EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32015R1775

Rialachán (AE) 2015/1775 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trádáil i dtáirgí róin agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 737/2010 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

IO L 262, 7.10.2015, p. 1–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1775/oj

7.10.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 262/1


RIALACHÁN (AE) 2015/1775 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Deireadh Fómhair 2015

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trádáil i dtáirgí róin agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 737/2010 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus é de chuspóir leis deireadh a chur le constaicí ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh a bhí ann de thoradh difríochtaí idir na bearta náisiúnta lena rialáiltí trádáil i dtáirgí róin. Glacadh na bearta sin de dhroim imní mhorálta an phobail i dtaobh na ngnéithe de mharú rónta lena mbaineann leas ainmhithe agus i dtaobh na féidearthachta go raibh táirgí ar mhargadh an Aontais a fuarthas ó rónta a maraíodh ar shlí ar chúis le barraíocht péine, anacra, eagla nó cineálacha eile fulaingthe í. Tugadh tacaíocht d'ábhair imní den sórt sin ag fianaise a léirigh nach bhféadfaí modh maraithe a bheadh daonnúil i bhfírinne a chur i bhfeidhm ná a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach ná go héifeachtach sna dálaí sainiúla ina ndéantar rónta a fhiach. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, tugadh isteach le Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009, mar riail ghinearálta, toirmeasc ar tháirgí róin a chur ar an margadh.

(2)

San am céanna, dlúthchuid de shaol socheacnamaíoch, de chothú, de chultúr agus d'fhéiniúlacht na nIonúiteach agus pobal dúchasach eile is ea fiach rónta agus cuidíonn sé go mór leo iad féin a chothú agus a fhorbairt, cuireann sé bia ar fáil agus gineann sé ioncam chun tacú le saol agus le slí bheatha an phobail, agus slí thraidisiúnta maireachtála an phobail á cothú agus á tabhairt ar aghaidh leis. Ar na cúiseanna sin, níl an imní mhorálta chéanna ar an bpobal i dtaobh fiacha rónta arna ndéanamh go traidisiúnta ag pobail Ionúiteacha agus ag pobail dhúchasacha eile agus atá i dtaobh fiacha arna ndéanamh go príomha ar chúiseanna tráchtála. Thairis sin, admhaítear go forleathan nár cheart díobháil a dhéanamh do leasanna bunúsacha, eacnamaíocha agus sóisialta na nIonúiteach agus pobal dúchasach eile, i gcomhréir le Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach a glacadh an 13 Meán Fómhair 2007 agus i gcomhréir le hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha eile. Ina theannta sin, tá trí Bhallstát (an Danmhairg, an Ísiltír agus an Spáinn) tar éis an Coinbhinsiún maidir le Pobail Dhúchasacha agus Pobail Threibheacha i dTíortha Neamhspleácha (Coinbhinsiún Uimh. 169), a ghlac an Eagraíochta Idirnáisiúnta Saothair an 27 Meitheamh 1989 (4), a dhaingniú. Dá bharr sin, mar eisceacht, ceadaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 táirgí róin a chur ar an margadh a thagann ó fhiacha arna ndéanamh go traidisiúnta ag pobail Ionúiteacha agus ag pobail dhúchasacha eile ar mhaithe lena gcothú agus a chuidíonn le cothú den sórt sin.

(3)

I bhfianaise an chuspóra atá le Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009, maidir le táirgí róin a thagann ó fhiacha arna ndéanamh ag pobail Ionúiteacha agus ag pobail dhúchasacha eile a chur ar mhargadh an Aontais, ba cheart é a bheith faoi choinníoll na fiacha sin a bheith déanta agus aird chuí á tabhairt ar leas na n-ainmhithe agus ar shlí a laghdaíonn a oiread is féidir pian, anacair, eagla agus cineálacha eile fulaingthe a bhraitheann na hainmhithe a ndéantar fiach orthu, agus freisin slí maireachtála na bpobal Ionúiteach agus na bpobal dúchasach eile agus an chríoch atá leis an bhfiach cuidiú le cothú á gcur san áireamh. Mar sin, ba cheart an eisceacht atá déanta de tháirgí róin a thagann ó fhiacha arna ndéanamh ag pobail Ionúiteacha agus ag pobail dhúchasacha eile a bheith teoranta d'fhiacha a chuireann le cothú na bpobal sin.

