Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R1341

    Rialachán (AE) Uimh. 1341/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt

    IO L 347, 30.12.2011, p. 34–40 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2013

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1341/oj

    30.12.2011   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L NaN/34


    RIALACHÁN (AE) Uimh. 1341/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Nollaig 2011

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, i bhfianaise an téacs chomhpháirtigh a d’fhormheas an Coiste Idir-réitigh an 31 Deireadh Fómhair 2011 (1),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Tá sé mar aidhm ag beartas forbartha an Aontais an bhochtaineacht a laghdú agus ar deireadh, í a dhíothú.

    (2)

    Tá an tAontas Eorpach, mar chomhalta den Eagraíocht Trádála Domhanda (ETD), tiomanta do thrádáil a phríomhshruthú i straitéisí forbartha agus do thrádáil idirnáisiúnta a chur chun cinn chun forbairt a chur ar aghaidh agus an bhochtaineacht a laghdú — agus, san fhadtéarma, í a dhíothú — ar fud an domhain.

    (3)

    Tacaíonn an tAontas le Grúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (ACC) agus iad ag féachaint leis an mbochtaineacht a laghdú agus forbairt eacnamaíoch agus shóisialta inbhuanaithe a bhaint amach, agus aithníonn sé an tábhacht a bhaineann le hearnálacha tráchtearraí na dtíortha sin.

    (4)

    Tá an tAontas tiomanta do thacaíocht a thabhairt do na tíortha atá i mbéal forbartha a chomhtháthú go réidh agus de réir a chéile sa gheilleagar domhanda d’fhonn forbairt inbhuanaithe a bhaint amach. D’fhéadfadh dúshláin a bheith i ndán do na tíortha ACC sin arb iad na príomhonnmhaireoirí bananaí iad i ngeall ar athruithe ar shocruithe trádála, go háirithe i ngeall ar an léirscaoileadh i leith tharaif na Náisiún Barrfhabhair faoi chuimsiú an ETD agus comhaontuithe déthaobhacha agus réigiúnacha a tugadh chun críche, nó atá á dtabhairt chun críche, idir an tAontas agus tíortha Mheiriceá Laidinigh. Ba cheart, dá bhrí sin, clár bearta tionlacain in earnáil bananaí ACC (‘clár BAM’) a chur le Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

    (5)

    Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na bearta cúnaimh airgeadais atá le glacadh faoi chuimsiú chlár BAM feabhas a chur ar na caighdeáin mhaireachtála agus na dálaí maireachtála atá ag daoine i dtíortha ina bhfástar bananaí agus ag daoine i slabhraí luacha bananaí, go háirithe feirmeoirí beaga agus aonáin bheaga, mar aon le comhlíonadh caighdeán sláinte agus sábháilteachta ceirde agus comhlíonadh caighdeán sláinte agus sábháilteachta saothair a áirithiú, mar aon le comhlíonadh caighdeán comhshaoil, go háirithe na caighdeáin sin a bhaineann le húsáid lotnaidicídí agus le teacht faoi lé lotnaidicídí. Leis na bearta sin, ba cheart, dá bhrí sin, tacú le hoiriúnú a dhéanamh ar limistéir atá ag brath ar onnmhairí bananaí chuig an Aontas Eorpach, agus ba cheart, nuair is ábhartha, go n-áirítear leo atheagrú a dhéanamh ar na limistéir sin, trí thacaíocht buiséid is tacaíocht shonrach don earnáil nó trí idirghabhálacha atá sonrach do thionscnaimh. Ba cheart an fhorbairt a bhfuiltear ag súil léi i leith na hearnála onnmhairiúcháin bananaí a chur san áireamh leis na bearta agus ba cheart é a bheith mar aidhm acu foráil a dhéanamh i leith beartas do theacht aniar sóisialta, d’éagsúlú eacnamaíoch nó d’infheistíocht ar mhaithe le cumas iomaíochta a fheabhsú, nuair is féidir sin, agus na torthaí agus an taithí a fuarthas ón gCóras Speisialta Cúnaimh (SSA) do sholáthróirí traidisiúnta bananaí ACC a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2686/94 ón gComhairle (3) agus an Creat Speisialta Cúnaimh (SFA) do sholáthróirí traidisiúnta bananaí an ACC a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 856/1999 ón gComhairle (4) agus Rialachán (CE) Uimh. 1609/1999 ón gCoimisiún (5) á gcur san áireamh. Aithníonn an tAontas an tábhacht a bhaineann le dáileadh níos cothroime a chur chun cinn i leith ioncaim ó bhananaí.

