Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R0020

    Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile

    IO L 17, 19.1.2013, p. 13–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 01/01/2017

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/20/oj

    19.1.2013   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L NaN/13


    RIALACHÁN (AE) Uimh. 20/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 15 Eanáir 2013

    lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Ar an 23 Aibreán 2007, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún tús a chur le caibidlí le tíortha áirithe Mheiriceá Láir (“Meiriceá Láir”) le haghaidh Comhaontú lena mbunófaí Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile (“an Comhaontú”) thar ceann an Aontais agus a Bhallstát.

    (2)

    Tá na caibidlí sin tugtha i gcrích agus rinneadh an Comhaontú a shíniú an 29 Meitheamh 2012, fuair sé toiliú ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2012 agus tá sé le feidhm a bheith aige de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 353 den Chomhaontú.

    (3)

    Is gá na nósanna imeachta is oiriúnaí a leagan síos chun cur i bhfeidhm éifeachtach forálacha áirithe den Chomhaontú a bhaineann leis an gclásal coimirce déthaobhach a ráthú agus chun an sásra cobhsaíochta do bhananaí arna chomhaontú le Meiriceá Láir a chur i bhfeidhm.

    (4)

    Is gá chomh maith sásraí coimirce iomchuí a chruthú chun nach ndéanfaí mórdhíobháil d'earnáil saothraithe bananaí an Aontais, ar earnáil í a bhfuil tábhacht mhór léi do tháirgeoirí talmhaíochta go leor de réigiúin is forimeallaí an Aontais. Fágann cumas teoranta na réigiún sin tabhairt faoin éagsúlú, mar gheall ar a saintréithe nádúrtha, go bhfuil soghontacht ar leith ag baint le hearnáil na mbananaí. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, sásraí éifeachtacha a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar allmhairí fabhracha ó na tríú tíortha lena mbaineann, ionas go n-áiritheofaí go ndéanfar táirgeacht bhananaí an Aontais a chothabháil faoi na coinníollacha is fearr is féidir, ós rud é gur earnáil fostaíochta ríthábhachtach í i limistéir áirithe, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí.

    (5)

    Ba cheart na téarmaí “mórdhíobháil”, “bagairt mhórdhíobhála” agus “idirthréimhse” dá dtagraítear in Airteagal 104 agus Airteagal 105 den Chomhaontú a shainmhíniú.

    (6)

    Níor cheart breithniú i dtaobh bearta coimirce a dhéanamh ach amháin i gcás ina n-allmhairítear an táirge i dtrácht isteach san Aontas sna cainníochtaí méadaithe sin, i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas le táirgeacht an Aontais, agus faoi na coinníollacha sin a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le mórdhíobháil, nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le mórdhíobháil, do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí díriomaíocha, faoi mar a leagtar síos in Airteagal 104 den Chomhaontú.

    (7)

    Ba cheart go mbeadh forálacha coimirce sonracha ar fáil ar eagla go ndéantar an táirge i dtrácht a allmhairiú sna cainníochtaí méadaithe sin agus faoi na coinníollacha sin a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le mórmheathlú, nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le mórmheathlú, i staid eacnamaíoch aon cheann de na réigiúin is forimeallaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    (8)

    Ba cheart go mbeadh bearta coimirce i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 104(2) den Chomhaontú.

    (9)

    Maidir leis na cúraimí a ghabhann le bearta leantacha a dhéanamh i ndáil leis an gComhaontú agus a ghabhann leis an gComhaontú a athbhreithniú, le himscrúduithe a dhéanamh agus, más gá, le bearta coimirce a fhorchur, ba cheart iad a dhéanamh sa dóigh is trédhearcaí is féidir.

    (10)

    Ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe agus maidir le cur i bhfeidhm na mbeart coimirce agus an tsásra cobhsaíochta do bhananaí.

    (11)

    Mar gheall ar na dúshláin atá i Meiriceá Láir a mhéid a bhaineann le cearta an duine, cearta sóisialta, cearta saothair agus cearta comhshaoil i dtaca le táirgí ón réigiún sin, is gá go mbeidh dlúth-idirphlé ann idir an Coimisiún agus eagraíochtaí sochaí sibhialta an Aontais.

    (12)

    Ba cheart béim a chur ar an tábhacht a bhaineann leis na caighdeáin idirnáisiúnta saothair, arna dtarraingt suas agus arna maoirsiú ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, a chomhlíonadh.

    (13)

    Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chomhall na gcaighdeán sóisialta agus comhshaoil a leagtar síos i dTeideal VIII de Chuid IV den Chomhaontú ag Meiriceá Láir.

    (14)

    Ba cheart go mbeadh forálacha mionsonraithe ann maidir le himeachtaí a thionscnamh. Ba cheart go bhfaigheadh an Coimisiún faisnéis, lena n-áirítear fianaise atá ar fáil ó na Ballstáit, i ndáil le haon treochtaí allmhairiúcháin a d'fhéadfadh a fhágáil gur ghá bearta coimirce a chur i bhfeidhm.

    (15)

    Tá iontaofacht an staidrimh i ndáil leis na hallmhairí go léir ó Meiriceá Láir chuig an Aontas ríthábhachtach, dá bhrí sin, chun a chinneadh an bhfuil na coinníollacha maidir le bearta coimirce a chur i bhfeidhm á gcomhlíonadh.

    (16)

    I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh méadú ar allmhairí nach dtarlaíonn ach i gceann amháin nó i roinnt de réigiúin is forimeallaí an Aontais nó de Bhallstáit is forimeallaí an Aontais, ina chúis le mórmheathlú nó mórdhíobháil ina staid eacnamaíoch, nó go mbagródh sé a bheith ina chúis le mórmheathlú nó mórdhíobháil den sórt sin. Más amhlaidh go bhfuil méadú ar allmhairí nach dtarlaíonn ach i gceann amháin nó i roinnt de réigiúin is forimeallaí an Aontais nó de Bhallstáit is forimeallaí an Aontais, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann bearta réamhfhaireachais a thabhairt isteach.