(4)

Ceadaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 freisin, mar eisceacht, táirgí róin a chur ar an margadh a thagann ón bhfiach a dhéantar chun críche bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar acmhainní muirí agus chun na críche sin amháin. Cé go n-admhaítear an tábhacht atá le fiacha arna ndéanamh chun críche bainistiú inbhuanaithe ar acmhainní muirí, go praiticiúil féadfaidh sé bheith deacair dealú a dhéanamh idir na fiacha sin agus fiacha mórscála arna ndéanamh go príomha ar chúiseanna tráchtála. D'fhéadfaí idirdhealú nach mbeadh bonn cirt leis a dhéanamh ar na táirgí róin lena mbaineann dá thoradh sin. Dá bhrí sin, níor cheart foráil a dhéanamh a thuilleadh maidir leis an eisceacht sin. Mar sin féin, mar thoradh ar dheireadh a chur leis an eisceacht maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar acmhainní muirí, d'fhéadfaí fadhbanna a chruthú sna Ballstáit sin ina n-úsáidtear conablaigh atá díortha ó fhiacha rónta dleathacha mar ábhar do tháirgí róin agus a cuireadh ar mhargaí áitiúla ó am go chéile, agus sin i gcainníochtaí beaga. Maidir leis an measúnú a dhéanfaidh an Coimisiún ar fheidhmiú, ar éifeachtacht agus ar thionchar Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009, is iomchuí go n-áireoidh an Coimisiún an fhaisnéis a cuireadh ar fáil dó maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009, arna leasú leis an Rialachán seo, sna Ballstáit sin. Tá baint na heisceachta sin gan dochar do cheart na mBallstát leanúint de rialáil a dhéanamh ar fhiacha arna ndéanamh chun críche bainistiú inbhuanaithe ar acmhainní muirí.

(5)

D'fhonn a áirithiú nach ndéanfar an eisceacht atá déanta de tháirgí róin a thagann ó fhiacha arna ndéanamh ag pobail Ionúiteacha agus ag pobail dhúchasacha eile a úsáid maidir le táirgí a thagann ó fhiach arb iad críocha tráchtála is bunchuspóir leis, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun cosc a chur, i gcás inar gá agus ar bhonn fianaise, ar tháirgí róin a thagann ón bhfiach lena mbaineann a chur ar an margadh nó chun teorainn a chur le líon na dtáirgí róin sin a fhéadfar a chur ar an margadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Tá sé tábhachtach freisin go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí leis na tíortha tionscnaimh lena mbaineann agus leis na geallsealbhóirí ábhartha. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(6)

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun sonrú breise a dhéanamh ar na socruithe riaracháin maidir le haitheantas a thabhairt do na comhlachtaí a fhéadfaidh a fhianú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos maidir le táirgí róin a chur ar an margadh agus maidir le doiciméid fianúcháin a eisiúint agus a rialú, agus na forálacha riaracháin is gá lena áirithiú go gcloífear leis na coinníollacha maidir le táirgí róin a allmhairiú le haghaidh úsáid phearsanta taistealaithe nó a dteaghlaigh, chomh maith leis na forálacha riaracháin is gá le nótaí teicniúla treorach a eisiúint. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5)

(7)

D'fhonn an bealach a réiteach chun Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 agus na heisceachtaí a ndéantar forail dóibh a chur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún an pobal agus na húdaráis inniúla, lena n-áirítear na húdaráis chustaim, a chur ar an eolas maidir le forálacha an Rialacháin sin agus i ndáil leis na rialacha maidir le táirgí róin a thagann ó fhiacha arna ndéanamh ag pobail Ionúiteacha nó ag pobail dhúchasacha eile a chur ar an margadh.

(8)

Ba cheart do na Ballstáit tuarascáil a ullmhú ar bhonn tráthrialta ar na bearta a ghlactar chun Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 a chur i bhfeidhm. Ar bhonn na dtuarascálacha sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 a chur chun feidhme, lena n-áirítear an tionchar a imrítear ar fhorbairt shocheacnamaíoch na bpobal Ionúiteach agus na bpobal dúchasach eile.

(9)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge nó a éifeachtaí, é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(10)

I bhfianaise a mhéid atá an trádáil i dtáirgí róin á rialú le Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009, a leasaíodh leis an Rialachán seo, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 737/2010 ón gCoimisiún (6) a aisghairm.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 2, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“4a.

Is é is brí le ‘pobail dhúchasacha eile’ pobail i dtíortha neamhspleácha a mheastar a bheith dúchasach toisc gur shíolraigh siad ó na pobail a raibh cónaí orthu sa tír, nó i réigiún geografach ar leis an tír, tráth na gabhála nó an choilínithe nó tráth ar bunaíodh teorainneacha an Stáit mar atá faoi láthair agus, beag beann ar a stádas dlíthiúil, a choimeádann roinnt nó gach ceann dá n-institiúidí sóisialta, eacnamaíocha agus polaitiúla;”.

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Coinníollacha maidir le cur ar an margadh

1.   Ní cheadófar táirgí róin a chur ar an margadh ach amháin i gcás ina dtiocfaidh na táirgí róin ó fhiacha arna ndéanamh ag pobail Ionúiteacha nó ag pobail dhúchasacha eile, ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur cuid de thraidisiún an phobail is ea an fiach;

(b)

go ndéantar an fiach ar mhaithe leis an bpobal a chothú agus go gcuidíonn sé lena chothú, lena n-áirítear chun bia agus ioncam a chur ar fáil d'fhonn tacú le saol agus le slí bheatha inbhuanaithe an phobail, agus nach ndéantar é go príomha chun críocha tráchtála;

(c)

go ndéantar an fiach ar bhealach ina dtugtar aird chuí ar leas na n-ainmhithe, agus slí maireachtála an phobail agus an chríoch atá leis an bhfiach cabhrú le cothú á gcur san áireamh.

Beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír tráth an allmhairithe nó ag pointe an allmhairithe do tháirgí allmhairithe róin.

1a.   Tráth a gcuirfear táirge róin ar an margadh, beidh doiciméad lena bhfianófar go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 ag gabháil leis (‘doiciméad fianúcháin’).

Arna iarraidh sin, déanfaidh comhlacht atá aitheanta chun na críche sin ag an gCoimisiún doiciméad fianúcháin a eisiúint.

Comhlachtaí den sórt sin atá aitheanta, beidh siad neamhspleách, inniúil chun a bhfeidhmeanna a ghníomhú agus beidh siad faoi réir athbhreithniú seachtrach.

2.   De mhaolú ar mhír 1, ceadófar allmhairiú táirgí róin i gcás ina mbeidh sé de chineál ócáideach, agus i gcás inarb earraí d'úsáid phearsanta taistealaithe nó a dteaghlaigh, agus é sin amháin, a bheidh ann. Ní thabharfar le fios, mar gheall ar cineál agus líon na n-earraí sin, gurb earraí atá á n-allmhairiú ar chúiseanna tráchtála is ea na hearraí sin.

3.   Ní dhéanfaidh cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2 an bonn a bhaint ó ghnóthú chuspóir an Rialacháin seo.

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sonrú breise a dhéanamh ar na socruithe riaracháin maidir le haitheantas a thabhairt do na comhlachtaí a fhéadfaidh a fhianú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus maidir le doiciméid fianúcháin a eisiúint agus a rialú, mar aon leis na forálacha riaracháin is gá lena áirithiú go gcloífear le mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

5.   I gcás ina mbeidh fianaise ann gur críocha tráchtála is bunchuspóir le fiach róin, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4a d'fhonn cosc a chur ar tháirgí ón bhfiach lena mbaineann a chur ar an margadh nó chun teorainn a chur le líon na dtáirgí sin a fhéadfar a chur ar an margadh. Tá tábhacht ar leith ag baint leis go leanfadh an Coimisiún a ghnáthchleachtas agus go rachadh sé i mbun comhairliúcháin le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe ó na Ballstáit, sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin.

6.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le nótaí teicniúla treorach a eisiúint ina leagfar amach liosta táscach maidir le cóid na hAinmníochta Comhcheangailte lena bhféadfaí táirgí róin atá faoi réir an Airteagail seo a chumhdach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2).”.

(3)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 4a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 10 Deireadh Fómhair 2015. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(5) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”.

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an coiste a bunaíodh de bhun Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle (7) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   Maidir le gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 3(4), i gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (IO L 61, 3.3.1997, lch. 1)."

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”."

(5)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 5a

Faisnéis

Déanfaidh an Coimisiún an pobal, d'fhonn an fheasacht a mhúscailt iontu, agus na húdaráis inniúla, lena n-áirítear na húdaráis chustaim, a chur ar an eolas maidir le forálacha an Rialacháin seo agus maidir leis na rialacha faoina bhféadfar táirgí róin a thagann ó fhiacha arna ndéanamh ag pobail Ionúiteacha nó pobail dhúchasacha eile a chur ar an margadh.”.

(6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

Tuairisciú

1.   Faoin 31 Nollaig 2018 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina dtabharfar breac-chuntas ar na gníomhaíochtaí a dhéanfar chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

2.   Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo laistigh de 12 mhí ó dheireadh gach tréimhse tuairiscithe dá dtagraítear i mír 1. Tíolacfar an chéad tuarascáil faoin 31 Nollaig 2019.

3.   Sna tuarascálacha uaidh a chuirfear isteach i gcomhréir le mír 2, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fheidhmiú, ar éifeachtacht agus ar thionchar an Rialacháin seo maidir lena chuspóirí a bhaint amach.”.

Airteagal 2

Déantar Rialachán (AE) Uimh. 737/2010 a aisghairm le héifeacht ón dáta a gcuirfear i bhfeidhm an gníomh cur chun feidhme atá le glacadh de bhun Airteagal 3(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009, mar a leasaíodh ag an Rialachán seo.

Airteagal 3

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 18 Deireadh Fómhair 2015.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 6 Deireadh Fómhair 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. SCHMIT


(1)  Tuairim an 27 Bealtaine 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.)

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meán Fómhair 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le trádáil i dtáirgí róin (IO L 286, 31.10.2009, lch. 36).

(4)  Déantar tagairt le Coinbhinsiún Uimh. 169, inter alia, don cheart chun féinaitheanta atá ag pobail dhúchasacha agus don cheart atá acu rialú a dhéanamh, a mhéid is féidir, ar a bhforbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha féin.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 737/2010 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2010 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trádáil i dtáirgí róin a chur chun feidhme (IO L 216, 17.8.2010, lch. 1).


Top