    (6)

    Ba cheart go bhfeidhmeodh clár BAM mar thacaíocht don phróiseas oiriúnaithe i dtíortha ACC a bhfuil lear suntasach bananaí onnmhairithe acu isteach san Aontas le blianta beaga anuas agus a bhféadfadh sé go ndéanfar difear dóibh leis an léirscaoileadh faoi chuimsiú Chomhaontú na Ginéive ar Thrádáil Bananaí (6) agus leis na comhaontuithe déthaobhacha agus réigiúnacha a tugadh chun críche, nó atá á dtabhairt chun críche, idir an tAontas agus tíortha Mheiriceá Laidinigh. Cuireann clár BAM leis an SFA do sholáthróirí traidisiúnta bananaí ACC. Tá an clár i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoi chuimsiú an ETD, is clár é ina ndírítear ar chumas iomaíochta a athstruchtúrú agus a neartú agus, dá bhrí sin, is clár de chineál sealadach é a mhairfidh trí bliana (2011-2013).

    (7)

    Léirítear i gconclúidí na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 17 Márta 2010 dar teideal ‘Tuarascáil Dhébhliantúil maidir leis an gCreat Speisialta Cúnaimh do Sholáthróirí Traidisiúnta Bananaí ACC’ gur chuir na cláir chúnaimh a bhí ann san am a caitheadh ar shlí shuntasach le cumas feabhsaithe a bhaint amach i ndáil le héagsúlú eacnamaíochta rathúil, cé nach féidir an tionchar iomlán a chainníochtú, agus go bhfuil inbhuanaitheacht na n-onnmhairí bananaí ACC fós leochaileach.

    (8)

    Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar an gCreat Speisialta Cúnaimh ach níl measúnú tionchair déanta aige ar na bearta tionlacain san earnáil bananaí.

    (9)

    Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfaí comhordú cuí idir an clár seo agus na cláir réigiúnacha tháscacha agus náisiúnta atá ag oibriú sna tíortha tairbhíocha, go háirithe maidir le cuspóirí eacnamaíocha, talmhaíochta, sóisialta agus comhshaoil a bhaint amach.

    (10)

    Tá geall le 2 % de thrádáil an domhain i leith bananaí á fhormhuiniú ag eagraíochtaí táirgeoirí Cóirthrádála. Socraítear na praghsanna íosta cóirthrádála ar bhonn ‘na costais tháirgthe inbhuanaithe’ a ríomh, arna mbunú tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí, d’fhonn inmheánú a dhéanamh ar na costais maidir le caighdeáin chearta shóisialta agus chomhshaoil a bhaint amach agus brabús réasúnach a dhéanamh, rud a chuireann ar chumas táirgeoirí a slí bheatha a choimirciú go fadtéarmach.

    (11)

    Chun dúshaothrú oibreoirí áitiúla a chosc, ba cheart do ghníomhaithe sa slabhra táirgeachta i dtionscal bananaí a chomhaontú go n-áiritheofaí go ndéanfaí an t-ioncam a ghintear sa tionscal a chionroinnt go cothrom.

    (12)

    Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh.1905/2006 leis seo mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

    “Airteagal 4

    Cúnamh Aontais a chur chun feidhme

    Is ar bhealach atá comhchuí le críoch fhoriomlán agus le raon feidhme foriomlán agus le cuspóirí agus le prionsabail ghinearálta an Rialacháin seo a chuirfear cúnamh Aontais chun feidhme trí na cláir gheografacha agus na cláir théamacha atá leagtha amach in Airteagail 5 go 16 agus sna cláir a leagtar amach in Airteagal 17 agus in Airteagal 17a.”;

    (2)

    cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

    “Airteagal 17a

    Na príomhthíortha ACC ar soláthróirí bananaí iad

    1.   Maidir leis na tíortha ACC ar soláthróirí bananaí iad agus atá liostaithe in Iarscríbhinn IIIa, bainfidh siad tairbhe as clár um bearta tionlacain san earnáil bananaí (clár BTB).

