This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32013R1202
Regulation (EU) No 1202/2013 of the European Parliament and of the Council of 20 November 2013 amending Council Regulation (EC) No 1215/2009 in relation to tariff quotas for wine
Rialachán (AE) Uimh. 1202/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle i ndáil le taraifchuótaí d'fhíon
Rialachán (AE) Uimh. 1202/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle i ndáil le taraifchuótaí d'fhíon
IO L 321, 30.11.2013, p. 1–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 25/03/2024; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32024R0823
30.11.2013 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
L 321/1 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1202/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Samhain 2013
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle i ndáil le taraifchuótaí d'fhíon
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Ó 2000 i leith deonaíonn an tAontas rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar mhargadh an Aontais do bheagnach gach táirge de thionscnamh tíortha de chuid na mBalcán Thiar. Faoi láthair, foráiltear don chóras seo le Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle (2). |
(2) |
Baineann tíortha uile na mBalcán Thiar tairbhe as socruithe trádála fabhracha, lena n-áirítear taraifchuótaí aonair, faoi na Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais nó na Comhaontuithe Eatramhacha maidir le trádáil agus ábhair a bhaineann le trádáil a cuireadh i gcrích leis na tíortha seo, cé is moite den Chosaiv (3). |
(3) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009, cuireadh taraifchuóta foriomlán 50 000 hl ar fáil d'fhíon, ar bonn “tús freastail ar an gceann is túisce” le haghaidh na dtairbhithe uile, faoi réir a dtaraifchuótaí sonracha faoi na Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais nó na Comhaontuithe Eatramhacha a bheith ídithe acu. |
(4) |
Tá rochtain chobhsaí ar mhargadh an Aontais riachtanach d'fhorbairt shocheacnamaíoch na Cosaive, a bhfuil a hachmhainn chun fíon a onnmhairiú léirithe aici. In éagmais taraifchuóta aonair, níl an intuarthacht is gá i ndáil lena n-onnmhairí ag táirgeoirí fíona na Cosaive. |
(5) |
Is iomchuí taraifchuóta sonrach bliantúil 20 000 hl a leithdháileadh ar onnmhairí fíona ón gCosaiv chuig an Aontas, agus an taraifchuóta foriomlán d'fhíon atá ar fáil do na tairbhithe uile a laghdú go comhréireach ó 50 000 hl go 30 000 hl. |
(6) |
Déantar taraifchuóta sonrach a leithdháileadh tríd an taraifchuóta foriomlán atá ann faoi láthair a dhúnadh agus dhá chuóta nua a oscailt, arb ionann a méid foriomlán agus méid an taraifchuóta a dúnadh. |
(7) |
Is iomchuí freisin sásra a thabhairt isteach lena seachnaítear éiginnteachtaí dlíthiúla maidir le taraifchuótaí atá ar fáil ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus imeacht méid iomlán an lámháltais thar 50 000 hl a chosc. |
(8) |
Ós rud é nach modhnaítear méid iomlán na lámháltas, ní dhéanann an Rialachán seo difear don earnáil fíona san Aontas. Ní dhéanann an Rialachán seo difear do na lámháltais shonracha dá bhforáiltear sna Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais nó sna Comhaontuithe Eatramhacha ach oiread. |
(9) |
Ní dhéanann an Rialachán seo difear d'oibleagáidí an Aontais san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus ní gá dó tarscaoileadh ó EDT a fháil. |
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 7a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3: “2. Tabharfar an chumacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7 ar feadh tréimhse cúig bliana ón 3 Nollaig 2013. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfar Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7 a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonraítear ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.”; |
(2) |
cuirtear an téacs atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I. |
Airteagal 2
Bearta idirthréimhseacha
Beidh feidhm ag na bearta idirthréimhseacha seo a leanas ón 3 Nollaig 2013 go dtí an 31 Nollaig 2013:
(1) |
gheobhaidh na taraifchuótaí nua faoi na huimhreacha ordaithe 09.1530 agus 09.1560 iarmhéid tharaifchuóta 09.1515 le hoidhreacht go comhréireach an 3 Nollaig 2013 mar a leanas:
|
(2) |
déanfar na hiarrataí ar tharaifchuótaí atá ar feitheamh (nach bhfuil leithdháilte) do tharaifchuóta 09.1515 a aistriú go dtí taraifchuótaí 09.1530 agus 09.1560 faoi seach, de réir áit tionscnaimh an fhíon. |
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 20 Samhain 2013.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
V. LEŠKEVIČIUS
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 15 Samhain 2013.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis (IO L 328, 15.12.2009, lch. 1).
(3) Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag luí le UNSCR 1244 (1999) agus tuairim CBI faoi Dhearbhú Neamhspleáchais na Cosaive.
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN I
TARAIFCHUÓTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(1)
In ainneoin na rialacha maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte (AC), is ceart a mheas nach bhfuil ach luach táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na táirgí, ós de réir raon feidhme chóid na hAinmníochta Comhcheangailte (cóid AC) a chinnfear an scéim fhabhrach, i gcomhthéacs na hIarscríbhinne seo. I gcás ina luaitear cóid AC a bhfuil ‘ex’ rompu, tá an scéim fhabhrach le cinneadh trí bhíthin an cód AC agus an tuairisc a chomhfhreagraíonn dó a chur i bhfeidhm i dteannta a chéile.
