This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32014R0538
Regulation (EU) No 538/2014 of the European Parliament and of the Council of 16 April 2014 amending Regulation (EU) No 691/2011 on European environmental economic accounts Text with EEA relevance
Rialachán (AE) Uimh. 538/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 maidir le Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
Rialachán (AE) Uimh. 538/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 maidir le Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
IO L 158, 27.5.2014, p. 113–124
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
27.5.2014 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
L 158/113 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 538/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Aibreán 2014
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 maidir le Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), foráiltear go bhfágann luas na bhforbairtí reatha agus na neamhchinnteachtaí a bhaineann le treochtaí dóchúla todhchaí go bhfuil gá le céimeanna breise a dhéanamh chun a áirithiú go leanann an beartas sin san Aontas de leas a bhaint as tuiscint fhónta ar an riocht ina bhfuil an comhshaol, ar roghanna freagartha féideartha agus iarmhairtí na roghanna sin. Ba cheart ionstraimí a fhorbairt d'fhonn a áirithiú go ndéanfar sonraí agus táscairí a bhfuil a gcáilíocht dearbhaithe a ullmhú agus d'fhonn feabhas a chur ar a inrochtaineacht. Tá sé tábhachtach go gcuirfear na sonraí sin ar fáil i bhfoirm shothuigthe agus inrochtana. |
(2) |
Faoi Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), iarrtar ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin agus, más iomchuí, tograí a dhéanamh chun modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach, amhail Caiteachas agus Ioncam i leith Chosaint an Chomhshaoil (CICC)/Cuntais ar Chaiteachas i leith Chosaint an Chomhshaoil (CCCC), An Earnáil um Earraí agus um Sheirbhísí Comhshaoil (EESC) agus Cuntais Fuinnimh. |
(3) |
Rannchuidíonn na modúil nua go díreach le tosaíochtaí beartais an Aontais maidir le fás glas agus éifeachtúlacht acmhainne trí fhaisnéis thábhachtach a sholáthar maidir le táscairí amhail aschur margaidh agus fostaíocht san EESC, caiteachas náisiúnta ar chosaint an chomhshaoil agus úsáid fuinnimh i miondealú NACE. |
(4) |
Ghlac Coimisiún Staidrimh na Náisiún Aontaithe an Creat Lárnach de Chóras Cuntasaíochta Eacnamaíche agus Comhshaoil (CCEC) mar chaighdeán staidrimh idirnáisiúnta ag an 43ú seisiún dá chuid i Feabhra 2012. Tá na modúil nua atá á dtabhairt isteach leis an Rialachán seo ag teacht go hiomlán le CCEC. |
(5) |
Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach. |
(6) |
Chun an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh agus chun na forálacha maidir le cuntais fuinnimh a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le sonrú an liosta de tháirgí fuinnimh dá dtagraítear i Roinn 3 d'Iarscríbhinn VI mar atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. |
(7) |
Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach Iarscríbhinn V mar atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a éascú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh. |
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 mar a leanas:
(1) |
In Airteagal 2, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8(2): “2. Chun maolú a fháil faoi mhír 1 i leith Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh chuí-réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 12 Samhain 2011. Chun maolú a fháil faoi mhír 1 i leith Iarscríbhinn IV, Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn VI, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh chuí-réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Meán Fómhair 2014.”. |
(4) |
Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
(5) |
Cuirtear Iarscríbhinn IV, Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn VI, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo iad, le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, 16 Aibreán 2014.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
D. KOURKOULAS
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.
(2) Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2020 dar teideal “Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid” (IO L 354, 28.12.2013, lch. 171).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2011 maidir le Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil (IO L 192, 22.7.2011, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN IV
MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAS AR CHAITEACHAS I LEITH CHOSAINT AN CHOMHSHAOIL
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Le cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil, déantar, ar shlí atá comhoiriúnach leis na sonraí a thuairiscítear faoi CEC, sonraí a thíolacadh maidir leis an gcaiteachas ar chosaint an chomhshaoil, i.e. na hacmhainní eacnamaíocha arna gcaitheamh ag aonaid chónaitheacha ar chosaint an chomhshaoil. Le cuntais den sórt sin, tugtar an deis tiomsú a dhéanamh ar chaiteachas náisiúnta i leith chosaint an chomhshaoil, arna shainmhíniú mar shuim na n-úsáidí a bhaineann aonaid chónaitheacha as seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil, an ollfhoirmithe caipitil sheasta (OFCS) le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le cosaint an chomhshaoil, agus aistrithe do chosaint an chomhshaoil nach bhfuil ina gcontrapháirt i leith ítimí roimhe sin, lúide maoiniú ón gcuid eile den domhan.