    (a)

    Cuspóirí ginearálta:

    Beidh sé mar aidhm ag cúnamh Aontais an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (i)

    tacaíocht a thabhairt don phróiseas coigeartúcháin i ndiaidh léirscaoileadh mhargadh an Aontais le haghaidh bananaí faoi chuimsiú ETD;

    (ii)

    an bhochtaineacht a chomhrac trí chaighdeáin mhaireachtála agus dálaí maireachtála na bhfeirmeoirí agus na ndaoine lena mbaineann a fheabhsú.

    (b)

    Tosaíochtaí ginearálta:

    Cuirfear beartais agus straitéisí oiriúnaithe na dtíortha sin san áireamh sa chúnamh Aontais, chomh maith lena dtimpeallacht réigiúnach (ó thaobh a bhfoisceachta de na réigiúin is forimeallaí den Aontas agus de na tíortha agus de na críocha thar lear) agus díreofar sa chúnamh sin ar cheann amháin nó níos mó de na réimsí comhair seo a leanas:

    (i)

    aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí níos leithne a eascraíonn ón bpróiseas oiriúnaithe, go háirithe i bpobail áitiúla agus na grúpaí is soghónta atá iontu, a bhfuil baint acu le fostaíocht agus le seirbhísí sóisialta, le húsáid talún agus le hathchóiriú an chomhshaoil, ach gan a bheith teoranta do na nithe sin;

    (ii)

    éagsúlú eacnamaíoch na limistéar atá ag brath ar bhananaí a chur chun cinn, nuair is straitéis inmharthana í sin;

    (iii)

    iomaíochas na hearnála onnmhairiúcháin bananaí a fheabhsú, nuair is inbhuanaithe sin, agus an staid ina bhfuil geallsealbhóirí éagsúla sa slabhra á cur san áireamh.

    Déanfar le cláir maidir le comhlíonadh caighdeán saothair agus sábháilteachta a chur chun cinn mar aon le caighdeáin chomhshaoil a chomhlíonadh, lena n-áirítear maidir le húsáid lotnaidicídí agus maidir le teacht faoi lé lotnaidicídí.

    (c)

    Na torthaí ginearálta a bhfuiltear ag súil leo:

    Beidh torthaí an chúnaimh ar aon dul leis na cuspóirí mar atá leagtha amach i bpointe (a) den mhír seo. Leis an gcúnamh Aontais, saothrófar go háirithe na torthaí atá le baint amach sna réimsí sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíoch agus déanfar é sin i gcomhar leis na tíortha is tairbhithe.

    2.   Laistigh den mhéid dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV, socróidh an Coimisiún an t-uasmhéid táscach atá ar fáil do gach tír incháilithe ACC is soláthróir bananaí agus dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

    (a)

    leibhéal trádála i mbananaí leis an Aontas, ar dá réir a bheidh éifeacht dhearfach ag allmhairí méadaithe isteach san Aontas ón tír ACC lena mbaineann maidir leis an gcionroinnt. Tá an critéar seo bunaithe ar mhéid na hearnála onnmhairiúcháin bananaí chuig an Aontas sna tíortha éagsúla. Cuirfear san áireamh meán na dtrí thonnáiste bliantiúla is airde bananaí arna n-allmhairú ag an Aontas ó gach tír incháilithe is tairbhí thar na cúig bliana a chuaigh thart roimh 2010;

    (b)

    a thábhachtaí sa gheilleagar atá onnmhairí bananaí chuig an Aontas: ar dá réir beidh éifeacht dhearfach ag leibhéil níos airde tábhachta a bheith ann sa tír ACC lena mbaineann maidir leis an gcionroinnt. Déanfar an critéar seo a thomhas trí luach na n-allmhairí bananaí ó gach tír incháilithe is tairbhí a thabhairt mar chéatadán d’Ollioncam Náisiúnta (OIN) na tíre sin thar na trí bliana a chuaigh thart roimh 2010 ar blianta iad a bhfuil sonraí ar fáil ina leith;

