EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017R0920

Rialachán (AE) 2017/920 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le margaí fánaíochta mórdhíola (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

IO L 147, 9.6.2017, p. 1–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 30/06/2022; Arna aisghairm le 32022R0612

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/920/oj

9.6.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/920 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Bealtaine 2017

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le margaí fánaíochta mórdhíola

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) tugtar isteach cur chuige comhchoiteann maidir le rialú ar fhánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas.

(2)

Sa Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach don Eoraip a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2015, measadh gurb é an pacáiste maidir leis an Margadh Aonair Teileachumarsáide, arna ghlacadh ina dhiaidh sin le Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), an chéad chéim i dtreo deireadh a chur le formhuirir fánaíochta mhiondíola, agus tacú ar an gcaoi sin le margadh aonair digiteach a chur ar bun san Aontas.

(3)

Le Rialachán (AE) 2015/2120, cuirtear sásra nua maidir le praghsanna miondíola do sheirbhísí fánaíochta rialáilte ar fud an Aontais ar bun chun deireadh a chur le formhuirir fánaíochta mhiondíola ón 15 Meitheamh 2017 gan margaí baile agus margaí ar ar tugadh cuairt a shaobhadh.

(4)

Maidir le deireadh a chur leis na formhuirir fánaíochta mhiondíola mar a cuireadh ar bun le Rialachán (AE) 2015/2120, ar a dtugtar “fánaíocht ar tháillí baile” (FATB) freisin, tá an méid sin riachtanach chun feidhmiú margaidh aonair dhigitigh a bhunú agus a éascú ar fud an Aontais. Ní leor an Rialachán sin amháin, áfach, chun feidhmiú cuí an mhargaidh fánaíochta a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo cur le samhlacha praghsála i margaí baile nach ndéanfaidh deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola difear dóibh.

(5)

Tá deireadh a chur le formhuirir fánaíochta mhiondíola ón 15 Meitheamh 2017 faoi réir infheidhmeacht aon ghnímh reachtaigh arna mholadh ag an gCoimisiún lena ndéantar foráil maidir le bearta iomchuí i ndiaidh dó an t-athbhreithniú a dhéanamh ar na margaí fánaíochta mórdhíola.

(6)

Rinne an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar na margaí fánaíochta mórdhíola chun measúnú a dhéanamh ar cé na bearta atá riachtanach chun a chumasú go ndíothófar formhuirir fánaíochta mhiondíola ón 15 Meitheamh 2017.

(7)

I bhfianaise thorthaí a athbhreithnithe, ghlac an Coimisiún a thuarascáil maidir leis an athbhreithniú ar an margadh fánaíochta mórdhíola an 15 Meitheamh 2016 (“an Tuarascáil ón gCoimisiún”). Suitear sa Tuarascáil ón gCoimisiún, d’fhonn a áirithiú gur féidir seirbhísí fánaíochta miondíola a chur ar fáil ar phraghsanna miondíola baile, ní mór teacht a bheith ar ionchuir mórdhíola fánaíochta ar leibhéal a thugann an deis d’oibreoirí baile FATB a sholáthar. Cé go ndéanfadh margaí fánaíochta mórdhíola náisiúnta atá go hiomlán iomaíoch agus ina bhfuil praghsanna ag teacht le bunchostais soláthair líonraí ar ar tugadh cuairt FATB níos inbhuanaithe go soiléir, léiríodh sa Tuarascáil ón gCoimisiún nár amhlaidh an cás. Léiríodh sa Tuarascáil ón gCoimisiún freisin nach dócha in aon chor go gcuirfidh oibleagáid miondíola FATB amach anseo, ina aonair, margaí fánaíochta mórdhíola dea-fheidhmithe chun cinn lena bhféadfaí FATB san Aontas a sholáthar ón 15 Meitheamh 2017.

(8)

Go háirithe, d’fhéadfadh feidhmiú na margaí fánaíochta mórdhíola faoi láthair tionchar a imirt ar iomaíocht agus ar infheistíochtaí i margaí baile na n-oibreoirí baile mar gheall ar mhuirir fánaíochta mhórdhíola a bheith iomarcach i gcomparáid le praghsanna miondíola baile a ghearrtar ar úsáideoirí deiridh. Baineann sé sin go háirithe le hoibreoirí níos lú, le hoibreoirí líonraí soghluaiste fíorúla, nó le hoibreoirí a bhfuil glantrácht amach acu, le go ndéanfaidh sé FATB neamh-inbhuanaithe ó thaobh struchtúir de.

(9)

Ba cheart a ligean le feidhmiú na margaí fánaíochta mhórdhíola d’oibreoirí na costais uile a eascraíonn as soláthar seirbhísí fánaíochta mórdhíola rialáilte a aisghabháil, lena n-áirítear costais chomhpháirteacha agus chomhchoiteanna. Ba cheart a chaomhnú leis sin dreasachtaí chun infheistiú sna líonraí ar ar tugadh cuairt agus ba cheart a sheachaint leis sin aon saobhadh ar iomaíocht baile sna margaí ar ar tugadh cuairt, ar saobhadh é a tharlaíonn mar gheall ar arbatráiste rialála ag oibreoirí a úsáideann réitigh i dtaca le rochtain fánaíochta mórdhíóla chun dul san iomaíocht i margaí baile ar ar tugadh cuairt.

