Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013D0106

    2013/106/AE: Cinneadh ón gComhairle Eorpach an 11 Bealtaine 2012 maidir le comhdháil d’ionadaithe rialtais na mBallstát do dhéanamh scrúdú ar an leasú ar na Conarthaí arna mholadh ag Rialtas na hÉireann i bhfoirm Prótacail maidir leis an imní atá ar mhuintir na hÉireann faoi Chonradh Liospóin, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan Coinbhinsiún a chomóradh

    IO L 60, 2.3.2013, p. 129–130 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/106(1)/oj

    Related international agreement

    32013D0106

    2013/106/AE: Cinneadh ón gComhairle Eorpach an 11 Bealtaine 2012 maidir le comhdháil d’ionadaithe rialtais na mBallstát do dhéanamh scrúdú ar an leasú ar na Conarthaí arna mholadh ag Rialtas na hÉireann i bhfoirm Prótacail maidir leis an imní atá ar mhuintir na hÉireann faoi Chonradh Liospóin, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan Coinbhinsiún a chomóradh

    Official Journal L 060 , 02/03/2013 P. 0129 - 0130


    Cinneadh ón gComhairle Eorpach

    an 11 Bealtaine 2012

    maidir le comhdháil d’ionadaithe rialtais na mBallstát do dhéanamh scrúdú ar an leasú ar na Conarthaí arna mholadh ag Rialtas na hÉireann i bhfoirm Prótacail maidir leis an imní atá ar mhuintir na hÉireann faoi Chonradh Liospóin, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan Coinbhinsiún a chomóradh

    (2013/106/AE)

    TÁ AN CHOMHAIRLE EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 48(3) de,

    Ag féachaint don togra le haghaidh leasaithe ar na Conarthaí a cuireadh faoi bhráid na Comhairle ag Rialtas na hÉireann an 20 Iúil 2011 agus a cuireadh faoi bhráid na Comhairle Eorpaí ag an gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2011,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa gan Coinbhinsiún a thionól [1],

    Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa [2],

    Tar éis di an togra a tharchur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún Eorpach [3],

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1) An 18- 19 Meitheamh 2009, rinne Ceannairí Stáit nó Rialtais 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle Eorpaí, Cinneadh a ghlacadh maidir leis an imní atá ar mhuintir na hÉireann i dtaca le Conradh Liospóin agus dhearbhaigh siad, tráth a dtabharfar an chéad Chonradh aontachais eile i gcrích, go leagfaidís amach forálacha an Chinnidh sin i bprótacal a chuirfear i gceangal, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach, leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    (2) An 20 Iúil 2011, rinne Rialtas na hÉireann togra a thíolacadh i gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 48(2) CAE, ar togra é chun na Conarthaí a leasú i bhfoirm Prótacail maidir leis an imní atá ar mhuintir na hÉireann faoi Chonradh Liospóin.

    (3) An 12 Deireadh Fómhair 2011, i gcomhréir leis an tríú habairt d’Airteagal 48(2) CAE, chuir an Chomhairle togra Rialtas na hÉireann chuig an gComhairle Eorpach. Cuireadh in iúl é do na parlaimintí náisiúnta freisin.

    (4) Ag an gcruinniú a bhí aici an 23 Deireadh Fómhair 2011, chinn an Chomhairle Eorpach, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 48(3) CAE, go rachadh sí i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún maidir leis na leasuithe arna mbeartú. Chinn sí freisin, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 48(3) CAE, toiliú a iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa gan Coinbhinsiún a chomóradh toisc, ina tuairim, nach raibh bonn cirt le Coinbhinsiún den sórt sin a chomóradh de bharr raon na leasuithe arna mbeartú.

    (5) An 18 Aibreán 2012, ghlac Parlaimint na hEorpa tuairim fhabhrach maidir leis na leasuithe arna mbeartú. Thug sí a toiliú freisin gan Coinbhinsiún a chomóradh toisc nach bhfuil bonn cirt leis de bharr raon na leasuithe arna mbeartú. An 4 Bealtaine 2012, ghlac an Coimisiún tuairim fhabhrach maidir leis na leasuithe arna mbeartú.

    (6) Is iomchuí, dá bhrí sin, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 48(3) CAE, go gcinnfidh an Chomhairle Eorpach gur cheart go ndéanfadh comhdháil d’ionadaithe rialtais na mBallstát scrúdú ar na leasuithe arna mbeartú ag Rialtas na hÉireann, téarmaí tagartha na comhdhála a shainiú agus a chinneadh gan Coinbhinsiún a chomóradh,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cinneann an Chomhairle Eorpach leis seo go ndéanfaidh comhdháil d’ionadaithe rialtais na mBallstát scrúdú ar na leasuithe arna mbeartú ag Rialtas na hÉireann i bhfoirm Prótacail maidir leis an imní atá ar mhuintir na hÉireann faoi Chonradh Liospóin, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, sa fhriotal mar atá i gceangal leis an gCinneadh seo, a bheidh mar théarmaí tagartha na comhdhála sin. I bhfianaise raon na leasuithe arna mbeartú, ní chomórfar Coinbhinsiún faoi Airteagal 48(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a nglacfar é.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil 11 Bealtaine 2012.

    Thar ceann na Comhairle Eorpaí

    An tUachtarán

    H. van Rompuy

    [1] Toiliú an 18 Aibreán 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    [2] Tuairim an 18 Aibreán 2012 ( nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    [3] Tuairim an 4 Bealtaine 2012 ( nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    --------------------------------------------------

    Top