    (17)

    Má tá fianaise leordhóthanach prima facie ann chun go mbeidh údar maith le himeacht a thionscnamh, ba cheart don Choimisiún fógra faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 111(3) den Chomhaontú a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    (18)

    Ba cheart go mbeadh forálacha mionsonraithe ann maidir le himscrúduithe a thionscnamh, maidir le rochtain agus cigireacht ag na páirtithe leasmhara ar an bhfaisnéis a bhailítear, maidir le héisteachtaí do na páirtithe leasmhara lena mbaineann, agus maidir le deiseanna do na páirtithe sin a gcuid tuairimí a chur isteach, faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 111(3) den Chomhaontú.

    (19)

    Ba cheart don Choimisiún fógra i scríbhinn a thabhairt do Mheiriceá Láir i dtaca le himscrúdú a thionscnamh agus ba cheart dó torthaí na n-imscrúduithe a chur i bhfógra chuig an gCoiste Comhlachais faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 116 den Chomhaontú.

    (20)

    Is gá freisin, de bhun Airteagal 112 den Chomhaontú, teorainneacha ama a shocrú maidir le himscrúdú a thionscnamh agus maidir le cinntí a dhéanamh i dtaobh cé acu is iomchuí nó nach iomchuí bearta coimirce a dhéanamh, d’fhonn a áirithiú go ndéanfar na cinntí sin go tapa chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.

    (21)

    Ba cheart imscrúdú a dhéanamh sula gcuirfear aon bheart coimirce i bhfeidhm, ach sin faoi réir cead a bheith ag an gCoimisiún bearta coimirce sealadacha a chur i bhfeidhm in imthosca géibheannacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 106 den Chomhaontú.

    (22)

    Le faireachán géar, ba cheart go n-éascófaí cinneadh tráthúil maidir le tionscnamh féideartha imscrúdaithe nó maidir le bearta a fhorchur. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar allmhairí bananaí ó dháta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Ar iarraidh cuí-réasúnaithe a fháil, ba cheart an faireachán a leathnú go dtí earnálacha eile.

    (23)

    Ba cheart féidearthacht a bheith ann chun dleachtanna custaim fabhracha a fhionraí go mear ar feadh tréimhse uasta de thrí mhí i gcás ina mbíonn allmhairí níos mó ná méid allmhairí truiceartha bliantúil arna shainiú. Maidir leis an gcinneadh an ndéanfar nó nach ndéanfar an sásra cobhsaíochta do bhananaí a chur i bhfeidhm, ba cheart cobhsaíocht mhargadh an Aontais do bhananaí a chur san áireamh.

    (24)

    Níor cheart bearta coimirce a chur i bhfeidhm ach amháin a mhéid is gá, agus go ceann cibé tréimhse is gá, chun mórdhíobháil a sheachaint agus chun coigeartú a éascú. Ba cheart ré uasta na mbeart coimirce a chinneadh agus ba cheart forálacha sonracha i dtaca le fadú agus athbhreithniú na mbeart sin a leagan síos, amhail dá dtagraítear in Airteagal 105 den Chomhaontú.

    (25)

    Ba cheart don Choimisiún dul i mbun comhairliúchán leis an tír de chuid Mheiriceá Láir a ndéanann na bearta difear di.

    (26)

    Chun an clásal coimirce déthaobhach agus an sásra cobhsaíochta do bhananaí dá bhforáiltear sa Chomhaontú a chur chun feidhme, éilítear coinníollacha comhionanna maidir le bearta coimirce sealadacha agus bearta coimirce cinntitheacha a ghlacadh, maidir le bearta réamhfhaireachais a fhorchur, maidir le himscrúdú a fhoirceannadh gan bearta a dhéanamh agus maidir le fionraí shealadach na dleachta custaim fabhraí arna bunú faoin sásra cobhsaíochta do bhananaí atá comhaontaithe le Meiriceá Láir. D'fhonn coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (2).

    (27)

    Ba cheart go n-úsáidfí an nós imeachta comhairliúcháin chun bearta coimirce faireachais agus sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí na mbeart sin agus a loighce seicheamhaí maidir le glacadh na mbeart coimirce cinntitheach. I gcás ina mbeadh moill ar fhorchur na mbeart coimirce sealadach ina cúis le damáiste a bheadh deacair a leigheas, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh.

    (28)

    I bhfianaise chineál agus thréimhse réasúnta gearr na mbeart dá bhforáiltear faoin sásra cobhsaíochta do bhananaí, agus chun tionchar diúltach ar staid mhargadh an Aontais do bhananaí a chosc, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh freisin chun an dleacht chustaim fhabhrach arna bhunú faoin sásra cobhsaíochta do bhananaí a chur ar fionraí go sealadach, nó chun a chinneadh nach bhfuil fionraí shealadach den sórt sin iomchuí. Sa chás ina ndéantar gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin atá infheidhme láithreach a chur i bhfeidhm, ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid.

    (29)

    Ba cheart don Choimisiún úsáid dhícheallach agus éifeachtach a bhaint as an sásra cobhsaíochta do bhananaí ionas go seachnófaí bagairt mhórmheathlaithe, nó mórmheathlú, do tháirgeoirí sna réigiúin is forimeallaí san Aontas. Ón 1 Eanáir 2020, leanfaidh d'fheidhm a bheith ag an sásra coimirce déthaobhach ginearálta, lena n-áirítear na forálacha speisialta do na réigiúin is forimeallaí.

