Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R1142

    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1142/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha

    IO L 317, 4.11.2014, p. 28–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 01/08/2018; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32018R1046

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1142/oj

    4.11.2014   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    28


    RIALACHÁN (AE, EURATOM) Uimh. 1142/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 22 Deireadh Fómhair 2014

    lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Tá tábhacht le páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach mar thoisc do lánpháirtiú laistigh den Aontas.

    (2)

    In Airteagal 10 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 12(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dearbhaítear go rannchuidíonn páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le toil pholaitiúil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl.

    (3)

    An 4 Samhain 2003, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 maidir leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach agus na rialacha maidir lena gcistiú (3).

    (4)

    I rún uaithi an 6 Aibreán 2011 maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 maidir leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach agus maidir leis na rialacha a bhaineann lena gcistiú (4), mhol Pharlaimint na hEorpa, i bhfianaise na taithí a bhí faighte, feabhsuithe áirithe maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha.

    (5)

    An 22 Deireadh Fómhair 2014 ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 (5) lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 agus lena leagtar síos rialacha nua maidir le, inter alia, cistiú páirtithe polaitiúla agus fondúireachtaí polaitiúla ar an leibhéal Eorpach, go háirithe maidir le coinníollacha cistiúcháin, dámhachtain agus leithdháileadh cistiúcháin, deonacháin agus ranníocaíochtaí, maoiniú feachtas le haghaidh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, caiteachas inaisíoctha, an toirmeasc chistiú, cuntais, tuairisciú agus iniúchóireacht, cur chun feidhme agus rialú, pionóis, comhar idir an tÚdarás um Páirtithe agus Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha, Oifigeach Údarúcháin de chuid Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit, agus trédhearcacht.

    (6)

    Ba cheart le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (“an Rialachán Airgeadais” anseo feasta) go n-áireofaí rialacha maidir leis na ranníocaíochtaí ó bhuiséad ginearálta an Aontais chuig na páirtithe polaitiúla Eorpacha mar a fhoráiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014. Leis na rialacha sin, ba cheart a chur ar chumas páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach tuilleadh solúbthachta a bheith acu maidir leis na teorainneacha ama chun na ranníocaíochtaí sin a úsáid, faoi mar a éilíonn na cineálacha sin gníomhaíochtaí.

    (7)

    Ní oireann an córas i dtaca le tacaíocht airgeadais a sholáthar do pháirtithe polaitiúla Eorpacha trí bhíthin deontais oibriúchán dá bhforáiltear in Airteagal 125(6) den Rialachán Airgeadais do riachtanais na bpáirtithe sin, go háirithe i ndáil leis an oibleagáid clár oibre bliantúil a chur isteach, ceanglas nach ann dó i reachtaíocht na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart don tacaíocht a thugtar do pháirtithe polaitiúla Eorpacha a bheith i bhfoirm ranníocaíochta sonraí, a fhreastalóidh ar riachtanais shonracha na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha. Ós rud é, áfach, go leanann na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha de bheith faoi réir fhorálacha deontais an Rialacháin Airgeadais, ba cheart go bhféadfadh an tabhairt anonn teoranta do thrí mhí dá bhforáiltear faoi láthair le hAirteagal 125(6) den Rialachán Airgeadais feidhm a bheith aici ina leith.

    (8)

    Cé go ndeonaítear tacaíocht airgeadais gan gá a bheith ann le clár oibre bliantúil, ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha údar cuí a léiriú ex post maidir le húsáid fhónta chistí an Aontais. Go háirithe, ba cheart don oifigeach údarúcháin freagrach a fhíorú ar úsáideadh na cistí chun caiteachas inaisíoctha a íoc, faoi mar a leagtar síos sa ghlao ar ranníocaíochtaí, laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart ranníocaíochtaí a dhéantar le páirtithe polaitiúla Eorpacha a chaitheamh roimh dheireadh na bliana airgeadais tar éis bhliain a dhámhachtain agus ina dhiaidh sin ba cheart don oifigeach údarúcháin freagrach aon chistí nár caitheadh a ghnóthú.

    (9)

    Cistiú an Aontais a dámhadh chun costais oibriúcháin páirtithe polaitiúla Eorpacha a mhaoiniú, níor cheart iad a úsáid chun críocha eile seachas na críocha sin atá bunaithe i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, go háirithe chun eintitis eile amhail páirtithe polaitiúla náisiúnta a mhaoiniú go díreach nó go hindíreach. Ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha na ranníocaíochtaí a úsáid chun céatadán den chaiteachas reatha agus de chaiteachas todhchaí a íoc seachas caiteachas nó fiacha arna dtabhú sular cuireadh isteach na hiarratais ar ranníocaíochtaí.

