EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0658

Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach chun gníomhaíochtaí cógas-aireachais a dhéanamh i ndáil le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

IO L 189, 27.6.2014, p. 112–127 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 04/10/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/658/oj

27.6.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

112


RIALACHÁN (AE) Uimh. 658/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

maidir le táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach chun gníomhaíochtaí cógas-aireachais a dhéanamh i ndáil le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus pointe (c) d’Airteagal 168(4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá ioncam na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (“an Ghníomhaireacht”) comhdhéanta de ranníocaíocht ón Aontas agus táillí arna n-íoc ag gnóthais chun údaruithe margaíochta an Aontais a fháil agus a choinneáil agus ar sheirbhísí eile amhail dá dtagraítear in Airteagal 67(3) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(2)

Na forálacha maidir le cógas-aireachas a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (“táirgí íocshláinte”) atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 agus i dTreoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leasaíodh iad le Treoir 2010/84/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), Rialachán (AE) Uimh. 1235/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), Treoir 2012/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Rialachán (AE) Uimh. 1027/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Déantar foráil leis na leasuithe sin do chúraimí nua cógas-aireachais don Ghníomhaireacht lena n-áirítear nósanna imeachta cógas-aireachais a dhéantar ar leibhéal an Aontais, faireachán ar chásanna litríochta agus úsáid feabhsaithe uirlisí teicneolaíochta faisnéise. Ina theannta sin, foráiltear leis na leasuithe sin gur cheart a chur ar chumas na Gníomhaireachta na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú ó tháillí arna ngearradh ar shealbhóirí údaruithe margaíochta. Dá bhrí sin, ba cheart cineálacha nua táillí a chruthú chun cúraimí nua agus sonracha na Gníomhaireachta a chumhdach.

(3)

D’fhonn cur ar chumas na Gníomhaireachta táillí a ghearradh ar na cúraimí nua cógas-aireachais sin, agus ar feitheamh athbhreithnithe foriomláin reachtaigh ar chórais na dtáillí in earnáil na dtáirgí íocshláinte, ba cheart an Rialachán seo a ghlacadh. Beidh feidhm ag na táillí dá bhforáiltear sa Rialachán seo gan dochar do na táillí atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 297/95 ón gComhairle (9).

(4)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith bunaithe ar an débhunús dlí d’Airteagal 114 agus de phointe (c) d’Airteagal 168(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Is é is aidhm leis gníomhaíochtaí cógas-aireachais a mhaoiniú atá mar thaca le margadh inmheánach a bhaint amach i ndáil le táirgí íocshláinte, agus ardleibhéal cosanta sláinte mar bhonn. Ag an am céanna, is é atá mar aidhm ag an Rialachán seo acmhainní airgeadais á áirithiú atá mar thaca leis na gníomhaíochtaí ina dtugtar aghaidh ar na hábhair choitianta imní chun ardleibhéil cáilíochta, sabháilteachta agus éifeachtúlachta táirgí íocshláinte a choinneáil. Tá an dá chuspóir doscartha sin á saothrú go comhuaineach agus tá dlúthnasc eatarthu, sa chaoi nach dtabharfar tosaíocht do cheachtar acu.

(5)

Ba cheart struchtúr agus méid na dtáillí cógas-aireachais arna mbailiú ag an nGníomhaireacht chomh maith leis na rialacha maidir lena n-íocaíocht a bhunú. Ba cheart go mbeadh sé chomh simplí agus is féidir struchtúr na dtáillí a chur i bhfeidhm chun an t-ualach riaracháin lena mbaineann a íoslaghdú.

(6)

I gcomhréir leis an Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle AE agus ón gCoimisiún Eorpach an 19 Iúil 2012 maidir le gníomhaireachtaí díláraithe, i ndáil le comhlachtaí ina bhfuil an t-ioncam comhdhéanta de tháillí agus muirir anuas ar ranníocaíocht an Aontais, ba cheart na táillí a shocrú ar leibhéal ag a seachnófaí easnamh nó carnadh suntasach barrachais agus ba cheart athbhreithniú a dhéanamh orthu nuair nach amhlaidh an cás. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na táillí atá leagtha amach sa Rialachán seo bunaithe ar mheastóireacht ar mheastacháin agus réamhaisnéisí na Gníomhaireachta maidir lena hualach oibre agus costais lena mbaineann agus ar bhonn meastóireachta ar chostais na hoibre arna déanamh ag údaráis inniúla na mBallstát ag gníomhú dóibh mar rapóirtéirí agus, i gcás inarb iomchuí, mar chomhrapóirtéirí i gcomhréir le hAirteagal 61(6) agus Airteagal 62(1) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 agus Airteagail 107e, 107j agus 107q de Threoir 2001/83/CE.

(7)

Ba cheart na táillí a bhunaítear leis an Rialachán seo a bheith trédhearcach, cothrom agus comhréireach leis an obair arna déanamh. Ba cheart go mbeadh faisnéis faoi na táillí sin ar fáil go poiblí. Maidir le haon athbhreithniú a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht amach anseo ar tháillí cógas-aireachais nó ar tháillí eile a thoibheoidh an Ghníomhaireacht, ba cheart go mbeadh sé bunaithe ar mheastóireacht thrédhearcach agus neamhspleách ar chostais na Gníomhaireachta agus ar chostais na gcúraimí a dhéanann na húdaráis inniúla náisiúnta.

(8)

Níor cheart rialú a dhéanamh leis an Rialachán seo ach ar tháillí atá le tobhach ag an nGníomhaireacht, ach ba cheart an inniúlacht chun cinneadh a dhéanamh maidir le táillí a d’fhéadfadh údaráis inniúla náisiúnta a thobhach fanacht leis na Ballstáit, lena n-áirítear i ndáil le cúraimí maidir le comharthaí a bhrath. Níor cheart sealbhóirí údaruithe margaíochta a mhuirearú faoi dhó as an ngníomhaíocht cógas-aireachais chéanna. Níor cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, táillí a thobhach ar na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo.

(9)

Ar chúiseanna intuarthachta agus soiléire, ba cheart méideanna na dtáillí a sholáthar in euro.

(10)

Ba cheart dhá chineál éagsúla táillí a thobhach faoin Rialachán seo chun ilghnéitheacht chúraimí na Gníomhaireachta agus na rapóirtéirí agus, i gcás inarb iomchuí, na gcomhrapóirtéirí a chur san áireamh. Ar an gcéad dul síos, ba cheart na táillí ar nósanna imeachta cógas-aireachais arna ndéanamh ar leibhéal an Aontais a ghearradh ar shealbhóirí na n-údaruithe margaíochta sin ar cuid den nós imeachta a dtáirgí íocshláinte. Baineann na nósanna imeachta sin leis an measúnú ar thuarascálacha tréimhsiúla cothrom le dáta maidir le sábháilteacht, an measúnú ar staidéir sábháilteachta iar-údaraithe agus na measúnuithe i gcomhthéacs tarchur arna dtionscnamh mar thoradh ar shonraí cógas-aireachais a mheas. Ar an dara dul síos, ba cheart táille bhliantúil a ghearradh ar ghníomhaíochtaí cógas-aireachais eile arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht a théann chun sochair sealbhóirí údaruithe margaíochta ar an iomlán. Baineann na gníomhaíochtaí sin le teicneolaíocht faisnéise, go háirithe cothabháil ar bhunachar sonraí “Eudravigilance” dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 agus faireachán ar litríocht leighis roghnaithe.

