Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32016R1954

    Rialachán (AE) 2016/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006 maidir le staidreamh ar iompar earraí d’uiscebhealaí intíre i ndáil le cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun bearta áirithe a ghlacadh

    IO L 311, 17.11.2016, p. 20–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 04/08/2018; Arna aisghairm le 32018R0974

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1954/oj

    17.11.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    20


    RIALACHÁN (AE) 2016/1954 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 26 Deireadh Fómhair 2016

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006 maidir le staidreamh ar iompar earraí d’uiscebhealaí intíre i ndáil le cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun bearta áirithe a ghlacadh

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“an Conradh”), caithfear na cumhachtaí atá tugtha don Choimisiún a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh.

    (2)

    I ndáil le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún, trí bhíthin ráitis (3), athbhreithniú a dhéanamh, i bhfianaise na gcritéar a leagtar síos sa Chonradh, ar ghníomhartha reachtacha nár cuireadh in oiriúint don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú sular tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm.

    (3)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tugtar cumhachtaí don Choimisiún d’fhonn roinnt dá fhorálacha a chur chun feidhme.

    (4)

    D’fhonn Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006 a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh, ba cheart cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a chur in ionad cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún leis an Rialachán sin.

    (5)

    Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006, chun treochtaí eacnamaíocha agus teicniúla agus athruithe ar shainmhínithe arna nglacadh ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán sin a leasú chun an tairseach os cionn 1 000 000 tona do chumhdach staitistiúil ar iompar d’uiscebhealaí intíre a ardú, chun sainmhínithe a chur in oiriúint nó chun foráil a dhéanamh do chinn nua, mar aon leis na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006 a oiriúnú chun athruithe sa chódú agus san ainmníocht ar an leibhéal idirnáisiúnta nó i ngníomhartha reachtaíochta an Aontais a léiriú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (6)

    Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe sin ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.

    (7)

    D’fhonn dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú chun Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cur ar a chumas socruithe a ghlacadh i ndáil le sonraí a tharchur, lena n-áirítear caighdeáin idirmhalartaithe sonraí, le go scaipfeadh an Coimisiún (Eurostat) torthaí agus i ndáil le ceanglais agus critéir mhodheolaíocha a fhorbairt agus a fhoilsiú, na ceanglais agus na critéir sin arna ndearadh chun cáilíocht na sonraí a tháirgfear a áirithiú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    (8)

    I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, chun an bunchuspóir a bhaint amach, mar atá ailíniú na gcumhachtaí atá tugtha don Choimisiún le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh, is gá agus is iomchuí rialacha a leagan síos maidir lena leithéid d’ailíniú i réimse an staidrimh iompair. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    (9)

    Ní mór don Choimisiún socrú a dhéanamh chun go ndéanfar treoirstaidéir ar infhaighteacht sonraí staidrimh a bhaineann le hiompar paisinéirí d’uiscebhealaí intíre, lena n-áirítear trí sheirbhísí iompair trasteorann.

    Ba cheart don Aontas ranníoc le costas a ghabhann leis na treoirstaidéir sin a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh ranníocaíochtaí den sórt sin i bhfoirm deontas arna ndámhachtain chuig na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus chuig údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

    (10)

    Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do na nósanna imeachta chun bearta a tionscnaíodh ach nár críochnaíodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a ghlacadh.

    (11)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006 a leasú dá réir.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 2, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “5.   Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 9, a bhaineann le mír 2 den Airteagal seo a leasú leis an tairseach a ardú do chumhdach staidrimh ar iompar d’uiscebhealaí intíre dá dtagraítear inti d’fhonn treochtaí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh. Áiritheoidh an Coimisiún, agus an chumhacht sin á feidhmiú aige, nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Thairis sin, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*).

    (*)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”"

    (2)

    in Airteagal 3, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

    “Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 9, a bhaineann leis an Airteagal seo a leasú leis na sainmhínithe atá ann a chur in oiriúint nó le foráil a dhéanamh do shainmhínithe nua d’fhonn sainmhínithe ábhartha a leasaítear nó a ghlactar ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh.

    Áiritheoidh an Coimisiún, nuair a bheidh an chumhacht sin á feidhmiú aige, nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Thairis sin, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.”

    (3)

    in Airteagal 4, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “4.   Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 9, a bhaineann leis na hIarscríbhinní a leasú chun na hathruithe a léiriú maidir le códú agus le hainmníocht ar an leibhéal idirnáisiúnta nó i ngníomhartha reachtacha ábhartha de chuid an Aontais Eorpaigh. Áiritheoidh an Coimisiún, nuair a bheidh an chumhacht sin á feidhmiú aige, nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Thairis sin, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.”