    (10)

    Ba cheart dámhachtain na ranníocaíochtaí a shimpliú freisin agus a chur in oiriúint do shainiúlachtaí na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha, go háirithe trí gan critéir roghnúcháin a bheith ann, réamhíocaíocht iomlán aonair a bhunú mar riail ghinearálta, agus tríd an deis cnapshuimeanna, maoiniú ar ráta comhréidh agus maoiniú costais aonaid a úsáid.

    (11)

    Ba cheart na ranníocaíochtaí ó bhuiséad ginearálta an Aontais a fhionraí, a laghdú nó a fhoirceannadh má sháraíonn páirtithe polaitiúla Eorpacha na hoibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

    (12)

    Ba cheart pionóis atá bunaithe ar an Rialachán Airgeadais agus ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 araon a fhorchur ar bhealach comhleanúnach agus prionsabal ne bis in idem á urramú. I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ní fhorchuirfear pionóis riaracháin agus/nó airgeadais dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais i gceann de na cásanna inar forchuireadh pionóis cheana féin ar bhonn Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

    (13)

    Ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán Airgeadais a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 mar a leanas:

    (1)

    I mír 2 d’Airteagal 121, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    “(j)

    ranníocaíochtaí leis na páirtithe polaitiúla Eorpacha dá dtagraítear i dTeideal VIII de Chuid a Dó.”

    (2)

    Leasaítear Airteagal 125 mar a leanas:

    (a)

    scriostar an dara fomhír de mhír 3;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    “6.   Má bhaineann fondúireacht pholaitiúil Eorpach de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) amach barrachas ioncaim a sháraíonn caiteachas i ndeireadh bliana airgeadais a raibh deontas oibriúcháin faighte aige lena linn, féadfar, de mhaolú ar phrionsabal an neamhbhrabúis a leagtar síos i mír 4 den Airteagal seo, an chuid den bharrachas a chomhfhreagraíonn do suas le 25 % d’ioncam iomlán na bliana sin a thabhairt anonn go dtí an bhliain ina dhiaidh sin ar choinníoll go n-úsáidfear roimh dheireadh na chéad ráithe den bhliain ina dhiaidh sin í.

    (3)

    I gCuid a Dó, cuirtear isteach an Teideal seo a leanas:

    “TEIDEAL VIII

    RANNÍOCAÍOCHTAÍ LE PÁIRTITHE POLAITIÚLA EORPACHA

    Airteagal 204a

    Forálacha ginearálta

    1.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn páirtithe polaitiúla Eorpacha na heintitis atá cláraithe amhlaidh i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

    2.   Féadfar ranníocaíochtaí airgeadais díreacha ón mbuiséad a dhámhachtain ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha i bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn siad le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le toil pholaitiúil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

    Airteagal 204b

    Prionsabail

    1.   Ní úsáidfear ranníocaíochtaí ach chun an céatadáin a leagtar amach in Airteagal 17(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 de chostais oibriúcháin páirtithe polaitiúla Eorpacha a aisíoc, ar costais iad atá nasctha go díreach le cuspóirí na bpáirtithe sin, mar a shonraítear in Airteagal 17(5) agus in Airteagal 21 den Rialachán sin.

    2.   Féadfar ranníocaíochtaí a úsáid chun caiteachas a bhaineann le conarthaí arna dtabhairt i gcrích ag páirtithe polaitiúla Eorpacha a aisíoc, ar choinníoll nach raibh aon choinbhleachtaí leasa ann nuair a dámhadh iad.

    3.   Ní úsáidfear ranníocaíochtaí chun aon bhuntáiste pearsanta a thabhairt go díreach nó go hindíreach, in airgead tirim nó i gcomhchineál, d’aon duine aonair nó d’aon chomhalta d’fhoireann pháirtí polaitiúil Eorpach. Ní úsáidfear ranníocaíochtaí chun gníomhaíochtaí tríú páirtithe a mhaoiniú go díreach nó go hindíreach, go háirithe páirtithe polaitiúla náisiúnta nó fondúireachtaí polaitiúla ar an leibhéal Eorpach nó ar an leibhéal náisiúnta, bídís i bhfoirm deontas, deonacháin, iasachtaí nó aon chomhaontuithe cosúla. Ní úsáidfear ranníocaíochtaí chun aon chríoch a eisítear le hAirteagal 22 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