(10)

I bhfianaise na gconstaicí a sainaithníodh, ba cheart na bearta reatha is infheidhme maidir le margaí fánaíochta mórdhíola a leasú chun a áirithiú go bhfuil leibhéal muirear fánaíochta mórdhíola a fhágann gur féidir FATB inbhuanaithe a sholáthar san Aontas.

(11)

Le go bhféadfar margaí níos éifeachtúla, níos lánpháirtithe agus níos iomaíche a chur chun cinn i gcomhair seirbhísí fánaíochta nuair a bheidh rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola á caibidliú chun seirbhísí fánaíochta miondíola a sholáthar, ba cheart an rogha a thabhairt d’oibreoirí scéimeanna praghsála mórdhíola nuálaíocha a chaibidliú nach bhfuil baint dhíreach acu le méideanna a ídítear iarbhír, amhail bunrátaí íocaíochta, gealltanais tosaigh nó conarthaí bunaithe ar thoilleadh, nó scéimeanna praghsála a léiríonn athruithe ar éileamh i rith na bliana. Ba cheart dá bhrí sin, rogha a bheith ag na comhpháirtithe caibidlíochta aontú gan muirir uasta fánaíochta mhórdhíola rialáilte a chur i bhfeidhm le linn thréimhse chomhaontuithe fánaíochta mórdhíola. D’fhágfadh sé sin nach bhféadfadh ceachtar de na comhpháirtithe a iarraidh ina dhiaidh sin go gcuirfí i bhfeidhm muirir uasta mhórdhíola líonbhunaithe ar thomhaltas iarbhír mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 531/2012. Ba cheart nár dhochar an rogha mhalartach seo d’oibleagáidí maidir le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán sin.

(12)

Ba cheart do na coinníollacha a fhéadfar a áireamh sna tairiscintí tagartha chun lamháil d’oibreoirí líonraí soghluaiste cosc a chur le buanfhánaíocht nó le rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola a úsáid ar shlí aimhrialta nó a mhí-úsáid a shoiléiriú. Go háirithe, i gcás ina mbeidh forais réasúnacha ag an oibreoir líonra ar ar tugadh cuairt a mheas go bhfuil buanfhánaíocht á baint ag líon suntasach custaiméirí de chuid na soláthraí seirbhísí fánaíochta nó úsáid aimhrialta nó mí-úsáid fánaíochta as rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola, ba cheart don oibreoir sin a bheith ábalta — i bhfoirm chomhiomlánaithe agus i gcomhlíonadh iomlán cheanglais cosanta sonraí an Aontais agus cheanglas náisiúnta cosanta sonraí — faisnéis a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta lena lamhálfar a chinneadh, an bhfuil úsáid bhuanfhánaíochta nó úsáid aimhrialta nó mí-úsáid á baint ag líon suntasach dá chustaiméirí de chuid na soláthraithe seirbhísí as rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola, amhail faisnéis ar líon na gcustaiméirí nach mór méid a n-úsáide baile le hais mhéid a n-úsáide fánaíochta. Thairis sin, níor cheart comhaontuithe fánaíochta mórdhíola a fhoirceannadh d’fhonn buanfhánaíocht nó úsáid aimhrialta nó mí-úsáid as rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola a chosaint ach amháin i gcás nár tugadh aghaidh ar an staid i mbearta níos boige. Ba cheart foirceannadh den sórt sin a bheith faoi réir réamhúdarú arna thabhairt ag údarás rialála náisiúnta an oibritheora líonra ar ar tugadh cuairt agus an tuairim ó Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) á cur i gcuntas go huile i gcás ina mbeifear tar éis dul i gcomhairle leis. D’fhéadfadh go mbeadh i mbearta níos boige muirir mhórdhíola níos airde a leagan síos nach mó ná na muirir mhórdhíola uasta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcás toirteanna is mó ná toirt chomhiomlánaithe a shonraítear sa chomhaontú.

Ba cheart muirir mhórdhíola níos airde den sórt sin a leagan amach roimh ré, nó ón nóiméad nuair a dheimhníonn an t-oibreoir líonra ar ar tugadh cuairt agus cuireann sé in iúl don oibreoir líonra baile, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, go bhfuil fánaíocht bhuan ag líon suntasach de chustaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta nó úsáid aimhrialta nó mí-úsáid rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola ar siúl. D’fhéadfadh go mbeadh i mbearta níos boige freisin an gealltanas ón oibreoir líonra baile na beartais úsáide córa is infheidhme maidir lena chustaiméirí a ghlacadh nó a athbhreithniú i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe arna nglacadh de bhun Airteagal 6d de Rialachán (AE) Uimh. 531/2012, nó an fhéidearthacht go n-iarrfaidh oibreoir líonra ar ar tugadh cuairt athbhreithniú a dhéanamh ar an gcomhaontú fánaíochta mórdhíola. Ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart don údarás rialála náisiúnta faisnéis a bhaineann le hiarratais ar údaruithe chun comhaontaithe fánaíochta mórdhíola a fhoirceannadh a chur ar fáil don phobal, faoi réir rúndacht gnó.