    (4)

    cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

    “Airteagal 4a

    Treoirstaidéir

    1.   Faoin 8 Nollaig 2018, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, an mhodheolaíocht iomchuí a fhorbairt chun staidreamh a thiomsú maidir le hiompar paisinéirí d’uiscebhealaí intíre, lena n-áirítear trí sheirbhísí iompair trasteorann.

    2.   Faoin 8 Nollaig 2019, seolfaidh an Coimisiún treoirstaidéir dheonacha a dhéanfaidh na Ballstáit lena gcuirfear sonraí ar fáil faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir le hinfhaighteacht sonraí staidrimh a bhaineann le paisinéirí a iompar ar uiscebhealaí intíre, lena n-áirítear trí sheirbhísí iompair trasteorann. Beidh sé mar aidhm ag na treoirstaidéir sin measúnú a dhéanamh ar indéantacht na mbailiúchán nua sonraí sin, ar na costais a bhaineann leis na bailiúcháin ghaolmhara sonraí agus ar an gcáilíocht intuigthe staidrimh.

    3.   Faoin 8 Nollaig 2020, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le torthaí treoirstaidéar den sórt sin. Ag brath ar thorthaí na tuarascála sin, agus laistigh de thréimhse réasúnach ama, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an Chomhairle, más iomchuí, chun an Rialachán seo a leasú i ndáil le staidreamh maidir le hiompar paisinéirí d’uiscebhealaí intíre, lena n-áirítear trí sheirbhísí iompair trasteorann.

    4.   Rannchuideodh buiséad ginearálta an Aontais, i gcás inarb iomchuí agus breisluach an Aontais á chur san áireamh, leis na treoirstaidéir sin a mhaoiniú.”

    (5)

    in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na socruithe chun sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat), lena n-áirítear caighdeáin idirmhalartaithe sonraí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).”

    (6)

    in Airteagal 6, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    “Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na socruithe maidir le scaipeadh sonraí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).”

    (7)

    in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na ceanglais agus critéir mhodheolaíocha arna ndearadh chun cáilíocht na sonraí a tháirgfear a áirithiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).”

    (8)

    in Airteagal 7, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

    “4.   Chun críocha an Rialacháin seo, is iad na critéir cháilíochta a bheidh le cur i bhfeidhm maidir leis na sonraí a bheidh le tíolacadh ná iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

    5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na socruithe mionsonraithe, an struchtúr, agus na heilimintí tréimhsiúlachta agus inchomparáideachta le haghaidh na dtuarascálacha cáilíochta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).”

    (9)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

    “Airteagal 8

    Tuarascálacha ar chur chun feidhme

    Faoin 31 Nollaig 2020 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus maidir le forbairtí amach anseo.

    Sa tuarascáil sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh faisnéis ábhartha arna soláthar ag na Ballstáit maidir le feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh agus maidir le riachtanais na n-úsáideoirí. Go háirithe, sa tuarascáil sin beidh:

    (a)

    measúnú ar na sochair a fhabhróidh don Aontas, do na Ballstáit agus do sholáthróirí agus d’úsáideoirí faisnéise staidrimh, ón staidreamh a táirgeadh, le hais a gcostas;

    (b)

    measúnú ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur agus na modhanna bailithe sonraí arna n-úsáid.”

    (10)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

    “Airteagal 9

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(5), in Airteagal 3 agus in Airteagal 4(4) don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana [tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán leasaitheach seo i bhfeidhm]. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an tarmligean cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(5), in Airteagal 3, agus in Airteagal 4(4) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairme deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an gcinneadh sin an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

    4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán maidir le Reachtóireacht Níos Fearr2016 (**).

    5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(5), Airteagal 3 nó Airteagal 4(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    (**)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”"

    (11)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

    “Airteagal 10

    Nós imeachta coiste

    1.   Tabharfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (***).

    2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    (***)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”"

    (12)

    scriostar Iarscríbhinn G.

    Airteagal 2

    Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do na nósanna imeachta chun bearta a ghlacadh dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006, ar nósanna imeachta iad a tionscnaíodh ach nach bhfuil críochnaithe roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg an 26 Deireadh Fómhair 2016.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    I. LESAY


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 18 Iúil 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Deireadh Fómhair 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (3)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 19.

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le staidreamh ar iompar earraí d’uiscebhealaí intíre agus lena n-aisghairtear Treoir 80/1119/CEE ón gComhairle (IO L 264, 25.9.2006, lch. 1).

    (5)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1

    (6)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

    (7)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).


    Top