EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R1141

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha

IO L 317, 4.11.2014, p. 1–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 27/03/2019

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1141/oj

4.11.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE, EURATOM) Uimh. 1141/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Deireadh Fómhair 2014

maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 224 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

In Airteagal 10(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus in Airteagal 12(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt) dearbhaítear go rannchuidíonn páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le toil pholaitiúil shaoránaigh an Aontais a cur in iúl.

(2)

Deir Airteagal 11 agus Airteagal 12 den Chairt gur cearta bunúsacha atá ag gach saoránach den Aontas iad an ceart chun saoirse comhlachais ar gach leibhéal, mar shampla in ábhair pholaitiúla agus shibhialta, agus an ceart chun saoirse nochtaithe tuairime, lena n-áirítear saoirse chun tuairimí a bheith ag an duine agus faisnéis agus barúlacha a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás poiblí agus ar neamhaird ar theorainneacha.

(3)

Ba cheart saoránaigh Eorpacha a chumasú le húsáid a bhaint as na cearta sin chun páirt iomlán a ghlacadh i saol daonlathach an Aontais.

(4)

Tá ról lárnach le himirt ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe, atá trasnáisiúnta go fírinneach, maidir le guthanna na saoránach a chur in iúl ar an leibhéal Eorpach tríd an mbearna idir an pholaitíocht ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a líonadh.

(5)

Ba cheart páirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe a spreagadh ina ndícheall chun nasc láidir a sholáthar idir an tsochaí shibhialta Eorpach agus institiúidí an Aontais, go háirithe Parlaimint na hEorpa, agus ba cheart cuidiú leo sa dícheall sin.

(6)

Leis an taithí a fuair na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe i gcur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus leis an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Aibreán 2011 maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 (6), léirítear an gá atá ann le feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil agus airgeadais le haghaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe chun iad a chumasú le bheith ina ngníomhaithe níos infheicthe agus níos éifeachtaí i gcóras polaitiúil il-leibhéil an Aontais.

(7)

Mar aitheantas ar an misean a shanntar do pháirtithe polaitiúla Eorpacha in CAE agus chun a n-obair a éascú, ba cheart stádas dlíthiúil Eorpach sonrach a bhunú le haghaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe.

(8)

Ba cheart Údarás um páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (“an tÚdarás”) a bhunú chun déileáil le clárú, le rialú agus le smachtbhannaí i gcás páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha. Ba cheart go mbeadh sé riachtanach clárú a dhéanamh chun go bhfaighfí stádas dlíthiúil Eorpach lena ngabhann sraith de chearta agus oibleagáidí. Chun aon choinbhleachta leasanna féideartha a sheachaint, ba cheart go mbeadh an tÚdarás neamhspleách.

(9)

Ba cheart go leagfaí síos na nósanna imeachta atá le leanúint ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe chun stádas dlíthiúil Eorpach a fháil de bhun an Rialacháin seo, mar aon leis na nósanna imeachta agus na critéir atá le hurramú agus cinneadh á dhéanamh faoi cibé acu a bhronnfar nó nach mbronnfar an stádas dlíthiúil Eorpach sin. Is gá freisin na nósanna imeachta a leagan síos le haghaidh cásanna ina ndéanfadh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a stádas dlíthiúil Eorpach a fhorghéilleadh, a chailleadh nó a thabhairt suas.

(10)

Chun formhaoirsiú ar na heintitis dhlíthiúla a bheidh faoi réir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta araon a éascú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le feidhmiú cláir de pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha atá le bainistiú ag an Údarás (“an Clár”), go háirithe a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis agus leis na doiciméid tacaíochta a choinnítear sa Chlár. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(11)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le forálacha i ndáil le huimhirchóras clárúcháin agus maidir le sleachta caighdeánacha ón gClár a bheidh le cur ar fáil ag an Údarás do thríú páirtithe nuair a iarrann siad an méid sin. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(12)

Maidir leis na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe ar mhian leo aitheantas a fháil mar pháirtí nó fondúireacht den sórt sin ar leibhéal an Aontais trí bhíthin stádas dlíthiúil Eorpach bheith acu agus ar mhian leo cistiú poiblí a fháil ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, ba cheart dóibh prionsabail áirithe a urramú agus coinníollacha áirithe a chomhlíonadh. Go háirithe, ní mór do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe a urramú, mar a chuirtear in iúl in Airteagal 2 CAE.

(13)

Maidir le cinntí chun páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a dhíchlárú ar an bhforas nach bhfuil siad ag comhlíonadh na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, mar a chuirtear in iúl in Airteagal 2 CAE, níor cheart iad a dhéanamh ach amháin sa chás go ndéantar sárú follasach agus tromchúiseach ar na luachanna sin. Agus cinneadh chun díchláraithe á ghlacadh, ba cheart don Údarás lán-urraim a thabhairt don Chairt.

(14)

Ba cheart sraith d’fhorálacha bunúsacha a bheith i reacht páirtí pholaitiúil Eorpaigh nó i reacht fondúireachta polaitiúla Eorpaí. Ba cheart go gceadófaí do Bhallstáit ceanglais bhreise a fhorchur i leith reachtanna na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a bhfuil a suíomh bunaithe acu ina gcríocha faoi seach, ar choinníoll nach bhfuil na ceanglais bhreise sin ar neamhréir leis an Rialachán seo.

(15)

Ba cheart don Údarás a fhíorú go tráthrialta go bhfuil na coinníollacha agus na ceanglais a bhaineann le clárú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha á gcomhlíonadh i gcónaí. Níor cheart cinntí a dhéanamh a bhaineann le hurramú na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, mar a chuirtear in iúl in Airteagal 2 CAE, ach i gcomhréir leis an nós imeachta atá ceaptha go sonrach chun na críche sin, agus tar éis dul i gcomhairle le coiste de dhaoine neamhspleácha oirirce.

(16)

Is comhlacht den Aontas de réir bhrí Airteagal 263 CFAE atá san Údarás.

(17)

Ba cheart neamhspleáchas agus trédhearcacht an choiste de dhaoine neamhspleácha oirirce a ráthú.

(18)

Maidir leis an stádas dlíthiúil Eorpach a dheonaítear do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus dá bhfondúireachtaí cleamhnaithe, ba cheart go dtabharfadh sé sin cumas agus aitheantas dlíthiúil dóibh sna Ballstáit uile. Ní fhágann cumas dlíthiúil agus aitheantas dlíthiúil den sórt sin go bhfuil siad i dteideal iarrthóirí a ainmniú i dtoghcháin náisiúnta nó i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa nó a bheith rannpháirteach i bhfeachtais reifrinn. Is faoi inniúlacht na mBallstát a fhanann an teideal sin nó aon teideal comhchosúil.

(19)

Ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha á rialú leis an Rialachán seo agus, le haghaidh nithe nach rialaítear leis an Rialachán seo, ba cheart go mbeidís á rialú le forálacha ábhartha an dlí náisiúnta sna Ballstáit. Ba cheart stádas dlíthiúil páirtí pholaitiúil Eorpaigh agus fondúireachta polaitiúla Eorpaí a rialú leis an Rialachán seo agus le forálacha infheidhme dhlí náisiúnta an Bhallstát ina bhfuil a suíomh (“Ballstát an tsuímh”). Ba cheart go bhféadfadh Ballstát an tsuímh an dlí infheidhme a shainiú ar bhonn ex-ante nó roghnachas a fhágáil faoi na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha. Ba cheart freisin go bhféadfadh Ballstát an tsuímh ceanglais eile nó ceanglais bhreise a fhorchur thar na ceanglais sin a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n-áirítear forálacha maidir le páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chlárú mar pháirtí nó fondúireacht den sórt sin agus maidir lena gcomhtháthú isteach le córais riaracháin agus rialaithe náisiúnta agus maidir le heagar agus reachtanna na bpáirtithe agus na bhfondúireachtaí sin, lena n-áirítear i ndáil le dliteanas, ar choinníoll nach bhfuil na forálacha sin ar neamhréir leis an Rialachán seo.

(20)

Mar ghné lárnach de stádas dlíthiúil Eorpach a bheith acu, ba cheart go mbeadh pearsantacht dhlítheanach Eorpach ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha. Ba cheart go mbeadh fáil na pearsantachta dlítheanaí Eorpaí faoi réir ceanglas agus nósanna imeachta chun cosaint a thabhairt do leasanna Bhallstáit an tsuímh, do leasanna an iarratasóra ar stádas dlíthiúil Eorpach (“an t-iarratasóir”) agus do leasanna tríú páirtithe lena mbaineann. Go háirithe, ba cheart aon phearsantacht dhlítheanach náisiúnta a bhí ann roimhe sin a thiontú isteach ina pearsantacht dhlítheanach Eorpach agus ba cheart aon chearta agus oibleagáidí aonair a bhí á thabhú ag an iar-eintiteas dlítheanach náisiúnta a aistriú chuig an eintiteas dlítheanach Eorpach nua. Thairis sin, chun leanúnachas gníomhaíochta a éascú, ba cheart coimircí a chur ann chun an Ballstát lena mbaineann a chosc ó choinníollacha coscthacha a chur i bhfeidhm i dtaca le tiontú den sórt sin. Ba cheart go bhféadfadh Ballstát an tsuímh a shonrú cad iad na cineálacha daoine dlítheanacha náisiúnta a fhéadfaidh tiontú chuig daoine dlítheanacha Eorpacha agus a chomhaontú maidir le fáil na pearsantachta dlítheanaí Eorpaí a choinneáil siar go dtí go dtugtar ráthaíochtaí leormhaithe, go háirithe, i dtaca le dlíthiúlacht reachtanna an iarratasóra faoi dhlíthe an Bhallstáit sin nó le cosaint creidiúnaithe nó sealbhóirí cearta eile i ndáil le haon phearsantacht dhlítheanach náisiúnta a bhí ann roimhe sin.

(21)

Ba cheart go mbeadh foirceannadh na pearsantachta dlítheanaí Eorpaí faoi réir ceanglas agus nósanna imeachta chun cosaint a thabhairt do leasanna an Aontais Eorpaigh, Bhallstáit an tsuímh, an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí agus aon tríú páirtithe lena mbaineann. Go háirithe, más rud é go bhfaigheann an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach pearsantacht dhlítheanach faoi dhlí an Bhallstáit ina bhfuil a shuíomh, ba cheart a mheas gurb ionann an méid sin agus tiontú na pearsantachta dlítheanaí Eorpaí agus ba cheart aon chearta agus oibleagáidí aonair a bhí tabhaithe nó faighte faoi seach ag an iar-eintiteas dlítheanach Eorpach a aistriú chuig an eintiteas dlíthiúil náisiúnta. Thairis sin, chun leanúnachas gníomhaíochta a éascú, ba cheart coimircí a chur ann chun an Ballstát lena mbaineann a chosc ó choinníollacha coisctheacha a chur i bhfeidhm ar thiontú den sórt sin. Más rud é nach bhfaigheann an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach pearsantacht dhlítheanach sa Bhallstát ina bhfuil a shuíomh, ba cheart é nó í a fhoirceannadh i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin agus i gcomhréir leis an gcoinníoll a chuireann de cheanglas air nó uirthi gan dul sa tóir ar spriocanna brabúis. Ba cheart go bhféadfadh an tÚdarás agus Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa rialacha mionsonraithe a chomhaontú leis an mBallstát lena mbaineann maidir leis an bpearsantacht dhlítheanach Eorpach a fhoirceannadh, go háirithe chun cistí a fuarthas as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus aon smachtbhannaí airgeadais eile a ghnóthú.

(22)

Más rud é go mainníonn páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach, ar bhonn tromchúiseach, an dlí náisiúnta ábhartha a chomhlíonadh agus má bhaineann an cheist le gnéithe a dhéanann difear d’urraim a thabhairt do na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, mar a chuirtear in iúl in Airteagal 2 CAE, ba cheart don Údarás a chinneadh, arna iarraidh sin ag an mBallstát lena mbaineann, na nósanna imeachta a leagtar síos leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Thairis sin, ba cheart don Údarás a chinneadh, arna iarraidh sin ag Ballstát an tsuímh, go mbainfí den Chlár páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a mhainnigh, ar mhodh tromchúiseach, an dlí náisiúnta ábhartha a chomhlíonadh maidir le haon cheist eile.

(23)

Ba cheart incháilitheacht le haghaidh cistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a theorannú do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe a fuair an t-aitheantas sin agus a bhfuil stádas dlíthiúil Eorpach faighte acu. Cé go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú nach bhfuil na coinníollacha chun stádas páirtí pholaitiúil Eorpaigh a bhaint amach iomarcach ach gur féidir le comhaontais thrasnáisiúnta de pháirtithe polaitiúla nó de dhaoine nádúrtha nó díobh araon atá eagraithe agus dáiríre iad a chomhlíonadh gan stró, is gá freisin critéir chomhréireacha a bhunú chun acmhainní teoranta ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a leithdháileadh, ar chritéir iad lena léirítear go hoibiachtúil an uaillmhian Eorpach agus an fhíorthacaíocht thoghchánach atá ann do pháirtí polaitiúil Eorpach. Is fearr critéir den sórt sin a bheith bunaithe ar thoradh toghchán do Pharlaimint na hEorpa, a gceanglaítear ar na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ar a gcomhaltaí a bheith rannpháirteach iontu faoin Rialachán seo, lena dtugtar léiriú beacht ar aitheantas toghchánach páirtí pholaitiúil Eorpaigh. Ba cheart go léireodh sé sin an ról Pharlaimint na hEorpa mar ionadaí díreach do shaoránaigh an Aontais, arna sannadh di le hAirteagal 10(2) CAE, chomh maith leis an gcuspóir maidir le rannpháirteachas iomlán na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha i saol daonlathach an Aontais agus lena bheith ina ngníomhaithe gníomhacha i ndaonlathas ionadaíoch na hEorpa, chun dearcadh, tuairimí agus toil pholaitiúil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl go héifeachtach. Ba cheart incháilitheacht le haghaidh cistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a theorannú, dá bhrí sin, do pháirtithe polaitiúla Eorpacha a bhfuil duine amháin ar a laghad dá gcomhaltaí ina ionadaí dóibh i bParlaimint na hEorpa agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chuireann iarratas isteach trí pháirtí polaitiúil Eorpach a bhfuil duine amháin ar a laghad dá chomhaltaí ina ionadaí dóibh i bParlaimint na hEorpa.