(11)

Íocann sealbhóirí údaruithe margaíochta as táirgí íocshláinte atá údaraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 táille bhliantúil leis an nGníomhaireacht cheana féin chun a n-údaruithe a choinneáil, lena n-áirítear gníomhaíochtaí cógas-aireachais atá cumhdaithe sa táille bhliantúil a bhunaítear leis an Rialachán seo. Chun muirearú dúbailte ar na gníomhaíochtaí cógas-aireachais sin de chuid na Gníomhaireachta a sheachaint, níor cheart an táille bhliantúil a bhunaítear leis an Rialachán seo a ghearradh ar údaruithe margaíochta arna dtabhairt faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004.

(12)

Is é atá i gceist leis an obair a dhéantar ar leibhéal an Aontais maidir leis an measúnú ar staidéir sábháilteachta iar-údaraithe neamh-idirghabhálacha a d’fhorchuir an Ghníomhaireacht nó an t-údarás inniúil náisiúnta, a dhéanfar i níos mó ná Ballstát amháin agus ar gá don Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí an prótacal a fhormhuiniú, maoirseacht ar na staidéir sin, lena n-áirítear measúnú ar an dréachtphrótacal, agus an measúnú ar na tuarascálacha staidéir deiridh. Dá bhrí sin, ba cheart go gcumhdófaí sa táille arna tobhach ar an nós imeachta sin an obair ar fad a bhaineann leis an staidéar. Ós rud é go spreagann an reachtaíocht maidir le cógas-aireachas comhstaidéir sábháilteachta iar-údaraithe a dhéanamh, ba cheart do shealbhóirí um údaruithe margaíochta an táille is infheidhme a roinnt i gcás ina dtíolactar comhstaidéar. Chun muirearú dúbailte a sheachaint, ba cheart sealbhóirí údaruithe margaíochta a ngearrtar an táille orthu as an measúnú ar staidéir sábháilteachta iar-údaraithe den chineál sin a dhíolmhú ó tháille ar bith eile arna ngearradh ag an nGníomhaireacht nó ag údarás inniúil náisiúnta as na staidéir sin a thíolacadh.

(13)

Maidir lena measúnaithe, braitheann rapóirtéirí ar mheasúnaithe eolaíocha agus acmhainní eolaíocha na n-údarás inniúil náisiúnta, agus tá an fhreagracht ar an nGníomhaireacht na hacmhainní eolaíocha atá ann cheana a thugann na Ballstáit di a chomhordú. I bhfianaise an méid sin, agus chun a áirithiú go bhfuil acmhainní leordhóthanacha ann do na measúnuithe eolaíocha a bhaineann leis na nósanna imeachta cógas-aireachais a dhéantar ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Ghníomhaireacht luach saothair a íoc leis na seirbhísí measúnaithe eolaíoch arna soláthar ag na rapóirtéirí agus, i gcás inarb iomchuí, ag na comhrapóirtéirí arna gceapadh ag na Ballstáit mar chomhaltaí den Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí dá dtagraítear i bpointe (aa) d’Airteagal 56(1) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó, más ábhartha, ag rapóirtéirí agus ag comhrapóirtéirí sa ghrúpa comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2001/83/CE. Ba cheart méid an luacha saothair as seirbhísí arna soláthar ag na rapóirtéirí agus ag na comhrapóirtéirí sin a bheith bunaithe go heisiach ar mheastacháin an ualaigh oibre atá i gceist agus ba cheart é a chur san áireamh agus leibhéal na dtáillí ar nósanna imeachta cógas-aireachais a dhéantar ar leibhéal an Aontais á socrú. Meabhraítear mar dhea-chleachtas, i gcomhthéacs tarchur a thionscnaítear mar thoradh ar mheastóireacht ar shonraí cógas-aireachais, go ginearálta déanann an Coiste Cógas-Aireachais um Measúnú Riosca iarracht a sheachaint an comhalta a ainmníonn an Ballstát a thionscain an nós imeachta tarchuir a cheapadh mar rapóirtéir.

(14)

Ba cheart táillí a thobhach ar shealbhóirí na n-údaruithe margaíochta uile ar bhonn cothrom. Dá bhrí sin, ba cheart aonad inmhuirearaithe a bhunú beag beann ar an nós imeachta faoina bhfuil an táirge íocshláinte údaraithe, faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó faoi Threoir 2001/83/CE agus an chaoi a sannann na Ballstáit nó an Coimisiún líon na n-údaruithe. Comhlíontar an cuspóir sin tríd an aonad inmhuirearaithe a bhunú ar bhonn na substainte gníomhaí/na substaintí gníomhacha agus fhoirm chógas-aireachais na dtáirgí íocshláinte atá faoi réir na hoibleagáide a bheith cláraithe sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i bpointe (l) den dara fomhír d’Airteagal 57(1) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 atá bunaithe ar fhaisnéis ón liosta de na táirgí íocshláinte uile atá údaraithe san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 57(2) de. Níor cheart an tsubstaint ghníomhach/na substaintí gníomhacha a chur san áireamh agus an aonad inmhuirearaithe aonair á bhunú maidir le táirgí íocshláinte hoiméapatacha údaraithe agus maidir le táirgí íocshláinte luibhe údaraithe.

(15)

D’fhonn aird a thabhairt ar raon feidhme na n-údaruithe margaíochta i leith táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine a thugtar do shealbhóirí údaruithe margaíochta, ba cheart go gcuirfí san áireamh, le líon na n-aonad inmhuirearaithe lena bhfreagraítear do na húdaruithe sin, líon na mBallstát ina bhfuil an t-údarú margaíochta bailí.

(16)

I gcomhréir le beartas an Aontais tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide, ba cheart feidhm a bheith ag táillí laghdaithe maidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún (10). Ba cheart táillí den sórt sin a bhunú ar bhonn lena dtugtar aird chuí ar chumas na bhfiontar beag agus meánmhéide táillí a íoc. I gcomhréir leis an mbeartas sin, ba cheart micrifhiontair de réir bhrí an Mholta sin a dhíolmhú ó na táillí uile faoin Rialachán seo.

(17)

Ba cheart táirgí íocshláinte cineálacha, táirgí íocshláinte atá údaraithe faoi na forálacha a bhaineann le húsáid íocshláinte sheanbhunaithe, táirgí íocshláinte hoiméapatacha údaraithe agus táirgí íocshláinte luibhe údaraithe a bheith faoi réir táille bliantúla laghdaithe mar bíonn próifíl sábháilteachta sheanbhunaithe ag na táirgí íocshláinte sin go hiondúil. I gcás ina bhfuil na táirgí íocshláinte sin mar chuid d’aon cheann de nósanna imeachta cógas-aireachais a dhéantar ar leibhéal an Aontais, áfach, ba cheart an táille iomlán a ghearradh i bhfianaise na hoibre atá i gceist.

(18)

Níor cheart táirgí íocshláinte luibhe agus hoiméapatacha atá cláraithe i gcomhréir, faoi seach, le hAirteagal 14 agus Airteagal 16a de Threoir 2001/83/CE a chur san áireamh sa Rialachán seo mar is iad na Ballstáit a dhéanann na gníomhaíochtaí cógas-aireachais maidir leis na táirgí íocshláinte sin. Ba cheart go ndéanfaí táirgí íocshláinte atá údaraithe lena chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 126a de Threoir 2001/83/CE, a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo freisin.

(19)

Chun ualach oibre riaracháin díréireach don Ghníomhaireacht a sheachaint, ba cheart go mbeadh feidhm ag an laghdú ar an táille agus ag an díolúine ón táille dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar bhonn dearbhaithe ó shealbhóir an údaraithe margaíochta a mhaíonn go bhfuil sé i dteideal laghdú ar tháille nó díolúine ó tháille den sórt sin. Ba cheart tíolacadh faisnéise míchruinne a dhíspreagadh trí chur i bhfeidhm méadú ar mhéid na táille i gcásanna den sórt sin.