    (30)

    Chun na rialacha cur chun feidhme is gá do chur i bhfeidhm na rialacha atá i bhFoscríbhinn 2A d’Iarscríbhinn II (Maidir le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus le modhanna comhair riaracháin) agus i bhFoscríbhinn 2 d’Iarscríbhinn I (Dleachtanna Custaim a Dhíchur) a ghabhann leis an gComhaontú a ghlacadh, ba cheart Airteagal 247a de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (3) a chur i bhfeidhm.

    (31)

    Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le táirgí de thionscnamh an Aontais nó de thionscnamh Mheiriceá Láir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA COIMIRCE

    Airteagal 1

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo:

    (a)

    ciallaíonn “táirge” earra de thionscnamh an Aontais nó de thionscnamh tíre de chuid Mheiriceá Láir. Maidir le táirge atá faoi réir imscrúdaithe, d’fhéadfadh sé go gcuimseofar leis líne taraife amháin nó roinnt línte taraife, nó fodheighilt de líne taraife, ag brath ar imthosca sonracha an mhargaidh nó ar aon deighilt táirgí a chuirtear i bhfeidhm go coitianta i dtionscal an Aontais;

    (b)

    ciallaíonn “páirtithe leasmhara” na páirtithe a ndéanann allmhairiú an táirge i dtrácht difear dóibh;

    (c)

    ciallaíonn “tionscal an Aontais” táirgeoirí an Aontais ina n-iomláine a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí díriomaíocha agus a oibríonn laistigh de chríoch an Aontais, táirgeoirí de chuid an Aontais arb ionann a gcomhaschur de tháirgí comhchosúla nó de tháirgí díriomaíocha agus cion mór de tháirgeacht iomlán an Aontais i dtaca leis na táirgí sin nó, nuair nach bhfuil sa táirge comhchosúil nó sa táirge díriomaíoch ach táirge amháin de roinnt táirgí arna ndéanamh ag na táirgeoirí de chuid an Aontais, na hoibríochtaí sonracha a bhaineann le táirgeadh an táirge chomhchosúil nó an táirge dhíriomaíoch;

    (d)

    ciallaíonn “mórdhíobháil” lagú suntasach foriomlán;

    (e)

    ciallaíonn “bagairt mhórdhíobhála” mórdhíobháil ar léir ina leith go bhfuil sí ar tí tarlú;

    (f)

    ciallaíonn “mórmheathlú” suaitheadh suntasach in earnáil nó i dtionscal an Aontais;

    (g)

    ciallaíonn “bagairt mhórmheathlaithe” suaitheadh suntasach ar léir ina leith go bhfuil sé ar tí tarlú;

    (h)

    ciallaíonn “idirthréimhse” deich mbliana ón dáta ar ar cuireadh an Comhaontú i bhfeidhm i gcás táirge dá ndéanann an Sceideal, a leagtar amach in Iarscríbhinn I (Dleachtanna Custaim a Dhíchur) a ghabhann leis an gComhaontú (“Sceideal um Dhíchur Taraife”) foráil do thréimhse níos lú ná deich mbliana le haghaidh dhíchur na taraife, nó an tréimhse le haghaidh dhíchur na taraife móide trí bliana i gcás táirge dá ndéanann an Sceideal um Dhíchur Taraife foráil do thréimhse deich mbliana nó níos mó le haghaidh dhíchur na taraife;

    (i)

    ciallaíonn “tír de chuid Mheiriceá Láir” Cósta Ríce, an tSalvadóir, Guatamala, Hondúras, Nicearagua nó Panama.

    Beidh cinneadh i dtaobh bagairt mhórdhíobhála a bheith ann de réir bhrí phointe (e) den chéad mhír bunaithe ar fhíorais infhíoraithe agus ní hamháin ar líomhaint, ar thuairimíocht nó ar fhéidearthacht fhánach. Chun a chinneadh an bhfuil bagairt mhórdhíobhála ann, cuirfear, inter alia, réamhaisnéisí, meastacháin agus anailísí a dhéantar ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 5(5) san áireamh.

    Airteagal 2

    Prionsabail

    1.   Féadfar beart coimirce a fhorchur i gcomhréir leis an Rialachán seo, más rud é go bhfuil táirge de thionscnamh tíre de chuid Mheiriceá Láir, mar thoradh ar na dleachtanna custaim ar an táirge sin a laghdú nó a dhíchur, á allmhairiú isteach san Aontas sna cainníochtaí méadaithe sin, i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas le táirgeacht an Aontais, agus faoi na coinníollacha sin a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le mórdhíobháil, nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le mórdhíobháil, do thionscal an Aontais.

    2.   Féadfaidh beart coimirce bheith i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

    (a)

    tuilleadh laghdaithe ar an ráta dleachta custaim ar an táirge lena mbaineann a chur ar fionraí de réir mar a fhoráiltear sa Sceideal um Dhíchur Taraife;

    (b)

    an ráta dleachta custaim ar an táirge lena mbaineann a mhéadú go leibhéal nach mó ná an ráta is ísle díobh seo a leanas:

    ráta dleachta custaim an náisiúin bharrfhabhair (“NBF”) a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an táirge agus atá i bhfeidhm an tráth a ndéantar an beart, nó

    an ráta dleachta custaim NBF a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an táirge atá in éifeacht an lá díreach roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

    3.   Ní chuirfear beart coimirce i bhfeidhm laistigh de theorainneacha na gcuótaí taraife fabhraí saor ó dhleacht arna ndeonú ag an gComhaontú.

    Airteagal 3

    Faireachán

    1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fhorás staidreamh allmhairithe bananaí ó thíortha Mheiriceá Láir. Chun na críche sin, comhoibreoidh sé ar bhonn rialta leis na Ballstáit agus le tionscal an Aontais, agus malartóidh sé sonraí leo ar bhonn rialta.

    2.   Ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó na tionscail lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún breithniú a dhéanamh i dtaobh raon feidhme an fhaireacháin a leathnú chuig earnálacha eile.

