EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32011R1233
Regulation (EU) No 1233/2011 of the European Parliament and of the Council of 16 November 2011 on the application of certain guidelines in the field of officially supported export credits and repealing Council Decisions 2001/76/EC and 2001/77/EC
Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle
Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle
IO L 326, 8.12.2011, p. 45–112
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV) Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta
(HR)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 31/12/2023
8.12.2011 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/45 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1233/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Samhain 2011
maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Rannchuidíonn Gníomhaireachtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin, (“GCOanna”), le forbairt na trádála domhanda trí thacú le honnmhairiú agus infheistíochtaí ag cuideachtaí ar shlí ar dá réir a ndéantar soláthar airgeadais agus árachais ag an earnáil phríobháideach a chomhlánú. Is páirtí é an tAontas sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (“an Socrú”) den Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (“ECFE”). Leis an Socrú, mar atá tugtha i gcrích ag na Rannpháirtithe ann, déantar rialáil ar na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais a fhéadfaidh GCOanna a thairiscint, ar mhaithe le machaire réidh a chothú do chreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil. |
(2) |
De bhua Chinneadh 2001/76/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 lena n-ionadaítear Cinneadh an 4 Aibreán 1978 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil (2) agus de bhua Chinneadh 2001/77/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le prionsabail creat-chomhaontaithe um maoiniú tionscadal a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil (3), tá feidhm san Aontas ag na treoirlínte atá sa Socrú agus ag na rialacha sonracha um maoiniú tionscadal. |
(3) |
Rannchuidítear leis an Socrú go hindíreach, trí ghníomhaíocht na GCOanna, le trádáil agus le hinfheistíocht atá saor agus cóir ag cuideachtaí ar lú rochtain a bheadh acu thairis sin ar shaoráidí creidmheasa arna soláthar ag an earnáil phríobháideach. |
(4) |
Le linn dóibh a gcórais náisiúnta creidmheasa onnmhairiúcháin a bhunú, a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus le linn dóibh maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí creidmheasa onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil, ba cheart do na Ballstáit forálacha ginearálta an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach a chomhlíonadh, amhail dlúthpháirtiú an daonlathais, urraim do chearta an duine agus comhleanúnachas beartais i leith forbartha, mar aon leis an gcomhrac in aghaidh athraithe aeráide. |
(5) |
Tá na Rannpháirtithe sa Socrú páirteach i bpróiseas leanúnach atá ceaptha saobhadh margaidh a íoslaghdú agus machaire réidh a bhunú ina bhfuil na préimheanna a ghearrann na GCOanna bunaithe ar riosca, agus ar préimheanna iad ba cheart a bheith leordhóthanach chun na caillteanais agus na costais oibriúcháin fadtéarmacha a chumhdach i gcomhréir le hoibleagáidí de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála. Chun an sprioc sin a bhaint amach, feidhmíonn na córais chreidmheasanna onnmhairiúcháin ar shlí thrédhearcach agus tuairiscíonn gníomhaireachtaí dá réir sin chuig ECFE. |
(6) |
Is féidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin atá dea-spriocdhírithe arna soláthar ag na GCOanna rannchuidiú le deiseanna um rochtain mhargaidh do chuideachtaí Aontais, lena n-áirítear d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). |
(7) |
D’aontaigh na Rannpháirtithe sa Socrú agus Ballstáit an Aontais go ndéanfaidís faisnéis áirithe ar chreidmheasanna onnmhairiúcháin a nochtadh i gcomhréir le rialacha trédhearcachta ECFE agus an Aontais chun machaire réidh a éascú do na Rannpháirtithe sa Socrú agus do na Ballstáit. |
(8) |
Déanann an tAontas bearta trédhearcachta agus tuairiscithe, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, a chur i bhfeidhm. |
(9) |
