Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1350

Rialachán (AE) Uimh. 1350/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leasaítear gníomhartha reachtacha áirithe i réimse an staidrimh talmhaíochta agus iascaigh

IO L 351, 21.12.2013, pp. 1–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1350/oj

21.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1350/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

lena leasaítear gníomhartha reachtacha áirithe i réimse an staidrimh talmhaíochta agus iascaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le roinnt gníomhartha reachtaíochta i réimse an staidrimh talmhaíochta agus iascaigh (‘na gníomhartha reachtacha’), tugtar cumhachtaí don Choimisiún cuid d'fhorálacha na ngníomhartha reachtaíochta sin a chur chun feidhme. Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, caithfear na cumhachtaí cur chun feidhme sin a ailíniú leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(2)

Tá curtha de cheangal air féin ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha reachtacha a bhfuil tagairtí iontu faoi láthair don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú i bhfianaise na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 290 CFAE.

(3)

Chun gnéithe neamhriachtanacha áirithe de na gníomhartha reachtacha a fhorlíonadh nó a leasú, go háirithe chun forbairtí eacnamaíocha, sóisialta agus teicniúla a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE.

(4)

I ndáil le Treoir 96/16/CE ón gComhairle (2), d'fhonn taithí a fuarthas agus forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an liosta de tháirgí bainne a chumhdaítear leis na suirbhéanna agus na sainmhínithe caighdeánacha is infheidhme chun na torthaí do na táirgí éagsúla a chur in iúl.

(5)

I ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar Iarscríbhinn I agus ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

(6)

I ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 1921/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairl (4), chun forbairtí teicniúla a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe teicniúla ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin.

(7)

I ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 762/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin.

(8)

I ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 1165/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin.

(9)

I ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), d'fhonn forbairtí teicniúla agus riachtanais idirnáisiúnta a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin, maidir leis na liostaí de na réigiúin iascaireachta staidrimh, nó leis na liostaí dá bhforanna, agus leis na liostaí de speicis.

(10)

I ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 217/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), chun forbairtí teicniúla agus riachtanais idirnáisiúnta a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin maidir leis na liostaí de speicis agus de na réigiúin iascaireachta staidrimh, agus ar na tuairiscí ar na réigiún sin, chomh maith leis na tomhais, cóid agus sainmhínithe a chuirtear i bhfeidhm maidir le gníomhaíocht iascaireachta, trealamh iascaireachta, méideanna soithí agus modhanna iascaireachta.

(11)

I ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), chun forbairtí teicniúla agus riachtanais idirnáisiúnta a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin maidir leis na liostaí de na speicis agus de na réigiúin iascaireachta staidrimh, ar na tuairiscí ar na réigiúin iascaireachta sin, agus ar a mhéid atá sé ceadaithe comhiomlánú a dhéanamh ar shonraí.

(12)

I ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 543/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hoiriúniú na dtáblaí tarchuir a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin.

(13)

Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú freisin nach bhforchuirtear ualach breise suntasach leis na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear sna gníomhartha reachtacha ar na Ballstáit nó ar na freagróirí.

(14)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis na gníomhartha reachtacha a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(15)

Cuireann an Buanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta (BST) arna chur ar bun le Cinneadh 72/279/CEE ón gComhairle (12) comhairle ar fáil don Choimisiún, agus tugann sé cúnamh dó a chumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú faoi na gníomhartha reachtacha. Faoin straitéis maidir le struchtúr nua don Chóras Staidrimh Eorpach (CSE), a bhfuil sé mar aidhm aige comhordú agus comhpháirtíocht a fheabhsú i struchtúr pirimide soiléir laistigh de CSE, ba cheart ról comhairleach a bheith ag an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (CCSE), ar coiste é a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), agus ba cheart dó cúnamh a thabhairt don Choimisiún a chumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú. Chuige sin, ba cheart na gníomhartha reachtacha a leasú tríd an tagairt do CCSE a chur in ionad na tagartha do BST. Ba cheart don Choimisiún leanúint air de dhul i gcomhairle le saineolaithe sa staidreamh talmhaíochta agus iascaigh sula ndéanfaidh sé ábhar a thabhairt os comhair CCSE.

(16)

Is iad cuspóirí an Rialacháin seo tabhairt na gcumhachtaí chuig an gCoimisiún atá ann cheana sna gníomhartha reachtacha a ailíniú le CFAE agus leis an gcreat dlíthiúil nua a eascraíonn as teacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 agus, i gcás inarb iomchuí, athbhreithniú a dhéanamh ar scóip na gcumhachtaí sin. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a ghnothú go leordhóthanach ach gur féidir iad a ghnothú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnothú.