(24)

D’fhonn trédhearcacht chistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha a mhéadú, agus chun mí-úsáid fhéideartha na rialacha maidir le cistiú a sheachaint, ba cheart comhalta de Pharlaimint na hEorpa, chun críocha cistiúcháin amháin, a mheas a bheith ina chomhalta de pháirtí polaitiúil Eorpach amháin ar a mhéid, agus ba cheart i gcás inarb ábhartha, gur páirtí é a bhfuil a pháirtí polaitiúil náisiúnta nó réigiúnach cleamhnaithe leis ar an dáta deiridh le haghaidh chur isteach na n-iarratas ar mhaoiniú.

(25)

Ba cheart na nósanna imeachta atá le leanúint ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe agus iad ag cur isteach ar chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a leagan síos, chomh maith leis na nósanna imeachta, critéir agus rialacha atá le hurramú agus cinneadh á dhéanamh maidir le cistiú den sórt sin a dheonú.

(26)

Ar mhaithe le neamhspleáchas, le cuntasacht agus le freagracht páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a fheabhsú, ba cheart cineálacha áirithe deonacháin agus ranníocaíochtaí ó fhoinsí eile seachas buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a thoirmeasc nó bheith faoi réir teorainneacha. Aon srian ar shaorghluaiseacht chaipitil a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis na teorainneacha sin, tá bonn cirt leo ar fhorais an bheartais phoiblí agus tá dianghá leo chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(27)

Ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha a bheith ábalta feachtais arna seoladh i gcomhthéacs toghchán do Pharlaimint na hEorpa a mhaoiniú agus ba cheart cistiú agus teorannú speansas toghcháin do pháirtithe agus d’iarrthóirí ag na toghcháin sin a bheith á rialú leis na rialacha is infheidhme i ngach Ballstát.

(28)

Maidir le páirtithe polaitiúla Eorpacha, níor cheart dóibh páirtithe polaitiúla eile, agus go háirithe páirtithe nó iarrthóirí náisiúnta, a chistiú go díreach ná go hindíreach. Maidir le fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, níor cheart dóibh páirtithe polaitiúla Eorpacha nó náisiúnta ná iarrthóirí Eorpacha nó náisiúnta a mhaoiniú, go díreach ná go hindíreach. Thairis sin, níor cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha ná a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe feachtais reifrinn a mhaoiniú. Léiríonn na prionsabail sin a bhfuil i nDearbhú Uimh. 11 maidir le hAirteagal 191 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh atá curtha i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach Chonradh Nice.

(29)

Ba cheart rialacha agus nósanna imeachta sonracha a leagan síos maidir le leithdháileadh na leithreasaí atá ar fáil gach bliain ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, ag cur san áireamh, ar lámh amháin, líon na dtairbhithe agus, ar an lámh eile, cion na gcomhaltaí tofa i bParlaimint na hEorpa de gach páirtí polaitiúil Eorpach is tairbhí agus, ag teacht as sin, a fhondúireacht pholaitiúil Eorpach chleamhnaithe faoi seach. Ba cheart go bhforálfaí leis na rialacha sin do rialú dian trédhearcachta, cuntasaíochta, iniúchta agus airgeadais ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha cleamhnaithe, chomh maith le smachtbhannaí comhréireacha a fhorchur, lena n-áirítear sa chás ina ndéanann páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach sárú ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, mar a chuirtear in iúl in Airteagal 2 CAE.

(30)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann le cistiú agus caiteachas páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, agus a mhéid a bhaineann le nithe eile, is gá sásraí rialaithe éifeachtacha a bhunú. Chuige sin, ba cheart don Údarás, d’Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa agus do na Ballstáit comhoibriú lena chéile agus an fhaisnéis uile is gá a mhalartú lena chéile. Ba cheart comhar frithpháirteach i measc údaráis na mBallstát a spreagadh freisin chun rialú éifeachtach agus éifeachtúil na n-oibleagáidí a eascraíonn as an dlí náisiúnta is infheidhme a áirithiú.

(31)

Is gá foráil a dhéanamh do chóras smachtbhannaí atá soiléir, láidir agus athchomhairleach chun a áirithiú go ndéanfar na hoibleagáidí maidir le gníomhaíochtaí páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chomhlíonadh ar mhodh éifeachtach, comhréireach agus aonfhoirmeach. Ba cheart don chóras sin prionsabal ne bis in idem a urramú, ar prionsabal é lena leagtar síos nach féidir smachtbhannaí a fhorchur faoi dhó maidir leis an gcion céanna. Is gá freisin a shainiú cad iad na róil faoi seach atá ag an Údarás agus ag Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa maidir le rialú agus fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus freisin cad iad na sásraí comhair a bheidh ann idir iad agus údaráis na mBallstát.

(32)

Ar mhaithe le cuidiú le feasacht pholaitiúil Eorpach a mhúscailt i measc na saoránach agus le trédhearcacht an phróisis thoghchánaigh Eorpaigh a chur chun cinn, féadfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha na naisc idir iad féin agus a bpáirtithe polaitiúla náisiúnta cleamhnaithe mar aon lena a n-iarrthóirí a chur in iúl do shaoránaigh le linn na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa.

(33)

Ar chúiseanna trédhearcachta, agus chun grinnscrúdú agus cuntasacht dhaonlathach na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a neartú, ba cheart go bhfoilseofaí faisnéis a meastar leas substaintiúil phoiblí a bheith ag gabháil léi, a bhaineann go háirithe lena reachtanna, lena gcomhaltas, lena ráitis airgeadais, lena ndeontóirí agus deonacháin, lena ranníocaíochtaí agus leis na deontais a fhaigheann siad ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, chomh maith le faisnéis a bhaineann le cinntí a dhéanann an tÚdarás agus Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa maidir le clárú, le cistiú agus le smachtbhannaí. Creat rialála a bhunú lena áirithiú go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil ag an bpobal, is é sin an bealach is éifeachtaí chun machaire comhréidh agus iomaíocht chothrom a áirithiú idir fórsaí polaitiúla, agus chun próisis thoghchánacha agus reachtacha atá oscailte, trédhearcach agus daonlathach a choinneáil ar siúl, agus ar an tslí sin muinín na saoránach agus na vótálaithe sa daonlathas ionadaíoch Eorpach a neartú agus, ar bhonn níos leithne, calaois agus mí-úsáidí cumhachta a chosc.

(34)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, níor cheart go mbeadh feidhm ag an oibleagáid i dtaca le céannacht deontóirí atá ina ndaoine nádúrtha a fhoilsiú maidir le deonacháin atá comhionann le EUR 1 500, nó níos lú ná sin, in aghaidh na bliana agus in aghaidh an deontóra. Thairis sin, níor cheart go mbeadh feidhm ag oibleagáid den sórt sin maidir le deonacháin ar mó a luach ná EUR 1 500 in aghaidh na bliana nó atá cothrom nó níos lú ná EUR 3 000 mura rud é go dtoilíonn an deontóir roimh ré i scríbhinn lena bhfoilsiú. Déantar leis na tairsí seo iarmhéid an chuntais a dhearbhú idir, ar thaobh amháin, an ceart bunúsach chun sonraí pearsanta a chosaint agus, ar an taobh eile, an leas poiblí dlisteanach maidir le trédhearcacht i ndáil le maoiniú páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha atá sna tairseacha sin, mar a léirítear i moltaí idirnáisiúnta chun éilliú i dtaca le maoiniú páirtithe nó fondúireachtaí polaitiúla a sheachaint. Trí dheonacháin atá os cionn EUR 3 000 in aghaidh na bliana agus in aghaidh an deontóra a nochtadh, ba cheart go bhfágfadh sé sin gur féidir grinnscrúdú agus rialú poiblí éifeachtach a dhéanamh ar an gcaidreamh idir deontóirí agus páirtithe polaitiúla Eorpacha. Chomh maith leis sin, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart faisnéis faoi dheonacháin a fhoilsiú go bliantúil, ach amháin le linn feachtas toghcháin do Pharlaimint na hEorpa nó i gcás deonachán is mó ná EUR 12 000 agus sna cásanna sonracha sin ba cheart iad a fhoilsiú go gasta.

(35)

Leis an Rialachán seo urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail atá cumhdaithe sa Chairt, go háirithe Airteagal 7 agus Airteagal 8 de ina ndearbhaítear go bhfuil an ceart ag gach duine go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach a urramú agus go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint, agus ní mór an Rialachán seo a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do na cearta agus do na prionsabail sin.

(36)

Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), tá feidhm aige maidir leis an bpróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an tÚdarás, Parlaimint na hEorpa agus an coiste de dhaoine neamhspleácha oirirce i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(37)

Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), tá feidhm aici maidir le próiseáil sonraí pearsanta a déantar i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(38)

Ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil, is iomchuí a shoiléiriú gurb iad an tÚdarás, Parlaimint na hEorpa, na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, na húdaráis náisiúnta atá inniúil chun rialú a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus tríú páirtithe ábhartha eile dá dtagraítear nó dá bhforáiltear sa Rialachán seo a mheastar a bheith ina rialaitheoirí sonraí de réir de bhrí Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 nó Threoir 95/46/CE. Is gá freisin an uastréimhse a shonrú a bhféadfaidh siad na sonraí pearsanta arna mbailiú chun críocha dhlíthiúlacht, rialtacht agus thrédhearcacht chistiú na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a áirithiú a choinneáil lena linn. Ina gcáil mar rialaitheoirí sonraí, ní mór don Údarás, do Pharlaimint na hEorpa, do na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, do na húdaráis inniúla náisiúnta agus do na tríú páirtithe ábhartha na bearta iomchuí uile a dhéanamh chun oibleagáidí a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus le Treoir 95/46/CE a chomhlíonadh, go háirithe na hoibleagáidí a bhaineann le dlíthiúlacht na próiseála, le slándáil na ngníomhaíochtaí próiseála, le soláthar faisnéise agus le cearta na ndaoine a mbaineann na sonraí leo rochtain a fháil ar a sonraí pearsanta, agus lena chur faoi deara a gcuid sonraí pearsanta a cheartú agus scriosadh.

(39)

Tá feidhm ag Caibidil III de Threoir 95/46/CE maidir le leigheasanna breithiúnacha, dliteanas agus smachtbhannaí i ndáil leis an bpróiseáil sonraí a dhéantar i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart na húdaráis náisiúnta inniúla nó na tríú páirtithe ábhartha a bheith faoi dhliteanas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le haon damáiste a dhéanann siad. Sa bhreis air sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na húdaráis náisiúnta inniúla nó na tríú páirtithe ábhartha faoi réir smachtbhannaí iomchuí i leith sáruithe ar an Rialachán seo.

(40)

An tacaíocht theicniúil a thugann Parlaimint na hEorpa do pháirtithe polaitiúla Eorpacha, ba cheart í a bheith bunaithe ar phrionsabal na córa comhionainne, ba cheart í a sholáthar in aghaidh sonraisc agus íocaíochta agus ba cheart í a bheith faoi réir tuarascála poiblí rialta.

(41)

Ba cheart faisnéis lárnach maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a bheith ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(42)

Cuideoidh rialú breithiúnach arna dhéanamh ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le cur i bhfeidhm ceart an Rialacháin seo a áirithiú. Ba cheart forálacha a dhéanamh freisin a thabharfadh cead do pháirtithe polaitiúla Eorpacha nó d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha éisteacht a fháil agus bearta ceartaitheacha a dhéanamh sula ndéantar smachtbhanna a fhorchur orthu.

(43)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na forálacha náisiúnta fabhrach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

(44)

Ba cheart dóthain ama a thabhairt do na Ballstáit le forálacha a ghlacadh lena ndéanfaí cur i bhfeidhm rianúil agus éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú. Ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh d’idirthréimhse idir teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a chur i bhfeidhm.

(45)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus ghlac sé tuairim (10).

(46)

I bhfianaise an ghá atá le hathruithe agus breisithe suntasacha a chur leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le páirtithe polaitiúla agus fondúireachtaí polaitiúla ar an leibhéal Eorpach, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos sa Rialachán seo na coinníollacha lena rialaítear reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach (“páirtithe polaitiúla Eorpacha”) agus fondúireachtaí polaitiúla ar an leibhéal Eorpach (“fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha”).

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(1)

ciallaíonn “páirtí polaitiúil” comhlachas de shaoránaigh:

a shaothraíonn cuspóirí polaitiúla, agus

a aithnítear i ndlíchóras Ballstáit amháin ar a laghad, nó atá bunaithe i gcomhréir leis an dlíchóras sin;

(2)

ciallaíonn “comhaontas polaitiúil” comhar struchtúrtha idir páirtithe polaitiúla agus/nó saoránaigh;

(3)

ciallaíonn “páirtí polaitiúil Eorpach” comhaontas polaitiúil a shaothraíonn cuspóirí polaitiúla agus atá cláraithe leis an Údarás um páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a bhunaítear le hAirteagal 6, i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo;

(4)

ciallaíonn “fondúireacht pholaitiúil Eorpach” eintiteas atá cleamhnaithe go foirmiúil le páirtí polaitiúil Eorpach, atá cláraithe leis an Údarás i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, agus a dhéanann trína gníomhaíochtaí, faoi réir bhrí na n-aidhmeanna agus na luachanna bunúsacha a shaothraíonn an tAontas Eorpach, bonn taca a thabhairt do chuspóirí an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh, agus na cuspóirí sin a chomhlánú, trí cheann amháin nó roinnt de na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:

(a)

an díospóireacht faoi shaincheisteanna beartais phoiblí Eorpaigh agus próiseas an lánpháirtithe Eorpaigh a bhreathnú, a anailísiú agus cur léi;

(b)

gníomhaíochtaí atá nasctha le saincheisteanna beartais phoiblí Eorpaigh a fhorbairt, amhail seimineáir, oiliúint, comhdhálacha agus staidéir ar na saincheisteanna sin idir geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí óige agus ionadaithe eile na sochaí sibhialta, iad a eagrú agus tacú leo;

(c)

comhar a fhorbairt chun daonlathas, lena n-áirítear daonlathas i dtríú tíortha, a chur chun cinn;

(d)

fónamh mar chreat le haghaidh fondúireachtaí polaitiúla náisiúnta, acadóirí agus gníomhaithe ábhartha eile oibriú le chéile ar an leibhéal Eorpach;

(5)

ciallaíonn “parlaimint réigiúnach” nó “tionól réigiúnach” comhlacht a bhfuil sainordú toghchánach réigiúnach ag a chomhaltaí nó atá cuntasach go polaitiúil do thionól tofa;

(6)

ciallaíonn “cistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh” deontas a dhámhtar i gcomhréir le Teideal VI de Chuid a hAon nó ranníocaíocht a dhámhtar i gcomhréir le Teideal VIII de Chuid Dó de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) (“an Rialachán Airgeadais”);