(20)

Ar chúiseanna comhsheasmhachta, ba cheart sprioc-amanna d’íocaíocht na dtáillí arna dtobhach faoin Rialachán seo a bhunú agus aird chuí ar sprioc-amanna na nósanna imeachta a bhaineann le cógas-aireachas dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 agus i dTreoir 2001/83/CE.

(21)

Ba cheart méid na dtáillí agus luach saothair do na rapóirtéirí agus do na comhrapóirtéirí dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a choigeartú, más iomchuí, chun boilsciú a chur san áireamh. Chun na críche sin, ba cheart an Treoiruimhir Eorpach ar Phraghsanna do Thomhaltóirí, arna foilsiú ag Eurostat de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle (11) a úsáid. Chun críche oiriúnaithe mar sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(22)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon, maoiniú leordhóthanach ar ghníomhaíochtaí cógas-aireachais a dhéantar ar leibhéal an Aontais a áirithiú, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, de bharr scála an bhirt, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(23)

Ar chúiseanna intuarthachta, deimhneachta dlíthiúla agus comhréireachta, ba cheart an táille bhliantúil um fhaireachán ar na córais teicneolaíochta faisnéise agus ar litríocht a thobhach den chéad uair amhail ón 1 Iúil 2015,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le táillí do ghníomhaíochtaí cógas-aireachais a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (“táirgí íocshláinte”) atá údaraithe ag an Aontas faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 agus faoi Threoir 2001/83/CE a thoibheoidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (‘an Ghníomhaireacht’) ar shealbhóirí údaruithe margaíochta.

2.   Déanfar táirgí íocshláinte luibhe agus hoiméapatacha atá cláraithe i gcomhréir le, faoi seach, Airteagal 14 agus Airteagal 16a de Threoir 2001/83/CE agus táirgí íocshláinte atá údaraithe le cur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 126a de Threoir 2001/83/CE, a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

3.   Bunaítear leis an Rialachán seo na gníomhaíochtaí cógas-aireachais arna ndéanamh ar leibhéal an Aontais a bhfuil táillí le gearradh orthu, méideanna agus rialacha íocaíochta na dtáillí sin don Ghníomhaireacht, agus méideanna luach saothair ón nGníomhaireacht do na seirbhísí arna soláthar ag na rapóirtéirí agus, nuair is infheidhme, ag na comhrapóirtéirí.

4.   Beidh micrifhiontair díolmhaithe ó íocaíocht táille ar bith faoin Rialachán seo.

5.   Beidh feidhm ag na táillí a leagtar síos sa Rialachán seo gan dochar do na táillí atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 297/95.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “aonad inmhuirearaithe” aonad a shainítear trí theaglaim uathúil den tacar sonraí a leanas arna ndíorthú ó fhaisnéis ar gach táirge íocshláinte lena n-úsáid ag an duine atá údaraithe san Aontas atá ag an nGníomhaireacht, agus i gcomhréir leis na hoibleagáidí shealbhóirí údaraithe margaíochta dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 57(2) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 faisnéis den chineál sin a chur faoi bhráid an bhunachair sonraí dá dtagraítear i bpointe (l) den dara fomhír d’Airteagal 57(1) den Rialachán sin:

(a)

ainm an táirge íocshláinte, de réir an tsainmhínithe mar a shainmhínítear i bpointe (20) d’Airteagal 1de Threoir 2001/83/CE;

(b)

sealbhóir an údaraithe margaíochta;

(c)

an Ballstát a bhfuil an t-údarú margaíochta bailí ann;

(d)

substaint ghníomhach nó teaglaim de shubstaintí gníomhacha; agus

(e)

foirm chógaisíochta.

Níl Pointe (d) den chéad fhomhír infheidhme i gcás táirgí íocshláinte hoiméapatacha údaraithe nó maidir le táirgí íocshláinte luibhe údaraithe, mar a shainmhínítear, faoi seach, i bpointe 5 agus i bpointe 30 d’Airteagal 1 de Threoir 2001/83/CE;

(2)

ciallaíonn ‘fiontar meánmhéide’ fiontar meánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE;

(3)

ciallaíonn ‘fiontar beag’ fiontar beag de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE;

(4)

ciallaíonn ‘micrifhiontar’ micrifhiontar de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE.

Airteagal 3

Cineálacha táillí

1.   Beidh na táillí do ghníomhaíochtaí cógas-aireachais comhdhéanta de na nithe seo a leanas:

(a)

táillí do nósanna imeachta a dhéantar ar leibhéal an Aontais amhail dá bhforáiltear in Airteagal 4, in Airteagal 5 agus in Airteagal 6;

(b)

táille bhliantúil amhail dá bhforáiltear in Airteagal 7.

2.   I gcás ina dtoibhíonn an Ghníomhaireacht táille i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, íocfaidh an Ghníomhaireacht luach saothair, i gcomhréir le hAirteagal 9, don údarás inniúil náisiúnta:

(a)

as seirbhísí arna soláthar ag na rapóirtéirí agus, nuair is infheidhme, na comhrapóirtéirí sa Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí arna gceapadh ag Ballstáit mar chomhaltaí den Choiste sin;

(b)

as an obair a dhéanann Ballstáit a ghníomhaíonn mar rapóirtéirí agus, nuair is infheidhme, mar chomhrapóirtéirí sa ghrúpa comhordaithe.

Airteagal 4

Táille ar mheasúnú ar thuarascálacha tréimhsiúla chun dáta maidir le sábháilteacht

1.   Toibheoidh an Ghníomhaireacht táille ar mheasúnú ar thuarascálacha tréimhsiúla cothrom le dáta maidir le sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 107e agus Airteagal 107g de Threoir 2001/83/CE agus in Airteagal 28 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004.

2.   Leagtar síos méid an táille agus méid comhréireach luach saothair an údaráis inniúil náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 3(2) i bpointe 1 de Chuid I den Iarscríbhinn.

3.   I gcás nach mbeidh ach sealbhóir an údaraithe margaíochta amháin faoi réir na hoibleagáide tuarascáil thréimhsiúil cothrom le dáta maidir le sábháilteacht a chur isteach i gcomhthéacs na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1, toibheoidh an Ghníomhaireacht méid iomlán na táille is infheidhme ar shealbhóir an údaraithe margaíochta.

4.   I gcás ina bhfuil beirt shealbhóirí údaruithe margaíochta nó níos mó faoi réir na hoibleagáide chun tuarascálacha tréimhsiúla cothrom le dáta maidir le sábháilteacht isteach i gcomhthéacs na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh, roinnfidh an Ghníomhaireacht méid iomlán na táille i measc na sealbhóirí údaruithe margaíochta sin i gcomhréir le pointe 2 de Chuid I den Iarscríbhinn.

5.   I gcás inar fiontar beag nó meánmhéide é sealbhóir an údaraithe margaíochta dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4, laghdófar an méid is iníoctha ag sealbhóir an údaraithe margaíochta mar atá leagtha síos i bpointe 3 de Chuid I den Iarscríbhinn.

6.   Toibheoidh an Ghníomhaireacht an táille faoin Airteagal seo trí shonrasc a eisiúint do gach sealbhóir an údaraithe margaíochta lena mbaineann. Beidh an táille le híoc ar an dáta a gcuirfear tús leis an nós imeachta um measúnú ar an tuarascáil thréimhsiúil chun dáta maidir le sábháilteacht. Íocfar na táillí atá dlite faoin Airteagal seo leis an nGníomhaireacht laistigh de 30 lá féilire ó dháta an tsonraisc.