(17)

Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do na nósanna imeachta chun bearta dá bhforáiltear sna gníomhartha reachtacha a ghlacadh, ar nósanna imeachta iad a tioscnaíodh ach nach mbeidh críochnaithe roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(18)

Ós rud é gur leasuithe teicniúla iad na leasuithe a dhéantar ar Threoir 96/16/CE agus nach mbaineann siad ach le nós imeachta coiste, ní gá do na Ballstáit na leasuithe sin a thrasuí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear na gníomhartha reachtacha a liostaítear san Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do na nósanna imeachta chun bearta a ghlacadh dá bhforáiltear sna gníomhartha reachtacha atá liostaithe san Iarscríbhinn, ar nósanna imeachta iad a tionscnaíodh ach nach mbeidh críochnaithe faoin 10 Eanáir 2014.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Samhain 2013 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Nollaig 2013.

(2)  Treoir 96/16/CE ón gComhairle an 19 Márta 1996 maidir le suirbhéanna staidrimh ar bhainne agus ar tháirgí bainne (IO L 78, 28.3.1996, lch. 27).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir leis na cuntais eacnamaíocha talmhaíochta sa Chomhphobal (IO L 33, 5.2.2004, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1921/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le tíolacadh sonraí staidrimh i ndáil le táirgí iascaigh a chuirtear i dtír i mBallstáit agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1382/91 (IO L 403, 30.12.2006, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 762/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le tíolacadh staidrimh i ndáil le dobharshaothrú ag Ballstáit agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 788/96 ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1165/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le staidreamh beostoic agus feola agus lena n-aisghairtear Treoir 93/23/CEE, Treoir 93/24/CEE agus Treoir 93/25/CEE ón gComhairle (IO L 321, 1.12.2008, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht i limistéir áirithe seachas i limistéir an Atlantaigh Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 217/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thiar Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil agus ar ghníomhaíocht (IO L 87, 31.3.2009, lch. 42).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thoir Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 70).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 543/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le staidreamh i ndáil le barra agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 837/90 agus Rialachán (CEE) Uimh. 959/93 ón gComhairle (IO L 167, 29.6.2009, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  Cinneadh 72/279/CEE ón gComhairle an 31 Iúil 1972 lena mbunaítear Buanchoiste um Staidreamh Talmhaíochta (IO L 179, 7.8.1972, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).


IARSCRÍBHINN

1.

Leasaítear Treoir 96/16/CE mar a leanas:

(a)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.   suirbhéanna bliantúla ar tháirgeadh bainne agus ar a úsáid i measc gabháltas talmhaíochta de réir bhrí Airteagal 2(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 571/88 ón gComhairle (IO L 321, 1.12.2008, lch. 14).”;"

(b)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

“2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6a chun an liosta de tháirgí bainne a chumhdaítear leis na suirbhéanna a leasú agus chun sainmhínithe caighdeánacha is infheidhme maidir leis na torthaí do na táirgí éagsúla a chur in iúl a leagan síos

Ní ghlacfar na gníomhartha tarmligthe sin ach nuair atá gá leo chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh; ní athrófar leo cineál roghnach na faisnéise a cheanglaítear a thabhairt agus ní fhorchuirfear leo ualach suntasach breise ar na Ballstáit nó ar na bhfreagróirí.

Tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as ionchur ó shaineolaithe ábhartha a bheidh bunaithe ar anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais um tháirgeadh, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”;"

(c)

in Airteagal 5(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Déanfar na tuarascálacha modheolaíocha, infhaighteacht agus iontaofacht na sonraí agus aon rud eile a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach seo a scrúdú uair sa bhliain leis na Ballstáit. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún go bliantúil maidir leis an bhfaisnéis modheolaíocha a bhaineann leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1), agus ceistneoir caighdeánach á úsáid acu. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena ndréachtófar na ceistneoirí caighdeánacha sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).”;

(d)

in Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos táblaí maidir le tarchur sonraí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).”;

(e)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 6a

1.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 10 Eanáir 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(f)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

1.   Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13). ”."

2.

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 mar a leanas:

(a)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 chun modheolaíocht CET a leagtar amach in Iarscríbhinn I a leasú. Beidh na gníomhartha tarmligthe sin teoranta d'inneachar Iarscríbhinn I a shonrú agus a fheabhsú, chun críche léirmhíniú comhchuibhithe a áirithiú nó chun inchomparáideacht idirnáisiúnta a áirithiú

Ní ghlacfar na gníomhartha tarmligthe sin ach amháin mura ndéanann siad na coincheapa foluiteacha san Iarscríbhinn a athrú, mura dteastaíonn acmhainní breise do tháirgeoirí laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach chun iad a chur chun feidhme agus mura bhforchuireann siad ualach breise ar na Ballstáit nó ar na bhfreagróirí.

Tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as ionchur ó shaineolaithe ábhartha bunaithe a bheidh bunaithe ar anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais um tháirgeadh, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4).

(*4)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”;"

(b)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 chun an liosta d'athróga do sholáthar sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a leasú.'

Ní fhorchuirfear leis na gníomhartha tarmligthe sin ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na bhfreagróirí.

Tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as ionchur ó shaineolaithe ábhartha a bheidh bunaithe ar anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.”;

(c)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus in Airteagal 3(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 10 Eanáir 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus in Airteagal 3(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(2) nó Airteagal 3(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”.

3.

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1921/2006 mar a leanas:

(a)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar na tuarascálacha agus déanfaidh sé a chonclúidí a thíolacadh do na Ballstáit.”;

(b)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcás ina ndéanfaí deacrachtaí a chruthú do na húdaráis náisiúnta earnáil áirithe an tionscail iascaigh de chuid Ballstáit a áireamh sa staidreamh agus go mbeadh na deacrachtaí sin díréireach do thábhacht na hearnála sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena ndeonaítear maolú lena gceadaítear don Bhallstát sin faisnéis staidrimh a chumhdaíonn an earnáil sin ón bhfaisnéis staidrimh náisiúnta arna dtíolacadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2)”;

(c)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Leasuithe teicniúla ar na hIarscríbhinní

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10a i ndáil le leasuithe teicniúla ar na hIarscríbhinní. Ní athrófar leis na gníomhartha tarmligthe sin cineál roghnach na faisnéise a cheanglaítear a thabhairt nó ní fhorchuirfear leo aon ualach breise suntasach ar na Ballstáit ná ar na bhfreagróirí.

Tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as ionchur ó shaineolaithe ábhartha a bheidh bunaithe ar anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5).

(*5)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”;"

(d)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 10a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 10 Eanáir 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(e)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”."

4.

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 762/2008 mar a leanas:

(a)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar na tuarascálacha agus déanfaidh sé a chonclúidí a thíolacadh do na Ballstáit.”;

(b)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcás ina ndéanfaí deacrachtaí a chruthú do na húdaráis náisiúnta earnáil áirithe gníomhaíochtaí dobarshaothraithe de chuid Ballstáit a áireamh sa staidreamh agus go mbeadh na deacrachtaí sin díréireach do thábhacht na hearnála sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena ndeonaítear maolú lena gceadaítear don Bhallstát sin faisnéis staidrimh a chumhdaíonn an earnáil sin ón bhfaisnéis staidrimh náisiúnta arna dtíolacadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Forálacha teicniúla

1.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 9a, maidir le leasuithe teicniúla ar Iarscríbhinn I, chun l na sainmhínithe sin a oiriúnú d'athruithe ar shainmhínithe idirnáisiúnta agus maidir le leasuithe ar Iarscríbhinn II go hIarscríbhinn VI.

Ní ghlacfar na gníomhartha tarmligthe sin ach nuair atá gá leo chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh; ní athrófar leo cineál roghnach na faisnéise a cheanglaítear a thabhairt agus ní fhorchuirfear leo ualach suntasach breise ar na Ballstáit nó ar na bhfreagróirí.

Tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as ionchur ó shaineolaithe ábhartha bunaithe a bheidh bunaithe ar anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos an fhormáid ina mbeidh staidreamh le tíolacadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2) (*7).

(*7)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”;"

(d)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 9a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 10 Eanáir 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(e)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”."

5.

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1165/2008 mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

“Airteagal 18

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 a bhaineann le leasuithe ar Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V.

Ní ghlacfar na gníomhartha tarmligthe sin ach nuair atá gá leo chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh; ní athrófar leo cineál roghnach na faisnéise a cheanglaítear a thabhairt agus ní fhorchuirfear leo ualach suntasach breise ar na Ballstáit nó ar na bhfreagróirí.

Tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as ionchur ó shaineolaithe ábhartha bunaithe a bheidh bunaithe ar anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9).

(*9)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”;"

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

“Airteagal 19

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 18 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 10 Eanáir 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 18 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 18 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”.

6.

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 mar a leanas:

(a)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5 chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinní I, II, III agus IV maidir leis na liostaí de na limistéir staidrimh iascaireachta, nó a bhforanna, agus ar an liosta de na speicis.

Ní ghlacfar na gníomhartha tarmligthe sin ach nuair atá gá leo chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh; ní athróidh siad cineál roghnach na faisnéise a cheanglaítear a thabhairt agus ní fhorchuirfidh siad ualach suntasach breise ar na Ballstáit nó ar na freagróirí.

Tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as ionchur ó shaineolaithe ábhartha bunaithe a bheidh bunaithe ar anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10).

(*10)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”;"

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 10 Eanáir 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(5) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(c)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

1.   Faoin 14 Samhain 1996 cuirfidh na Ballstáit tuarascáil mhionsonraithe faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh tuairisc ar conas a dhíorthaítear na sonraí ar ghabhálacha [An focal seo againn ar ‘holdings’ leis] agus ina sonrófar cé chomh hionadaíoch agus chomh hiontaofa is atá na sonraí sin. Déanfaidh an Coimisiún achoimre ar na tuarascálacha sin a tharraingt suas chun plé a dhéanamh ina leith leis na Ballstáit.

2.   Déanfaidh na Ballstáit aon athruithe ar an bhfaisnéis a sholáthraítear faoi mhír 1 a chur in iúl don Choimisiún laistigh de thrí mhí ón tráth a dtarlóidh na hathruithe sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascálacha modheolaíocha, infhaighteacht sonraí agus iontaofacht sonraí agus saincheisteanna ábhartha eile a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a scrúdú uair sa bhliain leis na Ballstáit.”.

7.

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 217/2009 mar a leanas:

(a)

In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal6 chun Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn IV, agus Iarscríbhinn V a leasú maidir leis na liostaí de na speicis agus de na réigiúin iascaireachta staidrimh, agus tuairiscí na réigiún sin, á leasú aige, mar aon leis na tomhais, na cóid agus na sainmhínithe a chuirtear i bhfeidhm maidir le gníomhaíocht iascaireachta, trealamh iascaireachta, méideanna soithí agus modhanna iascaireachta.

Ní ghlacfar na gníomhartha tarmligthe sin ach nuair atá gá leo chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh; ní athrófar leo cineál roghnach na faisnéise a cheanglaítear a thabhairt agus ní fhorchuirfear leo ualach suntasach breise ar na Ballstáit nó ar na bhfreagróirí.

Tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as ionchur ó shaineolaithe ábhartha bunaithe a bheidh bunaithe ar anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11).

(*11)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE. Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”;"

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 10 Eanáir 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(4) a chúlghairm aon tráth. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”.

(c)

In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascálacha modheolaíocha, infhaighteacht sonraí agus iontaofacht sonraí agus saincheisteanna ábhartha eile a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a scrúdú uair sa bhliain leis na Ballstáit.”.

8.

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 mar a leanas:

(a)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5 agus leasú á dhéanamh aige ar Iarscríbhinní I, II, III, agus IV maidir leis na liostaí de na speicis agus de na réigiúin iascaireachta staidrimh, agus ar thuairiscí na réigiún iascaireachta sin, agus ar a mhéid atá sé ceadaithe comhiomlánú a dhéanamh ar shonraí.

Ní ghlacfar na gníomhartha tarmligthe sin ach nuair atá gá leo chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh; ní athrófar leo cineál roghnach na faisnéise a cheanglaítear a thabhairt agus ní fhorchuirfear leo ualach suntasach breise ar na Ballstáit nó ar na bhfreagróirí.

Tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as ionchur ó shaineolaithe ábhartha bunaithe a bheidh bunaithe ar anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*12).

(*12)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”;"

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 10 Eanáir 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(c)

In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfaidh an Coimisiún na tuarascálacha modheolaíocha, infhaighteacht sonraí agus iontaofacht sonraí agus saincheisteanna ábhartha eile a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a scrúdú uair sa bhliain leis na Ballstáit.”.

9.

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 543/2009 mar a leanas:

(a)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a agus na táblaí tarchuir a leagtar amach san Iarscríbhinn á n-oiriúnú aige, ach amháin i gcás minicíocht an tuairiscithe agus i gcás na spriocdhátaí.

Ní leasófar leis na gníomhartha tarmligthe sin minicíocht an tuairiscithe agus na spriocamanna ná ní fhorchuirfear leo ualach suntasach breise ar na Ballstáit nó ar na freagróirí.

Tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as ionchur ó shaineolaithe ábhartha bunaithe a bheidh bunaithe ar anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*13)

(*13)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”;"

(b)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 8a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 10 Eanáir 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(c)

scriostar Airteagal 9 agus Airteagal 10;

(d)

in Airteagal 11, scriostar mír 2;

(e)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2010.”.


(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 571/88 ón gComhairle (IO L 321, 1.12.2008, lch. 14).”;

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”;

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13). ”.

(*4)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”;

(*5)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”;

(*6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”.

(*7)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”;

(*8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”.

(*9)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”;

(*10)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”;

(*11)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE. Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”;

(*12)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”;

(*13)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).”;”


Top