(13)

Maidir leis na rialacha faoi mhuirir mhórdhíola, ba cheart oibleagáidí rialála ar leibhéal an Aontais a chothabháil ós rud é go bhféadfadh aon bheart a chumasaíonn FATB ar fud an Aontais gan aghaidh a thabhairt ar leibhéal na gcostas mórdhíola a bhaineann le seirbhísí fánaíochta mórdhíola a sholáthar, d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh sé isteach ar an margadh inmheánach i gcomhair seirbhísí fánaíochta agus nach spreagfadh sé breis iomaíochta. Ba cheart go n-éascódh muirir mhórdhíola ar leibhéal iomchuí iomaíocht inbhuanaithe, lena n-áirítear iontrálaithe nua, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta.

(14)

Ba cheart do mhuirir uasta mhórdhíola feidhmiú mar leibhéal coimirce agus ba cheart dóibh a áirithiú gur féidir leis na hoibreoirí a gcostais a aisghabháil, lena n-airítear costais chomhpháirteacha agus costais chomhchoiteanna. Ba cheart gur féidir leis na muirir sin freisin FATB inbhuanaithe a sholáthar go forleathan, agus ag an am céanna corrlach a fhágáil i gcomhair caibidlíochtaí tráchtála idir oibreoirí.

(15)

Rinneadh measúnú ar na costais mheasta chun seirbhísí fánaíochta mórdhíola a sholáthar, lena n-áirítear costais chomhpháirteacha agus costais chomhchoiteanna, bunaithe ar fhoinsí éagsúla. Samhail costais ghinearálta le haghaidh seirbhísí fánaíochta mórdhíola ar a bhfuil sonraí náisiúnta agus é bunaithe ar an modh in úsáid ag údaráis rialála náisiúnta chun uasteorainneacha ar rátaí críochnaithe soghluaiste i gcomhréir le dlí an Aontais a chinneadh ab ea foinse amháin. Meastachán malartach ar chostais a bhí sa dara foinse agus é bunaithe ar chur chuige comhleanúnach ar fud an Aontais maidir le rialáil a dhéanamh ar rátaí críochnaithe soghluaiste náisiúnta. Sa mheasúnú cuireadh san áireamh freisin muirir reatha fánaíochta mhórdhíola le haghaidh trácht neamhchothromaithe san Aontas agus fianaise i dtaobh muirir reatha rochtana mhórdhíola sna margaí baile.

(16)

Agus na meastacháin ar chostais á meas, cuireadh san áireamh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag séasúracht an tráchta fánaíochta ar na costais fhoriomlána a bhaineann le seirbhísí fánaíochta mórdhíola a sholáthar ar an leibhéal náisiúnta. Tá na hiarmhairtí frithchothromaíochta a d’fhéadfadh méadú féideartha ar na costais de bharr séasúracht an tráchta fánaíochta a mhaolú luaite sna meastacháin sin. Go háirithe i gcás seirbhísí sonraí, ciallaíonn méadú ar an éileamh intíre gur dócha gur lú buaicphointe séasúrach tráchta in aon bhliain ar leith ná an t-éileamh intíre iomlán sa bhliain sin nó sa bhliain ina dhiaidh sin. Dá réir sin, toisc go bhfuil líonraí cumarsáide soghluaiste trastíre poiblí toisithe chun dul i ngleic leis an treocht ghinearálta sin i dtreo méadaithe a thagann ón éileamh intíre, ní dócha go dtiomáinfidh costais lena dtoisítear líonra soghluaiste aon bhuaicphointe ar éileamh iomlán an líonra ar sreafaí fánaíochta séasúracha is cúis leis. I gcás guthghlaonna, inar mó is cobhsaí an t-éileamh, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag buaicphointí fánaíochta séasúracha ar chostais fhoriomlána lena dtoisítear an líonra i mBallstáit áitrithe. Is dócha, áfach, go mbeidh na buaicphointí séasúracha áitiúla tráchta sin tiomáinte freisin ag gluaiseacht úsáideoirí baile isteach i gceantair turasóireachta agus go maolófar iad i ngeall ar an tionchar cúitimh a bheidh ag úsáideoirí seirbhísí fánaíochta ar thoilleadh na húsáide i limistéir uirbeacha le linn shéasúr saoire an tsamhraidh.

(17)

Tá úsáid na seirbhísí sonraí ag fás go tapa san Aontas agus ar fud an domhain. Ba cheart tabhairt isteach FATB ón 15 Meitheamh 2017 cur leis an bhfás sin i gcomhthéacs fánaíochta, as a leanann go dtiomáinfear síos go suntasach an costas in aghaidh an aonaid sonraí a tharchur. D’fhonn an méadú ar úsáid na seirbhísí sonraí agus an t-ísliú ar chostas in aghaidh an aonaid sonraí a tharchuirtear a chur i gcuntas, ba cheart go laghdódh an muirear uasta mórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí gach bliain agus ba cheart é a shocrú in euro in aghaidh gigibhirt i gcás inarb ionann gigibheart agus 1 000 meigibheart. Le linn an muirear uasta mórdhíola a shocrú i gcomhair seirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí, cuireadh i gcuntas na comhpháirteanna rochtana ar fad is gá lena gcumasófar seirbhísí fánaíochta a sholáthar, lena n-áirítear na costais idirthurais a bhaineann le trácht sonraí a chur ar fáil ag pointe idirthurais a shainaithin an t-oibreoir líonra baile.