Airteagal 5

Táille chun staidéir sábháilteachta iar-údarúchaithe a mheasúnú

1.   Toibheoidh an Ghníomhaireacht táille ar an measúnú a dhéantar faoi Airteagal 107n go hAirteagal 107q de Threoir 2001/83/CE agus Airteagal 28b de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ar na staidéir sábháilteachta iar-údaraithe dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 21a agus i bpointe (a) d’Airteagal 22a(1) de Threoir 2001/83/CE, agus i bpointe (cb) d’Airteagal 9(4) agus i bpointe (a) d’Airteagal 10a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 a dhéanfar i níos mó ná Ballstát amháin.

2.   Leagtar síos méid an táille agus méid comhréireach luach saothair an údaráis inniúil náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 3(2) i bpointe 1 de Chuid II den Iarscríbhinn.

3.   I gcás ina bhforchuirfear an oibleagáid chun staidéar sábháilteachta iar-údaraithe dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar níos mó ná sealbhóir údaruithe margaíochta amháin, agus go mbaineann na húdair imní chéanna le níos mó ná táirge íocshláinte amháin, agus déanann na sealbhóirí údaruithe margaíochta lena mbaineann comhstaidéar sábháilteachta iar-údaraithe, toibheofar an méid is iníoctha ag gach sealbhóir an údaraithe margaíochta mar atá leagtha síos i bpointe 2 de Chuid II den Iarscríbhinn.

4.   I gcás ina bhforchuirfear ar shealbhóir an údaraithe margaíochta, ar fiontar beag nó meánmhéide é, an oibleagáid chun staidéar sábháilteachta iar-údaraithe a dhéanamh, laghdófar an méid is iníoctha ag sealbhóir an údaraithe margaíochta mar atá leagtha síos i bpointe 3, Cuid II den Iarscríbhinn.

5.   Toibheoidh an Ghníomhaireacht an táille trí dá shonrasc a eisiúint do gach sealbhóir an údaraithe margaíochta lena mbaineann, ceann amháin don mheasúnú ar an dréacht-phrótacal agus ceann amháin don mheasúnú ar an tuarascáil staidéir dheireanach. Beidh an cuid ábhartha den táille le híoc ag tús an nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar an dréacht-phrótacal agus ag tús an nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil staidéir deiridh agus íocfar don Ghníomhaireacht í laistigh de 30 lá féilire ó dháta an tsonraisc faoi seach.

6.   Beidh sealbhóirí údaruithe margaíochta a ngearrfar an táille orthu faoin Airteagal seo díolmhaithe ó tháille ar bith eile a íoc arna gearradh ag an Ghníomhaireacht nó ag údarás inniúil náisiúnta as staidéir dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach.

Airteagal 6

Táille ar mheasúnuithe i gcomhthéacs tarchur a thionscnaítear mar thoradh ar mheastóireacht ar shonraí cógas-aireachais

1.   Toibheoidh an Ghníomhaireacht táille ar an measúnú arna dhéanamh i gcomhthéacs nós imeachta arna thionscnamh mar thoradh ar mheastóireacht ar shonraí cógas-aireachais, faoin dara fomhír d’Airteagal 31(1), Airteagal 31(2) agus Airteagal 107i go hAirteagal 107k de Threoir 2001/83/CE nó faoi Airteagal 20(8) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004.

2.   Leagtar síos méid an táille agus méid comhréireach luach saothair an údaráis inniúil náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 3(2) i bpointe 1 de Chuid III den Iarscríbhinn.

3.   I gcás nach mbeidh ach sealbhóir an údaraithe margaíochta amháin bainteach leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, toibheoidh an Ghníomhaireacht méid iomlán na táille ar shealbhóir an údaraithe margaíochta sin, mar atá leagtha síos i bpointe 1 de Chuid III den Iarscríbhinn, seachas sna cásanna a shonraítear i mír 5 den Airteagal seo.

4.   I gcás ina mbeidh beirt sealbhóirí údaruithe margaíochta nó níos mó bainteach leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, roinnfidh an Ghníomhaireacht méid iomlán na táille i measc na sealbhóirí údaruithe margaíochta sin i gcomhréir le pointe 2 de Chuid III den Iarscríbhinn.

5.   I gcás ina mbaineann an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo le substaint amháin nó le teaglaim amháin de shubstaintí agus sealbhóir údaruithe margaíochta amháin, toibheoidh an Ghníomhaireacht méid laghduithe na táille ar shealbhóir an údaraithe margaíochta sin agus íocfaidh sí luach saothair leis an údarás inniúil náisiúnta as an tseirbhís a sholáthar an rapóirtéir nó an comhrapóirtéir, mar atá leagtha síos i bpointe 3 de Chuid III den Iarscríbhinn. I gcás inar fiontar beag nó meánmhéide an é sealbhóir an údaraithe margaíochta, laghdófar an méid is iníoctha mar a leagtar síos i bpointe 3 de Chuid III den Iarscríbhinn.

6.   I gcás inar fiontar beag nó meánmhéide é sealbhóir an údaraithe margaíochta dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4 den Airteagal seo, laghdófar an méid is iníoctha ag sealbhóir an údaraithe margaíochta sin mar atá leagtha síos i bpointe 4 de Chuid III den Iarscríbhinn.

7.   Toibheoidh an Ghníomhaireacht an táille faoin Airteagal seo trí shonrasc ar leith a eisiúint do gach sealbhóir an údaraithe margaíochta atá bainteach leis an nós imeachta. Beidh an táille dlite ar dháta tosaigh an nós imeachta. Íocfar na táillí atá dlite faoin Airteagal seo leis an nGníomhaireacht laistigh de 30 lá féilire ó dháta an tsonraisc.

Airteagal 7

Táille bhliantúil do chórais teicneolaíochta faisnéise agus do fhaireachán ar litríocht

1.   Maidir lena gníomhaíochtaí cógas-aireachais a bhaineann le córais teicneolaíochta faisnéise faoi Airteagal 24, Airteagal 25a, Airteagal 26, pointe (1) den dara fomhír d’Airteagal 57(1) agus Airteagal 57(2) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 agus faireachán ar litríocht leighis roghnaithe faoi Airteagal 27 de, toibheoidh an Ghníomhaireacht táille uair sa bhliain mar atá leagtha síos i bpointe 1de Chuid IV den Iarscríbhinn (an “táille bhliantúil”).

2.   Toibheofar an táille bhliantúil ar shealbhóirí údaruithe margaíochta maidir leis na táirgí íocshláinte uile atá údaraithe san Aontas i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE, ar bhonn na n-aonad inmhuirearaithe a fhreagraíonn do na táirgí íocshláinte sin. Ní bheidh na haonaid inmhuirearaithe a fhreagraíonn do tháirgí íocshláinte atá údaraithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 faoi réir na táille bliantúla.

Ríomhfaidh an Ghníomhaireacht an méid iomlán den táille bhliaintúil is iníoctha ag gach sealbhóir an údaraithe margaíochta ar bhonn na n-aonad inmhuirearaithe a fhreagraíonn don fhaisnéis arna taifeadadh an 1 Iúil gach bliain. Cumhdófar sa mhéid sin an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig den bhliain lena mbaineann.

3.   I gcás inar fiontar beag nó meánmhéide é sealbhóir an údaraithe margaíochta, laghdófar an méid den táille bhliaintúil is iníoctha ag sealbhóir an údaraithe margaíochta sin mar atá leagtha síos i gCuid IV den Iarscríbhinn.

4.   Beidh feidhm ag táille bhliantúil a laghdaíodh mar atá leagtha síos i bpointe 3 de Chuid IV den Iarscríbhinn, i ndáil le táirgí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus Airteagal 10a de Threoir 2001/83/CE agus i ndáil le táirgí íocshláinte hoiméapatacha údaraithe agus táirgí íocshláinte luibhe údaraithe.