Sna cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil, ba cheart go mbainfí leas as an bhfaisnéis atá ann cheana féin sna cuntais náisiúnta (cuntais táirgthe agus giniúna ioncaim; OFCS de réir NACE, táblaí soláthair agus úsáide; sonraí bunaithe ar aicmiú fheidhmeanna an rialtais), i staidreamh struchtúrach gnó, sa chlár gnó agus i bhfoinsí eile.
Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú agus le tarchur ag na Ballstáit chun críocha na gcuntas ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil, mar aon leis na sonraí a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu ag na Ballstáit chuige sin.
Roinn 2
CUMHDACH
Tá na teorainneacha córais céanna ag cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil agus atá ag CEC agus taispeántar iontu caiteachas i leith chosaint an chomhshaoil maidir le príomhghníomhaíochtaí, gníomhaíochtaí tánaisteacha agus gníomhaíochtaí coimhdeacha. Cumhdaítear na hearnálacha seo a leanas:
— |
rialtas ginearálta (institiúidí neamhbhrabúis a fhónann do theaghlaigh) agus corparáidí mar earnálacha institiúideacha a tháirgeann seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil. Táirgeann saintáirgeoirí seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil mar a bpríomhghníomhaíocht, |
— |
teaghlaigh, rialtas ginearálta agus corparáidí mar thomhaltóirí de sheirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil, |
— |
an chuid eile den domhan mar thairbhí nó foinse na n-aistrithe le haghaidh chosaint an chomhshaoil. |
Roinn 3
LIOSTA NA SAINTRÉITHE
Déanfaidh na Ballstáit cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil a tháirgeadh de réir na saintréithe seo a leanas atá sainmhínithe i gcomhréir le CEC:
— |
aschur na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil. Déantar aschur margaidh, aschur neamh-mhargaidh agus aschur gníomhaíochtaí coimhdeacha a idirdhealú, |
— |
tomhaltas idirmheánach na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil ag saintáirgeoirí, |
— |
allmhairí agus onnmhairí seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil, |
— |
cáin bhreisluacha (CBL) móide cánacha eile, lúide fóirdheontais ar tháirgí a bhaineann le seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil, |
— |
ollfhoirmiú caipitil sheasta agus éadálacha lúide diúscairtí sócmhainní neamh-tháirgthe neamhairgeadais ar mhaithe le seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil a tháirgeadh, |
— |
tomhaltas deiridh na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil, |
— |
aistrithe cosanta comhshaoil (faighte/íoctha). |
Tuairisceofar na sonraí ar fad san airgeadra náisiúnta de réir milliúin.
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA
1. |
Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil. |
2. |
Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. |
3. |
Chun riachtanais na n-úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin d'iomláin an AE-28 ar fáil do phríomh-chomhiomláin an mhodúil seo chomh luath is a bheidh sonraí leordhóthanacha i ndáil le tíortha ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú. |
4. |
Is é 2015 an chéad bhliain tagartha. |
5. |
Sa chéad tarchur sonraí, áireoidh Ballstáit sonraí bliantúla ó 2014 go dtí an chéad bhliain tagartha. |
6. |
I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n–2, n–1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh Ballstáit sonraí ar bith atá ar fáil do na blianta roimh 2014 a sholáthar. |
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
1. |
I gcás na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí agus iad miondealaithe de réir:
|
2. |
Is mar a leanas atá aicmí CEPA dá dtagraítear i bpointe 1:
|
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse.