(18)

Ba cheart go gcuirfí i gcuntas an phunann seirbhísí a sholáthraíonn gach soláthraí seirbhísí fánaíochta mórdhíola agus a méid tráchta lena bhfuiltear ag súil, nuair a bheidh ról coimirce na muirear fánaíochta mórdhíola á meas le linn an dá chuspóir a bhaint amach: a áirithiú go n-aisghabhfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta mórdhíola a gcostais ábhartha ar fad agus go leanfaidh neamh-inbhuanaitheacht FATB de bheith eisceachtúil.

(19)

Ba cheart, dá bhrí sin, na muirir uasta mhórdhíola atá ann faoi láthair ar sheirbhísí guthghlaonna, SMS agus sonraí fánaíochta a laghdú go mór.

(20)

Agus rúndacht ghnó á áirithiú agus chun faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 agus ar fhorbairtí sna margaí fánaíochta mórdhíola, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a bheith i dteideal faisnéis a cheangal ar na comhaontuithe fánaíochta mórdhíola nach ndéanann foráil chun muirir uasta fánaíochta mhórdhíola a chur i bhfeidhm. Ba cheart freisin lamháil do na húdaráis sin faisnéis a cheangal ar ghlacadh agus ar chur i bhfeidhm coinníollacha i gcomhaontuithe fánaíochta mórdhíola a bhfuil sé mar aidhm leo cosc a chur le buanfhánaíocht agus ar aon úsáid aimhrialta nó aon mhí-úsáid a bhaint as an rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola chun críoch eile seachas chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar do chustaiméirí na soláthraithe seirbhísí fánaíochta agus na custaiméirí sin ag taisteal laistigh den Aontas.

(21)

Fágann an rialáil shonrach ar phraghsanna is infheidhme maidir le seirbhísí fánaíochta mórdhíola go bhfuil feidhm ag uasteorainn fhoriomlán Aontais maidir le táirge ilchodach ina bhféadfar ionchuir rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola eile agus ionchuir idirnaisc mhórdhíola eile a áireamh freisin, lena n-áirítear go háirithe táirgí atá faoi réir rialáil náisiúnta nó a d’fhéadfadh a bheith faoi réir rialáil trasteorann. Maidir leis seo, tuartar go dtiocfaidh laghdú ar na difríochtaí i rialáil na n-ionchur sin ar fud an Aontais, go háirithe mar gheall ar bhearta breise a d’fhéadfaí a dhéanamh i gcomhréir le Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (an Chreat-Treoir) arb é is aidhm dó cineálacha cur chuige rialála níos comhsheasmhaí a áirithiú. Idir an dá linn, agus díospóid á réiteach idir oibreoirí líonraí ar ar tugadh cuairt agus oibreoirí eile maidir leis na rátaí a chuirtear i bhfeidhm ar ionchuir rialáilte is gá chun seirbhísí fánaíochta mórdhíola a sholáthar, ní mór an tuairim a eiseoidh BEREC a chur san áireamh i gcás ina chuathas i gcomhairle leis, i gcomhréir leis na hoibleagáidí rialála sonracha is infheidhme maidir le fánaíocht agus i gcomhréir leis an Treoir Réime agus Treoracha 2002/19/CE (6), 2002/20/CE (7) agus 2002/22/CE (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(22)

Is gá faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar fheidhmiú na margaí fánaíochta mórdhíola agus ar a n-idirghaol leis na margaí fánaíochta miondíola agus forbairtí iomaíocha agus teicneolaíocha mar aon le sreafaí tráchta á gcur i gcuntas. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún, faoin 15 Nollaig 2018, tuarascáil eatramhach ina n-achoimrítear éifeachtaí deireadh a chur le formhuirir fánaíochta mhiondíola a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus aon tuarascáil ábhartha ó BEREC á chur i gcuntas. Ba cheart don Choimisiún ina dhiaidh sin tuarascálacha débhliantúla a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ba cheart an chéad tuarascáil sin a chur isteach faoin 15 Nollaig 2019. Ina thuarascáil dhébhliantúil, ba cheart don Choimisiún, go háirithe, a mheasúnú an bhfuil aon tionchar ag FATB ar éabhlóid na bpleananna taraife atá ar fáil ar na margaí miondíola. Ba cheart go n-áireofaí sa mhéid seo, ar thaobh amháin, measúnú ar theacht chun cinn aon phleananna taraife nach n-áiríonn ach amháin seirbhísí baile agus a eisiann seirbhísí fánaíochta miondíola ar fad, rud a bhaineann an bonn de chuspóir FATB agus, ar an taobh eile, measúnú ar aon laghdú ar infhaighteacht pleananna taraife bunráta, a d’fhéadfadh a bheith ina chaillteanas do thomhaltóirí agus an bonn a bhaint de chuspóirí an mhargaidh aonair dhigitigh. Ba cheart go ndéanfadh tuarascálacha débhliantúla an Choimisiúin, go háirithe, anailís ar a mhéid atá formhuirir fánaíochta mhiondíola eisceachtúla údaraithe ag na húdaráis rialála náisiúnta, ar chumas na n-oibreoirí líonra baile a samhlacha muirearaithe baile a chothú agus ar chumas na n-oibreoirí líonra ar ar tugadh cuairt costais na seirbhísí fánaíochta mórdhíola rialáilte arna dtabhú go héifeachtúil a aisghabháil. Chun an tuairisciú sin a chumasú d’fhonn a mheasúnú conas a théann na margaí fánaíochta i dtaithí ar na rialacha FATB, ba cheart sonraí leordhóthanacha a bhailiú maidir le feidhmiú na margaí sin i ndiaidh chur chun feidhme na rialacha sin.

