EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32012R0464

Rialachán (AE) Uimh. 464/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2009 ón gComhairle lena n-osclaítear taraif-chuóta uathrialach i gcás allmhairithe mairteola ardcháilíochta

IO L 149, 8.6.2012, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/464/oj

8.6.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 464/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPAAGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Bealtaine 2012

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2009 ón gComhairle lena n-osclaítear taraif-chuóta uathrialach i gcás allmhairithe mairteola ardcháilíochta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

D’fhormhuinigh an Chomhairle, trí bhíthin litreach dár dáta an 12 Bealtaine 2009 agus a síníodh sa Ghinéiv an 13 Bealtaine 2009, Meabhrán Tuisceana idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Coimisiún Eorpach maidir le hAllmhairiú Mairteola ó Ainmhithe nár Cóireáladh le Hormóin Fás-Spreagthacha Áirithe agus maidir le Dleachtanna Méadaithe arna gcur i bhFeidhm ag na Stáit Aontaithe ar Tháirgí Áirithe de chuid na gComhphobal Eorpach (MT leis na Stáit Aontaithe). Is é is aidhm don MT leis na Stáit Aontaithe réiteach a fháil ar an díospóid idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá atá os comhair na hEagraíochta Trádála Domhanda (WTO) le fada maidir le Hormóin Mhairteola, “Na Comhphobail Eorpacha — Bearta maidir le Feoil agus Táirgí Feola (Hormóin)” (DS 26).

(2)

Tá comhthuiscint bainte amach ag Rialtas Cheanada agus ag an gCoimisiún Eorpach, mar atá doiciméadaithe i Meabhrán Tuisceana idir Rialtas Cheanada agus an Coimisiún Eorpach maidir le hAllmhairiú Mairteola ó Ainmhithe nár Cóireáladh le Hormóin Fás-Spreagthacha Áirithe agus maidir le Dleachtanna Méadaithe arna gcur i bhFeidhm ag Ceanada ar Tháirgí Áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh, arna shíniú sa Ghinéiv an 17 Márta 2011 (MT le Ceanada). Leagtar amach sa MT le Ceanada treochlár céimeanna atá beartaithe maidir le hallmhairiú mairteola ardcháilíochta isteach san Aontas Eorpach agus maidir le leibhéal na ndleachtanna méadaithe arna bhforchur ag Ceanada ar tháirgí áirithe de chuid an Aontais i ndáil leis an díospóid os comhair WTO, “Na Comhphobail Eorpacha — Bearta maidir le Feoil agus Táirgí Feola (Hormóin)” (DS 48).

(3)

Foráiltear sa MT leis na Stáit Aontaithe agus sa MT le Ceanada do shocruithe ina bhfuil trí chéim lena ndéantar na smachtbhannaí arna bhforchur ag na Stáit Aontaithe agus ag Ceanada ar tháirgí áirithe ón Aontas a dhíothú de réir a chéile de bhun údarú WTO na bliana 1999. Ba cheart, i dtaca leis sin, go méadódh an tAontas cuóta uathrialach an ráta taraife de réir a chéile ar mhairteoil nach ndéantar a chóireáil le hormóin fás-spreagthacha agus a chomhlíonann ina hiomláine ceanglais eile an Aontais ar allmhairí.

(4)

Tar éis shíniú an MT leis na Stáit Aontaithe, osclaíodh taraif-chuóta bliantúil ar allmhairí don Chomhphobal, cuóta arb ionann é agus 20 000 tona (Céim 1), arna shloinneadh i meáchan an táirge, i gcás mairteola ardcháilíochta atá úr, fuaraithe nó reoite agus a thagann faoi réim chóid CN 0201, 0202, 0206 10 95 agus 0206 29 91 le Rialachán (CE) Uimh. 617/2009 ón gComhairle (2).

(5)

De réir an chláir ama atá leagtha síos sa MT leis na Stáit Aontaithe beartaítear cainníocht bhliantiúil an taraif-chuóta ar allmhairí a mhéadú 25 000 tona, nuair a thosóidh an dá Thaobh ar Chéim 2 de MT leis na Stáit Aontaithe, lena bhfuil sé i gceist deireadh a chur le smachtbhannaí na Stát Aontaithe a bheidh fós ann.