5.   I gcás inar fiontar beag nó meánmhéide é sealbhóir an údaraithe margaíochta táirgí íocshláinte dá dtagraítear i mír 4, ní bheidh feidhm ach ag an laghdú ar an táille atá leagtha amach i mír 3.

6.   Beidh an táille bhliantúil le híoc an 1 Iúil gach bliain i ndáil leis an mbliain féilire sin.

Íocfar na táillí atá le híoc faoin Airteagal seo laistigh de 30 lá féilire ó dháta an tsonraisc.

7.   Coinneoidh an Ghníomhaireacht an t-ioncam ón táille bhliantúil.

Airteagal 8

Laghduithe ar tháillí agus díolúintí ó tháillí

1.   Aon sealbhóir an údaraithe margaíochta a mhaíonn gur fiontar beag nó meánmhéide é atá i dteideal táille laghdaithe faoi Airteagail 4(5), Airteagal 5(4), Airteagal 6(5) Airteagal 6(6) nó Airteagal 7(3), déanfaidh sé dearbhú sa chéill sin leis an nGníomhaireacht laistigh de 30 lá féilire ó dháta an tsonraisc ón nGníomhaireacht. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an laghdú ar an táille i bhfeidhm ar bhonn an dearbhaithe sin.

2.   Aon sealbhóir an údaraithe margaíochta a mhaíonn gur micrifhiontar é i dteideal na díolúine ó tháille faoi Airteagal 1(4), déanfaidh sé dearbhú sa chéill sin leis an nGníomhaireacht laistigh de 30 lá féilire ó dháta an tsonraisc ón nGníomhaireacht. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an díolúine i bhfeidhm ar bhonn an dearbhaithe sin.

3.   Aon sealbhóir an údaraithe margaíochta a mhaíonn go bhfuil sé i dteideal táille bliantúla laghdaithe faoi Airteagal 7(4), déanfaidh sé dearbhú sa chéill sin leis an nGníomhaireacht. Foilseoidh an Ghníomhaireacht treoraíocht ar an dóigh a ndéanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta an dearbhú sin a fhoirmliú. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an laghdú ar an táille i bhfeidhm ar bhonn an dearbhaithe sin i gcás. I gcás ina ndéanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta an dearbhú tar éis an sonrasc a fháil ón nGníomhaireacht, déanfar an dearbhú laistigh de 30 lá féilire ó dháta an tsonraisc sin.

4.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, tráth ar bith, fianaise a iarraidh go bhfuil na coinníollacha maidir le laghdú ar tháillí nó maidir le díolúine ó tháillí comhlíonta. I gcás den sórt sin, déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta a mhaíonn nó a bhfuil sé maíte aige go bhfuil sé i dteideal laghdaithe ar an táille nó díolúine ón táille faoin Rialachán seo, an fhaisnéis is gá a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta laistigh de 30 lá féilire ón iarraidh a fháil ón nGníomhaireacht, chun cur ar chumas na Gníomhaireachta comhlíonadh na gcoinníollacha sin a fhíorú.

5.   I gcás nach n-éiríonn le sealbhóir an údaraithe margaíochta, a mhaíonn nó a bhfuil sé maíte aige go bhfuil sé i dteideal laghdaithe ar tháille nó díolúine ó tháille faoin Rialachán seo, a léiriú go bhfuil sé i dteideal laghdaithe nó díolúine den chineál sin, déanfar méid na táille atá leagtha síos san Iarscríbhinn a mhéadú 10 % agus toibheoidh an Ghníomhaireacht an méid iomlán is infheidhme a thiocfaidh as nó, más iomchuí, an t-iarmhéid leis an méid iomlán is infheidhme a thiocfaidh as.

Airteagal 9

Luach saothair a íoc le húdaráis inniúla náisiúnta ag an nGníomhaireacht

1.   Íocfaidh an Ghníomhaireacht luach saothair leis na húdaráis inniúla náisiúnta as seirbhísí a sholáthar rapóirtéirí agus, i gcás inarb infheidhme, comhrapóirtéirí i gcomhréir le hAirteagal 3(2) sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil comhalta den Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí a ghníomhaíonn mar rapóirtéir agus, nuair is infheidhme, comhrapóirtéir don mheasúnú ar thuarascálacha tréimhsiúla cothrom le dáta maidir le sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 4 ceaptha ag an mBallstát;

(b)

i gcás ina bhfuil Ballstát a ghníomhaíonn mar rapóirtéir agus, nuair is infheidhme, mar chomhrapóirtéir ceaptha ag an ngrúpa comhordúcháin i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar thuarascálacha tréimhsiúla cothrom le dáta maidir le sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 4;

(c)

i gcás ina bhfuil comhalta den Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí a ghníomhaíonn mar rapóirtéir agus, nuair is infheidhme, mar chomhrapóirtéir ceaptha ag an mBallstát don mheasúnú ar staidéir sábháilteachta iar-údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 5;

(d)

i gcás ina bhfuil comhalta den Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí a ghníomhaíonn mar rapóirtéir agus, nuair is infheidhme, mar chomhrapóirtéir ceaptha ag an mBallstát do na tarchuir dá dtagraítear in Airteagal 6.

I gcás ina gcinnfidh an Coiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí nó an grúpa comhordaithe comhrapóirtéir a cheapadh, déanfar an luach saothair don rapóirtéir agus don chomhrapóirtéir a chinneadh i gcomhréir le Cuid I, Cuid II agus Cuid III den Iarscríbhinn.

2.   Tá méideanna comhfhreagracha an luacha saothair do gach ceann de na gníomhaíochtaí atá liostaithe sa chéad fomhír de mhír 1 den Airteagal seo leagtha síos i gCuid I, i gCuid II agus i gCuid III den Iarscríbhinn.

3.   Ní íocfar an luach saothair dá bhforáiltear i bpointe 1 (a), i bpointe (b) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 1 go dtí go mbeidh an tuarascáil mheasúnaithe deiridh maidir le moladh, atá beartaithe lena glacadh ag an gCoiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí curtha ar fáil don Ghníomhaireacht. Íocfar an luach saothair ar an measúnú ar na staidéir sábháilteachta iar-údaraithe dá dtagraítear i pointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 in dhá thráthchuid. Íocfar an chéad thráthchuid a bhaineann le measúnú ar an dréacht-phrótacal agus an dara tráthchuid a bhaineann leis an measúnú ar an tuarascáil staidéir deiridh tar éis na tuarascálacha measúnaithe deiridh faoi seach a chur faoi bhráid an Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí.

4.   Beidh an luach saothair do na seirbhísí arna soláthar ag an rapóirtéar agus ag an gcomhrapóirtéar agus aon tacaíocht eolaíoch agus theicniúil lena mbaineann gan dochar d’oibleagáid na mBallstát staonadh ó threoracha nach bhfuil ag luí leis na cúraimí faoi leith na gcomhaltaí agus na saineolaithe ina gcáil mar rapóirtéir nó mar chomhrapóirtéir nó nach bhfuil ag luí le cúraimí agus freagrachtaí na Gníomhaireachta a thabhairt do chomhaltaí agus saineolaithe an Choiste Chógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí agus an ghrúpa comhordúcháin.

5.   Íocfar an luach saothair i gcomhréir leis an gconradh scríofa dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 62(3) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004. Iompróidh an Ghníomhaireacht aon táillí bainc a bhaineann le híocaíocht an luacha saothair sin.

Airteagal 10

Modh íocaíochta na táille

1.   Íocfar na táillí in euro.