Uimh. an Ordaithe |
Cód AC |
Tuairisc |
Cuóta-mhéid in aghaidh na bliana (1) |
Tairbhithe |
Ráta dleachta |
09.1571 |
0301 91 10 0301 91 90 0302 11 10 0302 11 20 0302 11 80 0303 14 10 0303 14 20 0303 14 90 0304 42 10 0304 42 50 0304 42 90 ex 0304 52 00 0304 82 10 0304 82 50 0304 82 90 ex 0304 99 21 ex 0305 10 00 ex 0305 39 90 0305 43 00 ex 0305 59 80 ex 0305 69 80 |
Breac (Salmo trutta, Oncorhynchus mykiss, Oncorhynchus clarki, Oncorhynchus aguabonita, Oncorhynchus gilae, Oncorhynchus apache agus Oncorhynchus chrysogaster): beo; úr nó fuaraithe; reoite; triomaithe, saillte nó faoi sháile, deataithe; filléid agus feoil eile éisc; plúir, min agus millíní, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine |
15 tona |
Críoch chustaim na Cosaive |
0 % |
09.1573 |
0301 93 00 0302 73 00 0303 25 00 ex 0304 39 00 ex 0304 51 00 ex 0304 69 00 ex 0304 93 90 ex 0305 10 00 ex 0305 31 00 ex 0305 44 90 ex 0305 59 80 ex 0305 64 00 |
Carbán (Cyprinus carpio, Carassius carassius, Ctenopharyngodon idellus, Hypophthalmichthys spp., Cirrhinus spp., Mylopharyngodon piceus): beo; úr nó fuaraithe; reoite; triomaithe, saillte nó faoi sháile, nó deataithe; filléid agus feoil eile éisc; plúir, min agus millíní, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine |
20 tona |
Críoch chustaim na Cosaive |
0 % |
09.1575 |
ex 0301 99 85 0302 85 10 0303 89 50 ex 0304 49 90 ex 0304 59 90 ex 0304 89 90 ex 0304 99 99 ex 0305 10 00 ex 0305 39 90 ex 0305 49 80 ex 0305 59 80 ex 0305 69 80 |
Garbhánach (Dentex dentex agus Pagellus spp.): beo; úr nó fuaraithe; reoite; triomaithe, saillte nó faoi sháile, nó deataithe; filléid agus feoil eile éisc; plúir, min agus millíní, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine |
45 tona |
Críoch chustaim na Cosaive |
0 % |
09.1577 |
ex 0301 99 85 0302 84 10 0303 84 10 ex 0304 49 90 ex 0304 59 90 ex 0304 89 90 ex 0304 99 99 ex 0305 10 00 ex 0305 39 90 ex 0305 49 80 ex 0305 59 80 ex 0305 69 80 |
Doingean mara (Dicentrarchus labrax): beo; úr nó fuaraithe; reoite; triomaithe; saillte nó faoi sháile, nó deataithe; filléid agus feoil eile éisc; plúir, min agus millíní, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine |
30 tona |
Críoch chustaim na Cosaive |
0 % |
09.1530 |
ex 2204 21 93 ex 2204 21 94 ex 2204 21 95 ex 2204 21 96 ex 2204 21 97 ex 2204 21 98 ex 2204 29 93 ex 2204 29 94 ex 2204 29 95 ex 2204 29 96 ex 2204 29 97 ex 2204 29 98 |
Fíon ó fhíonchaora úra nach mó ná 15 % toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte, cé is móite d'fhíon súilíneach |
30 000 hl |
An Albáin (2) An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin (3), Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine (4), Montainéagró (5), an tSeirbia (6), críoch chustaim na Cosaive (7) |
Díolúine |
09.1560 |
ex 2204 21 93 ex 2204 21 94 ex 2204 21 95 ex 2204 21 96 ex 2204 21 97 ex 2204 21 98 ex 2204 29 93 ex 2204 29 94 ex 2204 29 95 ex 2204 29 96 ex 2204 29 97 ex 2204 29 98 |
Fíon ó fhíonchaora úra nach mó ná 15 % toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte, cé is móite d'fhíon súilíneach |
20 000 hl |
Críoch chustaim na Cosaive |
Díolúine |
(1) Aon mhéid foriomlán amháin in aghaidh an taraifchuóta is inrochtana ag allmhairí de thionscnamh na dtairbhithe.
(2) An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na hAlbáine ar an taraifchuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an taraifchuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an Albáin a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear an cuóta aonair sin faoi Ordú Uimh. 09.1512 agus 09.1513.
(3) An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar an taraifchuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an dá tharaifchuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na cuótaí aonair sin faoi Ordú Uimh. 09.1528 agus faoi Ordú Uimh. 09.1529.
(4) An rochtain atá ag fíon de thionscnamh Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine ar an taraifchuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an dá tharaifchuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal Breise maidir le fíon a tugadh i gcrích le Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na taraifchuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1558 agus faoi Ordú Uimh. 09.1559.
(5) An rochtain atá ag fíon de thionscnamh Mhontainéagró ar an taraifchuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an taraifchuóta aonair a ndéantar foráil dó sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích le Montainéagró a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear an cuóta aonair sin faoi Ordú Uimh. 09.1514.
(6) An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Seirbia ar an taraifchuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an dá tharaifchuóta aonair a ndéantar foráil dóibh sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an tSeirbia a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na cuótaí aonair sin faoi Ordú Uimh. 09.1526 agus faoi Ordú Uimh. 09.1527.
(7) An rochtain atá ag fíon de thionscnamh chríoch na Cosaive ar an taraifchuóta iomlán, tá sí faoi réir an taraifchuóta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear an cuóta aonair sin faoi Ordú Uimh. 09.1560.”