(6)

Sa MT le Ceanada beartaítear an chainníocht bhliantiúil tosaigh 20 000 tona de mhairteoil ardcháilíochta a mhéadú 1 500 tona. Beartaítear leis freisin go gcuirfidh Ceanada deireadh leis na smachtbhannaí ar fad a bheidh fós ann a luaithe is féidir é tar éis shíniú an MT le Ceanada.

(7)

De réir an chláir ama atá leagtha síos sa MT le Ceanada beartaítear méadú breise de 1 700 tona ar chainníocht bhliantúil an taraif-chuóta ar allmhairí, nuair a thosóidh an dá Thaobh ar Chéim 2 den MT le Ceanada.

(8)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú chun Rialachán (CE) Uimh. 617/2009 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart, go háirithe, go gcumhachtófaí don Choimisiún an taraif-chuóta ar allmhairí a chur ar fionraí, ina iomláine nó i bpáirt, mura ndéanann na Stáit Aontaithe nó Ceanada na céimeanna atá beartaithe sa MT leis na Stáit Aontaithe nó sa MT le Ceanada faoi seach a ghlacadh nó a choimeád ar bun. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (3).

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 617/2009 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 617/2009 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Osclaítear leis seo taraif-chuóta bliantúil ar allmhairí don Aontas arb ionann é agus 21 500 tona, arna shloinneadh i meáchan an táirge, le hordú Uimh. 09.4449, i gcás mairteola ardcháilíochta atá úr, fuaraithe nó reoite agus a chumhdaítear le cóid CN 0201, 0202, 0206 10 95 agus 0206 29 91.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“1a.   Ón 1 Lúnasa 2012, méadófar an taraif-chuóta bliantúil ar allmhairí don Aontas dá dtagraítear i mír 1 go 48 200 tona, arna shloinneadh i meáchan an táirge.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

“Airteagal 2

1.   Déanfaidh an Coimisiún an taraif-chuóta ar allmhairí, dá dtagraítear in Airteagal 1, a bhainistiú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a(2).

2.   Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an taraif-chuóta ar allmhairí dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur ar fionraí trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina iomláine nó i bpáirt, sa chás nach nglacfaidh na Stáit Aontaithe nó Ceanada na céimeanna atá beartaithe sa Mheabhrán Tuisceana idir na Stáit Aontaithe agus an Coimisiún Eorpach (4) nó sa Mheabhrán Tuisceana idir Rialtas Cheanada agus an Coimisiún Eorpach (5), faoi seach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a(2).

(3)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 2a

1.   Beidh an Coiste Bainistíochta um Chomheagraíocht na Margaí Talmhaíochta, arna bhunú le hAirteagal 195(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 (6).

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2012.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 22 Bealtaine 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. WAMMEN


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 26 Aibreán 2012.

(2)  IO L 182, 15.7.2009, lch. 1.

(3)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(4)  Meabhrán Tuisceana idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Coimisiún Eorpach maidir le hAllmhairiú Mairteola ó Ainmhithe nár Cóireáladh le Hormóin Fás-Spreagthacha Áirithe agus maidir le Dleachtanna Méadaithe arna gcur i bhFeidhm ag na Stáit Aontaithe ar Tháirgí Áirithe de chuid na gComhphobal Eorpach, arna fhormhuiniú ag an gComhairle, trí bhíthin litreach dár dáta an 12 Bealtaine 2009 agus a síníodh sa Ghinéiv an 13 Bealtaine 2009.

(5)  Meabhrán Tuisceana idir Rialtas Cheanada agus an Coimisiún Eorpach maidir le hAllmhairiú Mairteola ó Ainmhithe nár Cóireáladh le Hormóin Fás-Spreagthacha Áirithe agus maidir le Dleachtanna Méadaithe arna gcur i bhFeidhm ag Ceanada ar Tháirgí Áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh, a síníodh sa Ghinéiv an 17 Márta 2011.”;

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”.


Top