(7)

ciallaíonn “deonachán” aon tairiscint d’airgead tirim, aon tairiscint chomhchineáil, aon earraí, seirbhísí (lena n-áirítear iasachtaí) agus/nó oibreacha a sholáthar faoi bhun luach an mhargaidh chomh maith le hidirbheart ar bith eile arb ionann iad agus buntáiste eacnamaíoch don pháirtí polaitiúil Eorpach nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann, cé is moite de ranníocaíochtaí ó chomhaltaí agus de ghnáthghníomhaíochtaí polaitiúla a dhéanann daoine aonair ar bhonn saorálach;

(8)

ciallaíonn “ranníocaíocht ó chomhaltaí” aon íocaíocht in airgead tirim, lena n-áirítear táillí comhaltais, nó aon ranníocaíocht comhchineáil, nó aon earraí, seirbhísí (lena n-áirítear iasachtaí) nó oibreacha a sholáthar faoi bhun luach an mhargaidh agus/nó le hidirbheart ar bith eile arb ionann é agus buntáiste eacnamaíoch don pháirtí polaitiúil Eorpach nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann, nuair is é an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach nó duine dá gcuid comhaltaí faoi seach a sholáthraíonn é, cé is moite de ghnáthghníomhaíochtaí polaitiúla a dhéanann daoine aonair ar bhonn saorálach;

(9)

chun críocha Airteagal 20 agus Airteagal 27, ciallaíonn “buiséad bliantúil” méid iomlán an chaiteachais i mbliain ar leith amhail mar a thuairiscítear i ráitis airgeadais bhliantúla an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí lena mbaineann;

(10)

ciallaíonn “Pointe Teagmhála Náisiúnta” ceann de na pointí idirchaidrimh ainmnithe le haghaidh saincheisteanna a bhaineann leis an mbunachar sonraí lárnach maidir le heisiamh dá dtagraítear in Airteagal 108 den Rialacháin Airgeadais agus in Airteagal 144 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (12), nó aon duine nó daoine eile atá ainmnithe go sonrach ag na húdaráis ábhartha sna Ballstáit chun faisnéis a mhalartú i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(11)

ciallaíonn “suíomh” an suíomh ina bhfuil a riarachán lárnach ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ag an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach;

(12)

ciallaíonn “sáruithe comhthráthacha” dhá shárú nó níos mó a dhéantar mar chuid den ghníomhaíocht neamhdhleathach chéanna;

(13)

ciallaíonn “athshárú” sárú a rinneadh laistigh de thréimhse cúig bliana ó forchuireadh smachtbhanna ar dhéantóir an tsáraithe as cion den chineál céanna

CAIBIDIL II

REACHT DO PHÁIRTITHE POLAITIÚLA EORPACHA AGUS D’FHONDÚIREACHTAÍ POLAITIÚLA EORPACHA

Airteagal 3

Coinníollacha maidir le clárú

1.   Beidh comhaontas polaitiúil i dteideal clárú mar pháirtí polaitiúil Eorpach faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

ní mór go mbeadh a shuíomh i mBallstát de réir mar a thugtar le fios ina reachtanna,

(b)

ní mór dó nó dá chuid comhaltaí a bheith ionadaithe, in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, ag comhaltaí Pharlaimint na hEorpa, Pharlaimintí náisiúnta, Pharlaimintí réigiúnacha nó thionóil réigiúnacha, nó

ní mór go mbeadh faighte aige nó ag a bhallpháirtithe, in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, trí faoin gcéad ar a laghad de na vótaí a caitheadh i ngach ceann de na Ballstáit sin ag na toghcháin is deireanaí do Pharlaimint na hEorpa;

(c)

ní mór go gcomhlíonfadh sé, go háirithe ina chlár agus ina ghníomhaíochtaí, na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe mar a chuirtear in iúl in Airteagal 2 CAE, eadhon, meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad;

(d)

ní mór dó nó dá chomhaltaí páirt a bheith glactha aige nó acu i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, nó a rún a chur in iúl go poiblí go bhfuil sé beartaithe acu páirt a ghlacadh sna chéad toghcháin eile do Pharlaimint na hEorpa; agus

(e)

ní fhéadfaidh sé spriocanna brabúis a shaothrú.

2.   Beidh iarratasóir i dteideal clárú mar pháirtí polaitiúil Eorpach faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

ní mór dó a bheith cleamhnaithe le páirtí polaitiúil Eorpach atá cláraithe i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b)

ní mór go mbeadh a shuíomh i mBallstát de réir mar a thugtar le fios ina reachtanna;

(c)

ní mór go gcomhlíonfadh sé, go háirithe ina chlár agus ina ghníomhaíochtaí, na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe mar a chuirtear in iúl in Airteagal 2 CAE, eadhon, meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad;

(d)

ní mór dá chuspóirí a bheith ag comhlánú cuspóirí an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh a bhfuil sé cleamhnaithe go foirmiúil leis;

(e)

ní mór go mbeadh a chomhlacht rialaithe comhdhéanta de chomhaltaí ó aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad; agus

(f)

ní fhéadfaidh sé spriocanna brabúis a shaothrú.

3.   Ní féidir le páirtí polaitiúil Eorpach ach aon fhondúireacht pholaitiúil Eorpach amháin a bheith cleamhnaithe go foirmiúil leis. Déanfaidh gach páirtí polaitiúil Eorpach agus gach fondúireacht pholaitiúil Eorpach chleamhnaithe a áirithiú go ndéantar deighilt idir a mbainistíocht ó lá go lá, a struchtúir rialaithe agus a gcuntais airgeadais faoi seach.

Airteagal 4

Rialachas páirtithe polaitiúla Eorpacha

1.   Déanfaidh reachtanna páirtí pholaitiúil Eorpaigh an dlí is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil a shuíomh a chomhlíonadh agus áireofar sna reachtanna sin forálacha a chuimsíonn an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

a ainm agus a lógó, nach mór gur féidir é a idirdhealú go soiléir ó ainm agus lógó aon pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó aon fhondúireachta polaitiúla Eorpaí atá ann cheana;

(b)

seoladh a shuímh;

(c)

clár polaitiúil ina bhfuil a aidhm agus a chuspóirí leagtha amach;

(d)

ráiteas, i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 3(1), nach bhfuil sé ag dul sa tóir ar spriocanna brabúis;

(e)

i gcás inarb ábhartha, ainm a fhondúireachta polaitiúla cleamhnaithe agus tuairisc ar an gcaidreamh foirmiúil atá eatarthu;

(f)

a eagar agus nósanna imeachta riaracháin agus airgeadais, ina sonraítear go háirithe na comhlachtaí agus na hoifigí a shealbhaíonn cumhachtaí riaracháin, airgeadais agus ionadaíochta dlíthiúla mar aon leis na rialacha maidir leis na cuntais bhliantúla a bhunú, a fhormheas agus a fhíorú; agus

(g)

an nós imeachta inmheánach a bheidh le leanúint i gcás ina dtarlaíonn a dhíscaoileadh deonach mar pháirtí polaitiúil Eorpach.

2.   Áireofar i reachtanna páirtí pholaitiúil Eorpaigh forálacha maidir le heagar inmheánach an pháirtí a chuimsíonn an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

rialacha mionsonraithe maidir le ligean isteach, éirí as oifig agus eisiamh a chomhaltaí, agus beidh liosta de na ballpháirtithe i gceangal leis na reachtanna;

(b)

na cearta agus na dualgais a gabhann le gach cineál comhaltais agus na cearta vótála ábhartha;

(c)

cumhachtaí, freagrachtaí agus comhdhéanamh a chomhlachtaí rialaithe, á shonrú le haghaidh gach ceann díobh na critéir chun iarrthóirí a roghnú agus na rialacha mionsonraithe dá gceapadh agus dá ndífhostú;

(d)

a phróisis chinnteoireachta inmheánacha go háirithe na nósanna imeachta vótála agus na ceanglais chóraim;

(e)

a chur chuige maidir le trédhearcacht, go sonrach i ndáil le leabharchoimeád, le cuntais agus deonacháin, le príobháideachas agus le cosaint sonraí pearsanta; agus

(f)

an nós imeachta inmheánach chun a reachtanna a leasú.

3.   Féadfaidh Ballstát an tsuímh ceanglais bhreise a fhorchur i leith na reachtanna, ar choinníoll nach bhfuil na ceanglais bhreise sin ar neamhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Rialachas fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha

1.   Déanfaidh reachtanna fondúireachta polaitiúla Eorpaí an dlí is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil a suíomh a chomhlíonadh agus áireofar sna reachtanna sin forálacha a chuimsíonn an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

a hainm agus a lógó, nach mór gur féidir é a idirdhealú go soiléir ó ainm agus lógó aon pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó aon fhondúireachta polaitiúla Eorpaí atá ann cheana;

(b)

seoladh a suímh;

(c)

tuairisc ar a cuspóirí agus ar a haidhm, nach mór dóibh bheith comhoiriúnach leis na cúraimí a liostaítear i bpointe (4) d’Airteagal 2;

(d)

ráiteas, i gcomhréir le pointe (f) d’Airteagal 3(2), nach bhfuil siad ag saothrú spriocanna brabúis;

(e)

ainm an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh a bhfuil sí cleamhnaithe go díreach leis, agus tuairisc ar an gcaidreamh foirmiúil atá eatarthu;

(f)

liosta dá comhlachtaí, á shonrú le haghaidh gach ceann díobh a chumhachtaí, a fhreagrachtaí agus a chomhdhéanamh, lena n-áirítear na rialacha mionsonraithe do cheapadh agus do dhífhostú chomhaltaí agus bainisteoirí na gcomhlachtaí sin;

(g)

a heagar agus nósanna imeachta riaracháin agus airgeadais, ina sonraítear go háirithe na comhlachtaí agus na hoifigí a shealbhaíonn cumhachtaí riaracháin, airgeadais agus ionadaíochta dlíthiúla mar aon leis na rialacha maidir leis na cuntais bhliantúla a bhunú, a fhormheas agus a fhíorú;

(h)

an nós imeachta inmheánach chun a reachtanna a leasú; agus

(i)

an nós imeachta inmheánach a bheidh le leanúint i gcás ina dtarlaíonn a díscaoileadh deonach mar fhondúireacht pholaitiúil Eorpach.

2.   Féadfaidh Ballstát an tsuímh ceanglais bhreise a fhorchur i leith na reachtanna, ar choinníoll nach bhfuil na ceanglais bhreise sin ar neamhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 6

Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha

1.   Déantar Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha (“an tÚdarás”) a bhunú leis seo ar mhaithe le clárú, rialú agus forchur smachtbhannaí i ndáil le páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha.

2.   Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an Údarás. Beidh sé neamhspleách agus déanfaidh sé a chuid feidhmeanna a fheidhmiú i lánchomhlíonadh an Rialacháin seo.

Is é an tÚdarás a dhéanfaidh cinneadh maidir le páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chlárú agus a dhíchlárú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Sa bhreis air sin, déanfaidh an tÚdarás a fhíorú go tráthrialta go bhfuil na coinníollacha maidir le clárú a leagtar síos in Airteagal 3 agus na forálacha maidir le rialachas a leagtar amach i gcomhréir le pointe (a), pointe (b) agus pointe (d) go pointe (f) d’Airteagal 4(1) agus le pointe (a) go pointe (e) agus pointe (g) d’Airteagal 5(1) á gcomhlíonadh i gcónaí ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha atá cláraithe.

Ina chinntí, tabharfaidh an tÚdarás lánaird ar an gceart bunúsach um shaoirse comhlachais agus ar an ngá atá le hiolrachas páirtithe polaitiúla san Eoraip a áirithiú.

Is é a Stiúrthóir a dhéanfaidh ionadaíocht ar an Údarás agus is é a dhéanfaidh cinntí uile an Údaráis thar a cheann.

3.   Ar bhonn tograí arna ndéanamh ag coiste roghnúcháin a bheidh comhdhéanta d’Ard-Rúnaithe Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin(dá dtagraítear go comhpháirteach mar “an t-údarás ceapacháin”), agus tar éis glao oscailte ar iarrthóirí, déanfaidh na hinstitiúidí sin, de thoil a chéile, Stiúrthóir an Údaráis a cheapadh ar feadh téarma neamh-inathnuaite cúig bliana.

Déanfar Stiúrthóir an Údaráis a roghnú ar bhonn a chuid nó a cuid cáilíochtaí pearsanta agus proifisiúnta. Ní comhalta de chuid Pharlaimint na hEorpa a bheidh ann nó inti, ní shealbhóidh sé nó sí aon sainordú toghchánacha ná ní bheidh sé nó sí ina fhostaí nó ina fostaí reatha ná ina iarfhostaí nó ina hiarfhostaí de pháirtí polaitiúil Eorpach nó d’fhondúireacht pholaitiúil Eorpach. Ní bheidh aon choinbhleacht leasa i gceist leis an Stiúrthóir a cheapfar idir a chuid dualgas mar Stiúrthóir an Údaráis agus aon dualgais oifigiúla eile, go háirithe a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo.

I gcás folúntas a thagann ann de bharr éirí as oifig, scoir, dífhostaithe nó báis, líonfar é i gcomhréir leis an nós imeachta chéanna.

I gcás ina ndéanfar Stiúrthóir nua a cheapadh ar an ngnáthbhealach nó i gcás ina n-éireoidh an Stiúrthóir as oifig dá dheoin nó dá deoin féin, leanfaidh an Stiúrthóir dá chuid nó dá cuid feidhmeanna go dtí go bhfuil an duine atá le teacht ina áit nó ina háit tosaithe ar a chúraimí nó ar a cúraimí.

Más rud é nach gcomhlíonann Stiúrthóir an Údaráis a thuilleadh na coinníollacha atá riachtanach do chomhall a chuid nó a cuid dualgas, féadfar é nó í a dhífhostú ar chomhthoil phéire ar a laghad de na trí institiúid dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus ar bhonn tuarascála arna tarraingt suas ag an gcoiste roghnúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, bíodh an tuarascáil sin tarraingthe suas ar thionscnamh an choiste féin nó arna iarraidh sin ag aon cheann de na trí institiúid.

Beidh Stiúrthóir an Údaráis neamhspleách i gcomhall a chuid nó a cuid dualgas. Nuair a bhíonn an Stiurthóir ag gníomhú thar ceann an Údaráis, ní iarrfaidh sé nó sí teagasc ná ní ghlacfaidh sé nó sí teagasc ó aon institiúid nó rialtas ná ó aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht. Staonfaidh Stiúrthóir an Údaráis ó aon ghníomh atá ar neamhréir le nádúr a chuid nó a cuid dualgas.