I bhfianaise staid na hiomaíochta méadaithe ar na margaí domhanda agus chun míbhuntáistí iomaíochta do chuideachtaí Aontais a sheachaint, ba cheart don Choimisiún, i ndáil leis an údarú caibidlíochta ó na Ballstáit, tacú le hiarrachtaí arna ndéanamh ag ECFE lámh a shíneadh do na neamh-Rannpháirtithe sa Socrú. Ba cheart don Choimisiún caibidlíochtaí déthaobhacha agus iltaobhacha a úsáid chun caighdeáin dhomhanda a bhunú le haghaidh na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil. Tá caighdeáin dhomhanda sa réimse seo ina réamhriachtanas do mhachaire réidh sa trádáil dhomhanda. |
(10) |
Cé go bhfuil tíortha ECFE faoi threoir ag an Socrú, ní Rannpháirtithe sa Socrú na tíortha nach comhaltaí de chuid ECFE iad, agus d’fhéadfadh buntáiste iomaíochta leanúint as an méid sin d’onnmhaireoirí de chuid na dtíortha sin. Tá na tíortha sin á spreagadh, dá bhrí sin, chun an Socrú a chur i bhfeidhm chun a áirithiú gur ann do mhachaire réidh ar an leibhéal domhanda chomh maith. |
(11) |
I bhfianaise bheartas an Aontais um Rialáil Níos Fearr, arb í is aidhm leis an rialáil atá ann cheana a shimpliú agus a fheabhsú, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a n-aird a dhíriú, i gcás inarb iomchuí, ar laghdú a dhéanamh ar ualaí riaracháin ar chuideachtaí agus ar riaracháin náisiúnta, lena n-áirítear GCOanna, mar chuid d’athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar an Socrú. |
(12) |
Chinn na rannpháirtithe sa Socrú an Socrú a leasú agus é a chuíchóiriú. I measc na n-athruithe arna gcomhaontú, cuimsítear an áisiúlacht fheabhsaithe don úsáideoir, an comhleanúnachas sna hoibleagáidí ábhartha idirnáisiúnta a fheabhsú, agus níos mó trédhearcachta a bhaint amach, go háirithe i dtaca leis na neamh-Rannpháirtithe sa Socrú. Anuas air sin, chomhaontaigh na Rannpháirtithe sa Socrú freisin na rialacha um maoiniú tionscadal a ionchorprú i dtéacs an tSocraithe, ar rialacha iad a tugadh isteach le Cinneadh 2001/77/CE, agus na rialacha um chreidmheasanna onnmhairiúcháin i leith long, a tugadh isteach le Cinneadh 2002/634/CE ón gComhairle (4) lena leasaítear Cinneadh 2001/76/CE, a ionchorprú i dtéacs an tSocraithe freisin. |
(13) |
Ba cheart Cinneadh 2001/76/CE, arna leasú, a aisghairm, agus ba cheart an Rialachán seo agus an téacs comhdhlúite agus athbhreithnithe den Socrú arna chur i gceangal leis a chur ina ionad, agus ba cheart Cinneadh 2001/77/CE a aisghairm. |
(14) |
Chun na leasuithe ar na treoirlínte a leagtar amach sa Socrú, amhail is atá siad comhaontaithe ag na Rannpháirtithe sa Socrú, a ionchorprú go rianúil agus go pras i reachtaíocht an Aontais, ba cheart don Choimisiún, i gcás inar gá sin, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Iarscríbhinn II a leasú. Ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le leasuithe ar na treoirlínte amhail is atá siad comhaontaithe ag na Rannpháirtithe sa Socrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An Socrú a chur i bhfeidhm
Beidh feidhm san Aontas ag na treoirlínte atá sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (“an Socrú”). Cuirtear téacs an tSocraithe i gceangal leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
An chumhacht a tharmligean
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 3 chun Iarscríbhinn II a leasú mar thoradh ar leasuithe ar na treoirlínte arna gcomhaontú ag na Rannpháirtithe sa Socrú.
Más rud é, i gcás leasuithe a dhéanfar ar Iarscríbhinn II mar thoradh ar leasuithe ar na treoirlínte arna gcomhaontú ag na Rannpháirtithe sa Socrú, go n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 4 maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Airteagail seo.
Airteagal 3
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Maidir leis an gcumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2 a ghlacadh, déanfar í a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ón 9 Nollaig 2011.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4. A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.
5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 4
An nós imeachta práinne
1. Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach léireofar aon agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 3(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.
Airteagal 5
Trédhearcacht agus tuairisciú a dhéanamh
Tá na bearta trédhearcachta agus tuairiscithe atá le cur i bhfeidhm san Aontas leagtha amach in Iarscríbhinn I.
Airteagal 6
Aisghairm
Aisghairtear leis seo Cinneadh 2001/76/CE agus Cinneadh 2001/77/CE.