    4.   Beidh ranníocaíochtaí faoi réir phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

    5.   Dámhfaidh Parlaimint na hEorpa ranníocaíochtaí ar bhonn bliantúil agus foilseofar iad i gcomhréir le hAirteagal 35(2) den Rialachán seo agus le hAirteagal 32(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

    6.   Páirtithe polaitiúla Eorpacha a fhaigheann ranníocaíocht, ní bhfaighidh siad go díreach nó go hindíreach cistí eile ón mbuiséad. Go háirithe, déanfar deonacháin ó bhuiséid grúpaí polaitiúla i bParlaimint na hEorpa a thoirmeasc. Ní dhéanfar i gcás ar bith aon ítim caiteachais a mhaoiniú faoi dhó ón mbuiséad.

    Airteagal 204c

    Gnéithe buiséadacha

    Íocfar ranníocaíochtaí ó chuid Pharlaimint na hEorpa den bhuiséad. Na leithreasaí a chuirtear i leataobh do na comhlachtaí iniúchóireachta seachtracha náisiúnta nó do na saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, déanfar iad a mhuirearú go díreach ar bhuiséad Pharlaimint na hEorpa.

    Airteagal 204d

    Glao ar ranníocaíochtaí

    1.   Dámhfar ranníocaíochtaí trí bhíthin glao ar ranníocaíochtaí a fhoilseofar gach bliain, ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa ar a laghad.

    2.   Ní fhéadfar ach ranníocaíocht amháin in aghaidh na bliana a dhámhachtain ar pháirtí polaitiúil Eorpach.

    3.   Ní fhéadfaidh páirtí polaitiúil Eorpach ranníocaíocht a fháil ach amháin má dhéanann sé iarratas ar chistiú ar na téarmaí agus na coinníollacha atá leagtha síos sa ghlao ar ranníocaíochtaí.

    4.   Cinnfear sa ghlao ar ranníocaíochtaí na critéir incháilitheachta atá le comhlíonadh ag an iarratasóir mar aon leis na critéir eisiaimh.

    5.   Cinnfear sa ghlao ar ranníocaíochtaí, ar a laghad, an cineál caiteachais a fhéadfar a aisíoc leis an ranníocaíocht.

    6.   Éileofar buiséad measta sa ghlao ar ranníocaíochtaí.

    Airteagal 204e

    Nós imeachta um dhámhachtain

    1.   Déanfar iarratais ar ranníocaíochtaí a chur isteach go cuí agus in am i scríbhinn, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, i bhformáid leictreonach shlán.

    2.   Ní dhámhfar ranníocaíochtaí ar iarratasóirí atá, tráth nós imeachta um dhámhachtain na ranníocaíochtaí, i gceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 106(1) agus Airteagal 107 agus pointe (a) d’Airteagal 109(1), ná ar iarratasóirí atá cláraithe sa bhunachar sonraí lárnach maidir le heisiamh dá dtagraítear in Airteagal 108.

    3.   Beidh sé de cheangal ar iarratasóirí a dheimhniú nach bhfuil siad i gceann de na cásanna dá dtagraítear i mír 2.

    4.   Dámhfar ranníocaíochtaí trí bhíthin comhaontú nó cinneadh ranníocaíochta mar atá sonraithe sa ghlao ar ranníocaíochtaí.

    5.   Féadfaidh coiste a bheith de chúnamh ag an oifigeach údarúcháin freagrach chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcinneadh dámhachtana agus chun an cinneadh sin a dhéanamh. Sonróidh an t-oifigeach údarúcháin freagrach, agus aird chuí á tabhairt aige ar phrionsabal na trédhearcachta agus ar phrionsabal na córa comhionainne, na rialacha maidir le comhdhéanamh, ceapadh agus feidhmiú an choiste sin, agus rialacha chun coinbhleacht leasa a sheachaint.

    Airteagal 204f

    An nós imeachta meastóireachta

    1.   Roghnófar iarratais ar bhonn na gcritéar dámhachtana a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 as measc iarratas a chomhlíonann na critéir incháilitheachta agus eisiaimh.

    2.   Is leis na critéir incháilitheachta a chinnfear na coinníollacha faoina mbeidh iarratasóir in ann ranníocaíocht a fháil i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

    3.   Luafar sa chinneadh maidir leis na hiarratais ón oifigeach údarúcháin atá freagrach an méid seo a leanas ar a laghad:

    (a)

    ábhar agus méid foriomlán na ranníocaíochta;

    (b)

    ainm na n-iarratasóirí arna roghnú agus na méideanna arna nglacadh;

    (c)

    ainmneacha aon iarratasóirí arna ndiúltú agus na cúiseanna leis an diúltú sin.