    3.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil faireacháin bhliantúil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an staidreamh cothrom le dáta i dtaobh allmhairithe bananaí ó thíortha Mheiriceá Láir, agus sna hearnálacha sin a mbeidh faireachán leathnaithe chucu.

    4.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhall na gcaighdeán sóisialta agus comhshaoil a leagtar síos i dTeideal VIII de Chuid IV den Chomhaontú ag tíortha Mheiriceá Láir.

    Airteagal 4

    Imeachtaí a thionscnamh

    1.   Déanfar imeacht a thionscnamh arna iarraidh sin do Bhallstát, d’aon duine dlítheanach nó d’aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige ag gníomhú dóibh thar ceann thionscal an Aontais, nó ar fhéintionscnamh an Choimisiúin más dealraitheach don Choimisiún go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann, arna chinneadh ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 5(5), le bheith ina húdar maith le tionscnamh den sórt sin.

    2.   Beidh san iarraidh ar imeacht a thionscnamh fianaise go bhfuil á gcomhlíonadh na coinníollacha maidir leis an mbeart coimirce a leagtar amach in Airteagal 2(1) a fhorchur. De ghnáth, beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarraidh: ráta agus méid an mhéadaithe ar allmhairí i ndáil leis an táirge lena mbaineann, arna shloinneadh i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, an sciar den mhargadh baile a bhaineann leis na hallmhairí méadaithe, agus na hathruithe ar an leibhéal díolacháin, táirgthe, táirgiúlachta, úsáide acmhainne, brabúis agus caillteanais, agus fostaíochta.

    3.   Féadfar imeacht a thionscnamh freisin i gcás ina dtagann borradh ar allmhairí atá comhchruinnithe i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, nó i gceann amháin nó i roinnt de na réigiúin is forimeallaí, ar choinníoll go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann go bhfuil na coinníollacha maidir le tionscnamh á gcomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 5(5).

    4.   Cuirfidh Ballstát an Coimisiún ar an eolas más dealraitheach go léiríonn treochtaí san allmhairiú ón Mheiriceá Láir go bhfuil gá le bearta coimirce. Beidh ar áireamh san fhaisnéis sin an fhianaise atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 5(5).

    5.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit nuair a bhfaighidh sé iarraidh imeacht a thionscnamh nó nuair a bhreithníonn sé gur iomchuí imeacht a thionscnamh ar a thionscnamh féin de bhun mhír 1.

    6.   Más rud é go ndealraíonn sé go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann i gcomhréir le hAirteagal 5(5) chun údar a thabhairt le himeacht a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh agus déanfaidh sé fógra ina thaobh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfar an tionscnamh laistigh d'aon mhí amháin ón tráth a bhfaighidh an Coimisiún an iarraidh nó an fhaisnéis de bhun mhír 1.

    7.   Maidir leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 6:

    (a)

    tabharfar achoimre ann ar an bhfaisnéis a fuarthas agus ceanglófar leis go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha uile a chur chuig an gCoimisiún;

    (b)

    luafar ann an tréimhse a fhéadfaidh páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus faisnéis a thíolacadh lena linn, más rud é go bhfuil na tuairimí agus an fhaisnéis sin le cur san áireamh le linn an imeachta;

    (c)

    luafar ann an tréimhse a fhéadfaidh páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh ar éisteacht ó bhéal a fháil os comhair an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 5(9) lena linn.

    Airteagal 5

    Imscrúduithe

    1.   Tar éis an t-imeacht a thionscnamh, cuirfidh an Coimisiún tús le himscrúdú. Tosóidh an tréimhse, amhail mar a leagtar amach i mír 3, ar an lá a bhfoilseofar an cinneadh chun imscrúdú a thionscnamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar agus glacfaidh na Ballstáit cibé beart is gá chun éifeacht a thabhairt don iarraidh sin. Más rud é gur faisnéis de chineál leasa ghinearálta í an fhaisnéis sin, agus nach faisnéis rúnda í de réir bhrí Airteagal 12, cuirfear leis na comhaid neamhrúnda í, faoi mar a fhoráiltear i mír 8 den Airteagal seo.

    3.   Aon uair is féidir, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de shé mhí tar éis é a thionscnamh. Féadfar trí mhí a chur leis an teorainn ama sin in imthosca eisceachtúla, amhail líon neamhghnách ard páirtithe leasmhara a bheith ann nó staideanna casta margaidh. Déanfaidh an Coimisiún fógra a thabhairt do na páirtithe leasmhara go léir i dtaobh aon fhadaithe den sórt sin agus míneoidh sé na cúiseanna atá leis.

    4.   Lorgóidh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheasann sé a bheith riachtanach chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2(1), agus, nuair is iomchuí, féachfaidh sé leis an bhfaisnéis sin a fhíorú.

    5.   Agus an t-imscrúdú á dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar gach toisc ábhartha atá oibiachtúil agus inchainníochtúil agus a imríonn tionchar ar an staid ina bhfuil tionscal an Aontais, go háirithe an ráta ag a bhfuil allmhairí an táirge i dtrácht ag ardú agus méid an ardaithe sin, i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, an sciar sin de mhargadh an Aontais a bhaineann leis na hallmhairí méadaithe agus athruithe ar an leibhéal díolacháin, táirgthe, táirgiúlachta, úsáide acmhainne, brabúis agus caillteanais, agus fostaíochta. Ní liosta iomlán é an liosta sin agus d'fhéadfadh an Coimisiún tosca ábhartha eile a chur san áireamh i gcomhair a chinnidh i dtaobh an bhfuil mórdhíobháil nó bagairt mhórdhíobhála ann, amhail stoic, praghsanna, fáltas ar chaipiteal a úsáidtear, sreabhadh airgid, agus tosca eile is cúis le mórdhíobháil, nó a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le mórdhíobháil, nó a bhagraíonn a bheith ina gcúis le mórdhíobháil do thionscal an Aontais.

