EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32015R0779

Rialachán (AE) 2015/779 ó Pharlaimint na hEorpa Agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 i ndáil le méid breise réamh-mhaoinithe tosaigh a íoctar leis na cláir oibríochtúla a fhaigheann tacaíocht ón Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg

IO L 126, 21.5.2015, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/779/oj

21.5.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 126/1


RIALACHÁN (AE) 2015/779 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2015

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 i ndáil le méid breise réamh-mhaoinithe tosaigh a íoctar leis na cláir oibríochtúla a fhaigheann tacaíocht ón Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 164 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I bhfianaise leibhéil na dífhostaíochta i measc an aosa óig atá ard go dianseasmhach san Aontas, bunaíodh an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg (TFAO) chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna sna réigiúin is mó atá buailte leis an bhfadhb sin. D'fhonn a áirithiú go bhféadfar freagairt go sciobtha don chomhrac i gcoinne na dífhostaíochta i measc an aosa óig, i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus i Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagadh síos forálacha lena gceadaítear leas níos gasta a bhaint as na hacmhainní a leithdháiltear ar TFAO, lena n-áirítear, inter alia, ceangaltas na n-acmhainní uile sa chéad dá bhliain den chlárthréimshe, an deis a bheith ann cláir oibríochtúla atá tiomnaithe do TFAO a ghlacadh sula ndéantar an Comhaontú Comhpháirtíochta, faoi mar a thagraítear dó i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus incháilitheacht an chaiteachais arna thabhú i leith oibríochtaí faoi TFAO amhail ón 1 Meán Fómhair 2013.

(2)

De dheasca na srianta buiséadacha atá ar na Ballstáit agus na heaspa cistithe atá ar fáil ag céim thosaigh na clárthréimhse, cuireadh moill shuntasach ar chur chun feidhme TFAO. Le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, bunaíodh leibhéil an mhéid réamh-mhaoinithe tosaigh atá le híoc lena áirithiú go bhfuil na Ballstáit in acmhainn tacaíocht a thabhairt do thairbhithe ó thús chur chun feidhme na gclár oibríochtúil. I gcomhthéacs TFAO, áfach, meastar nach bhfuil na méideanna sin leordhóthanach chun na híocaíochtaí is gá a thabhairt do thairbhithe chun oibríochtaí a chur chun feidhme.

(3)

Chun aghaidh a thabhairt ar na srianta buiséadacha atá ar na Ballstáit ag céim thosaigh na clárthréimhse agus an gá práinneach atá ann chun dul i ngleic le dífhostaíocht i measc an aosa óig chomh maith le gnéithe sonracha TFAO á gcur san áireamh, ba cheart forálacha a leagan síos lena gcomhlánfaíRialachán (AE) Uimh. 1303/2013, chun leibhéal an réamh-mhaoinithe tosaigh a íoctar le cláir oibríochtúla a fhaigheann tacaíocht ó TFAO a mhéadú in 2015. Lena áirithiú go bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag na Ballstáit chun íocaíochtaí a thabhairt do thairbhithe atá freagrach as oibríochtaí lena ndírítear ar an dífhostaíocht i measc an aosa óig a chur chun feidhme, ba cheart méid breise réamh-mhaoinithe tosaigh ón leithdháileadh sonrach do TFAO a íoc in 2015 leis na cláir oibríochtúla a fhaigheann tacaíocht ó TFAO, d'fhonn na méideanna réamh-mhaoinithe a íoctar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a chomhlánú.

(4)

Lena áirithiú go n-úsáidtear an méid breise réamh-mhaoinithe tosaigh chun TFAO a chur chun feidhme láithreach, ba cheart go n-aisíocfaí an méid sin leis an gCoimisiún, más rud é nach ionann ranníocaíocht an Aontais ó TFAO agus leibhéal leordhóthanach in iarratais ar íocaíochtaí eatramhacha arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(5)

Ionas go bhféadfar na bearta a leagtar síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 22a

Méid breise réamh-mhaoinithe tosaigh a íoc le cláir oibríochtúla a fhaigheann tacaíocht ó TFAO

1.   I dteannta an mhéid réamh-mhaoinithe tosaigh a íoctar i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 134(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, íocfar méid breise réamh-mhaoinithe tosaigh ón leithdháileadh sonrach do TFAO in 2015 leis na cláir oibríochtúla uile a fhaigheann tacaíocht ó TFAO, beag beann ar fhoirm an tsocraithe clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo, d'fhonn an réamh-mhaoiniú tosaigh ón leithdháileadh sonrach do TFAO a mhéadú go 30 % (an ‘méid breise réamh-mhaonaithe tosaigh’).

2.   Chun an méid breise réamh-mhaoinithe tosaigh a ríomh, déanfar na méideanna arna n-íoc ón leithdháileadh sonrach do TFAO leis an gclár oibríochtúil i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 134(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a asbhaint.

3.   Faoi 23 Bealtaine 2016, mura mbeidh iarratais ar íocaíochtaí eatramhacha curtha isteach ag Ballstát inarb ionann ranníocaíocht an Aontais ó TFAO agus ar a laghad 50 % den mhéid breise réamh-mhaoinithe tosaigh, aisíocfaidh an Ballstát sin méid iomlán an mhéid bhreise réamh-mhaoinithe tosaigh a íocadh i gcomhréir le mír 1 leis an gCoimisiún. Ní dhéanfaidh aon aisíoc den sórt sin difear don ranníocaíocht ón leithdháileadh sonrach do TFAO leis an gclár oibríochtúil lena mbaineann.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 20 Bealtaine 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Tuairim an 18 Márta 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Bealtaine 2015.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 470).


Top