchuí a thabhairt ar an bhfianaise ábhartha uile, lena n-áirítear tuarascálacha ábhartha maidir leis na cúinsí atá i réim i margadh intíre na n-onnmhaireoirí agus na dtáirgeoirí agus an fhianaise ar a bhfuil siad bunaithe, a cuireadh sa chomhad, agus a raibh deis ag na páirtithe leasmhara trácht a dhéanamh ina leith.

(9)

In éagmais aon rialacha idirthréimhseacha lena rialófaí an cás, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i dtaca le gach cinneadh i leith imeachtaí a thionscnamh, agus maidir leis na himeachtaí uile, lena n-áirítear imscrúduithe bunaidh agus imscrúduithe athbhreithnithe a tionscnaíodh an 20 Nollaig 2017 nó ina dhiaidh, faoi réir Airteagal 11(9) de Rialacháin (AE) 2016/1036. Lena chois sin, mar riail idirthréimhseach shonrach maidir leis na bearta atá ann cheana, agus á chur san áireamh nach bhfuil aon rialacha idirthréimhseacha sonracha eile ann lena rialófaí an cás seo, i gcás aistriú ó ghnáthluach a ríomhadh de bhun Airteagal 2(7) de Rialachán (AE) 2016/1036 go gnáthluach arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/1036 arna leasú leis an Rialachán seo, leanfaidh an mhodheolaíocht bhunaidh d'fheidhm a bheith aici go dtí go dtionscnófar an chéad athbhreithniú éaga tar éis an aistrithe sin. D'fhonn an riosca go dtiocfaí thart ar fhorálacha an Rialacháin seo a laghdú, ba cheart go mbeadh feidhm ag an gcur chuige céanna maidir le hathbhreithnithe a dhéanfar de bhun Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2016/1036. Is iomchuí freisin a mheabhrú, dá ndéanfaí aistriú ó ghnáthluach a ríomhadh de bhun Airteagal 2(7) go gnáthluach a ríomhadh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/1036 arna leasú leis an Rialachán seo, nár leor an t-aistriú sin féin mar fhianaise de réir bhrí Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2016/1036. Ba cheart go líonfadh na rialacha idirthréimhseacha sin bearna a d'fhéadfadh a bheith ar shlí eile ina cúis le héiginnteacht dlí, go dtabharfaidís deis réasúnach do pháirtithe leasmhara iad féin a oiriúnú do dhul in éag na rialacha a bhí ann cheana agus do theacht i bhfeidhm na rialacha nua, agus go ndéanfaidís riar éifeachtúil, rianúil agus cothromasach Rialachán (AE) 2016/1036 a éascú.

(10)

Le Rialachán (AE) 2016/1037 (5), ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle rialacha comhchoiteanna maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Is léir ón taithí a fuarthas gur le linn an imscrúdaithe ábhartha is gnách a fhaightear amach méid iarbhír an fhóirdheonaithe. Go háirithe, is minic gurb amhlaidh a fhaightear amach go mbaineann onnmhaireoirí a ndearnadh imscrúdú orthu tairbhe as fóirdheontais nárbh eol iad a bheith ann go réasúnach sula ndearnadh an t-imscrúdú. Is iomchuí a shoiléiriú gur cheart don Choimisiún, nuair a fhaightear na fóirdheontais sin le linn imscrúdú áirithe nó athbhreithniú áirithe, comhairliúcháin bhreise a thairiscint don tír thionscnaimh agus/nó don tír is onnmhaireoir lena mbaineann maidir leis na fóirdheontais a sainaithníodh le linn an imscrúdaithe. In éagmais aon rialacha idirthréimhseacha sonracha lena rialófaí an cás, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i dtaca le gach cinneadh i leith imeachtaí a thionscnamh agus i dtaca leis na himeachtaí uile, lena n-airítear imscrúduithe bunaidh agus imscrúduithe athbhreithnithe a thionscnófar an 20 Nollaig 2017 nó ina dhiaidh.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 2016/1036 agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1037 a leasú dá réir.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 2, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“6a.

(a)

Más rud é go gcinntear, agus an fhoráil seo nó aon fhoráil ábhartha eile den Rialachán seo á cur i bhfeidhm, nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí pointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, faoi réir na rialacha seo a leanas.