A mhéid a bhaineann leis an Stiúrthóir, déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile de chuid an Aontais) a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (13) a fheidhmiú go comhpháirteach. Gan dochar do chinntí maidir le ceapadh agus dífhostú, féadfaidh na trí institiúid a chomhaontú feidhmiú cuid de na cumhachtaí eile a thugtar don údarás ceapacháin, nó iad uile, a chur ar iontaoibh ceachtar de na hinstitiúidí féin.

Féadfaidh an t-údarás ceapacháin cúraimí eile a shannadh ar an Stiúrthóir, ar choinníoll nach bhfuil na cúraimí sin ar neamhréir leis an ualach oibre a eascraíonn as a chuid nó a cuid dualgas mar Stiúrthóir don Údarás agus nach dóigh go gcruthóidh sé aon choinbhleacht leasa nó nach dóigh go gcuirfidh sé neamhspleáchas iomlán an Stiúrthóra i mbaol.

4.   Beidh suíomh fisiceach an Údaráis i bParlaimint na hEorpa, agus soláthróidh an Pharlaimint na hoifigí is gá agus na saoráidí tacaíochta riaracháin is gá don Údarás.

5.   Tabharfaidh foireann ó cheann amháin nó níos mó d’institiúidí an Aontais cúnamh do Stiúrthóir an Údaráis. Nuair a bheidh siad ag obair don Údarás, gníomhóidh an fhoireann sin faoi údarás aonair Stiúrthóir an Údaráis.

Ní fhéadfaidh a bheith mar thoradh ar roghnú na foirne go mbeadh an baol ann go gcruthófaí coinbhleacht leasa idir dualgais an Údaráis agus aon dualgais oifigiúla eile, agus staonfaidh an fhoireann ó aon ghníomh atá ar neamhréir le nádúr a gcuid dualgas.

6.   Déanfaidh an tÚdarás comhaontuithe a thabhairt i gcrích le Parlaimint na hEorpa, agus más iomchuí le hinstitiúidí eile, maidir le haon socruithe riaracháin atá riachtanach chun go gcomhlíonfadh an tÚdarás a chuid cúraimí, go háirithe comhaontuithe maidir le foireann, le seirbhísí agus le tacaíocht arna cur ar fáil de bhun mhír 4, mhír 5 agus mhír 8.

7.   Déanfar na leithreasaí do chaiteachas an Údaráis a sholáthar faoi Theideal ar leithligh sa Roinn do Pharlaimint na hEorpa de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Beidh na leithreasaí leordhóthanach chun oibriú iomlán agus neamhspleách an Údaráis a áirithiú. Déanfaidh an Stiúrthóir dréachtphlean buiséadach don Údarás a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus poibleofar an dréachtphlean sin. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa dualgais Oifigigh Údaraithe i ndáil leis na leithreasaí sin a tharmligean chuig Stiúrthóir an Údaráis.

8.   Beidh feidhm ag Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (14) maidir leis an Údarás.

Soláthróidh Lárionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh chun go bhfeidhmeoidh an tÚdarás agus an Clár.

9.   Déanfaidh an tÚdarás agus Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa an fhaisnéis uile atá riachtanach d’fhorghníomhú a gcuid freagrachtaí faoi seach faoin Rialachán seo a chomhroinnt lena chéile.

10.   Déanfaidh an Stiúrthóir tuarascáil maidir le gníomhaíochtaí an Údaráis a thíolacadh go bliantúil chuig Parlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún.

11.   Déanfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh léirmheas ar dhlíthiúlacht chinntí an Údaráis i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE agus beidh dlínse aici i ndíospóidí maidir leis an gcúiteamh i ndamáiste a raibh an tÚdarás ina shiocair leis i gcomhréir le hAirteagail 268 agus 340 CFAE. Más rud é go mainníonn an tÚdarás cinneadh a dhéanamh i gcás ina bhfuil sé de cheangal air leis an Rialachán seo é sin a dhéanamh, féadfar caingean i gcoinne neamhghnímh a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 265 CFAE.

Airteagal 7

Clár do Pháirtithe agus Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha

1.   Déanfaidh an tÚdarás Clár do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a bhunú agus a bhainistiú. Beidh faisnéis ón gClár ar fáil ar líne i gcomhréir le hAirteagal 32.

2.   Chun feidhmiú rianúil an Chláir a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36, agus laistigh de raon feidhme fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo, a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis agus na doiciméid tacaíochta atá ar seilbh an Údaráis agus arb é an Clár a bheidh ina thaisclann inniúil dóibh, ar a n-áireofar reachtanna páirtí pholaitiúil Eorpaigh nó fondúireachta polaitiúla Eorpaí, doiciméid ar bith eile a thíolactar mar chuid d’iarratais ar chlárú i gcomhréir le hAirteagal 8(2), doiciméid ar bith a fuarthas ó Bhallstát an tsuímh amhail dá dtagraítear in Airteagal 15(2), agus faisnéis maidir le céannacht na ndaoine ar comhaltaí iad de chomhlachtaí nó a shealbhaíonn oifigí ag a bhfuil cumhachtaí riaracháin, airgeadais agus ionadaíochta dlíthiúla, amhail dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 4(1) agus i bpointe (g) d’Airteagal 5(1);

(b)

ábhair ón gClár amhail dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo arb é an Clár a bheidh inniúil chun dlíthiúlacht a dheimhniú de réir mar a bhunaíonn an tÚdarás é de bhun a inniúlachtaí faoin Rialachán seo. Ní bheidh an tÚdarás inniúil chun fíorú a dhéanamh cibé a bhfuil páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ag comhlíonadh aon oibleagáide nó ceanglais a fhorchuirtear ar an bpáirtí nó ar an bhfondúireacht lena a mbaineann ag Ballstát an tsuímh de bhun Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 14(2) orthu agus ar oibleagáid nó ceanglas é atá sa bhreis ar na hoibleagáidí agus na ceanglais a leagtar síos sa Rialacháin seo.

3.   Déanfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme na mionsonraí a shonrú i dtaobh an uimhirchórais chlárúcháin atá le cur i bhfeidhm ag an gClár agus i dtaobh sleachta caighdeánacha as an gClár atá le cur ar fáil ag an gClár do thríú páirtithe nuair a iarrann siad é, lena n-áirítear a bhfuil i litreacha agus i ndoiciméad. Ní bheidh sonraí pearsanta san áireamh i sleachta den sórt sin cé is moite de chéannacht na ndaoine atá ina gcomhaltaí de chomhlachtaí nó a shealbhaíonn oifigí ag a bhfuil cumhachtaí riaracháin, airgeadais agus ionadaíochta dlíthiúla, amhail dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 4(1) agus i bpointe (g) d’Airteagal 5(1). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37.

Airteagal 8

Iarratas ar chlárú

1.   Déanfar aon iarratas ar chlárúchán a chomhdú leis an Údarás. Maidir le hiarratas ar chlár mar fhondúireacht pholaitiúil Eorpach, is tríd an bpáirtí pholaitiúil Eorpach lena bhfuil an t-iarratasóir cleamhnaithe go foirmiúil, agus tríd sin amháin, a dhéanfar an t-iarratas a chomhdú.

2.   Beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an iarratas:

(a)

doiciméid lena gcruthaítear go gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3, lena n-áirítear dearbhú foirmiúil caighdeánach san fhoirm a leagtar amach san Iarscríbhinn;

(b)

reachtanna an pháirtí nó na fondúireachta, ina bhfuil na forálacha is gá de réir Airteagal 4 agus Airteagal 5, lena n-áirítear na hiarscríbhinní ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, ráiteas ó Bhallstát an tsuímh, dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36 agus de réir raon feidhme fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo:

(a)

chun aon fhaisnéis bhreise nó aon doiciméad tacaíochta a bhaineann le mír 2 a shainaithint lena chur ar chumas an Údaráis a chuid freagrachtaí a chomhall faoin Rialachán seo a mhéid a bhaineann le hoibriú an Chláir;

(b)

chun an dearbhú foirmiúil caighdeánach atá san Iarscríbhinn a leasú i ndáil le sonraí atá le líonadh isteach ag an iarratasóir i gcás inar gá sin chun a áirithiú go bhfuil faisnéis leordhóthanach á sealbhú maidir leis an sínitheoir, lena shainordú nó lena sainordú agus leis an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó leis an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach óna bhfuil sainordú aige nó aici ionadaíocht a dhéanamh chun críocha an dearbhaithe.

4.   Doiciméid a chuirtear faoi bhráid an Údaráis mar chuid den iarratas, déanfar iad a fhoilsiú láithreach ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 32.

Airteagal 9

Scrúdú an iarratais agus cinneadh an Údaráis

1.   Scrúdóidh an tÚdarás an t-iarratas chun a chinneadh an gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha le haghaidh cláraithe a leagtar síos in Airteagal 3 agus an bhfuil na forálacha a cheanglaítear le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 sna reachtanna.

2.   Glacfaidh an tÚdarás cinneadh go ndéanfar an t-iarratasóir a chlárú, mura rud é go suíonn sé nach bhfuil na coinníollacha le haghaidh cláraithe a leagtar síos in Airteagal 3 á gcomhlíonadh ag an iarratasóir nó nach bhfuil na forálacha a cheanglaítear le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 sna reachtanna.

Maidir le cinneadh an Údaráis an t-iarratasóir a chlárú, foilseoidh sé é laistigh d’aon mhí amháin ó fhaightear an t-iarratas ar chlárú nó, i gcás inarb infheidhme na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 15(4), foilseofar é laistigh de cheithre mhí ó fhaightear an t-iarratas ar chlárú.

I gcás ina mbíonn an t-iarratas neamhiomlán, déanfaidh an tÚdarás, gan mhoill, a iarraidh ar an iarratasóir aon fhaisnéis bhreise atá ag teastáil a thíolacadh. Chun críche an sprioc-ama a leagtar síos sa dara fomhír, ní thosóidh an tréimhse ach amháin ón dáta a bhfaighidh an tÚdarás an t-iarratas iomlán.

3.   Measfar gur leor don Údarás an dearbhú foirmiúil caighdeánach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 8(2) chun a shuíomh go gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha a shonraítear i bpointe (c) d’Airteagal 3(1) nó i bpointe (c) d’Airteagal 3(2), cibé acu is infheidhme.

4.   Maidir le cinneadh an Údaráis iarratasóir a chlárú, déanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht le reachtanna an pháirtí nó na fondúireachta lena mbaineann. Maidir le cinneadh gan iarratasóir a chlárú, déanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht le forais mhionsonraithe don diúltú.

5.   Déanfar aon leasuithe ar na doiciméid nó na reachtanna arna dtíolacadh mar chuid den iarratas ar chlárú i gcomhréir le hAirteagal 8(2) a chur i bhfógra chuig an Údarás agus déanfaidh an tÚdarás an clárú a nuashonrú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 15(2) agus (4), mutatis mutandis.

6.   Déanfar liosta nuashonraithe de bhallpháirtithe páirtí pholaitiúil Eorpaigh, a bheidh i gceangal le reachtanna an pháirtí i gcomhréir le hAirteagal 4(2), a chur chuig an Údarás gach bliain. Aon athruithe a bhféadfadh sé nach gcomhlíonfaidh an páirtí polaitiúil Eorpach an coinníoll a leagtar síos i bpointe (b) d’Airteagal 3(1)(b) a thuilleadh dá n-éis, déanfar iad a chur in iúl don Údarás laistigh de cheithre seachtaine ó tharlaíonn athrú den sórt sin.

Airteagal 10

Comhlíonadh coinníollacha agus ceanglais an chláraithe a fhíorú

1.   Gan dochar don nós imeachta a leagtar síos i mír 3, déanfaidh an tÚdarás a fhíorú go tráthrialta go bhfuil na coinníollacha maidir le clárú a leagtar síos in Airteagal 3 agus na forálacha maidir le rialachas a leagtar amach i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (d) go pointe (f) d’Airteagal 4(1) agus i bpointe (a) go pointe (e) agus pointe (g) d’Airteagal 5(1) á gcomhlíonadh i gcónaí ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha atá cláraithe.

2.   Má fheictear don Údarás nach bhfuil aon cheann de na coinníollacha don chlárú nó aon cheann de na forálacha rialachais dá dtagraítear i mír 1, cé is moite de na coinníollacha i bpointe (c) d’Airteagal 3(1) agus i bpointe (c) d’Airteagal 3(2), á gcomhlíonadh a thuilleadh, tabharfaidh sé fógra ina thaobh sin don pháirtí nó fondúireacht polaitiúil Eorpach lena mbaineann.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún iarraidh ar fhíorú an bhfuil páirtí polaitiúil Eorpach ar leith nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ar leith ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i bpointe (c) d’Airteagal 3(1) agus i bpointe (c) d’Airteagal 3(2) a thaisceadh leis an Údarás. I gcásanna den sórt sin agus sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 16(3), iarrfaidh an tÚdarás ar an gcoiste de dhaoine oirirce neamhspleácha arna bhunú le hAirteagal 11 tuairim a thabhairt uaidh ar an ábhar. Tabharfaidh an Coiste a thuairim uaidh laistigh de dhá mhí.

I gcás ina bhfaighidh an tÚdarás fios faoi fhíorais a d’fhéadfadh amhras a chruthú i dtaobh gan na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (c) d’Airteagal 3(1)(c) agus i bpointe (c) d’Airteagal 3(2) a bheith á gcomhlíonadh ag páirtí polaitiúil Eorpach ar leith nó ag fondúireacht pholaitiúil Eorpach ar leith, cuirfidh sé an méid sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún d’fhonn deis a thabhairt do cheachtar acu iarraidh ar fhíorú, amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a thaisceadh. Gan dochar don chéad fhomhír, déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún a rún intinne ina leith sin a chur in iúl laistigh de dhá mhí ón bhfaisnéis sin a fháil.

Na nósanna imeachta a leagtar amach sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, ní dhéanfar iad a thionscnamh laistigh de thréimhse dhá mhí roimh na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

Ag féachaint don tuairim ón gcoiste, cinnfidh an tÚdarás cibé a ndéanfaidh sé an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a dhíchlárú. Beidh réasúnú cuí ag gabháil le cinneadh an Údaráis.

Maidir le cinneadh ón Údarás díchlárú a dhéanamh ar fhorais neamhchomhlíonta na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 3(1) nó i bpointe (c) d’Airteagal 3(2), ní fhéadfar é a ghlacadh ach amháin i gcás gur ann do shárú follasach agus tromchúiseach ar na coinníollacha sin. Beidh sé faoi réir an nós imeachta a leagtar amach i mír 4.