2.   Ní dhéanfar íocaíocht na dtáillí go dtí go mbeidh an sonrasc arna eisiúint ag an nGníomhaireacht faighte ag sealbhóir an údaraithe margaíochta.

3.   Déanfar íocaíocht na dtáillí trí bhíthin aistrithe chuig cuntas bainc na Gníomhaireachta. Iompróidh sealbhóir an údaraithe mhargaíochta aon táillí bainc a bhaineann leis an íocaíocht sin.

Airteagal 11

Íocaíocht na táille a shainaithint

Cuirfidh sealbhóir an údaraithe margaíochta an uimhir thagartha sonraisc in iúl i ngach íocaíocht. Maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh tríd an gcóras íocaíochta ar líne, is é a bheidh san uimhir thagartha an uimhir arna giniúint go huathoibríoch ag córas sonraiscthe na Gníomhaireachta.

Airteagal 12

Dáta íocaíochta na táille

Measfar gurb é dáta na híocaíochta an dáta a bhfaighfear méid iomlán na híocaíochta sa chuntas bainc atá ag an nGníomhaireacht. Ní mheasfar an sprioc-am le haghaidh íocaíochta a bheith comhlíonta ach amháin má tá méid iomlán na táille íoctha in am trátha.

Airteagal 13

Aisíocaíocht mhéideanna na dtáillí a íocadh de bhreis

Aon mhéideanna a íoctar sa bhreis ar mhéideanna na dtáillí atá le híoc, déanfaidh an Ghníomhaireacht iad a haisíoc leis sealbhóir an údaraithe margaíochta murar chomhaontaíodh a mhalairt go sainráite le sealbhóir an údaraithe margaíochta. I gcás ina mbeidh méid a íocadh de bhreis níos lú ná EUR 100, áfach, agus nach bhfuil aisíocaíocht iarrtha go sonrach ag sealbhóir an údaraithe margaíochta, ní aisíocfar an méid a íocadh de bhreis.

Airteagal 14

Meastachán sealadach ar bhuiséad na Gníomhaireachta

Agus meastachán ar an ioncam agus ar an gcaiteachas don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin á thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 67(6) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, cuirfidh an Ghníomhaireacht faisnéis mhionsonraithe maidir le hioncam ó tháillí a bhaineann le gníomhaíochtaí cógas-aireachais san áireamh. Déanfar idirdhealú san fhaisnéis sin idir an táille bhliantúil agus na táillí maidir le gach nós imeachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(1). Cuirfidh an Ghníomhaireacht faisnéis anailíseach shonrach maidir lena hioncam agus caiteachas a bhaineann le gníomhaíochtaí cógas-aireachais ar fáil freisin, ionas gur féidir an táille bhliantúil agus gach ceann de na táillí maidir le nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(1) a idirdhealú.

Airteagal 15

Trédhearcacht agus faireachán

1.   Foilseofar na méideanna agus na rátaí atá leagtha síos i gCuid I go Cuid IV den Iarscríbhinn ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta.

2.   Mar chuid den tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta a chuirtear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, tabharfaidh Stiúrthóir Feidhmeannach na Gníomhaireachta faisnéis don Chomhairle, don Choimisiún agus do Chúirt na nIniúchóirí maidir leis na comhchodanna a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar na costais atá le cumhdach ag na táillí dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Áireofar san fhaisnéis sin miondealú ar chostais a bhaineann leis an mbliain roimhe sin agus réamhaisnéis don bhliain le teacht. Foilseoidh an Ghníomhaireacht forléargas ar an bhfaisnéis sin freisin ina tuarascáil bhliantúil.

3.   Tabharfaidh Stiúrthóir Feidhmeannach na Gníomhaireachta don Choimisiún agus don Bhord Bainistíochta uair sa bhliain freisin an fhaisnéis feidhmíochta atá leagtha amach i gCuid V den Iarscríbhinn bunaithe ar na táscairí feidhmíochta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

4.   Faoin 18 Iúil 2015, glacfaidh an Ghníomhaireacht sraith táscairí feidhmíochta agus an fhaisnéis atá liostaithe i gCuid V den Iarscríbhinn curtha san áireamh.

5.   Déanfar faireachán ar an ráta boilscithe arna thomhas trí bhíthin na Treoiruimhreach Eorpaí ar Phraghsanna do Thomhaltóirí arna foilsiú ag Eurostat de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 maidir leis na méideanna atá leagtha amach san Iarscríbhinn. Déanfar an faireachán den chéad uair tar éis don Rialachán seo a bheith curtha i bhfeidhm le linn bliana iomláine féilire agus, ina dhiaidh sin, déanfar go bliantúil é.

6.   I gcás ina ndlífear sin i bhfianaise an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena choigeartaítear méideanna na dtáillí agus méideanna luach saothair do rapóirtéirí agus do na comhrapóirtéirí dá dtagraítear i gCuid I go IV den Iarscríbhinn. I gcás ina dtiocfaidh an gníomh tarmligthe i bhfeidhm roimh an 1 Iúil, gabhfaidh éifeacht leis na coigeartuithe sin amhail ón 1 Iúil. I gcás ina dtagann an ghníomh tarmligthe i bhfeidhm tar éis 30 Meitheamh, beidh feidhm acu amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tarmligthe.

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15(6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 17 Iúil 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 15(6) a chúlghairm tráth ar bith. Má chinntear an chúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 15(6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 17

Forálacha idirthréimhseacha

Ní bheidh feidhm ag na táillí dá dtagraítear in Airteagal 4, in Airteagal 5, agus in Airteagal 6 maidir leis na nósanna imeachta sin arna seoladh ar leibhéal an Aontais i gcás ina gcuirtear tús leis an measúnú ina leith roimh an 26 Lúnasa 2014.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Toibheofar an táille bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 7 ón 1 Iúil 2015.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 67, 6.3.2014, lch. 92

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 8 Bealtaine 2014.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta an Chomhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1).

(4)  Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).

(5)  Treoir 2010/84/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leasaítear, maidir le cógas-aireachas, Treoir 2001/83/CE maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 348, 31.12.2010, lch. 74).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1235/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leasaítear, maidir le cógas-aireachas ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 lena leagtar síos nósanna imeachta an Chomhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach, agus Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 maidir le táirgí íocshláinte ardteiripe (IO L 348, 31.12.2010, lch. 1).

(7)  Treoir 2012/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena leasaítear Treoir 2001/83/CE maidir le cógas-aireachas (IO L 299, 27.10.2012, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1027/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 maidir le cógas-aireachas (IO L 316, 14.11.2012, lch. 38).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 297/95 ón gComhairle an 10 Feabhra 1995 maidir le táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht (IO L 35, 15.2.1995, lch. 1).

(10)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 1995 maidir le treoiruimhreacha comhchuibhithe ar phraghsanna do thomhaltóirí (IO L 257, 27.10.1995, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

CUID I

TÁILLE AR MHEASÚNÚ AR THUAIRISCÍ TRÉIMHSIÚLA COTHROM LE DÁTA MAIDIR LE SÁBHÁILTEACHT DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4

1.

Is é EUR 19 500 in aghaidh an nós imeachta a bheidh sa táille ar mheasúnú ar thuairiscí tréimhsiúla cothrom le dáta maidir le sábháilteacht. As an méid sin, is é EUR 13 100 suim luach saothair an rapóirtéara. Déanfar an luach saothair sin a roinnt, i gcás inarb infheidhme, idir an rapóirtéir agus an comhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí.

2.