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Samhain 2011.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
W. SZCZUKA
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2011.
(2) IO L 32, 2.2.2001, lch. 1.
(3) IO L 32, 2.2.2001, lch. 55.
(4) IO L 206, 3.8.2002, lch. 16.
IARSCRÍBHINN I
1. |
Gan dochar do shainchumais institiúidí na mBallstát a dhéanann maoirseacht ar na cláir náisiúnta chreidmheasanna onnmhairiúcháin, déanfaidh gach Ballstát Tuarascáil Ghníomhaíochta Bhliantúil a chur ar fáil don Choimisiún ionas go gcuirfear leis an trédhearcacht ar leibhéal Aontais. I gcomhréir lena gcreat reachtúil náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit tuairisc ar shócmhainní agus dhliteanais, ar éilimh íoctha agus aisghabhálacha, ar ghealltanais nua, ar neamhchosaintí agus ar mhuirir phréimhe. I gcás go dtiocfadh dliteanais theagmhasacha as gníomhaíochtaí creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil, déanfar na gníomhaíochtaí sin a thuairisciú mar chuid den Tuarascáil Ghníomhaíochta Bhliantúil. |
2. |
Sa Tuarascáil Ghníomhaíochta Bhliantúil, déanfaidh na Ballstáit cur síos ar an tslí a bhfuil rioscaí comhshaoil, a bhféadfadh rioscaí ábhartha eile a bheith ag gabháil leo, á gcur san áireamh sna gníomhaíochtaí creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil a bhíonn á ndéanamh ag a gcuid GCOanna. |
3. |
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú bliantúil is bunaithe ar an bhfaisnéis sin a thabhairt ar aird do Pharlaimint na hEorpa, agus áireofar ann meastóireacht ar an tslí a bhfuil cuspóirí agus oibleagáidí an Aontais á gcomhlíonadh ag na GCOanna. |
4. |
I gcás ina bhfuil údarú caibidlíochta ag an gCoimisiún sna fóraim éagsúla comhair idirnáisiúnta, déanfaidh sé, de réir a inniúlachtaí, tuarascáil bhliantúil a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcaibidlíocht a rinneadh chun caighdeáin dhomhanda a bhunú i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil. De réir raon feidhme an Rialacháin seo, cuimsítear an bhliain 2011 sa chéad tréimhse tuairiscithe. |
IARSCRÍBHINN II
SOCRÚ MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN ARNA dTACÚ GO hOIFIGIÚIL
CLÁR NA nÁBHAR
CAIBIDIL I: |
FORÁLACHA GINEARÁLTA |
1. |
CUSPÓIR |
2. |
STÁDAS |
3. |
RANNPHÁIRTÍOCHT |
4. |
FAISNÉIS ATÁ AR FÁIL DO NEAMH-RANNPHÁIRTITHE |
5. |
RAON FEIDHME AN CHUR I bhFEIDHM |
6. |
TUISCINTÍ EARNÁLA |
7. |
MAOINIÚ TIONSCADAL |
8. |
TARRAINGT SIAR |
9. |
FAIREACHÁN |
CAIBIDIL II: |
TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA AIRGEADAIS MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN |
10. |
ÉARLAIS, TACAÍOCHT OIFIGIÚIL UASTA AGUS COSTAIS ÁITIÚLA |
11. |
AICMIÚ NA dTÍORTHA I gCOMHAIR TÉARMAÍ UASTA AISÍOCAÍOCHTA |
12. |
TÉARMAÍ UASTA AISÍOCAÍOCHTA |
13. |
TÉARMAÍ AISÍOCAÍOCHTA DO GHLÉASRA CUMHACHTA NEAMHNÚICLÉICHE |
14. |