4.   Maidir le cinneadh ón Údarás páirtí nó fondúireacht polaitiúil Eorpach a dhíchlárú ar an bhforas gur ann do shárú follasach agus tromchúiseach a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 3(1) nó i bpointe (c) d’Airteagal 3(2), déanfar é a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ní thiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle laistigh de thréimhse thrí mhí tar éis an cinneadh a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Comhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. I gcás go ndéanann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid, fanfaidh an páirtí nó an fhondúireacht polaitiúil Eorpach cláraithe.

Ní féidir le Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh in aghaidh an chinnidh ach amháin ar fhorálacha a bhaineann le measúnú chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le chlárú a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 3(1) agus i bpointe (c) d’Airteagal 3(2).

Cuirfear in iúl don pháirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann go ndearnadh agóid in aghaidh an chinnidh ón Údarás é nó í a dhíchlárú.

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle seasamh a ghlacadh i gcomhréir lena rialacha cinnteoireachta faoi seach de réir mar atá leagtha síos i gcomhréir leis na Conarthaí. Beidh réasúnú cuí ag gabháil le haon agóid agus poibleofar í.

5.   Maidir le cinneadh ón Údarás páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a dhíchlárú, agus nach ndearnadh agóid in aghaidh an chinnidh faoin nós imeachta a leagtar síos i mír 4, foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, mar aon le forais mhionsonraithe don díchlárú, agus tiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm trí mhí tar éis dháta an fhoilsithe sin.

6.   Forghéillfidh fondúireacht pholaitiúil Eorpach a stádas mar fhondúireacht den sórt sin go huathoibríoch má bhaintear an páirtí polaitiúil Eorpach lena bhfuil sí cleamhnaithe den Chlár.

Airteagal 11

Coiste de dhaoine neamhspleácha oirirce

1.   Bunaítear leis seo coiste de dhaoine neamhspleácha oirirce. Beidh sé comhdhéanta de sheisear comhaltaí, mar a ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún beirt chomhaltaí an ceann a cheapadh. Déanfar comhaltaí an Choiste a roghnú ar bhonn a gcuid cáilíochtaí pearsanta agus proifisiúnta. Ní comhaltaí de chuid Pharlaimint na hEorpa, den Chomhairle nó den Choimisiún a bheidh iontu, ní shealbhóidh siad aon sainordú toghchánacha, ní bheidh siad ina n-oifigigh nó ina seirbhísigh eile den Aontas Eorpach ná ní bheidh siad ina bhfostaithe reatha nó ina n-iarfhostaithe de pháirtí polaitiúil Eorpach nó d’fhondúireacht pholaitiúil Eorpach.

Beidh comhaltaí an choiste neamhspleách i bhfeidhmiú a ndualgas. Ní iarrfaidh na comhaltaí teagasc ná ní ghlacfaidh siad teagasc ó aon institiúid nó rialtas ná ó aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile agus staonfaidh siad ó aon ghníomh atá ar neamhréir le nádúr a ndualgas.

Déanfar an coiste a athnuachan laistigh de shé mhí tar éis dheireadh an chéad seisiúin de Pharlaimint na hEorpa i ndiaidh gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa. Ní bheidh sainordú na gcomhaltaí in-athnuaite.

2.   Glacfaidh an coiste a rialacha nós imeachta féin. Déanfaidh a chomhaltaí as a measc cathaoireach an choiste a thoghadh de réir na rialacha sin. Soláthróidh Parlaimint na hEorpa rúnaíocht agus cistiú an choiste. Is faoi údarás an choiste, agus faoi sin amháin, a ghníomhóidh rúnaíocht an choiste.

3.   I gcás ina n-iarrfaidh an tÚdarás air é sin a dhéanamh, tabharfaidh an coiste tuairim uaidh maidir le haon sárú follasach agus tromchúiseach a dhéanfaidh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 3(1)(c) agus i bpointe (c) d’Airteagal 3(2). Chuige sin, féadfaidh an coiste aon doiciméad ábhartha agus aon fhianaise a iarraidh ón Údarás, ó sheirbhísí Pharlaimint na hEorpa, ón bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann, ó pháirtithe polaitiúla eile, ó fhondúireachtaí polaitiúla nó ó gheallsealbhóirí eile agus féadfaidh siad a iarraidh go dtabharfaí éisteacht dá n-ionadaithe.

Ina thuairimí, tabharfaidh an coiste lánaird ar an gceart bunúsach um shaoirse comhlachais agus ar an ngá atá le hiolrachas páirtithe polaitiúla san Eoraip a áirithiú.

Foilseofar tuairimí an choiste gan mhoill.

CAIBIDIL III

STÁDAS DLÍTHIÚIL PÁIRTITHE POLAITIÚLA EORPACHA AGUS FONDÚIREACHTAÍ POLAITIÚLA EORPACHA

Airteagal 12

Pearsantacht dhlítheanach

Beidh pearsantacht dhlítheanach Eorpach ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha.

Airteagal 13

Aitheantas dlíthiúil agus inniúlacht dhlíthiúil

Beidh aitheantas dlíthiúil agus inniúlacht dhlíthiúil ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha sna Ballstáit uile.

Airteagal 14

An dlí is infheidhme

1.   Beidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha á rialú leis an Rialachán seo.

2.   Maidir le nithe nach bhfuil rialáilte ag an Rialachán seo nó, i gcás nach rialálann sé nithe ach go páirteach, maidir leis na gnéithe sin nach bhfuil cumhdaithe leis, beidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha á rialú ag forálacha infheidhme an dlí naisiúnta sa Bhallstát ina bhfuil a suíomhanna faoi seach.

Beidh na gníomhaíochtaí a dhéanann páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i mBallstáit eile á rialú ag rialacha náisiúnta ábhartha na mBallstát sin.

3.   Maidir le nithe nach bhfuil rialáilte ag an Rialachán seo ná ag na forálacha is infheidhme de bhun mhír 2 nó, i gcás nach rialálann sé nithe ach go páirteach, maidir leis na gnéithe sin nach bhfuil cumhdaithe leis, beidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha á rialú ag forálacha a reachtanna faoi seach.

Airteagal 15

Pearsantacht dhlítheanach Eorpach a fháil

1.   Gheobhaidh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach pearsantacht dhlítheanach Eorpach an dáta a bhfoilseofar an cinneadh ón Údarás chun é nó í a chlárú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, de bhun Airteagal 9.

2.   Má éilíonn an Ballstát ina bhfuil a shuíomh ag an iarratasóir ar chlárúchán mar pháirtí polaitiúil Eorpach nó mar fhondúireacht pholaitiúil amhlaidh, beidh ag gabháil leis an iarratas, arna chur isteach de bhun Airteagal 8, ráiteas arna eisiúint ag an mBallstát sin á dheimhniú gur chomhlíon an t-iarratasóir na ceanglais náisiúnta ábhartha uile maidir leis an iarratas, agus go bhfuil a reachtanna i gcomhréir leis an dlí is infheidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 14(2).

3.   I gcás ina dteachtann an t-iarratasóir pearsantacht dhlítheanach faoi dhlí a Bhallstáit, measfaidh an Ballstát sin gurb ionann fáil na pearsantachta dlítheanaí Eorpaí agus an phearsantacht dhlítheanach náisiúnta a thiontú go pearsantacht dhlítheanach Eorpach chomharbach. Déanfaidh an phearsantacht dhlítheanach Eorpach na cearta agus oibleagáidí a bhí cheana ag an iar-eintiteas dlítheanach náisiúnta a choimeád go hiomlán agus scoirfidh an t-eintiteas dlítheanach náisiúnta de bheith ar marthain. Ní chuirfidh an Ballstát lena mbaineann coinníollacha coisctheacha i bhfeidhm i gcomhthéacs an tiontaithe sin. Coimeádfaidh an t-iarratasóir a shuíomh sa Bhallstát lena mbaineann go dtí go mbeidh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 9 foilsithe.

4.   Má éilíonn an Ballstát ina bhfuil a shuíomh ag an iarratasóir amhlaidh, ní shocróidh an tÚdarás an dáta foilsithe dá dtagraítear i mír 1 ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát sin.

Airteagal 16

Pearsantacht dhlítheanach Eorpach a fhoirceannadh

1.   Déanfaidh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a phearsantacht dhlítheanach Eorpach a chailleadh ar theacht i bhfeidhm do chinneadh an Údaráis é nó í a bhaint den Chlár mar a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tiocfaidh an cinneadh i bhfeidhm trí mhí tar éis an fhoilsithe sin mura rud é go n-iarrann an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann tréimhse níos giorra.

2.   Bainfear páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach den Chlár trí chinneadh ón Údarás:

(a)

mar thoradh ar chinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 10(2) go (5);

(b)

sna cúinsí dá bhforáiltear in Airteagal 10(6);

(c)

ar iarraidh ón bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ón bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann;

(d)

sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo:

3.   Má mhainnigh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach go tromchúiseach na hoibleagáidí ábhartha faoin dlí náisiúnta, is infheidhme de bhua an chéad fhomhír d’Airteagal 14(2), a chomhlíonadh, féadfaidh an Ballstát ina bhfuil an suíomh iarraidh chuí-réasúnaithe le haghaidh díchlárú a dhíriú chuig an Údarás, arb iarraidh é nach mór go sainaithneofaí leis go beacht agus go cuimsitheach na gníomhaíochtaí mídhleathacha agus na riachtanais shonracha náisiúnta nár comhlíonadh. Sna cásanna sin, déanfaidh an tÚdarás an méid seo a leanas:

(a)

i dtaobh nithe a bhaineann go heisiach nó den chuid is mó le heilimintí a dhéanann difear d’urramú na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe mar atá luaite in Airteagal 2 CAE, nós imeachta fíorúcháin a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 10(3). Beidh feidhm freisin ag Airteagal 10(4), (5) agus (6);

(b)

le haghaidh aon ní eile, agus nuair a dhearbhóidh an iarraidh réasúnaithe ón mBallstát lena mbaineann go bhfuil na leigheasanna náisiúnta go léir ídithe, a chinneadh an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a bhaint den Chlár.

Má mhainnigh páirtí polaitiúil nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach go tromchúiseach na hoibleagáidí ábhartha faoin dlí náisiúnta, is infheidhme de bhua an dara fomhír d’Airteagal 14(2), a chomhlíonadh, agus má bhaineann an ní sin go heisiach nó den chuid is mó le heilimintí a dhéanann difear d’urramú na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe mar atá luaite in Airteagal 2 CAE, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh a dhíriú chuig an Údarás i gcomhréir le forálacha na chéad fhomhíre den mhír seo. Leanfaidh an tÚdarás ar aghaidh i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo.

I ngach cás, gníomhóidh an tÚdarás gan mhoill mhíchuí. Cuirfidh an tÚdarás an Ballstát lena mbaineann agus an páirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann ar an eolas faoin obair leantach maidir leis an iarraidh réasúnaithe le haghaidh díchlárú.

4.   Déanfaidh an tÚdarás an dáta foilsithe dá dtagraítear i mír 1 a leagan síos tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát ina bhfuil a shuíomh ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach nó ag an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach.

5.   Má fhaigheann an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil lena mbaineann Eorpach pearsantacht dhlítheanach faoi dhlí an Bhallstáit ina bhfuil a shuíomh nó a suíomh, measfaidh an Ballstát sin gurb ionann fáil den sórt sin agus an phearsantacht dhlítheanach Eorpach a thiontú go pearsantacht dhlítheanach náisiúnta a choimeádann go hiomlán na cearta agus na hoibleagáidí a bhí ann roimhe sin don iar-eintiteas dlítheanach Eorpach. Ní chuirfidh an Ballstát lena mbaineann coinníollacha coisctheacha i bhfeidhm i gcomhthéacs an tiontaithe sin.

6.   Mura bhfaigheann an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach pearsantacht dhlítheanach faoi dhlí an Bhallstáit ina bhfuil a shuíomh nó a suíomh, déanfar an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach a fhoirceannadh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme an Bhallstát sin. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a cheangal go mbeidh fáil pearsantachta dlítheanaí náisiúnta ag an bpáirtí nó ag an bhfondúireacht lena mbaineann roimh fhoirceannadh den sórt sin i gcomhréir le mír 5.

7.   I ngach cás dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go bhfuil an coinníoll neamhbhrabúis a leagtar síos in Airteagal 3 á urramú go hiomlán. Féadfaidh an tÚdarás agus Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa rialacha mionsonraithe a chomhaontú leis an mBallstát lena mbaineann maidir le pearsantacht dhlítheanach Eorpach a fhoirceannadh, go háirithe chun go n-áiritheofaí aisghabháil aon chistí a fuarthas as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus go n-íocfaí aon smachtbhannaí airgeadais arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 27.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA MAIDIR LE CISTIÚ

Airteagal 17

Coinníollacha maidir le cistiú

1.   Maidir le páirtí polaitiúil Eorpach atá cláraithe i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, arna ionadú i bParlaimint na hEorpa ag duine amháin dá chomhaltaí ar a laghad, agus nach bhfuil i gceann de na cásanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 106(1) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh sé cur isteach ar chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a fhoilseoidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa i nglao ar ranníocaíochtaí.

2.   Maidir le fondúireacht pholaitiúil Eorpach atá cleamhnaithe le páirtí polaitiúil Eorpach atá incháilithe le cur isteach ar chistiú faoi mhír 1, atá cláraithe i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta an leagtar síos sa Rialachán seo agus nach bhfuil i gceann de na cásanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 106(1) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh sí cur isteach ar chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a fhoilseoidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa i nglao ar thograí.

3.   Chun críocha incháilitheacht do chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a chinneadh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus le pointe (b) d’Airteagal 3(1) agus chun Airteagal 19(1) a chur i bhfeidhm, measfar Comhalta Pharlaimint na hEorpa a bheith ina chomhalta d’aon pháirtí polaitiúil Eorpach amháin, arb ionann é, i gcás inarb ábhartha, agus an ceann a bhfuil a pháirtí nó a páirtí polaitiúil náisiúnta nó réigiúnach cleamhnaithe ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais ar chistiúchán a chur isteach.

