Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32016R1625

    Rialachán (AE) 2016/1625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    IO L 251, 16.9.2016, p. 77–79 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1625/oj

    16.9.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    77


    RIALACHÁN (AE) 2016/1625 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Meán Fómhair 2016

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Na húdaráis náisiúnta a chuireann feidhmeanna garda cósta i gcrích, tá freagracht orthu i leith raon leathan cúraimí, a bhféadfadh an tsábháilteacht mhuirí, an tslándáil mhuirí, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, rialú ag teorainneacha, rialú ar iascach, rialú custaim, forfheidhmiú ginearálta an dlí agus cosaint an chomhshaoil a bheith ar áireamh leo. Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (“an Ghníomhaireacht”), don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, arna bunú le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus don Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle (4), dá bhrí sin, a gcomhar a neartú, laistigh dá sainordú, le chéile agus le húdaráis náisiúnta a chuireann feidhmeanna garda cósta i gcrích, chun feasacht ar dhálaí muirí a mhéadú agus chun tacú le gníomhaíocht chomhleanúnach chost-éifeachtúil.

    (2)

    Le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ní dhéantar difear do deighilt na hinniúlachta idir an tAontas agus na Ballstáit ná d'oibleagáidí na mBallstát faoi choinbhinsiúin idirnáisiúnta amhail Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, agus ionstraimí muirí ábhartha idirnáisiúnta eile.

    (3)

    Ionas go bhféadfadh tacaíocht éifeachtúil agus éifeachtach a thabhairt d'údaráis náisiúnta a chuireann feidhmeanna garda cósta i gcrích, ba cheart don Ghníomhaireacht úsáid a bhaint as teicneolaíocht úrscothach atá ar fáil, amhail córais aerárthaí cianrialaithe.

    (4)

    Is iomchuí go mbeadh Bord Riaracháin na Gníomhaireachta rannpháirteach go hiomlán sa chinnteoireacht i dtaca leis na saincheisteanna dá dtagraítear sa Rialachán seo, ar saincheisteanna iad a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu maidir le cúraimí eile agus buiséad na Gníomhaireachta, lena n-áirítear an socrú oibre don chomhar idir na trí ghníomhaireacht.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002:

    “Airteagal 2b

    Comhar Eorpach um fheidhmeanna an gharda cósta

    1.   I gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, arna bunú le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle (**), laistigh den sainordú atá ag gach ceann acu, tacóidh an Ghníomhaireacht leis na húdaráis náisiúnta agus iad i mbun chúraimí an gharda cósta, ar leibhéal náisiúnta agus Eorpach, agus i gcás inarb iomchuí, ar leibhéal idirnáisiúnta, mar seo a leanas:

    (a)

    comhroinnt, comhtháthú agus anailísiú a dhéanamh ar fhaisnéis atá le fáil i gcórais tuairiscithe long agus i gcórais faisnéise eile arna n-óstáil ag na gníomhaireachtaí sin nó atá ar fáil dóibh, i gcomhréir lena mbunúis dlí faoi seach agus gan dochar d'úinéireacht na mBallstát ar na sonraí sin;

    (b)

    seirbhísí faireachais agus seirbhísí cumarsáide a chur ar fáil arna mbunú sin ar theicneolaíocht úrscothach, lena n-áirítear bonneagar spás-bhunaithe agus bonneagar talún chomh maith le braiteoirí atá suite ar ardán de chineál ar bith;

    (c)

    acmhainn a fhorbairt trí threoirlínte agus moltaí a tharraingt suas, agus trí dhea-chleachtais a bhunú, agus trí oiliúint agus malartú foirne a chur ar fáil;

    (d)

    malartú faisnéise agus comhar um fheidhmeanna garda cósta a fheabhsú lena n-áirítear trí dhúshláin oibríochtúla agus rioscaí atá ag teacht chun cinn sa réimse muirí a anailísiú;

    (e)

    acmhainn a chomhroinnt trí oibríochtaí ilchuspóireacha a phleanáil agus a chur chun feidhme agus trí shócmhainní agus acmhainneachtaí eile a chomhroinnt, sa mhéid go ndéanann na gníomhaireachtaí sin na gníomhaíochtaí sin a chomhordú agus go gcomhaontaíonn údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann leo.

    2.   Gan dochar do chumhachtaí Bhord Riaracháin na Gníomhaireachta a leagtar amach in Airteagal 10(2), is de réir socrú oibre, a bheidh i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus leis na rialacha airgeadais is infheidhme do na Gníomhaireachtaí, a chinnfear foirmeacha beachta an chomhair um fheidhmeanna garda cósta idir an Ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach. Déanfaidh Bord Riaracháin na Gníomhaireachta, Bord Riaracháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach agus bord bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta socrú den sórt sin a fhormheas.

    3.   Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, leis an nGníomhaireacht, leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach lámhleabhar praiticiúil a chur ar fáil maidir le comhar Eorpach um fheidhmeanna garda cósta. Sa leabhar sin beidh treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais chun faisnéis a mhalartú. Glacfaidh an Coimisiún an lámhleabhar i bhfoirm moladh.

    4.   Ní bheidh na cúraimí a leagtar amach san Airteagal seo díobhálach do chúraimí na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 2 agus ní sháróidh siad cearta agus oibleagáidí na mBallstát, go háirithe mar Bhratstáit, Stáit an chalafoirt agus Stáit chósta.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Meán Fómhair 2016.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    I. KORČOK


    (1)  Tuairim an 16 Márta 2016 (IO C 177, 18.5.2016, lch. 57).

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016.

    (3)  Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle an 26 Aibreán 2005 lena mbunaítear Gníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 lena mbunaítear córas um rialú is infheidhme maidir leis an gcombheartas iascaigh (IO L 128, 21.5.2005, lch. 1).

    (5)  Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).


    Top