    (c)

    leibhéal na forbartha, ar dá réir a bheidh éifeacht dhearfach maidir leis an gcionroinnt ag leibhéil níos ísle forbartha de réir mar a thaifeadtar é in Innéacs na NA um Fhorbairt Dhaonna (IFD) sa tír ACC ábhartha. Déanfar an critéar seo a thomhas leis an meán a fuarthas le IFD i rith na tréimhse 2005-2007, ar ina leith a d’úsáid na NA an mhodheolaíocht chéanna.

    Déanfar tomhas na gcritéar cionrannta a bhunú ar shonraí ionadaíocha a bhí ann roimh 2011 agus lena gcumhdaítear tréimhse nach faide ná cúig bliana. Leis na cionrannta tháscacha tíre, cuirfear na trí chritéar san áireamh ar an mbealach céanna i ndáil leis na tíortha incháilithe uile is tairbhithe.

    Ar bhonn cur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear thuas, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas i dtaobh conas a bheartaítear an chionroinnt tháscach airgeadais dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a úsáid roimh straitéisí ilbhliantúla tacaíochta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh. Leagfar amach leis an fhaisnéis sin an méid tháscach atá ar fáil i gcás gach tír incháilithe ACC is soláthróir bananaí.

    3.   Glacfaidh an Coimisiún straitéisí ilbhliantúla tacaíochta de réir analaí le hAirteagal 19 agus i gcomhréir le hAirteagal 21. Áiritheoidh sé go gcomhlánófar, leis na straitéisí sin, páipéir straitéise geografacha na dtíortha lena mbaineann agus le cineál sealadach na mbeart tionlacain san earnáil bananaí.

    Áireofar leis na straitéisí ilbhliantúla tacaíochta le haghaidh na mbeart tionlacain san earnáil bananaí:

    (a)

    próifíl comhshaoil atá cothrom le dáta agus lena dtabharfar aird chuí ar an earnáil bananaí sa tír, lena ndíreofar inter alia ar lotnaidicídí;

    (b)

    faisnéis faoin méid a baineadh amach leis na cláir thacaíochta san earnáil bananaí, is cláir a bhí ann san am atá caite;

    (c)

    táscairí chun an dul chun cinn i ndáil le dálaí eisíocaíochta a mheasúnú, nuair a roghnófar tacaíocht bhuiséadach mar an fhoirm ina ndéantar an maoiniú;

    (d)

    na torthaí a bhfuiltear ag súil leo maidir leis an gcúnamh;

    (e)

    sceideal ama na ngníomhaíochtaí tacaíochta agus na n-eisíocaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo;

    (f)

    na bealaí ina ndéanfar dul chun cinn a bhaint amach agus a ndéanfar faireachán ar an dul chun cinn maidir le comhlíonadh chroíchaighdeáin saothair EIS arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta agus comhlíonadh coinbhinsiún iomchuí sláinte agus sábháilteachta chomh maith le comhlíonadh croíchaighdeán ábhartha comhshaoil arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta.

    Faoi chuimsiú an chreata airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2007-2013 arna bhunú le Comhaontú Idirinstitiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus bainistiú fónta airgeadais (7), déanfar measúnú ar chlár BTB agus ar an dul chun cinn arna dhéanamh ag na tíortha lena mbaineann, agus áireofar sa mheasúnú sin moltaí maidir le haon bhearta atá le déanamh agus maidir le cineál na mbeart sin.