(23)

Chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí iomaíocha i margaí fánaíochta ar fud an Aontais agus chun tuairisciú go rialta ar athruithe ar mhuirir fánaíochta mhórdhíola iarbhír i dtaca le trácht neamhchothromaithe idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta, ba cheart do BEREC sonraí a bhailiú ó na húdaráis rialála náisiúnta maidir leis na muirir iarbhír a chuirtear i bhfeidhm i gcás trácht cothromaithe agus neamhchothromaithe faoi seach. Ba cheart do BEREC sonraí a bhailiú freisin maidir le cásanna inar roghnaigh páirtithe i gcomhaontú mórdhíola fánaíochta gan muirir uasta fánaíochta mhórdhíola a chur i bhfeidhm nó inar cuireadh bearta chun feidhme ar an leibhéal mórdhíola arb é is aidhm dóibh cosc a chur ar bhuanfhánaíocht nó ar úsáid rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola, ar úsáid aimhrialta nó mí-úsáid í, chun críoch seachas seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar do chustaiméirí na soláthraithe seirbhísí fánaíochta fad atá na custaiméirí sin ag taisteal laistigh den Aontas go tréimhsiúil. Ar bhonn na sonraí arna mbailiú, ba cheart do BEREC tuairisciú go rialta ar an ngaol idir praghsanna miondíola, muirir mhórdhíola agus costais mhórdhíola do sheirbhísí fánaíochta.

(24)

Ba cheart don Choimisiún, do BEREC agus do na húdaráis náisiúnta rialála lena mbaineann rúndacht gnó a áirithiú go hiomlán nuair a roinnfear faisnéis chun cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 a athbhreithniú agus chun faireachán agus maoirseacht a dhéanamh air. Níor cheart go gcoiscfeadh comhlíonadh ceanglas rúndachta gnó, dá bhrí sin, ar údaráis rialála náisiúnta a bheith ábalta faisnéis rúnda a roinnt go tráthúil chun na gcríoch sin.

(25)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 a leasú dá réir sin.

(26)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach toisc nach féidir le bearta náisiúnta a áirithiú go mbeidh rialacha maidir le margaí fánaíochta mórdhíola i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le seirbhísí fánaíochta miondíola, ach gur féidir, de bharr éifeachtaí trasteorann na margaí fánaíochta náisiúnta mórdhíola ar sholáthar seirbhísí fánaíochta miondíola laistigh den Aontas, a shroicheadh is fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, arna leagan amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a shroicheadh.

(27)

Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“4.   Beidh feidhm ag na rialacha faoi mhuirir ar fhánaíocht mhórdhíola rialáilte arna leagan síos in Airteagal 7, in Airteagal 9 agus in Airteagal 12, maidir le rochtain a sholáthar ar chomhpháirteanna uile rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola dá dtagraítear i mír 3, mura n-aontóidh an dá pháirtí sa chomhaontú fánaíochta mórdhíola go sainráite nach mbeidh aon mheánmhuirear fánaíochta mórdhíola de thoradh chur i bhfeidhm an chomhaontaithe faoi réir an mhuirir uasta fánaíochta mhórdhíola rialáilte ar feadh thréimhse bailíochta an chomhaontaithe.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Déanfar an tairiscint tagartha dá dtagraítear i mír 5 a mhionsonrú go leordhóthanach agus áireofar ann na comhpháirteanna uile atá riachtanach do rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola faoi mar a thagraítear dó i mír 3, agus déanfar cur síos ann ar na tairiscintí ábhartha maidir le rochtain dhíreach ar fhánaíocht mhórdhíola agus maidir le rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola lena hathdhíol, agus ar na téarmaí gaolmhara agus ar na coinníollacha gaolmhara.

Féadfar coinníollacha a áireamh sa tairiscint tagartha sin chun cosc a chur le buanfhánaíocht nó le húsáid aimhrialta nó le mí-úsáid a bhaint as an rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola, chun críoch eile seachas chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar do chustaiméirí soláthraithe seirbhísí fánaíochta fad atá na custaiméirí sin ag taisteal laistigh den Aontas ar bhonn tréimhsiúil. I gcás ina sonrófar iad i dtairiscint tagartha, áireofar sna coinníollacha sin na bearta sonracha a fhéadfaidh an t-oibreoir líonra ar ar tugadh cuairt a ghlacadh chun buanfhánaíocht, úsáid aimhrialta nó mí-úsáid rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola a chosc, chomh maith leis na critéir oibiachtúla ar ar a mbonn a fhéadfar na bearta sin a ghlacadh. Féadfaidh na critéir sin tagairt d’fhaisnéis tráchta chomhiomlán fánaíochta. Ní thagróidh siad d’fhaisnéis shonrach a bhaineann le trácht aonair chustaiméirí an tsoláthraí fánaíochta.