    4.   Cuirfidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an cinneadh maidir lena n-iarratais in iúl do na hiarratasóirí i scríbhinn. Má dhiúltaítear an t-iarratas ar chistiú nó mura ndámhtar na méideanna arna n-iarraidh i bpáirt nó ina n-iomláine, tabharfadh an t-oifigeach údarúcháin na cúiseanna le diúltú an iarratais nó le gan na méideanna arna n-iarraidh a dhámhachtain, ag tagairt go háirithe do na critéir incháilitheachta agus dámhachtana dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2. Má dhiúltaítear don iarratas, déanfaidh an t-oifigeach údarúcháin freagrach a chur in iúl don iarratasóir cad iad na modhanna sásaimh riaracháin agus/nó breithiúnaigh atá ar fáil amhail dá bhforáiltear le hAirteagal 97 den Rialachán seo.

    Airteagal 204g

    Foirm na ranníocaíochtaí

    1.   Féadfar ranníocaíochtaí a dhéanamh sna foirmeacha seo a leanas:

    (a)

    aisíocaíocht ar chéatadán den chaiteachas inaisíoctha arna thabhú go hiarbhír;

    (b)

    aisíocaíocht ar bhonn costas aonaid;

    (c)

    cnapshuimeanna;

    (d)

    maoiniú ar ráta comhréidh;

    (e)

    meascán de na foirmeacha dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d).

    2.   Ní féidir ach caiteachas a chomhlíonann na critéir arna mbunú sna glaonna ar ranníocaíochtaí agus nár tabhaíodh roimh an dáta ar a gcuirtear an t-iarratas isteach a aisíoc.

    Airteagal 204h

    Rialacha maidir le ranníocaíocht

    1.   Cumhdóidh maoiniú ar ráta comhréidh catagóirí sonracha de chaiteachas inaisíoctha arna sainaithint go soiléir roimh ré, trí chéatadán a chur i bhfeidhm.

    2.   Cumhdóidh cnapshuimeanna, i dtéarmaí uilíocha, caiteachais áirithe is gá chun gníomhaíocht shonrach de chuid an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh a thabhairt i gcrích. Ní úsáidfear cnapshuimeanna ach in éineacht le cineálacha eile ranníocaíochtaí.

    3.   Cumhdóidh costas aonaid na catagóirí ar fad nó catagóirí sonracha den chaiteachas inaisíoctha arna sainaithint go soiléir roimh ré, trí thagairt a dhéanamh do mhéid in aghaidh an aonaid.

    4.   I gcás ina n-úsáidtear cnapshuimeanna, maoiniú ar ráta comhréidh nó costais aonaid, saineofar iad sa ghlaoch ar ranníocaíochtaí de réir a méideanna agus rátaí faoi seach, i gcás inarb infheidhme. Beidh sa ghlao ar ranníocaíochtaí freisin tuairisc ar na modhanna chun cnapshuimeanna, maoiniú ar ráta comhréidh nó costais aonaid a chinneadh, agus beidh sé sin bunaithe ar mhodhanna oibiachtúla amhail sonraí staidrimh, sonraí stairiúil deimhnithe nó iniúchta na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha nó a ngnáthchleachtais cuntasaíochta costála. Áireofar sa chomhaontú nó sa chinneadh maidir le ranníocaíochtaí, forálacha lena bhfíorófar gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le cnapshuimeanna, le maoiniú ar ráta comhréidh nó le costais aonaid a dhámhachtain.

    Airteagal 204i

    Réamh-mhaoiniú

    Íocfar na ranníocaíochtaí ina n-iomláine trí íocaíocht réamh-mhaoinithe aonair amháin, ach amháin má chinneann an t-oifigeach údarúcháin freagrach, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, a mhalairt.

    Airteagal 204j

    Ráthaíochtaí

    Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin freagrach, má mheasann sé nó sí é a bheith iomchuí agus comhréireach, ar bhonn cás ar chás agus faoi réir anailíse riosca, a cheangal ar an bpáirtí polaitiúil Eorpach ráthaíocht a thaisceadh roimh ré chun go dteorannófaí na rioscaí airgeadais a bhaineann le híocaíochta réamh-mhaoinithe a íoc i gcás, i bhfianaise na hanailíse riosca, go bhfuil gar-riosca ann go mbeidh an páirtí polaitiúil Eorpach i gceann amháin de na cásanna a bhfuil tuairisc orthu i bpointe (a) agus i bpointe (d) d’Airteagal 106(1) den Rialachán seo, agus sa chás sin amháin, nó nuair a bhíonn cinneadh ón Údarás um Páirtithe agus Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha, arna bhunú faoi Airteagal 6 de Rialacháin (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 (“an tÚdarás”) curtha in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 10(4) den Rialachán sin.