AISÍOCAÍOCHT AN BHUNAIRGID AGUS ÍOCAÍOCHT AN ÚIS |
15. |
RÁTAÍ ÚIS, PRÉIMHRÁTAÍ AGUS TÁILLÍ EILE |
16. |
TRÉIMHSE BAILÍOCHTA DO CHREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN |
17. |
GNÍOMHAÍOCHT CHUN CAILLTEANAIS A SHEACHAINT NÓ A ÍOSLAGHDÚ |
18. |
COMHOIRIÚNÚ |
19. |
RÁTAÍ ÍOSTA ÚIS SEASTA FAOIN TACAÍOCHT OIFIGIÚIL MAOINITHE |
20. |
DÉANAMH NA CIRRANNA |
21. |
BAILÍOCHT NA CIRRANNA |
22. |
CUR I bhFEIDHM NA CIRRANNA |
23. |
PRÉIMH DON RIOSCA CREIDMHEASA |
24. |
PRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA DO RIOSCA CREIDMHEASA TÍRE AGUS FLAITHIÚNAIS |
25. |
AICMIÚ AN RIOSCA TÍRE |
26. |
AICMIÚ NA nINSTITIÚIDÍ ILTAOBHACHA AGUS RÉIGIÚNACHA |
27. |
CÉATADÁN AGUS CÁILÍOCHT AN CHLÚDAIGH OIFIGIÚIL CREIDMHEASA ONNMHAIRIÚCHÁIN |
28. |
GNÉITHE ROGHNAITHE RIOSCA TÍRE AGUS TEICNÍCÍ MAOLAITHE RIOSCA TÍRE A EISIAMH |
29. |
ATHBHREITHNIÚ AR BHAILÍOCHT NA bPRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA DO RIOSCA CREIDMHEASA TÍRE AGUS FLAITHIÚNAIS |
CAIBIDIL III: |
FORÁLACHA MAIDIR LE CABHAIR CHEANGAILTE |
30. |
PRIONSABAIL GHINEARÁLTA |
31. |
CINEÁLACHA CABHRACH CEANGAILTE |
32. |
MAOINIÚ COMHLACHAITHE |
33. |
INCHÁILITHEACHT TÍRE I gCOMHAIR CABHRACH CEANGAILTE |
34. |
INCHÁILITHEACHT TIONSCADAIL |
35. |
LEIBHÉAL ÍOSTA LAMHÁLTAIS |
36. |
DÍOLÚINTÍ Ó INCHÁILITHEACHT TÍRE NÓ TIONSCADAIL AR CHABHAIR CHEANGAILTE |
37. |
LEIBHÉAL LAMHÁLTAIS NA CABHRACH CEANGAILTE A RÍOMH |
38. |
TRÉIMHSE BAILÍOCHTA DON CHABHAIR CHEANGAILTE |
39. |
COMHOIRIÚNÚ |
CAIBIDIL IV: |
NÓSANNA IMEACHTA |
ROINN 1: |
NÓSANNA IMEACHTA COITEANNA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN AGUS MAIDIR LE CABHAIR THRÁDGHAOLMHAR. |
40. |
FÓGRAÍ |
41. |
FAISNÉIS AR THACAÍOCHT OIFIGIÚIL |
42. |
NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LEIS AN gCOMHOIRIÚNÚ |
43. |
COMHAIRLIÚCHÁIN SPEISIALTA |
ROINN 2: |
NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN |
44. |
FÓGRA ROIMH RÉ AGUS PLÉ INA THEANNTA |
45. |
FÓGRA ROIMH RÉ D’UIREASA AON PHLÉ |
ROINN 3: |
NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE CABHAIR THRÁDGHAOLMHAR |
46. |
FÓGRA ROIMH RÉ |
47. |
FÓGRA PRAS |
ROINN 4: |
NÓSANNA IMEACHTA COMHAIRLIÚCHÁIN MAIDIR LE CABHAIR CHEANGAILTE |
48. |
CUSPÓIR NA gCOMHAIRLIÚCHÁN |
49. |
RAON FEIDHME AGUS TRÁTHÚ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN |
50. |
TORADH NA gCOMHAIRLIÚCHÁN |
ROINN 5: |
MALARTÚ FAISNÉISE MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN AGUS MAIDIR LE CABHAIR THRÁDGHAOLMHAR |
51. |
POINTÍ TEAGMHÁLA |
52. |
RAON FEIDHME NA bhFIOSRÚCHÁN |
53. |
RAON FEIDHME NA bhFREAGAIRTÍ |
54. |
COMHAIRLIÚCHÁIN DUINE LE DUINE |
55. |
NÓSANNA IMEACHTA AGUS FORMÁID NA LÍNTE COITEANNA |
56. |
FREAGAIRTÍ AR THOGRAÍ MAIDIR LE LÍNE CHOITEANN |
57. |
GLACADH LE LÍNTE COITEANNA |
58. |
EASAONTÚ FAOI LÍNTE COITEANNA |
59. |
DÁTA ÉIFEACHTA LÍNE COITINNE |
60. |
BAILÍOCHT NA LÍNTE COITEANNA |
ROINN 6: |