4.   Ní bheidh ranníocaíochtaí airgeadais ná deontais ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh thar 85 % den chaiteachas inaisíoctha bliantúil arna léiriú i mbuiséad páirtí pholaitiúil Eorpaigh agus 85 % de na costais incháilitheacha arna dtabhú ag fondúireacht pholaitiúil Eorpach. Féadfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha aon chuid de ranníocaíocht an Aontais a dámhadh ach nár úsáideadh a úsáid chun caiteachas inaisíoctha laistigh den bhliain airgeadais tar éis a dhámhachtana a chlúdach. Déanfar suimeanna nár úsáideadh tar éis na bliana airgeadais sin a aisghabháil i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

5.   Laistigh de na teorainneacha a leagtar amach in Airteagal 21 agus in Airteagal 22, áireofar le caiteachas is iníoctha trí ranníocaíocht airgeadais caiteachas riaracháin agus caiteachas atá nasctha le cúnamh teicniúil, le cruinnithe, le taighde, le himeachtaí trasteorann, le staidéir, le faisnéis agus foilseacháin, chomh maith le caiteachas atá nasctha le feachtais.

Airteagal 18

Iarratas ar chistiú

1.   Ar mhaithe le cistiú a fháil ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, déanfaidh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach, a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 17(1) nó (2) iarratas a chomhdú le Parlaimint na hEorpa tar éis glao ar ranníocaíochtaí nó tograí.

2.   Ní mór don pháirtí polaitiúil Eorpach agus don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach, tráth a iarratais nó a hiarratais, na hoibleagáidí atá liostaithe in Airteagal 23 a chomhlíonadh, agus, ó dháta an iarratais go dtí deireadh na bliana airgeadais nó na gníomhaíochta arna gcumhdach ag an ranníocaíocht nó deontas, fanacht faoi chlárú sa Chlár agus ní bheidh sé nó sí faoi réir aon cheann de na smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 27(1) agus i bpointe (a), i bpointe (v) agus i bpointe (vi) Airteagal 27(2).

3.   Áireoidh fondúireacht pholaitiúil Eorpach a clár oibre bliantúil ina hiarratas nó ina plean gníomhaíochta.

4.   Glacfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa cinneadh laistigh de thrí mhí tar éis an ghlao ar ranníocaíochtaí nó an ghlao ar thograí, agus údaróidh sé agus bainisteoidh sé na leithreasaí comhfhreagracha i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

5.   Ní fhéadfaidh fondúireacht pholaitiúil Eorpach iarratas a chur isteach ar chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh ach amháin tríd an bpáirtí polaitiúil Eorpach a bhfuil sí cleamhnaithe leis.

Airteagal 19

Critéir maidir le dámhachtain agus dáileadh cistiúcháin

1.   Déanfar na leithreasaí faoi seach atá ar fáil do na páirtithe polaitiúla Eorpacha sin agus do na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha sin ar ar dámhadh ranníocaíochtaí nó deontais i gcomhréir le hAirteagal 18 a dháileadh go bliantúil ar bhonn na heochrach dáilte seo a leanas:

dáilfear 15 % ina scaireanna comhionanna i measc na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha is tairbhithe,

dáilfear 85 % i gcomhréir lena sciar de chomhaltaí tofa Pharlaimint na hEorpa i measc na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha is tairbhithe.

Úsáidfear an eochair dháilte chéanna chun cistiú a dhámhachtain ar fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, ar bhonn a gcleamhnachta le páirtí polaitiúil Eorpach.

2.   Bunófar an dáileadh dá dtagraítear i mír 1 ar líon na gcomhaltaí tofa de chuid Pharlaimint na hEorpa ar comhaltaí iad den pháirtí polaitiúil Eorpach is iarrthóir ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais ar cistiúchán a chur isteach, ag cur Airteagal 17(3) san áireamh.

Tar éis an dáta sin, ní dhéanfaidh aon athruithe ar an líon comhaltaí difear don sciar cistiúcháin faoi seach idir páirtithe polaitiúla Eorpacha nó fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha. Ní dochar don cheanglas in Airteagal 17(1) maidir le páirtí polaitiúil Eorpach a bheith ionadaithe i bParlaimint na hEorpa ag comhalta amháin ar a laghad dá chomhaltaí an méid sin.

Airteagal 20

Deonacháin agus ranníocaíochtaí

1.   Féadfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha deonacháin a ghlacadh ó dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha suas le luach EUR 18 000 in aghaidh na bliana agus in aghaidh an deontóra.

2.   Tráth a ráitis airgeadais bhliantúla a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 23, tarchuirfidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha liosta na ndeontóirí uile mar aon lena ndeonacháin chomhfhreagracha, ag léiriú nádúr agus luach na ndeonachán aonair. Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le ranníocaíochtaí arna ndéanamh ag ballpháirtithe de pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag balleagraíochtaí d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha.

I gcás deonacháin ó dhaoine nádúrtha ar mó a luach ná EUR 1 500 agus atá faoi bhun EUR 3 000 nó comhionann leis, déanfaidh an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann a léiriú i dtaobh ar sholáthair na deontóirí comhfhreagracha toiliú roimh ré i scríbhinn iad a fhoilsiú i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 32(1).

3.   Déanfar deonacháin arna bhfáil ag páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha laistigh de shé mhí roimh thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a thuairisciú i scríbhinn chuig an Údarás ar bhonn seachtainiúil agus i gcomhréir le mír 2.

4.   Déanfar deonacháin aonair ar mó a luach ná EUR 12 000 ar ghlac na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha leo a thuairisciú láithreach i scríbhinn chuig an Údarás agus i gcomhréir le mír 2.

5.   Ní ghlacfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

deonacháin nó ranníocaíochtaí atá i ndíth ainm;

(b)

deonacháin ó bhuiséid grúpaí polaitiúla i bParlaimint na hEorpa;

(c)

deonacháin ó aon údarás poiblí i mBallstát nó i tríú tír nó ó aon ghnóthas a bhféadfadh tionchar ceannasach díreach nó indíreach a bheith ag an údarás poiblí sin air de bhua a n-úinéireachta air, a rannpháirtíochta airgeadais ann, nó na rialacha lena rialaítear é; nó

(d)

deonacháin ó aon eintitis phríobháideacha atá bunaithe i dtríú tír nó ó dhaoine aonair ó thríú tír nach bhfuil i dteideal vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

6.   Maidir le haon deonachán nach gceadaítear faoin Rialachán seo, déanfar i gcás an deonacháin sin laistigh de 30 lá ó fuair an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach é:

(a)

é a chur ar ais chuig an deontóir nó chuig aon duine a ghníomhaíonn thar ceann an deontóra; nó,

(b)

nuair nach féidir é a chur ar ais, é a thuairisciú chuig an Údarás agus chuig Parlaimint na hEorpa. Déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa an méid infhaighte a shuíomh agus an t-aisghabháil a údarú i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos in Airteagal 78 agus in Airteagal 79 den Rialachán Airgeadais. Déanfar na cistí a iontráil mar ioncam ginearálta i roinn Pharlaimint na hEorpa de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

7.   Ceadófar ranníocaíochtaí le páirtí polaitiúil Eorpach óna chomhaltaí. Ní rachaidh luach ranníocaíochtaí den sórt sin thar 40 % de bhuiséad bliantúil an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh.

8.   Ceadófar ranníocaíochtaí le fondúireacht pholaitiúil Eorpach óna comhaltaí, agus ón bpáirtí polaitiúil Eorpach lena bhfuil sí cleamhnaithe. Ní rachaidh luach ranníocaíochtaí den sórt sin thar 40 % de bhuiséad bliantúil na fondúireachta polaitiúla Eorpaí sin agus ní fhéadfar iad a dhíorthú ó chistí a fuair páirtí polaitiúil Eorpach de bhun an Rialacháin seo ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Fanfaidh an dualgas cruthúnais ar an bpáirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann, a léireoidh go soiléir ina chuntais foinsí na gcistí arna n-úsáid chun a fhondúireacht pholaitiúil Eorpach chleamhnaithe a mhaoiniú.

9.   Gan dochar do mhír 7 agus do mhír 8, féadfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ranníocaíochtaí a ghlacadh ó shaoránaigh arb iad a gcomhaltaí iad suas go dtí luach EUR 18 000 in aghaidh na bliana agus in aghaidh an chomhalta, nuair a dhéanann an comhalta thar a cheann féin nó thar a ceann féin na ranníocaíochtaí sin.

Ní bheidh feidhm ag an uasteorainn a leagtar síos sa chéad fhomhír i gcás gur comhalta tofa de Pharlaimint na hEorpa, de Pharlaimint náisiúnta nó de pharlaimint réigiúnach nó de thionól réigiúnach é an comhalta lena mbaineann.

10.   Déanfar aon ranníocaíocht nach gceadaítear faoin Rialachán seo a thabhairt ar ais i gcomhréir le mír 6.

Airteagal 21

Feachtais a mhaoiniú i gcomhthéacs toghcháin do Pharlaimint na hEorpa

1.   Faoi réir an dara fomhír, féadfar cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó ó aon fhoinse eile a úsáid chun feachtais arna seoladh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha i gcomhthéacs na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa a mhaoiniú, ar feachtais iad ina nglacann siad, nó a gcomhaltaí, páirt mar a cheanglaítear le pointe (d) d’Airteagal 3(1).

I gcomhréir le hAirteagal 8 den Ionstraim maidir le toghadh fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (15), déantar cistiú agus teorannú féideartha speansas toghcháin do na páirtithe polaitiúla, do na hiarrthóirí agus do na tríú páirtithe uile, mar aon lena rannpháirtíocht, i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a rialú i ngach Ballstát trí fhorálacha náisiúnta.

2.   Ba cheart do na páirtithe polaitiúla Eorpacha caiteachas atá nasctha leis na feachtais dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint go soiléir amhlaidh ina ráitis airgeadais bhliantúla.

Airteagal 22

Cistiú a thoirmeasc

1.   D’ainneoin Airteagal 21(1), ní fhéadfar maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó ó aon fhoinse eile a úsáid le haghaidh maoiniú díreach nó maoiniú indíreach a dhéanamh ar pháirtithe polaitiúla eile, go háirithe páirtithe náisiúnta nó iarrthóirí náisiúnta. Leanfaidh na páirtithe polaitiúla náisiúnta agus na hiarrthóirí náisiúnta sin de bheith faoi rialú ag rialacha náisiúnta.

2.   Ní úsáidfear cistiú fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó ó aon fhoinse eile chun aon chríche eile seachas maoiniú a gcúraimí mar a liostaítear i bpointe (4) d’Airteagal 2 agus chun caiteachas atá nasctha go díreach leis na cuspóirí atá leagtha amach ina reachtanna i gcomhréir le hAirteagal 5 a chumhdach. Ní úsáidfear é go háirithe le haghaidh cistiú díreach nó indíreach toghchán, páirtithe polaitiúla, iarrthóirí ná fondúireachtaí eile.

3.   Ní úsáidfear cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh ná ó aon fhoinse eile chun feachtais reifrinn a mhaoiniú.

CAIBIDIL V

RIALÚ AGUS SMACHTBHANNAÍ

Airteagal 23

Cuntais, tuairisciú agus oibleagáidí iniúchóireachta

1.   Ar a dhéanaí laistigh de shé mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais, déanfaidh na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, an méid seo a leanas a chur faoi bhráid an Údaráis agus cuirfidh siad cóip de chuig Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa agus chuig Pointe Teagmhála Náisiúnta inniúil an Bhallstáit ina bhfuil a suíomh:

(a)

a ráitis airgeadais bhliantúla agus na nótaí a ghabhann leo, lena gcumhdaítear an t-ioncam agus an caiteachas, agus sócmhainní agus dliteanais ag tús agus ag deireadh na bliana airgeadais, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil suíomh acu, agus a ráitis airgeadais bhliantúla ar bhonn na gcaighdeán cuntasaíochta idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle (16);

(b)

tuarascáil iniúchóra sheachtraigh ar na ráitis airgeadais bhliantúla, lena gcumhdaítear iontaofacht na ráiteas airgeadais sin agus dlíthiúlacht agus rialtacht a n-ioncam agus a gcaiteachas araon, arna déanamh ag comhlacht nó saineolaí neamhspleách; agus

(c)

liosta na ndeontóirí agus a rannchuiditheoirí agus a ndeonachán comhfhreagrach nó a ranníocaíochtaí comhfhreagracha arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 20(2), (3) agus (4).

2.   I gcás ina gcuirfidh páirtithe polaitiúla Eorpacha caiteachas i gcrích go comhpháirteach le páirtithe polaitiúla náisiúnta nó ina gcuirfidh fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha caiteachas i gcrích go comhpháirteach le fondúireachtaí polaitiúla náisiúnta, nó le heagraíochtaí eile, áireofar fianaise faoin gcaiteachas arna thabhú ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha nó ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha go díreach nó go hindíreach trí na tríú páirtithe sin sna ráitis airgeadais bhliantúla dá dtagraítear i mír 1.

3.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa na comhlachtaí nó na saineolaithe neamhspleácha seachtracha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a roghnú, a shainordú agus a íoc. Déanfar iad a údarú go cuí chun cuntais a iniúchadh faoin dlí is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil a suíomh nó ina bhfuil siad bunaithe.

4.   Soláthróidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha aon fhaisnéis a iarrfaidh na comhlachtaí nó na saineolaithe neamhspleácha chun críche a n-iniúchta.

5.   Cuirfidh na comhlachtaí nó na saineolaithe neamhspleácha an tÚdarás agus Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht neamhdhleathach, calaois nó éilliú amhrasta a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais. Déanfaidh an tÚdarás agus Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa na Pointí Teagmhála Náisiúnta a chur ar an eolas faoi sin.

Airteagal 24

Rialacha ginearálta maidir le rialú

1.   Déanfar rialú ar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a fheidhmiú i gcomhar leis an Údarás, le hOifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa agus leis na Ballstáit inniúla.

2.   Déanfaidh an tÚdarás rialú ar a oibleagáidí faoin Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, go háirithe maidir le hAirteagal 3, pointe (a), pointe (b), agus pointe (d) go pointe (f) d’Airteagal 4(1), pointe (a) go pointe (d) agus pointe (g) d’Airteagal 5(1), Airteagal 9(5) agus (6), agus Airteagal 20, Airteagal 21 agus Airteagal 22.

Déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa rialú ar na hoibleagáidí a bhaineann le cistiú an Aontais faoin Rialachán seo a bheith a gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Agus an rialú sin á chur i gcrích, déanfaidh Parlaimint na hEorpa na bearta is gá i réimsí chosc agus chomhrac na calaoise a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

3.   Ní fholóidh rialú an Údaráis agus Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa dá dtagraítear i mír 2 a n-oibleagáidí faoin dlí náisiúnta is infheidhme, amhail dá dtagraítear in Airteagal 14, a bheith á gcomhlíonadh ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha.

4.   Soláthróidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha aon fhaisnéis a iarrfaidh an tÚdarás, Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa, an Chúirt Iniúchóirí, an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) nó na Ballstáit, ar faisnéis í is gá chun críche rialuithe a bhfuil siad freagrach astu faoin Rialachán seo a chur i gcrích.