    Beidh feidhm mutatis mutandis ag na forálacha a leagtar síos in Airteagal 134 den Rialachán seo maidir leis an ráthaíocht réamh-mhaoinithe do dheontais i ndáil le ráthaíochtaí a d’fhéadfaí a éileamh sna cásanna dá bhforáiltear sa chéad mhír i gcás íocaíochtaí réamh-mhaoinithe a dhéantar le páirtithe polaitiúla Eorpacha.

    Airteagal 204k

    Úsáid ranníocaíochtaí

    1.   Déanfar ranníocaíochtaí a chaitheamh i gcomhréir le hAirteagal 204b.

    2.   Déanfar aon chuid den ranníocaíocht nach gcaitear laistigh den bhliain airgeadais arna cumhdach leis an ranníocaíocht sin (bliain n) a chaitheamh ar aon chaiteachas inaisíoctha arna thabhú faoin 31 Nollaig de bhliain n+1. Gnóthófar aon chuid eile den ranníocaíocht nach gcaitear laistigh den teorainn ama sin i gcomhréir le Caibidil 5 de Theideal IV de Chuid a hAon.

    3.   Urramóidh páirtithe polaitiúla Eorpacha an t-uasráta cómhaoinithe a leagtar síos in Airteagal 17(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014. Ní fhéadfar na méideanna atá fágtha de ranníocaíochtaí na bliana roimhe sin a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar an gcuid nach mór do pháirtithe polaitiúla Eorpacha a sholáthar óna n-acmhainní dílse. Ní dhéanfar ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe le himeachtaí comhpháirteacha a mheas mar chuid d’acmhainní dílse páirtí pholaitiúil Eorpaigh.

    4.   I dtús báire, úsáidfidh páirtithe polaitiúla Eorpacha an chuid den ranníocaíocht nár úsáideadh sa bhliain airgeadais arna cumhdach leis an ranníocaíocht sin sula n-úsáidfidh siad na ranníocaíochtaí arna ndámhachtain tar éis na bliana sin.

    5.   Measfar gur cuid den ranníocaíocht atá in aon ús a eascraíonn as na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe.

    Airteagal 204l

    Tuarascáil maidir le húsáid na ranníocaíochtaí

    1.   Cuirfidh an páirtí polaitiúil Eorpach a thuarascáil bhliantúil maidir le húsáid na ranníocaíochta mar aon lena ráitis airgeadais bhliantúla i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 faoi bhráid an oifigigh údarúcháin freagrach lena bhformheas.

    2.   Dréachtóidh an t-oifigeach údarúcháin freagrach a thuarascáil gníomhaíochta bliantúla nó a tuarascáil gníomhaíochta bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 66(9) den Rialachán seo ar bhonn na tuarascála bliantúla agus na ráiteas airgeadais bliantúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Féadfaidh sé nó sí aon doiciméid tacaíochta eile a úsáid chun críocha a thuarascáil nó a tuarascáil a dhréachtadh.

    Airteagal 204m

    An t-iarmhéid a íoc

    1.   Ní dhéanfar méid na ranníocaíochta a chinneadh go críochnaitheach go dtí go mbeidh an tuarascáil bhliantúil agus na ráiteas airgeadais bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 204l(1) formheasta ag an oifigeach údarúcháin freagrach. Beidh formheas na tuarascála bliantúla agus na ráiteas airgeadais bliantúla gan dochar do sheiceálacha a dhéanfaidh an tÚdarás ina dhiaidh sin.

    2.   Ní dhéanfar an méid den réamh-mhaoiniú nach bhfuil caite a chinneadh go críochnaitheach go dtí go mbeidh an réamh-mhaoiniú úsáidte ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach chun caiteachas inaisíoctha a chomhlíonann na critéir arna sainiú sa ghlao ar ranníocaíochtaí a íoc.

    3.   I gcás ina mainníonn an páirtí polaitiúil Eorpach na hoibleagáidí a bhaineann le húsáid na ranníocaíochta a chomhlíonadh, déanfar na ranníocaíochtaí a fhionraí, a laghdú nó fhoirceannadh tar éis deis a thabhairt don pháirtí polaitiúil Eorpach a bharúlacha a chur i láthair.