    (3)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

    “Airteagal 21

    Páipéir straitéise agus cláir ilbhliantúla tháscacha a ghlacadh

    Na páipéir straitéise agus na cláir ilbhliantúla tháscacha dá dtagraítear in Airteagal 19 agus in Airteagal 20, agus aon athbhreithniú orthu dá dtagraítear in Airteagal 19(2) agus in Airteagal 20(1), mar aon leis na bearta tionlacain dá dtagraítear in Airteagal 17 agus in Airteagal 17a faoi seach, glacfaidh an Coimisiún iad i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 35(2).”;

    (4)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29(1):

    “1.   Is ar bhonn cinntí arna ndéanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagail 17a(3), 22(1), 23(1) agus 26(1) a dhéanfar gealltanais bhuiséideacha.”;

    (5)

    in Airteagal 31(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

    “Féadfaidh gach duine nádúrtha ar náisiúnach de chuid tíre atá i mbéal forbartha é nó í, nó ar duine dlítheanach é atá bunaithe i dtír atá i mbéal forbartha, faoi mar atá sonraithe ag OECD/DAC agus in Iarscríbhinn II, i dteannta le daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha atá incháilithe de bhua an chláir théamaigh nó de bhua na gclár atá leagtha amach in Airteagal 17 agus in Airteagal 17a a bheith rannpháirteach i ndámhachtain conarthaí soláthair nó conarthaí deontais is conarthaí arna maoiniú faoi chlár téamach, mar a shainítear in Airteagail 11 go 16 é, agus sna cláir atá leagtha amach in Airteagal 17 agus in Airteagal 17a. Déanfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn II a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hathbhreithnithe rialta ar an liosta de faighteoirí cúnaimh OECD/DAC, agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoin méid sin.”;

    (6)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2 d’Airteagal 38:

    “1.   Is EUR 17 087 milliún atá sa mhéid tagartha airgeadais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme le linn na tréimhse 2007-2013.

    2.   Leagtar síos in Iarscríbhinn IV na méideanna táscacha arna gcionroinnt ar gach clár dá dtagraítear in Airteagail 5 go 10, in Airteagail 11 go 16, in Airteagal 17 agus in Airteagal 17a. Tá na méideanna sin bunaithe don tréimhse 2007-2013.”;

    (7)

    cuirtear isteach Iarscríbhinn IIIa, de réir mar atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (8)

    déantar inneachar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a chur in ionad Iarscríbhinn IV.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg an 13 Nollaig 2011.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    J. BUZEK

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. SZPUNAR


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 10 Nollaig 2010 (IO C 7 E, 12.1.2011, lch. 17.). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Feabhra 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Nollaig 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Samhain 2011.

    (2)  IO L 378, 27.12.2006, lch. 41.

    (3)  IO L 286, 5.11.1994, lch. 1.

    (4)  IO L 108, 27.4.1999, lch. 2.

    (5)  IO L 190, 23.7.1999, lch. 14.

    (6)  IO L 141, 9.6.2010, lch. 3.

    (7)  IO C 139, 14.6.2006, lch. 1.”;


    IARSCRÍBHINN I

    “IARSCRÍBHINN IIIa

    NA PRÍOMHTHÍORTHA ACC AR SOLÁTHRÓIRÍ BANANAÍ IAD

    1.

    An Bheilís

    2.

    Camarún

    3.

    An Cósta Eabhair

    4.

    Doiminice

    5.

    An Phoblacht Dhoiminiceach

    6.

    Gána

    7.

    Iamáice

    8.

    Saint Lucia

    9.

    San Uinseann agus na Greanáidíní

    10.

    Suranam”.


    IARSCRÍBHINN II

    “IARSCRÍBHINN IV

    CIONRANNTA TÁSCACHA AIRGEADAIS DON TRÉIMHSE 2007-2013

    (i milliúin EUR)

    Iomlán

    17 087

    Cláir gheografacha:

    10 057

    Meiriceá Laidineach

    2 690

    An Áise

    5 187

    An Áise Láir

    719

    An Meánoirthear

    481

    An Afraic Theas

    980

    Cláir théamacha:

    5 596

    Infheistíocht i ndaoine

    1 060

    An comhshaol agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha

    804

    Gníomhaithe i réimse na forbartha nach gníomhaithe Stáit iad agus údaráis áitiúla i réimse na forbartha