FORÁLACHA OIBRÍOCHTA MAIDIR LE RÁTAÍ ÍOSTA ÚIS (CIRRANNA) A CHUR IN IÚL |
61. |
RÁTAÍ ÍOSTA ÚIS A CHUR IN IÚL |
62. |
DÁTA ÉIFEACHTA DO CHUR I bhFEIDHM RÁTAÍ ÚIS |
63. |
ATHRUITHE LÁITHREACHA I RÁTAÍ ÚIS |
ROINN 7: |
ATHBHREITHNITHE |
64. |
ATHBHREITHNIÚ RIALTA AR AN SOCRÚ |
65. |
ATHBHREITHNIÚ AR RÁTAÍ ÍOSTA ÚIS |
66. |
ATHBHREITHNIÚ AR PHRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA AGUS SAINCHEISTEANNA GAOLMHARA |
IARSCRÍBHINN I: |
TUISCINT EARNÁLA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN DO LONGA |
IARSCRÍBHINN II: |
TUISCINT EARNÁLA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN DO GHLÉASRA CUMHACHTA NÚICLÉICHE |
IARSCRÍBHINN III: |
TUISCINT EARNÁLA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN D’AERÁRTHAÍ SIBHIALTA |
IARSCRÍBHINN IV: |
TUISCINT EARNÁLA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN DO THIONSCADAIL SNA RÉIMSÍ UM FHUINNEAMH INATHNUAITE AGUS ACMHAINNÍ UISCE, ATÁ I bhFEIDHM AR FEADH TRÉIMHSE TRIALAÍ GO DTÍ AN 30 MEITHEAMH 2007 |
IARSCRÍBHINN V: |
FAISNÉIS ATÁ LE SOLÁTHAR LE hAGHAIDH FÓGRAÍ |
IARSCRÍBHINN VI: |
RÍOMH NA bPRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA |
IARSCRÍBHINN VII: |
NA CRITÉIR AGUS NA COINNÍOLLACHA A RIALAÍONN CUR I bhFEIDHM AN AICMITHE RIOSCA TÍRE NUAIR A BHÍONN RÁTHÓIR TRÍÚ TÍR NÓ INSTITIÚID ILTAOBHACH NÓ RÉIGIÚNACH I gCEIST |
IARSCRÍBHINN VIII: |
CRITÉIR AGUS COINNÍOLLACHA A RIALAÍONN CUR I bhFEIDHM AN MHAOLAITHE/EISIAIMH RIOSCA TÍRE NUAIR A BHÍONN NA PRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA Á RÍOMH |
IARSCRÍBHINN IX: |
SEICLIOSTA DON CHÁILÍOCHT FORBARTHA |
IARSCRÍBHINN X: |
TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ATÁ INFHEIDHME MAIDIR LE hIDIRBHEARTA UM MAOINIÚ TIONSCADAIL |
IARSCRÍBHINN XI: |
LIOSTA SAINMHÍNITHE |
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
1. Cuspóir
(a) |
Is é príomhchuspóir an tSocraithe maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil, dá dtagraítear ar fud an doiciméid seo mar an Socrú, ná creat a chur ar fáil lena bhféadfar na creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil a úsáid go rianúil. |
(b) |
Féachann an Socrú le machaire réidh a chothú don tacaíocht oifigiúil, amhail a shainmhínítear in Airteagal 5(a), d’fhonn an iomaíocht a spreagadh i measc onnmhaireoirí bunaithe ar cháilíocht agus ar phraghas na n-earraí agus na seirbhísí a dhéantar a onnmhairiú, seachas ar iad a bheith bunaithe ar na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais is fabhraí agus a bhfuil tacaíocht oifigiúil á fáil acu. |
2. Stádas
Tháinig éifeacht leis an Socrú, a forbraíodh faoi chuimsiú an ECFE, ar dtús in Aibreán 1978 agus is go ceann tréimhse éiginnte é. Is Comhaontú Oinigh i measc na Rannpháirtithe atá sa Socrú; ní Gníomh (1) de chuid an ECFE é, cé go bhfaigheann sé tacaíocht riaracháin ó Rúnaíocht an ECFE (anseo feasta: “an Rúnaíocht”).