    6.   Féadfaidh páirtithe leasmhara atá tar éis faisnéis a thíolacadh de bhun Airteagal 4(7)(b), agus féadfaidh ionadaithe thír Mheiriceá Láir lena mbaineann, ar iarraidh i scríbhinn, iniúchadh a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile a chuirtear ar fáil don Choimisiún i dtaca leis an imscrúdú, seachas doiciméid inmheánacha arna n-ullmhú ag údaráis an Aontais nó ag údaráis na mBallstát, ar choinníoll go mbaineann an fhaisnéis sin le tíolacadh a gcáis agus nach faisnéis rúnda atá ann de réir bhrí Airteagal 12 agus ar choinníoll go bhfuil sí á húsáid ag an gCoimisiún san imscrúdú. Féadfaidh páirtithe leasmhara atá tar éis faisnéis a thíolacadh a gcuid tuairimí i leith na faisnéise a chur in iúl don Choimisiún. I gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann chun tacú leis na tuairimí sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh iad.

    7.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na sonraí uile agus an staidreamh go léir a úsáidtear don imscrúdú ar fáil agus go mbeidh siad sothuigthe, trédhearcach agus infhíoraithe.

    8.   Áiritheoidh an Coimisiún, a luaithe a bheidh an creat teicniúil is gá ann, go mbeidh rochtain ar líne faoi chosaint pasfhocail ann don chomhad neamhrúnda, agus déanfaidh sé bainistiú air sin, agus is trí sin a scaipfear an fhaisnéis go léir atá ábhartha agus nach bhfuil faoi rún, de réir bhrí Airteagal 12. Tabharfar rochtain ar an ardán ar líne sin do pháirtithe leasmhara, do na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa.

    9.   Tabharfaidh an Coimisiún éisteacht do pháirtithe leasmhara, go háirithe i gcás ina bhfuil iarratas i scríbhinn déanta acu laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos san fhógra a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar iarratas é ina léireofar gur dócha go hiarbhír go ndéanfaidh toradh an imscrúdaithe difear dóibh agus go bhfuil cúiseanna speisialta ann le héisteacht ó bhéal a thabhairt dóibh.

    Tabharfaidh an Coimisiún éisteacht do pháirtithe leasmhara ar ócáidí eile má tá cúiseanna speisialta ann leis sin.

    10.   I gcás nach soláthraítear an fhaisnéis laistigh de na teorainneacha ama a shocraigh an Coimisiún, nó nuair atá bac mór ar an imscrúdú, féadfaidh an Coimisiún cinntí a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún amach go ndearna aon pháirtí leasmhar nó aon tríú páirtí faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar dó, déanfaidh sé neamhshuim den fhaisnéis sin agus féadfaidh sé úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

    11.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra i scríbhinn don tír de chuid Mheiriceá Láir lena mbaineann maidir le himscrúdú a thionscnamh.

    Airteagal 6

    Bearta réamhfhaireachais

    1.   Féadfaidh an Coimisiún bearta réamhfhaireachais a ghlacadh i dtaca le hallmhairí ó thír de chuid Mheiriceá Láir sna cásanna a leanas:

    (a)

    nuair atá an treocht maidir le hallmhairí táirge de chineál a fhágann go bhféadfadh ceann de na staideanna dá dtagraítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 4 leanúint aisti; nó

    (b)

    nuair atá borradh ar allmhairí bananaí comhchruinnithe i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, nó i gceann amháin nó níos mó de réigiúin is forimeallaí an Aontais.

    2.   Glacfaidh an Coimisiún bearta réamhfhaireachais i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

    3.   Beidh tréimhse theoranta bailíochta ag bearta réamhfhaireachais. Mura bhforáiltear a mhalairt, scoirfidh siad de bheith bailí ag deireadh an dara tréimhse sé mhí tar éis na chéad sé mhí tar éis iad a thabhairt isteach.

    Airteagal 7

    Bearta coimirce sealadacha a fhorchur

    1.   In imthosca géibheannacha ina mbeadh moill ina cúis le damáiste a bheadh deacair a leigheas, déanfar bearta coimirce sealadacha a chur i bhfeidhm de bhun réamhchinnidh, ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 5(5), go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann go bhfuil méadú tagtha ar allmhairí táirge de thionscnamh tíre de chuid Mheiriceá Láir de thoradh dleacht chustaim a laghdú nó a dhíchur i gcomhréir leis an Sceideal um Dhíchur Taraife, agus go bhfuil allmhairí den sórt sin ina gcúis le mórdhíobháil, nó ina gcúis le bagairt mhórdhíobhála, do thionscal an Aontais.

    Glacfaidh an Coimisiún bearta coimirce sealadacha i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2). I gcásanna ina bhfuil mórchúiseanna práinne ann, lena n-áirítear an cás dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún bearta coimirce sealadacha atá infheidhme láithreach, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(4).

    2.   I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát go ndéanfadh an Coimisiún idirghabháil láithreach agus i gcás ina mbeidh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 comhlíonta, déanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil.

    3.   Ní bheidh feidhm ag bearta coimirce sealadacha ar feadh tréimhse níos faide ná 200 lá féilire.

    4.   I gcás ina n-aisghairfear na bearta coimirce sealadacha toisc go léirítear san imscrúdú nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2(1) á gcomhlíonadh, déanfar aon dleacht chustaim a bailíodh mar thoradh ar na bearta coimirce sealadacha sin a aisíoc go huathoibríoch.