    4.   Sula ndéanfar an t-iarmhéid a íoc, fíoróidh an t-oifigeach údarúcháin freagrach go bhfuil an páirtí polaitiúil Eorpach cláraithe fós sa Chlár dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 agus nach raibh sé faoi réir aon cheann de na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 27 den Rialachán sin idir dáta a chur i bhfeidhm agus deireadh na bliana airgeadais arna cumhdach leis an ranníocaíocht.

    5.   I gcás nach bhfuil an páirtí polaitiúil Eorpach cláraithe a thuilleadh sa Chlár dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 nó i gcás ina raibh sé faoi réir aon cheann de na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 27 den Rialachán sin, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach an ranníocaíocht a fhionraí, a laghdú nó a fhoirceannadh agus méideanna a íocadh go míchuí faoin gcomhaontú nó cinneadh ranníocaíochta a ghnóthú, i gcomhréir le tromchúis na n-earráidí, na mírialtachtaí, na calaoise, nó sárú ar bith eile ar na hoibleagáidí a bhaineann le húsáid na ranníocaíochta, tar éis deis a thabhairt don pháirtí polaitiúil Eorpach a bharúlacha a chur i láthair.

    Airteagal 204n

    Rialú agus pionóis

    1.   I ngach comhaontú nó cinneadh ranníocaíochta, forálfar go sainráite d’fheidhmiú a gcumhachtaí rialaithe ag Parlaimint na hEorpa, ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, maidir leis na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na conraitheoirí agus fochonraitheoirí ar fad a fuair cistiú ón Aontas.

    2.   Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin freagrach pionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur ar iarratasóirí, i gcomhréir le hAirteagal 109 den Rialachán seo agus le hAirteagal 27 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

    3.   Féadfar na pionóis dá dtagraítear i mír 2 a fhorchur freisin ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha a rinne, tráth a cuireadh isteach an t-iarratas ar ranníocaíocht nó tar éis an ranníocaíocht a fháil, dearbhuithe bréagacha agus an fhaisnéis a d’iarr an t-oifigeach údarúcháin freagrach á soláthar nó ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha a mhainnigh an fhaisnéis sin a sholáthar.

    Airteagal 204o

    Taifid a choimeád

    1.   Déanfaidh páirtithe polaitiúla Eorpach na taifid agus doiciméid tacaíochta uile, agus taifid eile is ábhartha a bhaineann leis an ranníocaíocht a choimeád ar feadh cúig bliana tar éis an tuarascáil bhliantúil agus ráitis airgeadais bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 204l(1) a thíolacadh.

    2.   Déanfar taifid a bhaineann le hiniúchóireachtaí, achomhairc, dlíthíocht nó réiteach éileamh a eascraíonn as úsáid na ranníocaíochta a choimeád go dtí go dtiocfaidh deireadh leis na hiniúchóireachtaí, na hachomhairc, an dlíthíocht nó réiteach na n-éileamh sin.

    Airteagal 204p

    Comhlachtaí nó saineolaithe iniúchóireachta seachtracha a roghnú

    Déanfar na comhlachtaí nó saineolaithe iniúchóireachta seachtracha neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a roghnú trí nós imeachta soláthair phoiblí. Ní bheidh téarma a gconartha níos faide ná cúig bliana. Tar éis dhá théarma as fad a chéile, measfar go bhfuil a gcuid leasanna i gcoinbhleacht ar shlí a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh d’fheidhmiú na hiniúchóireachta.”

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige amhail ón 1 Eanáir 2017. Leanfaidh an dara fomhír d’Airteagal 125(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, agus Airteagal 125(6) de, sa leagan ina rabhadar roimh na leasuithe a rinneadh le hAirteagal 1 den Rialachán seo, d’fheidhm a bheith acu maidir le gníomhartha agus gealltanais i ndáil le cistiú páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach arna ndéanamh go dtí an 31 Nollaig 2017.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg an 22 Deireadh Fómhair 2014.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    B. DELLA VEDOVA


    (1)  IO C 4, 8.1.2014, lch. 1.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2014.

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach agus maidir leis na rialacha a bhaineann lena gcistiú (IO L 297, 15.11.2003, lch. 1).

    (4)  IO C 296 E, 2.10.2012, lch. 46.

    (5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

    (6)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

    (7)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (IO L 317 4.11.2014, lch. 1).”


    Top