Féadfaidh foráil a dhéanamh leis an tairiscint tagartha, inter alia, i gcás ina mbeidh forais réasúnacha ag an oibreoir líonra ar ar tugadh cuairt a mheas go bhfuil buanfhánaíocht nó úsáid aimhrialta nó mí-úsáid rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola ar bun ag sciar suntasach de chustaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta, go bhféadfaidh an t-oibreoir líonra ar ar tugadh cuairt a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta, gan dochar do dhlí an Aontais nó ceanglais náisiúnta cosanta sonraí, faisnéis a chur ar fáil lena lamháiltear a chinneadh an bhfuil sciar suntasach de chustaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta i staid bhuanfhánaíochta, nó an bhfuil úsáid aimhrialta nó mí-úsáid i leith rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola ar líonra an oibreora ar ar tugadh cuairt, amhail faisnéis ar sciar na gcustaiméirí dá mbeidh riosca seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a úsáid go haimhrialta nó iad a mhí-úsáid arna gcur ar fáil ar an bpraghas miondíola baile is infheidhme bunaithe ar tháscairí oibiachtúla i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm ‘beartas na húsáide córa’ arna nglacadh de bhun Airteagal 6d.

Féadfaidh an tairiscint tagartha, mar rogha dheireanach, i gcás go mbeidh teipthe ar bhearta níos boige díriú ar an staid, foráil a dhéanamh chun comhaontaithe fánaíochta mórdhíola a fhoirceannadh i gcás ina mbeidh an t-oibreoir líonra ar ar tugadh cuairt tar éis a dheimhniú, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, go bhfuil buanfhánaíocht ar bun ag sciar suntasach de chustaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta nó go bhfuil úsáid aimhrialta nó mí-úsáid rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola ag tarlú agus i gcás inár cuireadh an t-oibreoir líonra baile in iúl dá réir sin.

Féadfaidh oibreoir líonra ar ar tugadh cuairt an comhaontú fánaíochta mórdhíola a fhoirceannadh go haontaobhach ar fhorais úsáid rochtana buanfhánaíochta, nó úsáid aimhrialta nó mí-úsáid i leith rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola ach amháin ar réamhúdarú ó údarás rialála náisiúnta an oibreora líonra ar ar tugadh cuairt.

Déanfaidh údarás rialála náisiúnta an oibreora líonra ar ar tugadh cuairt, laistigh de thrí mhí tar éis dó iarraidh ar údarú a fháil ón oibreoir líonra ar ar tugadh cuairt maidir le foirceannadh an chomhaontuithe fánaíochta mórdhíola, tar éis dul i gcomhairle le húdarás rialála náisiúnta an oibreora líonra baile, cinneadh a dhéanamh an t-údarú sin a dheonú nó a dhiúltú agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta an oibreora líonra ar ar tugadh cuairt agus údaráis rialála náisiúnta an oibreora líonra baile araon a iarraidh ar BEREC tuairim a ghlacadh i dtaobh na gníomhaíochta bheidh le glacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfaidh BEREC a tuairim a ghlacadh laistigh de 1 mhí amháin ó iarraidh mar sin a fháil.

I gcás ina ndeachthas i gcomhairle le BEREC, fanfaidh údarás rialála náisiúnta an oibreora líonra ar ar tugadh cuairt le tuairim BEREC agus tabharfaidh sé an-aird ar an tuairim sin, sula ndéanfaidh sé cinneadh, faoi réir sprice 3 mhí dá dtagraítear sa séú fomhír, an t-údarú maidir leis an gcomhaontú fánaíochta mórdhíola a fhoirceannadh a dheonú nó a dhiúltú.

Cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta de chuid an oibreora líonra ar ar tugadh cuairt faisnéis maidir leis na húdaruithe chun comhaontaithe fánaíochta mórdhíola a fhoirceannadh ar fáil don phobal faoi réir rúndacht gnó.

Ní dochar an cúigiú fomhír go an naoú fomhír den mhír seo do chumhacht údaráis rialála náisiúnta a cheangal go scoirfear láithreach de sháruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo, de bhun Airteagal 16(6) agus do cheart an oibreora líonra ar ar tugadh cuairt bearta leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun calaois a chomhrac.

Más gá sin, forchuirfidh údaráis rialála náisiúnta athruithe ar thairiscintí tagartha, lena n-áirítear maidir leis na bearta sonracha a fhéadfaidh an t-oibreoir líonra ar ar tugadh cuairt a ghlacadh chun buanfhánaíocht, úsáid aimhrialta nó mí-úsáid rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola a chosc, agus na critéir oibiachtúla ar ar a mbonn a fhéadfaidh oibreoir líonra ar ar tugadh cuairt na bearta sin a ghlacadh, chun éifeacht a thabhairt d’oibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo.”;

(2)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

“1.   Le héifeacht ón 15 Meitheamh 2017, ní mó an meánmhuirear mórdhíola a fhéadfaidh an t-oibreoir líonraí ar ar tugadh cuairt a thobhach ar sholáthraí seirbhísí fánaíochta chun glao fánaíochta rialáilte a sholáthar, ar glao é a thosaíonn ar an líonra sin ar ar tugadh cuairt, lena n-áirítear, inter alia, costais tosaithe, idirthurais agus críochnaithe, ná teorainn choimirce EUR 0,032 in aghaidh an nóiméid . Leanfaidh an muirear mórdhíola uasta sin de bheith cothrom le EUR 0,032 go dtí an 30 Meitheamh 2022, gan dochar d’Airteagal 19.