    5.   Beidh feidhm ag bearta coimirce sealadacha maidir le gach táirge a chuirtear i saorchúrsaíocht tar éis dháta theacht i bhfeidhm na mbeart sin. Ní dhéanfaidh na bearta sin, áfach, cosc a chur le táirgí atá faoi bhealach chuig an Aontas cheana féin a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta i gcás nach féidir ceann scríbe na dtáirgí sin a athrú.

    Airteagal 8

    Foirceannadh imscrúduithe agus imeachtaí gan bhearta

    1.   I gcás ina léiríonn na fíorais, faoi mar a shuífear go críochnaitheach iad, nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2(1) á gcomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(3), cinneadh a ghlacadh lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú agus an t-imeacht.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún, ag féachaint go cuí do chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 12, tuarascáil a phoibliú ina leagfar amach a chinntí agus na conclúidí réasúnaithe ar thángthas orthu maidir le gach saincheist chuí fíorais agus dlí.

    Airteagal 9

    Bearta coimirce cinntitheacha a fhorchur

    1.   I gcás ina léiríonn na fíorais, faoi mar a shuífear go críochnaitheach iad, go bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 2(1) á gcomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an gCoiste Comhlachais lena scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 116 den Chomhaontú. I gcás nach bhfuil aon mholadh déanta ag an gCoiste Comhlachais agus i gcás nach sroichtear aon réiteach sásúil laistigh de 30 lá, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

    2.   Déanfaidh an Coimisiún, ag féachaint go cuí do chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 12, tuarascáil a phoibliú ina mbeidh achoimre ar na fíorais ábharthacha agus ar na nithe atá ábhartha don chinneadh.

    Airteagal 10

    Ré na mbeart coimirce agus athbhreithniú orthu

    1.   Ní leanfaidh beart coimirce de bheith i bhfeidhm ach go ceann cibé tréimhse ama a mbeidh gá léi chun an mhórdhíobháil do thionscal an Aontais a chosc nó a leigheas, agus chun coigeartú a éascú. Ní rachaidh an tréimhse sin thar dhá bhliain, mura rud é go bhfadaítear faoi mhír 3 í.

    2.   Go dtí go bhfaightear toradh an athbhreithnithe faoi mhír 3, leanfaidh beart coimirce de bheith i bhfeidhm i rith aon tréimhse fadaithe.

    3.   Féadfar, mar eisceacht, tréimhse thosaigh birt coimirce a fhadú dhá bhliain ar a mhéad, ar choinníoll go leanann an beart coimirce de bheith riachtanach chun mórdhíobháil do thionscal an Aontais a chosc nó a leigheas agus ar choinníoll go bhfuil fianaise ann go bhfuil coigeartú á dhéanamh i dtionscal an Aontais.

    4.   Sula ndéanfar aon fhadú de bhun mhír 3 den Airteagal seo, déanfar imscrúdú a thionscnamh arna iarraidh sin do Bhallstát, d’aon duine dlítheanach nó d’aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, ag gníomhú dóibh thar ceann thionscal an Aontais, nó ar fhéintionscnamh an Choimisiúin má tá fianaise leordhóthanach prima facie ann, go bhfuil na coinníollacha arna leagan síos i mír 3 den Airteagal seo á gcomhlíonadh, ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 5(5).

    5.   Foilseofar tionscnamh imscrúdaithe i gcomhréir le hAirteagal 4(6) agus (7). Déanfar an t-imscrúdú agus aon chinneadh maidir le fadú de bhun mhír 3 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 5, Airteagal 8 agus Airteagal 9.

    6.   Ní rachaidh ré iomlán birt coimirce thar cheithre bliana, lena n-áirítear aon bheart coimirce sealadach.

    7.   Ní chuirfear beart coimirce i bhfeidhm tar éis don idirthréimhse dul in éag, ach amháin le toiliú na tíre de chuid Mheiriceá Láir lena mbaineann.

    8.   Ní chuirfear aon bheart coimirce i bhfeidhm maidir le hallmhairiú táirge a bhí faoi réir birt dá leithéid roimhe sin, mura rud é go bhfuil tréimhse caite arb ionann í agus leath na tréimhse inar cuireadh an beart coimirce i bhfeidhm don tréimhse díreach roimpi.

    Airteagal 11

    Réigiúin is forimeallaí an Aontais

    I gcás ina bhfuil aon táirge de thionscnamh tíre de chuid Mheiriceá Láir á allmhairiú sna cainníochtaí méadaithe sin, agus faoi na coinníollacha sin, a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le mórmheathlú, nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le mórmheathlú, don staid eacnamaíoch i gceann amháin nó níos mó de réigiúin is forimeallaí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, féadfar beart coimirce a fhorchur, i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

    Airteagal 12

    Rúndacht

    1.   Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar ina leith a iarradh í.

    2.   Ní dhéanfar faisnéis ar bith de ghné rúnda a fhaightear de bhun an Rialacháin seo, ná aon fhaisnéis a sholáthraítear ar bhonn rúnda agus a fhaightear de bhun an Rialacháin seo, a nochtadh gan cead sainráite sholáthróir na faisnéise sin.

    3.   I ngach iarraidh ar rúndacht, luafar na cúiseanna leis an bhfaisnéis a bheith rúnda. Más rud é, áfach, go n-iarrann soláthróir na faisnéise nach ndéanfaí an fhaisnéis a phoibliú nó nach ndéanfaí í a nochtadh, ina hiomláine nó i bhfoirm achoimre, agus go ndealraíonn sé nach bhfuil údar maith leis an iarraidh sin, féadfar neamhshuim a dhéanamh den fhaisnéis lena mbaineann.

    4.   Ar chaoi ar bith, measfar go bhfuil gach faisnéis faoi rún más dócha go ndéanfadh nochtadh na faisnéise dochar suntasach do sholáthróir nó d’fhoinse na faisnéise sin.