Áirítear sna foinsí a fhéadfaidh an Coimisiún a úsáid:

costais chomhréire táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche inti atá cosúil le leibhéal na tíre is onnmhaireoir, ar choinníoll go bhfuil na sonraí ábhartha ar fáil go héasca; i gcás breis agus tír amháin den sórt sin a bheith ann, tabharfar tosaíocht, i gcás inarb iomchuí, do thíortha ag a bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil;

más rud é go mbreithníonn sé praghsanna, costais, nó tagarmharcanna idirnáisiúnta neamhshaofa a bheith iomchuí; nó

costais intíre, ach amháin a mhéid is go suitear go dearfach nach bhfuil siad saofa, ar bhonn fianaise chruinn agus iomchuí, lena n-áirítear faoi chuimsiú na bhforálacha maidir le páirtithe leasmhara i bpointe (c).

Gan dochar d'Airteagal 17, déanfar an measúnú sin ar leithligh do gach onnmhaireoir agus táirgeoir.

Áireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús.

(b)

Is éard atá i saobhadh suntasach an saobhadh sin a tharlaíonn nuair nach torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna ná na costais a tuairiscíodh, lena n-áirítear costais amhábhar agus fuinnimh, toisc go bhfuil tionchar ag idirghabháil shubstainteach rialtais orthu. Agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, tabharfar aird, inter alia, ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht, nó faoi mhaoirseacht beartais, nó faoi stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir;

an stát a bheith i láthair i gcuideachtaí lena gcumasaítear don stát cur isteach i leith praghsanna nó costas;

beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthraithe intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir;

maidir leis na dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, easnamh a bheith ann ina leith, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor;

saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais pá;

rochtain ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó ar chaoi eile nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an stát.

(c)

I gcás ina bhfuil údar maith ag an gCoimisiún le creidiúint go bhféadfadh saobhadh suntasach dá dtagraítear i bpointe (b) a bheith ann i dtír ar leith nó in earnáil ar leith sa tír sin, agus i gcás inarb iomchuí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil lena dtuairisceofar imthosca an mhargaidh dá dtagraítear i bpointe (b) sa tír sin nó san earnáil sin a ullmhú, a phoibliú agus a thabhairt cothrom le dáta. Cuirfear na tuarascálacha sin agus an fhianaise ar a bhfuil siad bunaithe i gcomhad aon imscrúdaithe a bhaineann leis an tír sin nó leis an earnáil sin. Maidir leis an tuarascáil agus an fhianaise ar a bhfuil sí bunaithe, beidh neart deiseanna ag páirtithe leasmhara an tuarascáil sin a bhréagnú, a fhorlíonadh, a dtuairimí a thabhairt fúithi nó brath uirthi, i ngach imscrúdú ina n-úsáidfear an tuarascáil sin nó an fhianaise sin. Agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, cuirfidh an Coimisiún i gcuntas an fhianaise ábhartha uile atá i gcomhad an imscrúdaithe.

(d)

Agus gearán á chur isteach i gcomhréir Airteagal 5, nó iarraidh le haghaidh athbhreithniú á chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 11, féadfaidh tionscal an Aontais brath ar an bhfianaise sa tuarascáil dá dtagraítear i bpointe (c), i gcás ina gcomhlíontar caighdeán na fianaise i bhfianaise Airteagal 5(9), chun ríomh an ghnáthluacha a údarú.

(e)

I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún gur ann d'fhianaise leormhaith, de bhun Airteagal 5(9), ar shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) den mhír seo agus ina gcinneann sé imscrúdú a thionscnamh ar an mbonn sin, sonrófar an fíoras sin san fhógra tionscnaimh. Baileoidh an Coimisiún na sonraí atá riachtanach le go mbeifear in ann an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le pointe (a) den mhír seo.