Arna iarraidh sin orthu, agus chun críche comhlíonadh Airteagal 20 a rialú, cuirfidh na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha faisnéis ar fáil don Údarás maidir leis na ranníocaíochtaí a rinne comhaltaí aonair agus céannacht na gcomhaltaí sin. Thairis sin, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tÚdarás a chur de cheangal ar na páirtithe polaitiúla Eorpacha ráitis dheimhnitheacha shínithe a sholáthar ó chomhaltaí a shealbhaíonn sainorduithe tofa, chun críche comhlíonadh an choinníll a leagtar síos sa chéad fhomhír de phointe (b) d’Airteagal 3(1) a rialú.

Airteagal 25

Cur chun feidhme agus rialú maidir le cistiú ón Aontas

1.   Cinnfear leithreasaí chun páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chistiú faoi réir an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil agus cuirfear chun feidhme an méid sin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an Rialachán Airgeadais.

Leagfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa síos na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh ranníocaíochtaí agus deontas sa ghlao ar ranníocaíochtaí agus sa ghlao ar thograí.

2.   Déanfar rialú an chistithe arna fháil ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, agus a úsáid, a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

Déanfar rialú a fheidhmiú freisin ar bhonn deimhniú bliantúil arna dhéanamh le hiniúchadh seachtrach neamhspleách, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 23(1).

3.   Feidhmeoidh an Chúirt Iniúchóirí a chumhachtaí iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 287 CFAE.

4.   Maidir le haon doiciméad nó aon fhaisnéis atá riachtanach don Chúirt Iniúchóirí chun a cúram a chur i gcrích, déanfaidh na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a fhaigheann cistiú i gcomhréir leis an Rialachán iad a sholáthar arna iarraidh sin don Chúirt.

5.   Sa chinneadh nó sa chomhaontú maidir le ranníocaíocht agus deontas, déanfar foráil go sainráite maidir le hiniúchadh a dhéanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa agus an Chúirt Iniúchóirí, ar bhonn taifead agus iniúchadh ar an láthair, ar an bpáirtí polaitiúil Eorpach a fuair ranníocaíocht nó ar an bhfondúireacht pholaitiúil Eorpach a fuair deontas ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

6.   Féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa, nó aon chomhlacht seachtrach arna údarú ag Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa, na seiceálacha agus na fíoruithe ar an láthair is gá a dhéanamh chun dlíthiúlacht caiteachais agus cur chun feidhme ceart fhorálacha na ranníocaíochta agus an chinnidh nó an chomhaontaithe maidir le deontas, agus, i gcás fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, cur chun feidhme ceart an chláir oibre nó na gníomhaíochta, a fhíorú. Soláthróidh an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann aon doiciméad nó faisnéis is gá chun an cúram seo a chur i gcrích.

7.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireacht ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (18) d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a bhaineann le ranníocaíochtaí nó le deontais faoin Rialachán seo. Más iomchuí, féadfaidh cinntí ó Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa eascairt as a fhionnachtana.

Airteagal 26

Tacaíocht theicniúil

Beidh an tacaíocht uile a chuirtear ar fáil ag Pharlaimint na hEorpa do pháirtithe polaitiúla Eorpacha bunaithe ar phrionsabal na córa comhionainne. Tabharfar an tacaíocht sin ar choinníollacha nach lú fabhar ná na coinníollacha a thugtar d’eagraíochtaí agus do chomhlachais sheachtracha eile a bhféadtar saoráidí comhchosúla a thabhairt dóibh agus soláthrófar iad in aghaidh sonraisc agus íocaíochta.

Airteagal 27

Smachtbhannaí

1.   I gcomhréir le hAirteagal 16, déanfaidh an tÚdarás cinneadh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a bhaint den Chlár trí bhíthin smachtbhanna in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inár cinneadh i mbreithiúnas a bhfuil fórsa res judicata aige go raibh an páirtí nó an fhondúireacht lena mbaineann páirteach i ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha atá díobhálach do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 106(1) den Rialachán Airgeadais;

(b)

nuair a shuitear, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 10(2) go (5), nach gcomhlíonann sé a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a), pointe (c) agus pointe (e) d’Airteagal 3(1) agus in Airteagal 3(2); nó

(c)

nuair a thagann iarraidh ó Bhallstát ar dhíchlárú ar bhonn mainneachtain thromchúiseach oibleagáidí faoin dlí náisiúnta a chomhlíonadh agus go gcomhlíonann an iarraidh sin na ceanglais a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 16(3).

2.   Forchuirfidh an tÚdarás smachtbhannaí airgeadais sna cásanna seo a leanas:

(a)

sáruithe neamh-inchainníochtaithe:

(i)

i gcás neamhchomhlíonadh cheanglais Airteagal 9(5) nó (6):

(ii)

i gcás nach gcomhlíontar na gealltanais a thug páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach, agus an fhaisnéis a sholáthair siad, i gcomhréir le pointe (a), pointe (b) agus pointe (d) go pointe (f) d’Airteagal 4(1) agus le pointe (a), pointe (b), pointe (d) agus pointe (e) d’Airteagal 5(1),

(iii)

i gcás ina mainnítear liosta na ndeontóirí agus a ndeonacháin chomhfhreagracha a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 20(2) nó deonacháin a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 20(3) agus (4),

(iv)

i gcásanna inar sháraigh páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 23(1) nó in Airteagal 24(4);

(v)

i gcás ina bhfuil páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach faoi réir breithiúnais a bhfuil fórsa res judicata aige i gcás gníomhaíochtaí neamhdhleathacha atá díobhálach do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 106(1) den Rialachán Airgeadais;

(vi)

sna cásanna ina ndearna páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann, tráth ar bith agus d’aon ghnó faisnéis a fhágáil ar lár nó faisnéis mhícheart nó mhíthreorach a thabhairt nó i gcás ina mbraitheann na comhlachtaí atá údaraithe leis an Rialachán seo chun tairbhithe an chistithe ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a iniúchadh nó seiceálacha a dhéanamh orthu míchruinnis sna ráitis airgeadais bhliantúla a mheastar a bheith ina n-easnaimh ábhartha nó ina míráitis d’ítimí i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 iad.

(b)

sáruithe inchainníochtaithe:

(i)

i gcás inar ghlac páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach le deonacháin agus le ranníocaíochtaí nach gceadaítear faoi Airteagal 20(1) nó (5), mura rud é go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 20(6);

(ii)

i gcás neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 21 agus Airteagal 22.

3.   Féadfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a eisiamh ó chistiú de chuid an Aontais amach anseo suas le cúig bliana i gcás athsháraithe laistigh de thréimhse cúig bliana, nuair a fuarthas ciontach é nó í in aon cheann de na sáruithe a liostaítear i bpointe (v) agus i bpointe (vi) de phointe (a) de mhír 2. Tá sé sin gan dochar do chumhachtaí Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa mar a leagtar amach in Airteagal 204n den Rialachán Airgeadais.

4.   Chun críocha chur i bhfeidhm mhír 2 agus mhír 3, déanfar na smachtbhannaí airgeadais seo a leanas a fhorchur ar pháirtí polaitiúil Eorpach nó ar fhondúireacht pholaitiúil Eorpach:

(a)

i gcás sáruithe neamh-inchainníochtaithe, céatadán seasta de bhuiséad bliantúil an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh lena mbaineann nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí lena mbaineann:

5 %; nó

7,5 % má tá sáruithe comhthráthacha ann; nó

20 % más athshárú é an sárú atá i gceist; nó

an tríú cuid de na céatadáin thuasluaite má dhearbhaigh an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach an sárú sular oscail an tÚdarás imscrúdú go hoifigiúil, fiú i gcás ciona chomhthráthaigh nó athsháraithe, agus go bhfuil bearta ceartaitheacha iomchuí glactha ag an páirtí nó ag an bhfondúireacht lena mbaineann;

50 % de bhuiséad bliantúil an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh lena mbaineann nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí lena mbaineann don bhliain roimhe sin, nuair atá sé faoi réir breithiúnais a bhfuil fórsa res judicata aige i gcás gníomhaíochtaí neamhdhleathacha atá díobhálach do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear in Airteagal 106(1) den Rialachán Airgeadais;

(b)

i gcás sáruithe inchainníochtaithe, céatadán seasta de mhéid na suimeanna neamhrialta a bhraitear nó nach dtuairiscítear i gcomhréir leis an scála seo a leanas, le huasmhéid de 10 % de bhuiséad bliantúil an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh lena mbaineann nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí lena mbaineann:

100 % de na suimeanna neamhrialta a fuarthas nó nach dtuairiscítear nuair nach bhfuil na suimeanna sin níos mó ná EUR 50 000; nó

150 % de na suimeanna neamhrialta a fuarthas nó nach dtuairiscítear nuair atá na suimeanna sin níos mó ná EUR 50 000 ach nuair nach bhfuil siad níos mó ná EUR 100 000, nó

200 % de na suimeanna neamhrialta a fuarthas nó nach dtuairiscítear nuair atá na suimeanna sin níos mó ná EUR 100 000 ach nuair nach bhfuil siad níos mó ná EUR 150 000, nó

250 % de na suimeanna neamhrialta a fuarthas nó nach dtuairiscítear nuair atá na suimeanna sin níos mó ná EUR 150 000 ach nuair nach bhfuil siad níos mó ná EUR 200 000, nó

300 % de na suimeanna neamhrialta a fuarthas nó nach dtuairiscítear nuair atá na suimeanna sin níos mó ná EUR 200 000, nó

aon trian de na céatadáin atá sonraithe thuas má dhearbhaigh an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann an sárú go deonach sular oscail an tÚdarás agus/nó Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa imscrúdú go hoifigiúil agus go bhfuil na bearta ceartaitheacha iomchuí déanta ag an bpáirtí nó ag an bhfondúireacht lena mbaineann.

Chun na céatadáin atá sonraithe thuas a chur i bhfeidhm, measfar ar leithligh gach deonachán nó ranníocaíocht.

5.   Nuair a bheidh sáruithe comhthráthacha i gcoinne an Rialacháin seo, déanta ag páirtí polaitiúil Eorpach nó ag fondúireacht pholaitiúil Eorpach, ní fhorchuirfear ach an smachtbhanna a leagtar síos don chion is tromchúisí, mura rud é go bhforáiltear a mhalairt i bpointe (a) de mhír 4.

6.   Na smachtbhannaí a leagtar síos sa Rialachán seo, beidh siad faoi réir tréimhse teorann cúig bliana amhail ón dáta a ndearnadh an sárú lena mbaineann nó, i gcás sáruithe leanúnacha nó sáruithe a tharlaíonn arís agus arís eile, an dáta ar scoir na sáruithe sin.

Airteagal 28

Comhar idir an tÚdarás, Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa agus na Ballstáit

1.   Déanfaidh an tÚdarás, Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa agus na Ballstáit trí na Pointí Teagmhála Náisiúnta faisnéis a roinnt lena chéile agus a chéile a chur ar an eolas go tráthrialta faoi nithe a bhaineann le forálacha cistithe, le rialuithe agus le smachtbhannaí.

2.   Aontóidh siad freisin maidir leis na socruithe praiticiúla do mhalartú faisnéise den sórt sin, lena n-áirítear na rialacha maidir le nochtadh faisnéise nó fianaise rúnda agus maidir le comhar idir na Ballstáit.

3.   Déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa an tÚdarás a chur ar an eolas faoi aon fhionnachtana a bhféadfadh forchur smachtbhannaí eascairt astu faoi Airteagal 27(2) go (4) d’fhonn ligean don Údarás bearta iomchuí a dhéanamh.

4.   Déanfaidh an tÚdarás Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoi aon chinneadh a bheidh glactha aige maidir le smachtbhannaí chun a chur ar a chumas nó a cumas teacht ar na hiarmhairtí iomchuí faoin Rialachán Airgeadais.

Airteagal 29

Bearta ceartaitheacha agus prionsabail an dea-riaracháin

1.   Sula ndéanfaidh siad cinneadh críochnaitheach maidir le haon cheann de na smachtbhannaí dá dtagraítear in Airteagal 27, tabharfaidh an tÚdarás nó Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa an deis don pháirtí polaitiúil Eorpach lena mbaineann nó don fhondúireacht pholaitiúil Eorpach lena mbaineann na bearta is gá a thabhairt isteach chun an cor a leigheas laistigh de tréimhse réasúnta ama, nach rachaidh de ghnáth thar aon mhí amháin. Go háirithe, déanfaidh an tÚdarás nó tOifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa an deis a thabhairt earráidí cléireachais agus uimhríochta a cheartú, doiciméid nó faisnéis bhreise a sholáthar i gcás inar gá sin nó aon mhionbhotúin a cheartú.

2.   I gcás ina mbeidh mainnithe ag páirtí polaitiúil Eorpach nó ag fondúireacht pholaitiúil Eorpach bearta ceartaitheacha a dhéanamh laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i mír 1, glacfar cinneadh maidir leis na smachtbhannaí iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 27 a fhorchur.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 maidir leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) go pointe (d) d’Airteagal 3(1) agus i bpointe (c) d’Airteagal 3(2).

Airteagal 30

Aisghabháil

1.   Ar bhonn an chinnidh ón Údarás páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach a bhaint den Chlár, déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa aon chinneadh nó comhaontú leanúnach maidir le cistiú Aontais a tharraingt siar nó a fhoirceannadh, ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear i bpointe (c) d’Airteagal 16(2) agus i bpointe (b) agus pointe (d) d’Airteagal 3 (1). Déanfaidh sé nó sí aon chistiú Aontais a aisghabháil freisin, lena n-áirítear aon chistí ó bhlianta roimhe sin nár caitheadh.

2.   Maidir le páirtí polaitiúil Eorpach nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ar forchuireadh smachtbhanna air nó uirthi as aon cheann de na sáruithe atá liostaithe in Airteagal 27(1) agus i bpointe (v) agus pointe (vi) d’Airteagal 27(2)(a), ní bheidh sé ar an gcúis sin ag comhlíonadh Airteagal 18(2) a thuilleadh. Dá thoradh sin, déanfaidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa an comhaontú nó an cinneadh um ranníocaíocht nó deontas maidir le cistiú an Aontais arna fháil faoin Rialachán seo a fhoirceannadh, agus suimeanna arna n-íoc go míchuí faoin chomhaontú nó cinneadh um ranníocaíocht nó deontas a aisghabháil, lena n-áirítear cistí Aontais nár caitheadh óna blianta roimhe sin.