    5.   Ní fhágfaidh mír 1 go mír 4 nach bhféadfaidh údaráis an Aontais tagairt a dhéanamh d'fhaisnéis ghinearálta agus, go háirithe, do chúiseanna ar a bhfuil cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo bunaithe. Mar sin féin, cuirfidh na húdaráis sin san áireamh leas dlisteanach na ndaoine nádúrtha agus na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann ar mian leo nach nochtfar a gcuid rún gnó.

    Airteagal 13

    Tuarascáil

    1.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm, cur chun feidhme agus comhlíonadh oibleagáidí Chuid IV den Chomhaontú agus an Rialacháin seo.

    2.   Áiritheofar sa tuarascáil faisnéis maidir le cur i bhfeidhm beart sealadach agus cinntitheach, maidir le bearta réamhfhaireachais, maidir le bearta faireachais réigiúnacha agus bearta coimirce réigiúnacha agus maidir le himscrúduithe agus imeachtaí a fhoirceannadh gan bhearta.

    3.   Beidh ar áireamh sa tuarascáil sin faisnéis faoi ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí éagsúla atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, lena n-áirítear faisnéis faoi chomhlíonadh na n-oibleagáidí faoi Theideal VIII de Chuid IV den Chomhaontú agus faisnéis faoi na gníomhaíochtaí le grúpaí comhairliúcháin ón tsochaí shibhialta.

    4.   Leagfar amach sa tuarascáil achoimre ar an staidreamh agus ar fhorás na trádála le tíortha Mheiriceá Láir agus áiritheofar ann staidreamh atá cothrom le dáta maidir le hallmhairí bananaí ó thíortha Mheiriceá Láir.

    5.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, laistigh de mhí amháin ó thaisceadh thuarascáil an Choimisiúin, a iarraidh ar an gCoimisiún teacht chuig cruinniú ad hoc de choiste freagrach na Parlaiminte chun aon saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i láthair agus a mhíniú.

    6.   Tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis a thuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, déanfaidh an Coimisiún í a phoibliú.

    Airteagal 14

    An nós imeachta coiste

    1.   Beidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (4) (“an Coiste”) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 4 den Rialachán sin.

    5.   Féadfaidh an Coiste ábhair a scrúdú a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, arna tharraingt anuas ag an gCoimisiún nó arna iarraidh sin ag Ballstát. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis a iarraidh agus féadfaidh siad tuairimí a mhalartú sa Choiste nó go díreach leis an gCoimisiún.

    CAIBIDIL II

    SÁSRA COBHSAÍOCHTA DO BHANANAÍ

    Airteagal 15

    Sásra cobhsaíochta do bhananaí

    1.   I gcás bananaí de thionscnamh Mheiriceá Láir a thagann faoi cheannteideal 0803 00 19 den Ainmníocht Chomhcheangailte (bananaí úra, gan plantáin a áireamh) agus a liostaítear faoi chatagóir “ST” sa Sceideal um Dhíchur Taraife, beidh feidhm ag sásra cobhsaíochta go dtí an 31 Nollaig 2019.

    2.   Socraítear leibhéal truiceartha bliantúil ar leith do mhéideanna allmhairí le haghaidh allmhairí táirgí dá dtagraítear i mír 1, mar a léirítear sa tábla san Iarscríbhinn. Maidir le hallmhairiú na dtáirgí dá dtagraítear i mír 1 ag an ráta dleachta custaim fabhrach, sa bhreis ar an gcruthúnas tionscnaimh arna bhunú faoi Iarscríbhinn II (Maidir le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus modhanna comhair riaracháin) a ghabhann leis an gComhaontú, beidh siad faoi réir deimhniú onnmhairiúcháin a thíolacadh, ar deimhniú é arna eisiúint ag údarás inniúil Phoblacht na tíre de chuid Mheiriceá Láir óna n-onnmhairítear na táirgí. Chomh luath agus a shroichtear an leibhéal truicearaithe don mhéid i gcás tíre de chuid Mheiriceá Láir le linn na bliana féilire comhfhreagraí, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 14(4), gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena bhféadfaidh sé an dleacht chustaim fhabhrach is infheidhme maidir le táirgí den tionscnamh comhfhreagrach a fhionraí go sealadach le linn na bliana céanna go ceann tréimhse nach mó ná trí mhí, agus nach dtéann thar dheireadh na bliana féilire nó féadfaidh sé a chinneadh nach bhfuil an fhionraí sin iomchuí.

    3.   Agus cinneadh á dhéanamh ar cheart bearta a chur i bhfeidhm de bhun mhír 2, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tionchar na n-allmhairí lena mbaineann ar staid mhargadh bananaí an Aontais. Áiritheofar sa scrúdú sin tosca amhail: éifeacht na n-allmhairí lena mbaineann ar leibhéal praghsanna an Aontais, forbairt allmhairí ó fhoinsí eile, cobhsaíocht fhoriomlán mhargadh an Aontais.

    4.   Nuair a chinneann an Coimisiún an dleacht chustaim fhabhrach is infheidhme a fhionraí, cuirfidh sé an ceann is lú de cheachtar den bhonnráta dleachta custaim nó den ráta dleachta NBF a bhí i bhfeidhm tráth a ndearnadh an ghníomhaíocht sin i bhfeidhm.

    5.   Nuair a chuireann an Coimisiún na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 agus mír 4 i bhfeidhm, rachaidh sé i gcomhairle láithreach leis an tír nó na tíortha de chuid Mheiriceá Láir a ndéanann na gníomhaíochtaí difear dóibh chun an cás a anailísiú agus a mheasúnú ar bhonn sonraí fíorasacha atá ar fáil.

    6.   Tá cur i bhfeidhm an tsásra cobhsaíochta do bhananaí arna leagan amach i gCaibidil II den Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm aon cheann de na bearta a shainítear i gCaibidil I. Ní dhéanfar, áfach, bearta a ghlacfar de bhun fhorálacha an dá chaibidil a chur i bhfeidhm go comhuaineach.

