This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32014R0547
Regulation (EU, Euratom) No 547/2014 of the European Parliament and of the Council of 15 May 2014 amending Regulation (EU, Euratom) No 966/2012 on the financial rules applicable to the general budget of the Union
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 547/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 547/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais
IO L 163, 29.5.2014, p. 18–21
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 01/08/2018; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32018R1046
29.5.2014 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
18 |
RIALACHÁN (AE, Euratom) Uimh. 547/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Bealtaine 2014
lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322 de,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Glacadh Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) an 25 Deireadh Fómhair 2012 agus ag gabháil leis bhí ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún inar cinneadh an Rialachán sin a athbhreithniú chun toradh na caibidlíochta maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 a chur i gcuntas. |
(2) |
Tar éis Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (4) agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a ghlacadh, agus i gcomhréir leis an ráiteas comhpháirteach, is gá Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a leasú chun na rialacha tabhairt anonn don Chúlchiste le haghaidh Cúnaimh Éigeandála agus do thionscadail arna maoiniú faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a áireamh. |
(3) |
Maidir leis an gCúlchiste le haghaidh Cúnaimh Éigeandála, tá na leithreasaí comhfhreagracha iontráilte i dTeideal ‘Cúlchistí’ de bhuiséad ginearálta an Aontais. Dá bhrí sin, is gá Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir leis na leithreasaí a cuireadh i gcúlchiste agus nár úsáideadh i mbliain n a thabhairt anonn go bliain n+1. |
(4) |
De bharr chineál na dtionscadal a mhaoinítear faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, i neart cásanna beidh nósanna imeachta casta conarthacha de dhíth. Dá bhrí sin, féadfaidh caillteanas i leithreasaí bliantúla faoi chomhair oibleagáidí a bheith mar thoradh ar mhoilleanna teoranta féin ar na tionscadail sin a chríochnú agus an bonn a bhaint d’inmharthanacht na dtionscadal sin agus dá bhrí sin de chinneadh polaitiúil an Aontais a líonraí iompair, fuinnimh agus teileachumarsáide agus a bhonneagar a nuachóiriú. D’fhonn an méid sin a chosc, ba cheart foráil a dhéanamh i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí nach n-úsáidtear faoi dheireadh gach ceann de bhlianta airgeadais 2014, 2015 agus 2016 a thabhairt anonn go dtí an chéad bhliain airgeadais eile le haghaidh tionscadal a mhaoinítear faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Ba cheart an tabhairt anonn a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena formheas. |
(5) |
Tar éis Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a ghlacadh, is gá Rialachán (AE, Euratom) Uimh 966/2012 a leasú d’fhonn leithreasaí saortha a chur ar fáil arís chun an cúlchiste feidhmíochta agus an ráthaíocht neamhchaidhpeáilte agus na hionstraimí airgeadais urrúsúcháin a chur chun feidhme i bhfabhar na bhfiontar beag agus meánmhéide (“FBManna”), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012
Leasaítear leis seo Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Theideal II de Chuid a Dó: “TEIDEAL II NA CISTÍ STRUCHTÚRTHA, AN CISTE COMHTHÁTHAITHE, AN CISTE EORPACH IASCAIGH, AN CISTE EORPACH TALMHAÍOCHTA UM FHORBAIRT TUAITHE, CISTÍ I RÉIMSE NA SAOIRSE, NA SLÁNDÁLA AGUS AN CHEARTAIS ARNA mBAINISTIÚ FAOIN mBAINISTÍOCHT ROINNTE AGUS AN tSAORÁID UM CHÓNASCADH NA hEORPA”; |
(3) |
In Airteagal 178, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “3. Cuirfear na leithreasaí saortha ar fáil arís sna cásanna seo a leanas:
(7) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Coiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).”;" |
(4) |
Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: “Airteagal 178a Tabhairt anonn leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 1. Do na blianta airgeadais 2014, 2015 agus 2016, leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí le haghaidh tionscadal a mhaoinítear faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa arna mbunú le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus óng Comhairle (8) nár gealladh fós faoi dheireadh na bliana airgeadais, ní fhéadfar iad a thabhairt anonn ach go dtí an chéad bhliain airgeadais eile agus go dtí an bhliain sin amháin. 2. Déanfaidh an Coimisiún tograí thabhairt anonn i leith na bliana airgeadais roimhe sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 15 Feabhra den bhliain airgeadais reatha. 3. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, an dara ceann acu ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, gach togra thabhairt anonn a phlé faoin 31 Márta den bhliain airgeadais reatha. 4. Formheasfar an togra thabhairt anonn más rud é, faoin spriocdháta a leagtar amach i mír 3, go dtarlóidh aon cheann de na nithe seo a leanas:
(8) Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (AE) Uimh 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).”." |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
D. KOURKOULAS
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014.
(3) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
(4) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (AE) Uimh 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Coiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).
Ráiteas comhpháirteach maidir leis an urscaoileadh leithleach le haghaidh Gnóthas Comhpháirteach faoi Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais
1. |
Aontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gur cheart go gcuirfí na Gnóthais Chomhpháirteacha ar bun faoi Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais ionas go mbainfidh siad tairbhe as rialacha airgeadais simplithe a bheadh níos oiriúnaí dá gcineál príobháideach poiblí. Mar sin féin, aontaíonn siad freisin:
|
2. |
Tugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dá n-aire go ndéanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
|