This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32015R0938
Regulation (EU) 2015/938 of the European Parliament and of the Council of 9 June 2015 on the safeguard measures provided for in the Agreement between the European Economic Community and the Kingdom of Norway (codification)
Rialachán (AE) 2015/938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (códú)
Rialachán (AE) 2015/938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (códú)
IO L 160, 25.6.2015, p. 57–61
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
25.6.2015 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
L 160/57 |
RIALACHÁN (AE) 2015/938 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Meitheamh 2015
maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua
(códú)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Rinneadh Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73 ón gComhairle (2) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (3). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú. |
(2) |
Siníodh comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (4) (“an Comhaontú”) sa Bhruiséil an 14 Bealtaine 1973. |
(3) |
Is gá rialacha mionsonraithe chun na clásail chosanta agus na bearta réamhchúraim dá bhforáiltear in Airteagail 22 go 27 den Chomhaontú a chur chun feidhme. |
(4) |
Is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta a ghlacadh i ndáil le clásail dhéthaobhacha chosanta den Chomhaontú a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
(5) |
Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le cásanna dá dtagraítear in Airteagal 24, Airteagal 24a agus Airteagal 26 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais práinne, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go gcuirfear an cheist faoi bhráid an Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (“an Comhaontú”), chun na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 22, Airteagal 24, Airteagal 24a agus Airteagal 26 den Chomhaontú a dhéanamh. I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo.
Cuirfidh an Coimisiún in iúl do na Ballstáit má chinneann sé ceist a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.
Airteagal 2
1. I gcás cleachtas a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt do chur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 23 den Chomhaontú ag an Aontas, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis dó an cás a scrúdú ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát, an bhfuil an cleachtas ag luí leis an gComhaontú. I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún bearta cosanta i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo.
2. I gcás cleachtas lena bhféadfaí bearta cosanta a chur i bhfeidhm maidir leis an Aontas ar bhonn Airteagal 23 den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis dó an cás a scrúdú, an bhfuil an cleachtas ag luí leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú. I gcás inar gá, ceapfaidh sé moltaí iomchuí.
Airteagal 3
I gcás cleachtas a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt do chur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 25 den Chomhaontú ag an Aontas, beidh na nósanna imeachta a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle (6) agus Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (7) infheidhme.
Airteagal 4
1. Más rud é, de dheasca imthosca eisceachtúla, gur gá gníomhú láithreach maidir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 24, Airteagal 24a agus Airteagal 26 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil, féadfaidh an Coimisiún na bearta réamhchúraim dá bhforáiltear i bpointe (e) d'Airteagal 27(3) den Chomhaontú a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo, nó i gcásanna práinne, i gcomhréir le hAirteagal 6(3) den Rialacháin seo.
2. I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún gníomhú, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an iarraidh sin laistigh de thréimhse nach faide ná cúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil.
Airteagal 5
Is ar an gCoimisiún a bheidh an fhreagracht fógra ón Aontas a chur chuig an gComhchoiste mar a cheanglaítear le hAirteagal 27(2) den Chomhaontú.
Airteagal 6
1. Déanfaidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta Airteagal 5 de.
Airteagal 7
Déanfaidh an Coimisiún faisnéis maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a áireamh sa tuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme a chuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009.
Airteagal 8
Déantar Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73 a aisghairm.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.
Airteagal 9
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Meitheamh 2015.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Bealtaine 2015.
(2) Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1973 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (IO L 171, 27.6.1973, lch. 103).
(3) Féach Iarscríbhinn I.
(4) IO L 171, 27.6.1973, lch. 2.
(5) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).
(8) Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).
IARSCRÍBHINN I
An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air
Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73 ón gComhairle |
|
Rialachán (CEE) Uimh. 641/90 ón gComhairle |
|
Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
Iarscríbhinn, pointe 3 amháin |
IARSCRÍBHINN II
Tábla Comhghaoil
Rialachán (CEE) Uimh. 1692/73 |
An Rialachán seo |
Airteagail 1 go 4 |
Airteagail 1 go 4 |
Airteagal 6 |
Airteagal 5 |
Airteagal 7 |
Airteagal 6 |
Airteagal 8 |
Airteagal 7 |
— |
Airteagal 8 |
— |
Airteagal 9 |
— |
Iarscríbhinn I |
— |
Iarscríbhinn II |