2.   Beidh feidhm ag an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 idir aon dá oibreoir agus déanfar é a ríomh thar thréimhse 12 mhí nó thar aon tréimhse den sórt is giorra ná sin a fhéadfaidh a bheith fágtha roimh dheireadh na tréimhse ina bhfuil feidhm ag meánmhuirear mórdhíola uasta dá bhforáiltear i mír 1 nó roimh an 30 Meitheamh 2022.”;

(3)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Le héifeacht ón 15 Meitheamh 2017, ní mó an meánmhuirear mórdhíola a fhéadfaidh an t-oibreoir líonraí ar ar tugadh cuairt a thobhach ar sholáthraí seirbhísí fánaíochta chun teachtaireacht SMS fánaíochta rialáilte a sholáthar ar teachtaireacht SMS í a thosaíonn ar an líonra sin ar ar tugadh cuairt ná teorainn choimirce EUR 0,01 in aghaidh na teachtaireachta SMS agus, gan dochar d’Airteagal 19, fanfaidh sé cothrom le EUR 0,01 go dtí an 30 Meitheamh 2022.”;

(4)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Le héifeacht ón 15 Meitheamh 2017, ní mó an meánmhuirear mórdhíola a fhéadfaidh an t-oibreoir líonraí ar ar tugadh cuairt a thobhach ar sholáthraí seirbhísí fánaíochta chun seirbhísí fánaíochta rialáilte sonraí a sholáthar trí bhíthin an líonra sin ar ar tugadh cuairt, ná teorainn choimirce EUR 7,70 in aghaidh an ghigibhirt sonraí a tharchuirtear. Laghdófar an muirear uasta mórdhíola sin go dtí EUR 6,00 in aghaidh an ghigibhirt an 1 Eanáir 2018, go dtí EUR 4,50 in aghaidh an ghigibhirt an 1 Eanáir 2019, go dtí EUR 3,50 in aghaidh an ghigibhirt an 1 Eanáir 2020, go dtí EUR 3,00 in aghaidh an ghigibhirt an 1 Eanáir 2021 agus go dtí EUR 2,50 in aghaidh an ghigibhirt an 1 Eanáir 2022. Gan dochar d’Airteagal 19, fanfaidh sé ag EUR 2,50 in aghaidh an ghigibhirt sonraí a tharchuirtear go dtí an 30 Meitheamh 2022.”;

(5)

Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, BEREC faisnéis atá cothrom le dáta maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe Airteagail 6a, 6b, 6c, 6e, 7, 9 agus 12, a chur ar fáil go poiblí ar shlí ina gcuirtear ar chumas páirtithe leasmhara rochtain éasca a bheith acu uirthi.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“4a.   I gcás ina measfaidh údarás rialála naisiúnta gur faisnéis rúnda atá i gceist i gcomhréir le rialacha an Aontais agus le rialacha náisiúnta maidir le rúndacht gnó, déanfaidh an Coimisiún, BEREC agus aon údaráis rialála náisiúnta eile lena mbaineann an rúndacht sin a áirithiú. Ní chuirfidh rúndacht gnó cosc ar roinnt tráthúil na faisnéise idir an t-údarás rialála náisiúnta, an Coimisiún, BEREC agus aon údaráis rialála náisiúnta eile lena mbaineann chun athbhreithniú, faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialachán seo.”;

(6)

Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 17(1):

“Maidir le díospóidí idir oibreoirí líonraí ar ar tugadh cuairt agus oibreoirí eile maidir le rátaí a chur i bhfeidhm ar na hionchuir is gá chun seirbhísí fánaíochta mórdhíola rialáilte a sholáthar, féadfar iad a tharchur chun an údaráis nó chun na n-údarás rialála náisiúnta atá inniúil de bhun Airteagal 20 nó 21 den Chreat-Treoir. I gcás den sórt sin, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta inniúil nó na húdaráis rialála náisiúnta inniúla dul i gcomhairle le BEREC, maidir leis an ngníomhaíocht atá le déanamh i gcomhréir leis an gCreat-Treoir, leis na Treoracha Sonracha nó leis an Rialachán seo chun an díospóid a réiteach. I gcás ina ndeachthas i gcomhairle le BEREC, fanfaidh an t-údarás nó na húdaráis rialála náisiúnta inniúla le tuairim BEREC sula ndéanfaidh sé nó siad aon ghníomhaíocht chun an díospóid a réiteach.”;

(7)

Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Thairis sin, cuirfidh an Coimisiún, faoin 15 Nollaig 2018, tuarascáil eatramhach ina n-achoimrítear éifeachtaí deireadh a chur le formhuirir fánaíochta mhiondíola faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus aon tuairisc ábhartha de chuid BEREC á cur i gcuntas. Ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, tuarascálacha débhliantúla faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, mar aon, más iomchuí, le togra reachtach chun na muirir mhórdhíola uasta rialáilte seirbhísí fánaíochta a leagtar síos sa Rialachán seo a leasú. Cuirfear an chéad tuarascáil den chineál sin isteach faoin 15 Nollaig 2019.