Chun an tsuim a ríomh a bheidh le toibhiú ar gach sealbhóir an údaraithe margaíochta agus Airteagal 4(4) á chur i bhfeidhm, ríomhfaidh an Ghníomhaireacht cion na n-aonad inmhuirearaithe a bheidh i seilbh gach sealbhóra um údarú margaíochta lena mbaineann de líon iomlán na n-aonad inmhuirearaithe a bheidh i seilbh na sealbhóirí údaruithe margaíochta uile a bheidh páirteach sa nós imeachta.

Ríomhfar an cion a bheidh le híoc ag gach sealbhóir údaraithe margaíochta ar an modh seo a leanas:

(a)

suim iomlán na táille a bheidh le híoc a roinnt ar na sealbhóirí údaruithe margaíochta uile lena mbaineann i gcomhréir le líon na n-aonad inmhuirearaithe, agus

(b)

ina dhiaidh sin, an laghdú ar an táille i gcomhréir le mír 2 den Chuid seo agus an díolúine ón táille dá dtagraítear in Airteagal 1(4) a chur i bhfeidhm, i gcás inarb ábhartha.

3.

Agus Airteagal 4(5) á chur i bhfeidhm, íocfaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide 60 % den tsuim is infheidhme.

4.

I gcás ina mbeidh feidhm ag an laghdú ar an táille nó ag an díolúine ón táille, oiriúnófar freisin an aisíocaíocht a gheobhaidh an rapóirtéir, agus, i gcás inarb infheidhme, an comhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí dá réir. I gcás ina mbaileoidh an Ghníomhaireacht an tsuim iomlán is infheidhme tar éis sin, lena n-áirítear breisiú 10 % amhail dá bhforáiltear in Airteagal 8(5), oiriúnófar freisin an aisíocaíocht don rapóirtéir agus don comhrapóirtéir/do na comhrapóirtéirí dá réir.

CUID II

TÁILLE AR MHEASÚNÚ AR THUAIRISCÍ MAIDIR LE STAIDÉIR SHÁBHÁILTEACHTA IAR-ÚDARAITHE DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 5

1.

Is é EUR 43 000 a bheidh sa táille ar gach staidéar sábháilteachta iar-údarúchaithe a mheasúnú, agus beidh sé le díol in dhá thráthchuid mar a leanas:

(a)

Beidh EUR 17 200 le híoc ag tús an nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar an dréachtphrótacal dá dtagraítear in Airteagal 107n de Threoir 2001/83/CE; as an méid sin, is EUR 7 280 a bheidh i suim luach saothair an rapóirtéara, agus déanfar an luach saothair sin a roinnt, i gcás inarb infheidhme, idir an rapóirtéir agus an comhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí;

(b)

Beidh EUR 25 800 le híoc ag tús an nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil staidéir deiridh a dhéanfaidh an Coiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 107p de Threoir 2001/83/CE; as an méid sin, is é EUR 10 920 a bheidh i suim luach saothair an rapóirtéara, agus déanfar an luach saothair sin a roinnt, i gcás inarb infheidhme, idir an rapóirtéir agus an comhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí.

2.

I gcás in ndéanfaidh sealbhóirí údaruithe margaíochta comhstaidéar sábháilteachta iar-údarúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 5(3), toibheoidh an Ghníomhaireacht an tsuim a bheidh le híoc ag gach sealbhóir an údaraithe margaíochta tríd an tsuim iomlán a roinnt go cothrom ar na sealbhóirí údaruithe margaíochta sin. Más ábhartha, cuirfear i bhfeidhm an laghdú ar an táille atá leagtha síos i bpointe 3 den Chuid seo nó, i gcás inarb iomchuí, an díolúine ón táille dá dtagraítear in Airteagal 1(4), maidir leis an gcion a bheidh le híoc ag sealbhóir an údaraithe margaíochta.

3.

Agus Airteagal 5(4) á chur i bhfeidhm, íocfaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide 60 % den tsuim is infheidhme.

4.

I gcás ina mbeidh feidhm ag an laghdú ar an táille agus ag an díolúine ón táille, oiriúnófar freisin an aisíocaíocht a gheobhaidh an rapóirtéir, agus, i gcás inarb infheidhme, an comhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí dá réir. I gcás ina mbaileoidh an Ghníomhaireacht an tsuim iomlán is infheidhme tar éis sin, lena n-áirítear breisiú 10 % amhail dá bhforáiltear in Airteagal 8(5), oiriúnófar freisin an aisíocaíocht a gheobhaidh an rapóirtéir, agus, i gcás inarb infheidhme, an comhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí dá réir.

CUID III

TÁILLE AR MHEASÚNUITHE I GCOMHTHÉACS TARCHUR A THIONSCNAÍTEAR MAR THORADH AR MHEASTÓIREACHT AR SHONRAÍ CÓGAS-AIREACHAIS DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 6

1.

Is é EUR 179 000 a bheidh sa táille ar an measúnú ar an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(1) i gcás ina n-áirítear substaint ghníomhach amháin nó dhá shubstaint ghníomhacha agus/nó teaglaim nó dhá theaglaim de shubstaintí gníomhacha sa mheasúnú. Ardófar an táille sin le EUR 38 800 le gach substaint ghníomhach bhreise nó le gach teaglaim de shubstaintí gníomhacha breise ón tríú substaint ghníomhach nó ón tríú teaglaim de shubstaintí gníomhacha ar aghaidh. Ní rachaidh an táille sin thar EUR 295 400 beag beann ar líon na substaintí gníomhacha agus/nó na dteaglamaí de shubstaintí gníomhacha.

As méid na táille, seo a leanas a bheidh méid iomlán an luach saothair don rapóirtéir agus don chomhrapóirtéir/do na comhrapóirtéirí:

(a)

EUR 119 333 i gcás ina n-áirítear substaint ghníomhach amháin nó dhá shubstaint ghníomhacha agus/nó teaglaim nó dhá theaglaim de shubstaintí gníomhacha sa mheasúnú;

(b)

EUR 145 200 i gcás ina n-áirítear trí shubstaint ghníomhacha agus/nó trí theaglaim de shubstaintí gníomhacha sa mheasúnú;

(c)

EUR 171 066 i gcás ina n-áirítear ceithre shubstaint ghníomhacha agus/nó ceithre theaglaim de shubstaintí gníomhacha sa mheasúnú;

(d)

EUR 196 933 i gcás ina n-áirítear cúig shubstaint ghníomhacha nó níos mó agus/nó cúig theaglaim de shubstaintí gníomhacha nó níos mó sa mheasúnú.

I gcás ina n-áirítear substaint ghníomhach amháin nó dhá shubstaint ghníomhacha agus/nó teaglaim amháin nó dhá theaglaim de shubstaintí gníomhacha sa mheasúnú, íocfaidh an Ghníomhaireacht udaráis inniúla náisiúnta do na seirbhísí arna gcur ar fáil ag an rapóirtéir agus ag an gcomhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí a ceapadh chun an measúnú a dhéanamh trí mhéid iomlán an luach saothair a roinnt go cothrom.

I gcás ina n-áirítear trí shubstaint ghníomhacha nó níos mó agus/nó 3 theaglaim nó níos mó de shubstaintí gníomhacha sa mheasúnú, íocfaidh an Ghníomhaireacht údaráis inniúla náisiúnta do na seirbhísí arna gcur ar fáil ag an rapóirtéir agus ag an gcomhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí trí:

(a)

mhéid iomlán an luach saothair a roinnt go cothrom idir na húdaráis inniúla náisiúnta; agus

(b)

luach saothair don rapóirtéir a mhéadú ina dhiadh sin le EUR 1 000 i gcás ina n-áirítear trí shubstaint agus/nó trí theaglaim de shubstaintí gníomhacha, le EUR 2 000 i gcás ina n-áirítear ceithre shubstaint agus/nó ceithre theaglaim de shubstaintí gníomhacha, le EUR 3 000 i gcás ina n-áirítear cúig shubstaint nó níos mó agus/nó cúig theaglaim nó níos mó de shubstaintí gníomhacha. Íocfar an méadú sin as na codanna den táille a shanntar don Ghníomhaireacht agus don chomhrapóirtéir/do na comhrapóirtéirí, agus íocfaidh siad go léir an méid céanna as.

