Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017R2092

    Rialachán (AE) 2017/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh

    IO L 302, 17.11.2017, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2092/oj

    17.11.2017   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    1


    RIALACHÁN (AE) 2017/2092 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

    an 15 Samhain 2017

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Bunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) an oibleagáid gach gabháil de speicis atá faoi réir teorainneacha gabhála a thabhairt i dtír agus, sa Mheánmhuir, gabhálacha de speicis atá faoi réir íosmhéideanna (“an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír”) chomh maith.

    (2)

    Is leis na pleananna ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus na pleananna bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 (4) ón gComhairle atáthar le forálacha mionsonraithe a leagan síos atá beartaithe chun cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír (“pleananna maidir le hábhar muirí aischurtha”) a éascú.

    (3)

    Foráiltear le hAirteagal 15(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go bhféadfaidh an Coimisiún, murab ann do phleananna ilbhliantúla nó do phleananna bainistíochta, pleananna maidir le hábhar muirí aischurtha a ghlacadh ar bhonn sealadach agus ar feadh tréimhse nach faide ná 3 bliana.

    (4)

    Is léir ón taithí a fuarthas go dtógann sé níos mó ama pleananna ilbhliantúla agus pleananna bainistíochta ina bhfuil pleananna maidir le hábhar muirí aischurtha a ullmhú agus a ghlacadh ná mar a beartaíodh tráth glactha Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

    (5)

    Is iomchuí dá bharr sin an tréimhse a leagan síos ar laistigh di a fhéadfaidh an Coimisiún pleananna maidir le hábhar muirí aischurtha a ghlacadh murab ann do phleananna ilbhliantúla nó do phleananna bainistíochta.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    In Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 6:

    “6.   I gcás nach nglactar aon phlean ilbhliantúil, ná aon phlean bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, don iascach atá i dtrácht, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 46 den Rialachán seo, a ghlacadh lena leagtar síos, ar bhonn sealadach, pleananna sonracha maidir le hábhar muirí aischurtha ina bhfuil na sonraíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) de mhír 5 den Airteagal seo ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná 3 bliana a fhéadfar a fhadú go ceann tréimhse 3 bliana breise ina hiomláine. Féadfaidh na Ballstáit dul i mbun comhair lena chéile, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo, agus plean den sórt sin á tharraingt suas chun go nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha den sórt sin nó chun go ndéanfaidh sé togra a thíolacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Samhain 2017.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    A. TAJANI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. MAASIKAS


    (1)  Tuairim an 18 Deireadh Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Deireadh Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Samhain 2017.

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).


    Top