    1 639

    Slándáil bia

    1 709

    Imirce agus tearmann

    384

    Tíortha ACC ar sínitheoirí leis an bPrótacal Siúcra iad

    1 244

    Na príomhthíortha ACC ar soláthróirí bananaí iad

    190”


    RÁITEAS ÓN GCOIMISIÚN MAIDIR LE CLÁR NA MBEART TIONLACAIN IN EARNÁIL NA MBANANAÍ (BAM) FAOI CHUIMSIÚ NA HIONSTRAIME MAOINITHE DO CHOMHAR UM FHORBAIRT (DCI)

    Go sonrach i gcás na mBeart Tionlacain in Earnáil na mBananaí (BAM) agus i bhfianaise bhunús agus chuspóirí an chláir, a leagtar amach in Airteagal 17a den ionstraim maoinithe do chomhar um fhorbairt (DCI), deimhníonn an Coimisiún Eorpach go gcuirfidh sé modheolaíocht i bhfeidhm ar bhealach oibiachtúil, aonfhoirmeach, tráth a mbeidh leithdháiltí táscacha á gcinneadh aige, ar modheolaíocht í a chuirfidh san áireamh a thábhachtaí atá earnáil na mbananaí agus a chuirfidh san áireamh freisin an staid eacnamaíoch agus forbartha i ngach tír incháilithe is tairbhí.

    D'fhógair an Coimisiún go bhfuil sé beartaithe aige modheolaíocht a chur i bhfeidhm a chuirfidh an t-ualú céanna, a bheag nó a mhór, ar an gcéad dá chritéar, fad is go mbeadh an tríú critéar mar chomhéifeacht forbartha. Is é an aidhm atá leis an modh sin go mbeadh an tábhacht chéanna, do na tíortha tairbhíocha uile, ag an dá chritéar a leanas: an leibhéal trádála bananaí leis an Aontas Eorpach agus a thábhachtaí atá sé, ó thaobh an gheilleagair de, do gach tír is tairbhí bananaí a onnmhairiú chuig an Aontas. Leis an leibhéal coibhneasta forbartha, modhnófar na leithdháiltí i bhfabhar na dtíortha sin ag a bhfuil leibhéal íseal forbartha, i gcomhréir le cuspóirí forbartha an Aontais, mar atá leagtha amach sna Conarthaí agus sa DCI.


    RÁITEAS Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE MAIDIR LE LEAS A BHAINT AS GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE SA CHREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL (MFF) 2014-2020 A BHEIDH ANN AMACH ANSEO

    Tugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar aird an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Buiséad don Eoraip 2020 (COIM (2011) 500 (1)), agus go háirithe go bhfuil sé beartaithe leas a bhaint as gníomhartha tarmligthe sna hionstraimí a bheidh ann amach anseo maidir le maoiniú seachtrach agus tá siad ag feitheamh le tograí reachtacha, a dtabharfar aird chuí orthu.


    (1)  Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal: "Buiséad don Eoraip 2020" (COIM (2011) 500), luaitear an méid seo a leanas:

    "Ina theannta sin, leis an mbunús dlí a bheidh leis na hionstraimí difriúla, beartófar leas a bhaint go forleathan as gníomhartha tarmligthe ionas gur mó an tsolúbthacht a bheidh ann agus beartais á mbainistiú le linn na tréimhse maoiniúcháin, agus ag an am céanna beidh sainchumais an dá bhrainse den reachtóir á n-urramú."

    agus

    "Meastar go gcaithfear feabhas a chur ar an ngrinnscrúdú daonlathach a dhéantar ar chúnamh seachtrach. D'fhéadfaí sin a dhéanamh trí leas a bhaint as gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i gcás gnéithe áirithe de na cláir, rud a chiallódh go mbeadh na comhreachtóirí ar chomhchéim agus rud a áiritheodh gur mó an tsolúbthacht a bheidh ann i gcás na pleanála. Maidir leis an gCiste Eorpach Forbraíochta, tá sé beartaithe an grinnscrúdú a thabhairt ar aon dul leis an DCI, agus sainiúlachtaí na hionstraime seo a chur san áireamh ag an am céanna".


    Top