IARSCRÍBHINN V
MODÚL LE hAGHAIDH CHUNTAIS NA hEARNÁLA UM EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ COMHSHAOIL
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Leis an staidreamh maidir le hearraí agus seirbhísí comhshaoil, déantar sonraí a thaifeadadh agus a thíolacadh maidir le gníomhaíochtaí táirgthe na ngeilleagar náisiúnta a ndéantar táirgí comhshaoil iontu ar shlí a luíonn leis na sonraí a thuairiscítear faoi CEC.
Ba cheart go mbainfí úsáid i gcuntais na hearnála um earraí agus seirbhísí comhshaoil as an bhfaisnéis ó na cuntais náisiúnta atá ann cheana féin, ó staidreamh struchtúrach gnó, ón gclár gnó agus ó fhoinsí eile.
Sainítear leis an Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur, agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu, ag na Ballstáit le haghaidh earraí agus seirbhísí comhshaoil.
Roinn 2
CUMHDACH
Tá na teorainneacha córais céanna ag an earnáil um earraí agus seirbhísí comhshaoil agus atá ag CEC agus cuimsítear ann gach earra agus seirbhís comhshaoil a chruthaítear laistigh de theorainn an táirgthe. Is é an sainmhíniú a dhéantar ar tháirgeadh in CEC an ghníomhaíocht a dhéantar faoi rialú agus faoi fhreagracht aonaid institiúidigh a bhaineann úsáid as ionchur saothair, caipitil agus earraí agus seirbhísí chun earraí agus seirbhísí a tháirgeadh.
Tagann earraí agus seirbhísí comhshaoil faoi réim na gcatagóirí seo a leanas: seirbhísí a bhaineann go sonrach leis an gcomhshaol, táirgí de chuspóir comhshaoil amháin (táirgí bainteacha), earraí oiriúnaithe agus teicneolaíochtaí comhshaoil.
Roinn 3
LIOSTA NA SAINTRÉITHE
Déanfaidh na Ballstáit staidreamh maidir leis an earnáil um earraí agus seirbhísí comhshaoil a tháirgeadh de réir na saintréithe seo a leanas:
— |
aschur margaidh, ar de sin:
|
— |
breisluach na ngníomhaíochtaí margaidh, |
— |
fostaíocht na ngníomhaíochtaí margaidh. |
Tuairisceofar na sonraí ar fad san airgeadra náisiúnta de réir milliúin, seachas an tsaintréith ‘fostaíocht’, ar ‘coibhéis lánaimseartha’ ba cheart a bheith san aonad tuairiscithe.
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA
1. |
Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil. |
2. |
Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. |
3. |
Chun riachtanais na n-úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin d'iomláin AE-28 ar fáil do phríomh-chomhiomláin an mhodúil sin chomh luath is a bheidh sonraí leordhóthanacha i ndáil le tíortha ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú. |
4. |
Is é 2015 an chéad bhliain tagartha. |
5. |
Sa chéad tarchur sonraí, áireoidh Ballstáit sonraí bliantúla ó 2014 go dtí an chéad bhliain tagartha. |
6. |
I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n–2, n–1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil do na blianta roimh 2014 a sholáthar. |
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
1. |
I gcás na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí agus iad tras-aicmithe de réir:
|
2. |
Tá aicmí CEPA dá dtagraítear i bpointe 1 leagtha amach in Iarscríbhinn IV. Is mar a leanas atá aicmí CReMA dá dtagraítear i bpointe 1:
|
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse.
IARSCRÍBHINN VI
MODÚIL LE hAGHAIDH CUNTAS AR SHREABHADH FISICIÚIL FUINNIMH
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Le cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh, déantar sonraí a thíolacadh maidir le sreafaí fisiciúla fuinnimh, arna sloinneadh i dteirigiúil, ar shlí a luíonn go hiomlán le CEC. Déantar taifeadadh i gcuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh ar shonraí fuinnimh a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha aonaid chónaitheacha na ngeilleagar náisiúnta agus iad miondealaithe de réir gníomhaíochta eacnamaíche. Léiríonn siad soláthar agus úsáid na n-ionchur fuinnimh nádúrtha, na dtáirgí fuinnimh agus na n-iarmharach fuinnimh. Tá táirgeadh, tomhaltas agus carnadh cuimsithe sna gníomhaíochtaí eacnamaíocha.
Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú agus le tarchur ag na Ballstáit, mar aon leis na sonraí a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu ag na Ballstáit, le haghaidh cuntas ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh.
Roinn 2
CUMHDACH
Tá na teorainneacha córais céanna ag cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh agus atá ag CEC agus tá siad bunaithe freisin ar phrionsabal an chónaithe.
I gcomhréir le CEC, deirtear gurb ionann aonad agus aonad cónaitheach tíre nuair atá lárionad leasa eacnamaíoch an aonaid i gcríoch eacnamaíoch na tíre sin, is é sin le rá, nuair a bhíonn sé ag gabháil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ar feadh tréimhse fadaithe (bliain amháin nó níos mó) sa chríoch sin.
Le cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh, déantar sreafaí fisiciúla fuinnimh a eascraíonn as gníomhaíochtaí gach aonaid chónaithigh a thaifeadadh, beag beann ar an áit as a dtagann na sreafaí sin go geografach.
Le cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh, déantar sreafaí fisiciúla fuinnimh a thaifeadadh ón gcomhshaol chuig an ngeilleagar, laistigh den gheilleagar, agus ón ngeilleagar ar ais chuig an gcomhshaol.
Roinn 3
LIOSTA NA SAINTRÉITHE
Déanfaidh na Ballstáit cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh a tháirgeadh de réir na saintréithe seo a leanas:
— |
na sreafaí fisiciúla fuinnimh agus iad grúpáilte i dtrí chatagóir ghinearálta:
|
— |
foinse na sreafaí fisiciúla fuinnimh, agus iad grúpáilte i gcúig chatagóir: táirgeadh, tomhaltas, carnadh, an chuid eile den domhan agus an comhshaol, |
— |
ceann scríbe na sreafaí fisiciúla, agus iad grúpáilte sna cúig chatagóir chéanna ná foinse na sreafaí fisiciúla fuinnimh. |
Tuairisceofar na sonraí ar fad i dteirigiúil.
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA
1. |
Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil. |
2. |
Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 21 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. |
3. |
Chun riachtanais na n-úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin d'iomláin AE-28 ar fáil do phríomh-chomhiomláin an mhodúil sin chomh luath is a bheidh sonraí leordhóthanacha i ndáil le tíortha ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú. |
4. |
Is é 2015 an chéad bhliain tagartha. |
5. |
Sa chéad tarchur sonraí, áireoidh Ballstáit sonraí bliantúla ó 2014 go dtí an chéad bhliain tagartha. |
6. |
I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n–2, n–1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh na Ballstáit sonraí ar bith atá ar fáil do na blianta roimh 2014 a sholáthar. |
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
1. |
I gcás na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar na sonraí seo a leanas in aonaid fhisiciúla:
|
2. |
Tá leagan amach coiteann ó thaobh sraitheanna agus colún de ag táblaí soláthair agus úsáide sreafaí fuinnimh (lena n-áirítear sreafaí a bhaineann le hastaíochtaí). |
3. |
Seasann na colúin d'fhoinsí (soláthar) nó do chinn scríbe (úsáid) na sreafaí fisiciúla. Tá na colúin grúpáilte i gcúig chatagóir:
|
4. |
Sna sraitheanna, déantar tuairisc ar an gcineál sreafa fhisiciúil mar atá aicmithe sa chéad fhleasc de Roinn 3. |
5. |
Is mar a leanas atá aicmiú na n-ionchur fuinnimh nádúrtha, na dtáirgí fuinnimh agus na n-iarmharach fuinnimh:
|
6. |
Déantar an ‘ceangal’ idir táscaire phrionsabal an chónaithe agus an táscaire críochbhunaithe a thíolacadh don gheilleagar náisiúnta iomlán (gan aon mhiondealú de réir tionscail) agus faightear é mar seo a leanas: úsáid iomlán fuinnimh ag aonaid chónaitheacha:
|
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse.”
(1) Rialachán (CE) Uimh. 295/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le staidreamh struchtúrach gnó (IO L 97, 9.4.2008 lch. 13).