2.

Chun críche an tsuim a bheidh le toibhiú ar gach sealbhóir an údaraithe margaíochta a ríomh agus Airteagal 6(4) á chur i bhfeidhm, ríomhfaidh an Ghníomhaireacht cion na n-aonad inmhuirearaithe a bheidh i seilbh gach sealbhóra údaraithe margaíochta lena mbaineann de líon iomlán na n-aonad inmhuirearaithe a bheidh i seilbh na sealbhóirí údaruithe margaíochta uile a bheidh páirteach sa nós imeachta.

Ríomhfar an tsuim is iníoctha ag gach sealbhóir an údaraithe margaíochta ar an modh m seo a leanas:

(a)

suim iomlán na táille a bheidh le híoc a roinnt ar shealbhóirí na n-údaruithe margaíochta uile i gcomhréir le líon na n-aonad inmhuirearaithe; agus

(b)

an laghdú ar an táille atá leagtha síos i bpointe 4 den Chuid seo agus an díolúine ón táille dá dtagraítear in Airteagal 1(4) a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin i gcás inarb ábhartha.

I gcás ina mbeidh feidhm ag an laghdú ar an táille nó an díolúine ón táille, oiriúnófar freisin an aisíocaíocht a gheobhaidh an rapóirtéir agus an comhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí dá réir. I gcás ina mbaileoidh an Ghníomhaireacht an tsuim iomlán is infheidhme tar éis sin, lena n-áirítear méadú 10 % amhail dá bhforáiltear in Airteagal 8(5), oiriúnófar an aisíocaíocht a gheobhaidh an rapóirtéir agus an comhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí dá réir.

3.

Agus Airteagal 6(5) á chur i bhfeidhm, íocfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta dhá thrian den táille is infheidhme a leagtar síos i bpointe 1 den Chuid seo. Íocfaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide 60 % den tsuim sin.

Beidh méid iomlán luach saothair don rapóirtéar agus don chomhrapóirtéar/do na comhrapóirtéirí as ceachtar den dá mhéid laghduithe den táille dá dtagraítear sa chéad fhomhír sin comhfhreagrach leis an gcion céanna de mhéid iomlán luach saothair an rapóirtéara agus an chomhrapóirtéara/na gcomhrapóirtéirí as an táille atá leagtha síos i bpointe 1 den Chuid seo maidir le measúnuithe i gcás ina bhfuil substaint ghníomhach amháin nó dhá shubstaint ghníomhacha agus/nó teaglaim amháin nó dhá theaglaim de shubstaintí gníomhacha i gceist. Roinnfidh an Ghníomhaireacht an tsuim sin go cothrom ar udaráis náisiúnta inniúla do na seirbhísí arna gcur ar fáil ag an rapóirtéir agus ag an gcomhrapóirtéir/ag na comhrapóirtéirí.

4.

Agus Airteagal 6(6) á chur i bhfeidhm, íocfaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide 60 % den tsuim is infheidhme.

CUID IV

TÁILLE BHLIANTÚIL DO CHÓRAIS TEICNEOLAÍOCHTA FAISNÉISE AGUS DO FHAIREACHÁN AR LITRÍOCHT DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7

1.

Is é EUR 67 a bheidh sa táille bhliantúil in aghaidh an aonaid inmhuirearaithe.

2.

Agus Airteagal 7(3) á chur i bhfeidhm, íocfaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide 60 % den tsuim is infheidhme.

3.

Íocfaidh sealbhóir údaraithe margaíochta i leith táirgí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 7(4) 80 % den tsuim is infheidhme maidir leis na haonaid inmhuirearaithe a chomhfhreagróidh do na táirgí íocshláinte sin.

CUID V

FAISNÉIS FEIDHMÍOCHTA

Bainfidh an fhaisnéis seo a leanas le gach bliain féilire:

 

Líon na mball foirne Gníomhaireachta atá páirteach i ngníomhaíochtaí cógas-aireachais ghníomhartha dlí an Aontais is infheidhme le linn na tréimhse tagartha, lena sonraítear na baill foirne dá dtabharfar gníomhaíochtaí atá comhfhreagrach do gach ceann de na táillí dá dtagraítear in Airteagal 4 go hAirteagal 7.

 

Líon na n-uaireanta an chloig arna seachfhoinsiú ó thríú páirtithe maille le sonrú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann agus costas arna thabhú.

 

Na costais chógas-aireachais fhoriomlána agus miondealú ar na costais foirne agus neamhfhoirne a bhaineann le gníomhaíochtaí atá comhfhreagrach do gach ceann de na táillí dá dtagraítear in Airteagail 4 go hAirteagal 7.

 

Líon na nósanna imeachta a bhaineann le measúnú ar thuarascálacha tréimhsiúla cothrom le dáta maidir le sábháilteacht maille le líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta agus líon na n-aonad inmhuirearaithe in aghaidh an nós imeachta; líon na dtuarascálacha arna gcur isteach in aghaidh an nós imeachta agus líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta a chuir isteach comhthuarascáil thréimhsiúil cothrom le dáta maidir le sábháilteacht.

 

Líon na nósanna imeachta a bhaineann le measúnú ar dhréachtphrótacail agus ar thuarascála deiridh ar staidéir shábháilteachta iar-údarúchaithe; líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta a chuir dréachtphrótacal isteach; líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta a chuir tuarascáil staidéir deiridh isteach; líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta a chuir comhstaidéar isteach.

 

Líon na nósanna imeachta a bhaineann leis na tarchuir arna dtionscnamh mar thoradh ar an measúnú ar shonraí cógas-aireachais maille le líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta agus líon na n-aonad inmhuirearaithe lena mbaineann in aghaidh an tsealbhóra um údarú margaíochta agus in aghaidh an nós imeachta.

 

Líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta a mhaígh go raibh stádas fiontair bhig agus mheánmhéide atá páirteach i ngach nós imeachta; líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta ar diúltaíodh dá maíomh.

Líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta a mhaígh go raibh stádas micrifhiontair acu; líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta ar diúltaíodh dá maíomh.

 

Líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 7(4) agus a bhain tairbhe as laghdú ar táillí bliantúla; líon na n-aonad inmhuirearaithe in aghaidh an tsealbhóra údaraithe margaíochta lena mbaineann.

 

Líon na sonrasc a cuireadh amach agus táillí bliantúla a gearradh maidir leis an táille bhliantúil agus na meánsuimeanna agus na suimeanna foriomlána a cuireadh i sonrasc chuig sealbhóirí údaruithe margaíochta.

Líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta a mhaígh go raibh stádas fiontair bhig agus mheánmhéide nó stádas micrifhiontair acu in aghaidh gach cur i bhfeidhm den táille bhliantúil; líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta ar diúltaíodh dá maíomh.

 

An líon rapóirtéireachtaí agus comhrapóirtéireachtaí in aghaidh an Bhallstáit in aghaidh an chineáil nós imeachta.

 

Líon na n-uaireanta oibre a chaith an rapóirtéir agus an comhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí ar gach nós imeachta bunaithe ar an bhfaisnéis a thug na húdaráis inniúla náisiúnta lena mbaineann don Ghníomhaireacht.


Top