Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32016R2337

    Rialachán (AE) 2016/2337 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ón gComhairle maidir le comhrialacha chun cuntais na ngnóthas iarnróid a normalú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE )

    IO L 354, 23.12.2016, p. 20–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2017

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2337/oj

    23.12.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    20


    RIALACHÁN (AE) 2016/2337 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Nollaig 2016

    lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ón gComhairle maidir le comhrialacha chun cuntais na ngnóthas iarnróid a normalú

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 109 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ón gComhairle (4), ceadaítear do na Ballstáit cúiteamh a thabhairt do 40 gnóthas iarnróid arna sonrú, chun oibleagáidí a íoc nach bhfuil ar ghnóthais atá i mbun modhanna iompair eile a sheasamh. Fágann cur i bhfeidhm ceart na rialacha maidir le normalú go bhfuil Ballstáit díolmhaithe ó oibleagáidí i leith fógraí a thabhairt maidir le státchabhair.

    (2)

    Glacadh sraith gníomhartha dlí lena ligtear iomaíocht isteach i margadh an lasta iarnróid agus sa mhargadh paisinéirí iarnróid idirnáisiúnta agus lena mbunaítear, i gcás Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), prionsabail bhunúsacha áirithe lena n-áirítear: an prionsabal go bhfuil gnóthais iarnróid le bainistiú de réir prionsabail a bhfuil feidhm leo maidir le cuideachtaí tráchtála; an prionsabal go bhfuil eintitis atá freagrach as acmhainn a leithdháileadh agus muirear a ghearradh as bonneagar iarnróid a úsáid le bheith ann ar leithligh ó eintitis a oibríonn seirbhísí iarnróid, agus go bhfuil scaradh cuntas le bheith ann; an prionsabal go bhfuil rochtain le bheith ag aon ghnóthas iarnróid arna cheadúnú i gcomhréir le critéir Aontais ar bhonneagar iarnróid ar bhonn cothrom agus neamh-idirdhealaitheach; agus an prionsabal go bhféadfaidh bainisteoirí bonneagair tairbhiú de mhaoiniú Stáit.

    (3)

    Tá Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ar neamhréir leis na bearta reachtacha atá i bhfeidhm faoi láthair agus neamh-chomhoiriúnach leo freisin. Go háirithe, i gcomhthéacs margadh léirscaoilte ina bhfuil gnóthais iarnróid in iomaíocht dhíreach leis na gnóthais iarnróid arna sonrú, ní iomchuí a thuilleadh cóir éagsúil a chur ar an dá ghrúpa sin.

    (4)

    Chun deireadh a chur le neamhréireachtaí i gcóras dlí an Aontais agus d'fhonn rannchuidiú le simpliú trí dheireadh a chur le gníomh dlí atá imithe i léig, is iomchuí dá bhrí sin Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 a aisghairm.

    (5)

    Féadfaidh na Ballstáit cúiteamh a íoc do chostais na saoráidí crosairí ar bhonn Airteagal 8 de Threoir 2012/34/AE. Mar sin féin, tá gach seans ann go mbeidh am ag teastáil uathu chun an dlí náisiúnta agus na forálacha riaracháin atá acu a leasú d'fhonn aisghairm Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 a chur san áireamh. Mar thoradh air sin, níor cheart feidhm láithreach a bheith ag an aisghairm sin i gcásanna a chumhdaítear le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69, cé is moite d'fhorálacha an Rialacháin sin a bhfuil feidhm acu maidir le cuntais a normalú do chásanna Aicme IV a chumhdaítear le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. Leanfaidh na forálacha sin d'fheidhm a bheith acu go dtí an 31 Nollaig 2017.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Nollaig 2016.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    I. KORČOK


    (1)  IO C 327, 12.11.2013, lch. 122.

    (2)  IO C 356, 5.12.2013, lch. 92.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 17 Deireadh Fómhair 2016 (IO C 430, 22.11.2016, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (4)  Rialachán (CEE) Uimh. 1192/69 ón gComhairle an 26 Meitheamh 1969 maidir le comhrialacha chun cuntas na ngóthas iarnróid a normalú (IO L 156, 28.6.1969, lch. 8)

    (5)  Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).


    Top