Cuirfear na páirtithe san imscrúdú ar an eolas go pras tar éis a thionscanta faoi na foinsí ábhartha atá beartaithe ag an gCoimisiún a úsáid chun críche an gnáthluach a chinneadh de bhun pointe (a) den mhír seo agus tabharfar 10 lá dóibh chun a dtuairimí a thabhairt. Chun na críche sin, beidh rochtain ag páirtithe leasmhara ar an gcomhad, lena n-áireofar aon fhianaise ar a bhfuil an t-údarás imscrúdaithe ag brath, gan dochar d'Airteagal 19. Féadfaidh aon fhianaise maidir le saobhadh suntasacha a bheith ann a chur san áireamh ach amháin más féidir í a fhíorú ar mhodh tráthúil laistigh den imscrúdú, i gcomhréir le hAirteagal 6(8).”;

(2)

In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   I gcás allmhairí ó thíortha nach baill de EDT iad ar dháta thionscnamh an imscrúdaithe, agus a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), déanfar an gnáthluach a chinneadh ar bhonn an phraghais nó an luacha ríofa i dtír ionadaíoch iomchuí, nó ar bhonn an phraghais ó thriú tír den sórt sin chuig tíortha eile, an tAontas san áireamh, nó, nuair nach féidir sin a dhéanamh, ar aon bhonn réasúnach eile, lena n-áirítear an praghas a íocadh nó atá iníoctha san Aontas ar an táirge comhchosúil, arna choigeartú más gá chun corrlach brabúis réasúnach a chur san áireamh.

Roghnófar an tríú tír ionadaíoch iomchuí ar bhealach réasúnach, agus aird chuí á tabhairt ar aon fhaisnéis iontaofa a chuirfear ar fáil tráth an roghnúcháin, agus go háirithe ar chomhar onnmhaireoir agus táirgeoir amháin ar a laghad sa tír sin. I gcás breis agus tír amháin den sórt sin a bheith ann, tabharfar tosaíocht, i gcás inarb iomchuí, do thíortha ag a bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil. Déanfar teorainneacha ama a chur i gcuntas freisin. I gcás inarb iomchuí, úsáidfear tír ionadaíoch iomchuí atá faoi réir an imscrúdaithe chéanna.

Cuirfear na páirtithe san imscrúdú ar an eolas go pras tar éis an t-imscrúdú a thionscnaimh faoin tír atá beartaithe agus beidh 10 lá acu chun a dtuairimí a thabhairt.;

(*1)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33).”"

(3)

In Airteagal 11(3), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“I gcás ina bhfuil bearta frithdhumpála atá ann faoi láthair bunaithe ar ghnáthluach a ríomhadh de bhun Airteagal 2(7) mar a bhí sé i bhfeidhm an 19 Nollaig, ní chuirfear an mhodheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 2(1) go (6a) in ionad na modheolaíochta bunaidh a úsáideadh chun an gnáthluach a chinneadh ach amháin ón dáta a dtionscnófar céad-athbhreithniú éaga na mbeart sin, tar éis 19 Nollaig 2017. I gcomhréir le hAirteagal 11(2), fanfaidh na bearta sin i bhfeidhm go dtí go bhfaighfear toradh an athbhreithnithe.”;

(4)

In Airteagal 11(4), cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“I gcás ina bhfuil bearta frithdhumpála atá ann faoi láthair bunaithe ar ghnáthluach a ríomhadh de bhun Airteagal 2(7) mar a bhí sé i bhfeidhm an 19 Nollaig 2017, cuirfear an mhodheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 2(1) go (6a) in ionad na modheolaíochta bunaidh nár úsáideadh chun an gnáthluach a chinneadh ach amháin tar éis an dáta a dtionscnófar céad-athbhreithniú éaga na mbeart sin, tar éis 20 Nollaig 2017. I gcomhréir le hAirteagal 11(2), fanfaidh na bearta sin i bhfeidhm go dtí go bhfaighfear toradh an athbhreithnithe.”;

(5)

In Airteagal 11(9), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Maidir leis na cúinsí atá ábhartha chun an gnáthluach a chinneadh de bhun Airteagal 2, tabharfar aird iomchuí ar an bhfianaise ábhartha uile, lena n-áirítear tuarascálacha ábhartha maidir leis na cúinsí atá i réim i margadh intíre na n-onnmhaireoirí agus na dtáirgeoirí agus an fhianaise ar a bhfuil siad bunaithe, a cuireadh sa chomhad agus a raibh deis ag na páirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt ina leith.”;