I gcás foirceannadh den sórt sin, déanfar íocaíochtaí ó Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa a theorannú go dtí an caiteachas incháilithe a thabhaigh an páirtí polaitiúil Eorpach nó an fhondúireacht pholaitiúil Eorpach go hiarbhír suas go dtí an dáta a dtiocfaidh an cinneadh um fhoirceannadh i bhfeidhm.

Beidh an mhír seo infheidhme freisin maidir leis na cásanna dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 16(2) agus i bpointe (b) agus pointe (d) d’Airteagal 3(1).

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 31

Faisnéis a sholáthar do shaoránaigh

Faoi réir Airteagal 21 agus Airteagal 22 agus a reachtanna agus a bpróiseas inmheánach féin, féadfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha, i gcomhthéacs na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa, na bearta uile is iomchuí a dhéanamh chun saoránaigh an Aontais a chur ar an eolas faoi na cleamhnachtaí idir páirtithe agus iarrthóirí polaitiúla náisiúnta agus na páirtithe polaitiúla Eorpacha lena mbaineann.

Airteagal 32

Trédhearcacht

1.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, faoi údarás a Oifigigh Údarúcháin nó an Údaráis, na nithe seo a leanas a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin a chruthófar chun na críche sin:

(a)

ainmneacha agus reachtanna na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha uile, mar aon leis na doiciméid arna gcur isteach mar chuid dena n-iarratais ar chlárú i gcomhréir le hAirteagal 8, ar a dhéanaí ceithre seachtaine tar éis don Údarás a chinneadh a ghlacadh agus, i ndiaidh sin, aon leasuithe arna gcur i bhfógra chuig an Údarás de bhun Airteagal 9(5) agus (6);

(b)

liosta de na hiarratais nach bhfuil formheasta, mar aon leis na doiciméid arna gcur isteach mar chuid den iarratas, mar aon leis an iarratas ar chlárú i gcomhréir le hAirteagal 8 agus forais an diúltaithe, ar a dhéanaí ceithre seachtaine tar éis don Údarás a cinneadh a ghlacadh;

(c)

tuarascáil bhliantúil ina mbeidh tábla de na méideanna a íocadh le gach páirtí polaitiúil Eorpach agus fondúireacht pholaitiúil Eorpach, i n-aghaidh gach bliana airgeadais a bhfuarthas ranníocaíochtaí nó ar íocadh deontais ina leith ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh;

(d)

ráitis airgeadais bhliantúla agus tuarascálacha iniúchóra sheachtraigh dá dtagraítear in Airteagal 23(1), agus, i gcás na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, na tuarascálacha deiridh faoi chur chun feidhme na gclár oibre nó na ngníomhaíochtaí;

(e)

ainmneacha na ndeontóirí agus a ndeonacháin chomhfhreagracha arna dtuairisciú ag na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ag na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 20(2), (3) agus (4), cé is moite de dheonacháin ó dhaoine nádúrtha ar luach nach mó ná EUR 1 500 in aghaidh na bliana agus in aghaidh an deontóra a thuairisceofar mar “ranníocaíochtaí beaga”. Ní fhoilseofar deonacháin ó dhaoine nádúrtha, ar deonacháin iad ar mó a luach bliantúil ná EUR 1 500 agus atá faoi bhun nó cothrom le EUR 3 000 gan toiliú roimh ré an deontóra chomhfhreagraigh maidir lena bhfoilsiú. Mura bhfuil toiliú roimh ré den sórt sin tugtha, déanfar na deonacháin sin a thuairisciú mar “dheonacháin bheaga”. Déanfar méid iomlán na ndeonachán beag agus líon na ndeontóirí in aghaidh na bliana féilire a fhoilsiú freisin;

(f)

na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 20(7) agus (8) agus a thuairiscigh na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 20(2), lena n-áirítear freisin aitheantas na mballpháirtithe nó na mballeagraíochtaí a thug na ranníocaíochtaí sin;

(g)

mionsonraí aon chinntí críochnaitheacha arna ndéanamh ag an Údarás de bhun Airteagal 27, agus na cúiseanna leo, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, aon tuairimí arna nglacadh ag an gcoiste de dhaoine neamhspleácha oirirce i gcomhréir le hAirteagal 10 agus le hAirteagal 11, ag féachaint go cuí do Rialachán (CE) Uimh. 45/2001;

(h)

mionsonraí aon chinntí críochnaitheacha arna ndéanamh ag Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa de bhun Airteagal 27, agus na cúiseanna leo;

(i)

tuairisc ar an tacaíocht theicniúil a tugadh do pháirtithe polaitiúla Eorpacha; agus

(j)

an tuarascáil mheastóireachta ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú dá dtagraítear in Airteagal 38.

2.   Poibleoidh Parlaimint na hEorpa liosta de na daoine dlítheanacha ar comhaltaí iad de pháirtí polaitiúil Eorpach, liosta a bheidh i gceangal le reachtanna an pháirtí i gcomhréir le hAirteagal 4(2) agus arna thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 9(6) chomh maith le líon iomlán na gcomhaltaí aonair.

3.   Déanfar sonraí pearsanta a eisiamh ó fhoilsiú ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 1 mura rud é go bhfoilseofar na sonraí pearsanta sin de bhun phointe (a), phointe (e), nó phointe (g) de mhír 1.

4.   Déanfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, i ráiteas príobháideachais a bheidh ar fáil go poiblí, an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt le hAirteagal 10 de Threoir 95/46/CE a chur ar fáil do chomhaltaí agus do dheontóirí ionchasacha agus cuirfidh siad i bhfios dóibh go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa, an tÚdarás, OLAF, an Chúirt Iniúchóirí, na Ballstáit, nó comhlachtaí nó saineolaithe seachtracha arna n-údarú acusan a sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche iniúchta agus go bpoibleofar a sonraí pearsanta ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 1 faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo. Agus Airteagal 11 de Rialachán (CE) 45/2001 á chur i bhfeidhm, áireoidh Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa, an fhaisnéis cheánna sna glaonna ar ranníocaíochtaí nó tograí amhail dá dtagraítear in Airteagal 18(1) den Rialachán seo.

Airteagal 33

Sonraí pearsanta a chosaint

1.   Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil de bhun an Rialacháin seo, comhlíonfaidh an tÚdarás, Parlaimint na hEorpa agus coiste na ndaoine oirirce neamhspleácha arna bhunú le hAirteagal 11 Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Chun críocha sonraí pearsanta a phróiseáil, measfar iad a bheith ina rialaitheoirí sonraí i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 2 den Rialachán sin.

2.   Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil de bhun an Rialacháin sin, déanfaidh na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, na Ballstáit agus rialú a fheidhmiú acu ar ghnéithe a bhaineann le maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 24 agus na comhlachtaí agus na saineolaithe neamhspleácha arna n-údarú chun cuntais a iniúchadh i gcomhréir le hAirteagal 23(1) Treoir 95/46/CE agus na forálacha náisiúnta arna nglacadh dá bun a chomhlíonadh. Chun críocha sonraí pearsanta a phróiseáil, measfar iad a bheith ina rialaitheoirí sonraí i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 2 den Treoir sin.

3.   Áiritheoidh an tÚdarás, Parlaimint na hEorpa agus coiste na ndaoine oirirce neamhspleácha arna bhunú le hAirteagal 11 nach n-úsáidfear sonraí pearsanta arna mbailiú acu de bhun an Rialacháin seo chun aon chríocha seachas dlíthiúlacht, rialtacht agus trédhearcacht chistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus comhaltas páirtithe polaitiúla Eorpacha a áirithiú. Scriosfaidh siad na sonraí pearsanta sin go léir a bheidh bailithe chun na críche sin ar a dhéanaí 24 mhí tar éis na codanna ábhartha a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 32.

4.   Ní úsáidfidh na Ballstáit agus na comhlachtaí nó na saineolaithe neamhspleácha arna n-údarú chun cuntais a iniúchadh na sonraí pearsanta a fhaigheann siad ach amháin chun rialú a fheidhmiú ar mhaoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus ar fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha. Scriosfaidh siad na sonraí pearsanta sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme tar éis iad a tharchur de bhun Airteagal 28.

5.   Féadfar sonraí pearsanta a choinneáil thar na teorainneacha ama a leagtar síos i mír 3 nó dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta is infheidhme amhail dá dtagraítear i mír 4 más gá coinneáil den sórt sin chun críocha nósanna imeachta dlíthiúla nó riaracháin a bhaineann le cistiú páirtí pholaitiúil Eorpaigh nó fondúireachta polaitiúla Eorpaí nó le comhaltas páirtí pholaitiúil Eorpaigh. Scriosfar na sonraí pearsanta sin uile ar a dhéanaí seachtain amháin tar éis an dáta a dtabharfar na himeachtaí sin chun críche trí chinneadh críochnaitheach, nó tar éis aon iniúchtaí, achomhairc nó éilimh a chur de láimh.

6.   Déanfaidh na rialaitheoirí sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme chun sonraí pearsanta a chosaint in aghaidh scriosadh tionóisceach nó neamhdhleathach, cailleadh, athrú nó nochtadh nó rochtain neamhúdaraithe, go háirithe i gcás ina mbaineann próiseáil sonraí den sórt sin le hiad a tharchur thar líonra, agus in aghaidh aon fhoirmeacha neamhdhleathacha próiseála eile.

7.   Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh agus as a áirithiú go ndéanfaidh an tÚdarás, Parlaimint na hEorpa agus coiste na ndaoine oirirce neamhspleácha arna bhunú le hAirteagal 11 cearta bunúsacha agus saoirsí daoine nádúrtha a urramú agus a chosaint agus sonraí pearsanta á bpróiseáil de bhun an Rialacháin seo. Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, féadfaidh aon duine is ábhar do shonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí má mheasann sé nó sí go bhfuil an ceart maidir le cosaint a chuid nó a cuid sonraí pearsanta sáraithe de thoradh phróiseáil na sonraí sin ag an Údarás, ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gcoiste.

8.   Beidh na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, na Ballstáit agus na comhlachtaí nó na saineolaithe neamhspleácha arna n-údarú chun cuntais a iniúchadh faoin Rialachán seo faoi dhliteanas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme i leith aon damáiste a dhéanann siad agus sonraí pearsanta á bpróiseáil acu de bhun an Rialacháin seo. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm i gcás sáruithe ar an Rialachán seo, ar Threoir 95/46/CE agus ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh dá mbun, agus go háirithe i gcás úsáide calaoisí sonraí pearsanta.

Airteagal 34

An ceart éisteacht a fháil

Sula nglacfaidh an tÚdarás nó Oifigeach Údarúcháin Pharlaimint na hEorpa cinneadh a bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith aige ar chearta páirtí pholaitiúil Eorpaigh, fondúireachta polaitiúla Eorpaí nó iarratasóra amhail dá dtagraítear in Airteagal 8, tabharfaidh sé éisteacht d’ionadaithe an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh, na fondúireachta polaitiúla Eorpaí nó an iarratasóra lena mbaineann. Déanfaidh an tÚdarás nó Parlaimint na hEorpa na cúiseanna dá chinneadh a lua go cuí.

Airteagal 35

Ceart achomhairc

Féadfaidh cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo a bheith faoi réir imeachtaí cúirte os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le forálacha ábhartha CFAE.

Airteagal 36

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus in Airteagal 8(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 24 Samhain 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus in Airteagal 8(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinnidh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(2) agus Airteagal 8(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 37

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 38

Meastóireacht

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, tar éis di dul i gcomhairle leis an Údarás, tuarascáil a fhoilsiú faoi lár 2018 maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú. Léireofar sa tuarascáil, i gcás inarb iomchuí, leasuithe féideartha atá le déanamh ar na córais reachta agus cistiúcháin.

Roimh dheireadh 2018, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mbeidh ag gabháil leis, más iomchuí, togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú.

Airteagal 39

Cur i bhfeidhm éifeachtach

Déanfaidh na Ballstáit cibé foráil is iomchuí chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.

Airteagal 40

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 le héifeacht ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige, áfach, maidir le gníomhartha agus gealltanais a bhaineann le cistiú páirtithe polaitiúla agus fondúireachtaí polaitiúla ar an leibhéal Eorpach do na blianta buiséid 2014, 2015, 2016 agus 2017.

Airteagal 41

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe amhail dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus i bpointe (a) d’Airteagal 8(3) tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2015.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón 1 Eanáir 2017. Cuirfear ar bun an tÚdarás dá dtagraítear in Airteagal 6, áfach, faoin 1 Meán Fómhair 2016. Ní fhéadfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a bheidh cláraithe tar éis an 1 Eanáir 2017 ach cistiú faoin Rialachán seo a iarraidh le haghaidh gníomhaíochtaí a bheidh ag tosú sa bhliain bhuiséid 2018 nó ina dhiaidh sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 22 Deireadh Fómhair 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. DELLA VEDOVA


(1)  IO C 133, 9.5.2013, lch. 90.

(2)  IO C 62, 2.3.2013, lch. 77.

(3)  IO C 67, 7.3.2013, lch. 1.

(4)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2014.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach agus maidir leis na rialacha a bhaineann lena gcistiú (IO L 297, 15.11.2003, lch. 1).

(6)  IO C 296 E, 2.10.2012, lch. 46.

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(9)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(10)  IO C 253, 3.9.2013, lch. 12.

(11)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(12)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(13)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(14)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 ag cinneadh na dteangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).

(15)  IO L 278, 08.10.76, lch. 5.

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Frith-Chalaoise Eorpach (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(18)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí bheidh le déanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus i gcoinne mírialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

Dearbhú caighdeánach atá le comhlánú ag gach iarratasóir

Déanann an duine a bhfuil a shíniú anseo thíos, a bhfuil sainordú iomlán aige ó [ainm an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó na fondúireachta polaitiúla Eorpaí], a dheimhniú leis seo:

go bhfuil [ainm an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh nó na fondúireacht polaitiúla Eorpaí] tiomanta na coinníollacha le haghaidh clárú a leagtar síos i bpointe (c) d’Airteagal 3(1) nó pointe (c) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a chomhlíonadh, i.e. go ndéanfaidh sé a chomhall, ina chláir/cláir agus ina ghníomhaíochtaí/gníomhaíochtaí, na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, faoi mar a chuirtear in iúl in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, eadhon meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcothromas, ar an smacht reachta agus meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.

Sínitheoir údaraithe:

Teideal (Bn, an tUas., …) sloinne agus céadainm:

 

Feidhm san eagraíocht atá ag déanamh iarratais ar chlárú mar pháirtí polaitiúil Eorpach/fondúireacht pholaitiúil Eorpach:

 

Áit/dáta:

 

Síniú:

 


Top