    7.   Beidh na bearta dá dtagraítear i mír 2 agus mír 4 infheidhme i rith na tréimse dar críoch an 31 Nollaig 2019, agus i rith na tréimhse sin amháin..

    CAIBIDIL III

    RIALACHA CUR CHUN FEIDHME

    Airteagal 16

    Rialacha cur chun feidhme

    Chun na rialacha cur chun feidhme is gá maidir le cur i bhfeidhm na rialacha atá i bhFoscríbhinn 2A d'Iarscríbhinn II, (Maidir le sainmhíniú an choincheapa “táirgí tionscnaimh” agus le modhanna comhair riaracháin), agus i bhFoscríbhinn 2 d’Iarscríbhinn I (Dleachtanna Custaim a Dhíchur) a ghabhann leis an gComhaontú a ghlacadh, is é Airteagal 247a de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 an fhoráil is infheidhme.

    CAIBIDIL IV

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 17

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ó dháta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 353 den Chomhaontú sin. Foilseofar fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina luafar dáta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg an 15 Eanáir 2013.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    L. CREIGHTON


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012.

    (2)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

    (3)  IO L 302, 19.10.1992, lch. 1.

    (4)  IO L 84, 31.3.2009, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    Tábla maidir le méideanna allmhairí truiceartha le haghaidh chur i bhfeidhm an tsásra cobhsaíochta do bhananaí dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn 3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú

    Bliain

    Leibhéil truiceartha do mhéideanna allmhairí, i dtonnaí

    Cósta Ríce

    Panama

    Hondúras

    Guatamala

    Nicearagua

    An tSalvadóir

    Go dtí an 31 Nollaig 2010

    1 025 000

    375 000

    50 000

    50 000

    10 000

    2 000

    1.1-31.12.2011

    1 076 250

    393 750

    52 500

    52 500

    10 500

    2 100

    1.1-31.12.2012

    1 127 500

    412 500

    55 000

    55 000

    11 000

    2 200

    1.1-31.12.2013

    1 178 750

    431 250

    57 500

    57 500

    11 500

    2 300

    1.1-31.12.2014

    1 230 000

    450 000

    60 000

    60 000

    12 000

    2 400

    1.1-31.12.2015

    1 281 250

    468 750

    62 500

    62 500

    12 500

    2 500

    1.1-31.12.2016

    1 332 500

    487 500

    65 000

    65 000

    13 000

    2 600

    1.1-31.12.2017

    1 383 750

    506 250

    67 500

    67 500

    13 500

    2 700

    1.1-31.12.2018

    1 435 000

    525 000

    70 000

    70 000

    14 000

    2 800

    1.1-31.12.2019

    1 486 250

    543 750

    72 500

    72 500

    14 500

    2 900

    1.1.2020 agus ina dhiaidh

    neamhbhainteach

    neamhbhainteach

    neamhbhainteach

    neamhbhainteach

    neamhbhainteach

    neamhbhainteach


    RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN

    Fáiltíonn an Coimisiún roimh an gcomhaontú ar an gcéad léamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile (1).

    De réir mar a shamhlaítear i Rialachán (AE) Uimh. 20/2013, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme Chuid IV den Chomhaontú agus beidh sé réidh aon shaincheist a eascraíonn as cur chun feidhme Chuid IV den Chomhaontú a phlé le coiste freagrach Pharlaimint na hEorpa.

    Cuirfidh an Coimisiún tábhacht ar leith ar chur chun feidhme éifeachtach na ngealltanas maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe sa Chomhaontú, agus an fhaisnéis shonrach a sholáthraíonn comhlachtaí ábhartha monatóireachta Choinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus na comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil atá liostaithe i dTeideal VIII de Chuid IV den Chomhaontú á dtabhairt san áireamh. Sa chomhthéacs sin, iarrfaidh an Coimisiún freisin tuairimí ghrúpaí ábhartha comhairleacha na sochaí sibhialta.

    Tar éis don Mheicníocht Cobhsaíochta do Bhananaí dul in éag an 31 Nollaig 2019, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar staid mhargadh an Aontais do bhananaí agus staid tháirgeoirí bananaí an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún a chuid torthaí a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus d'áireofaí iontu réamh-mheasúnú ar fheidhmiú an “Clár de roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus le hoileánacht” (POESI) agus táirgeadh bananaí san Aontas á chosaint.


    (1)  Féach leathanach 13 den Iris Oifigiúil seo.


    DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH

    Comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún maidir lena thábhachtaí atá dlúthchomhar agus monatóireach á déanamh ar chur chun feidhme Chuid IV den Chomhaontú agus Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach agus sásra cobhsaíochta do bhananaí an Chomhaontaithe lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile (1). Chuige sin aontaíonn siad maidir leis an méid seo a leanas:

    Arna iarraidh sin do choiste freagrach Pharlaimint na hEorpa, tuairisceoidh an Coimisiún chuig an gcoiste maidir le haon ábhar sonrach imní a bheidh aige a bhaineann le gealltanais thíortha Mheiriceá Láir maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe a chur chun feidhme ag na tíortha sin.

    I gcás ina nglacfaidh Parlaimint na hEorpa moladh chun imscrúdú coimirce a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún scrúdú cúramach i dtaobh an bhfuil na coinníollacha faoi Rialachán (AE) Uimh. 20/2013 maidir le tionscnamh ex-officio á gcomhlíonadh. I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh, déanfaidh sé tuarascáil a thíolacadh do choiste freagrach Pharlaimint na hEorpa ina mbeidh míniú ar na fachtóirí go léir atá ábhartha maidir le tionscnamh an imscrúdaithe sin.


    (1)  Féach leathanach 13 den Iris Oifigiúil seo.


    Top