(6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

“Airteagal 23

Tuarascáil agus faisnéis

1.   Déanfaidh an Coimisiún, agus aird chuí aige ar chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 19, tuarascáil bhliantúil a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo. Beidh san áireamh sa tuarascáil sin faisnéis faoi bhearta sealadacha agus bearta críochnaitheacha a chur i bhfeidhm, faoi imscrúduithe a fhoirceannadh gan bearta a ghlacadh, faoi ath-imscrúduithe, faoi athbhreithnithe agus cuairteanna fíorúcháin, agus faoi ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí éagsúla atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus as comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as sin.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún teacht chuig cruinniú ad-hoc dá coiste freagrach chun aon saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe a chur i láthair agus a mhíniú. Féadfaidh sé freisin, inter alia, ar bhonn na tuarascála de bhun mhír 1 agus ar bhonn chur i láthair agus mhínithe dá dtagraítear sa mhír seo, aon fhíorais agus nó aon bhreithnithe ábhartha a chur in iúl don Choimisiún.

3.   Tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis don Choimisiún an tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, poibleoidh an Coimisiún an tuarascáil.”.

Airteagal 2

In Airteagal 10(7) de Rialachán (AE) 2016/1037, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“Ina theannta sin, táirgfidh an Coimisiún comhairliúcháin don tír thionscnaimh agus/nó don tír is onnmhaireoir lena mbaineann maidir le fóirdheontais eile a sainaithníodh le linn an imscrúdaithe. Sna cásanna sin, déanfaidh an Coimisiún achoimre ar na príomhghnéithe a bhaineann le fóirdheontais eile, go háirithe na fóirdheontais dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo, a chur chuig an tír thionscnaimh agus/nó an tír is onnmhaireoir. Mura gcumhdóidh an fógra tionscnaimh na fóirdheontais bhreise, leasófar an fógra tionscnaimh agus foilseofar an leagan leasaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tabharfar am breise agus am leordhóthanach do na páirtithe leasmhara uile lena dtuairimí a thabhairt.”.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Beidh feidhm ag an Rialachán (AE) seo maidir le gach cinneadh i leith imeachtaí a thionscnamh agus maidir leis na himeachtaí uile, lena n-airítear imscrúduithe bunaidh agus imscrúduithe athbhreithnithe a thionscnófar ar an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm nó ina dhiaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 12 Nollaig 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Samhain 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Nollaig 2017.

(2)  Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 21).

(3)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33).

(4)  IO L 336, 23.12.1994, lch. 3.

(5)  Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 55).


Ráiteas ón gCoimisiún maidir le socrú idirthréimhseacha

Meabhraíonn an Coimisiún gurb é is aidhm don mhodheolaíocht nua go leanfar de chosaint ar chleachtais éagóracha trádála a chothabháil, go háirithe na cleachtais sin a eascraíonn as saobhadh suntasach sa mhargadh, a thabhairt do thionscal an Aontais. I ndáil leis sin, áiritheoidh an Coimisiún nach ndéanfaidh an tAontas aon ualach breise a thabhú agus cosaint á hiarraidh aige faoin ionstraim fhrithdhumpála, go háirithe i gcomhthéacs na n-iarrataí ar athbhreithnithe éaga a d'fhéadfaí a thaisceadh tar éis theacht i bhfeidhm na modheolaíochta nua.


Dearbhú ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 23 agus maidir le hidirghníomhaíocht le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle

Déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas aon uair a bheidh sé beartaithe aige tuarascáil de bhun Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán a chur le chéile nó a nuashonrú. I gcás ina gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an Coimisiún ar an eolas go measann siad go gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh tuarascáil de bhun Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán a chur le chéile nó a nuashonrú, déanfaidh an Coimisiún an ghníomhaíocht iomchuí agus déanfaidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas dá réir.


Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis na tuarascálacha de bhun Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán

Déanfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint go tapa as an bhféidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán chun tuarascálacha ar shaobhadh suntasach a chur le chéile, chun go mbeidh na tuarascálacha sin ar fáil do pháirtithe leasmhara agus aighneachtaí a bhféadfadh feidhm a bheith ag Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán ina leith á n-ullmhú acu. Déanfaidh sé treoir maidir le húsáid na dtuarascálacha sin a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara.


Top