Áireofar sna tuarascálacha débhliantúla sin, inter alia, measúnú ar na nithe seo a leanas:

(a)

infhaighteacht agus cáilíocht seirbhísí lena n-áirítear iad sin atá mar mhalairt ar sheirbhísí rialáilte guthghlaonna, SMS agus seirbhísí fánaíochta sonraí, go háirithe i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha;

(b)

an méid iomaíochta atá sa mhargadh fánaíochta miondíola agus sa mhargadh fánaíochta mórdhíola araon, go háirithe staid iomaíochta oibreoirí beaga, oibreoirí neamhspleácha nó oibreoirí atá díreach tar éis tosú, agus oibreoirí líonraí soghluaiste fíorúla lena n-áirítear éifeachtaí comhaontuithe tráchtála ar an iomaíocht agus an méid idirnasctha idir oibreoirí;

(c)

a mhéid a tháirg cur chun feidhme na mbeart struchtúrach dá bhforáiltear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4, agus go háirithe, ar bonn na faisnéise arna soláthar ag na húdaráis rialála náisiúnta, an nós imeachta i gcomhair udaruithe roimhe ré a leagtar síos in Airteagal 3(6), torthaí i bhforbairt na hiomaíochta sa mhargadh inmheánach do sheirbhísí fánaíochta rialáilte;

(d)

éabhlóid na bpleananna taraife miondíola atá ar fáil;

(e)

athruithe ar phatrúin tomhaltais sonraí i gcás seirbhísí baile agus fánaíochta araon;

(f)

cumas na n-oibreoirí líonra baile a samhail muirearaithe baile a chothú agus a mhéid a bheidh formhuirir fánaíochta mhiondíola eisceachtúla údaraithe de bhun Airteagal 6c;

(g)

cumas na n-oibreoirí líonra ar ar tugadh cuairt na costais seirbhísí fánaíochta mórdhíola rialáilte a chur ar fáil arna dtabhú go héifeachtúil a aisghabháil;

(h)

tionchar chur i bhfeidhm bheartais na húsáide córa ag oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 6d, lena n-áirítear aon neamhréireachtaí a shainaithint i gcur i bhfeidhm agus i gcur chun feidhme bheartais na húsáide córa sin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   D’fhonn measúnú a dhéanamh ar na forbairtí iomaíocha sna margaí fánaíochta uile-Aontais, baileoidh BEREC sonraí ó údaráis rialála náisiúnta ar bhonn tráthrialta faoi na forbairtí atá ann maidir le muirir mhiondíola agus mhórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta rialáilte guthghlaonna, SMS agus sonraí, lena n-áirítear muirir mhórdhíola a chuirtear i bhfeidhm i gcás trácht fánaíochta cothromaithe agus neamhchothromaithe faoi seach. Baileoidh sé sonraí freisin maidir le comhaontuithe fánaíochta mórdhíola nach bhfuil faoi réir na muirear fánaíochta mórdhíola dá bhforáiltear in Airteagal 7, Airteagal 9 nó Airteagal 12 agus maidir le cur chun feidhme na mbeart conarthach ar an leibhéal mórdhíola atá dírithe ar chosc a chur ar bhuanfhánaíocht nó ar leas a bhaint as an rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola, ar úsáid aimhrialta nó mí-úsáid í, chun críoch seachas chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar do chustaiméirí na soláthraithe seirbhísí fánaíochta fad atá na custaiméirí sin ag taisteal laistigh den Aontas ar bhonn tréimhsiúil.

Cuirfear na sonraí sin in iúl don Choimisiún dhá uair sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh an Coimisiún iad a chur ar fáil go poiblí.

Ar bhonn na sonraí arna mbailiú, déanfaidh BEREC tuairisciú go rialta maidir le héabhlóid na bpatrún praghsála agus tomhaltais sna Ballstáit i gcás seirbhísí baile agus fánaíochta araon, éabhlóid na rátaí fánaíochta mórdhíola iarbhír i gcás trácht neamhchothromaithe idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta, agus maidir leis an ngaol idir praghsanna miondíola, muirir mhórdhíola agus costais mhórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta. Measúnóidh BEREC cé chomh dlúth a bhaineann na heilimintí sin lena chéile.

Déanfaidh BEREC sonraí a bhailiú ar bhonn bliantúil freisin ó údaráis rialála náisiúnta maidir le trédhearcacht agus le hinchomparáideacht taraifí éagsúla arna dtairiscint ag oibreoirí dá gcuid custaiméirí. Déanfaidh an Coimisiún na sonraí agus na torthaí sin a chur ar fáil go poiblí.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe 2, pointe 3 agus pointe 4 d’Airteagal 1 ón 15 Meitheamh 2017.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Bealtaine 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. ABELA


(1)  IO C 34, 2.2.2017, lch. 162.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Aibreán 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Aibreán 2017.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 172, 30.6.2012, lch. 10).

(4)  Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain ar an idirlíon oscailte agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 310, 26.11.2015, lch. 1).

(5)  Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialúcháin coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Chreat-Treoir) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 33).

(6)  Treoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara, agus maidir le hidirnasc a bheith eatarthu (Treoir na Rochtana) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 7).

(7)  Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir an Údaraithe) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 21).

(8)  Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le Seirbhís Uilíoch) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 51).


Top