3. Rannpháirtíocht
Is iad seo na Rannpháirtithe don Socrú faoi láthair: An Astráil, Ceanada, an tAontas Eorpach, an tSeapáin, an Chóiré, an Nua Shéalainn, an Iorua, an Eilvéis agus na Stáit Aontaithe. Féadfaidh na Rannpháirtithe reatha cuireadh a thabhairt do Chomhaltaí eile an ECFE agus do thíortha nach Comhaltaí den ECFE iad a bheith ina Rannpháirtithe.
4. Faisnéis atá ar fáil do neamh-rannpháirtithe
(a) |
Geallann na Rannpháirtithe go roinnfidh siad faisnéis faoi fhógraí a bhaineann le tacaíocht oifigiúil, faoi mar a leagtar síos in Airteagal 5(a) é, le neamh-rannpháirtithe. |
(b) |
Má dhéanann Neamh-rannpháirtí, atá i staid iomaíochta, iarraidh i dtaca leis na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais a dhéantar a thairiscint i gcomhair tacaíochta oifigiúla, tabharfaidh Rannpháirtí, ar bhonn cómhalartaithe, freagra ar an iarraidh sin díreach faoi mar a thabharfadh sé freagra ar iarraidh ó Rannpháirtí. |
5. Raon feidhme an chur i bhfeidhm
Beidh feidhm ag an Socrú maidir le gach tacaíocht oifigiúil a sholáthraíonn rialtas, nó a sholáthraítear thar ceann rialtais, le haghaidh onnmhairiú earraí agus/nó seirbhísí, lena n-áirítear léasanna airgeadais, agus a bhfuil téarma aisíocaíochta de dhá bhliain nó níos mó ag gabháil leo.
(a) |
Féadfar tacaíocht oifigiúil a sholáthar ar bhealaí éagsúla:
|
(b) |
Beidh feidhm ag an Socrú maidir le cabhair cheangailte; beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos i gCaibidil IV freisin maidir le cabhair neamhcheangailte thrádghaolmhar. |
(c) |
Níl feidhm ag an Socrú maidir le honnmhairí Trealaimh Míleata agus Tráchtearraí Talmhaíochta. |
(d) |
Ní dhéanfar tacaíocht oifigiúil a sholáthar má tá fianaise shoiléir ann go ndearnadh an conradh a struchtúrú le ceannaitheoir i dtír nach í ceann scríbe deiridh na n-earraí í agus é mar aidhm phríomha leis sin go bhfaighfí téarmaí aisíocaíochta níos fabhraí. |
6. Tuiscintí earnála
(a) |
Tá na Tuiscintí Earnála seo a leanas mar chuid den Socrú:
|
(b) |
Féadfaidh Rannpháirtí i dTuiscint Earnála forálacha na tuisceana sin maidir le tacaíocht oifigiúil a fheidhmiú i leith onnmhairiú earraí agus/nó seirbhísí a chuimsítear leis an Tuiscint Earnála sin. Sa chás nach mbíonn foráil sa Tuiscint Earnála a chomhfhreagraíonn d’fhoráil sa Socrú, déanfaidh Rannpháirtí sa Tuiscint Earnála an fhoráil atá sa Socrú a chur i bhfeidhm. |
7. Maoiniú tionscadal
(a) |
Féadfaidh na Rannpháirtithe na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos in Iarscríbhinn X a chur i bhfeidhm maidir le honnmhairiú earraí agus/nó seirbhísí d’idirbhearta a chomhlíonann na critéir a leagtar síos i bhFoscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn X. |
(b) |
Níl feidhm ag mír (a) maidir le honnmhairiú earraí agus seirbhísí atá cuimsithe ag an Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí Sibhialta. |
8. Tarraingt siar
Féadfaidh Rannpháirtí tarraingt siar trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Rúnaíocht trí bhíthin cumarsáide láithrí, e.g. Córas Faisnéise Ar Líne (OLIS) an ECFE. Beidh éifeacht ag an tarraingt siar 180 lá féilire tar éis don Rúnaíocht an fógra a fháil.
9. Faireachán
Déanfaidh an Rúnaíocht faireachán ar chur chun feidhme an tSocraithe.
CAIBIDIL II
TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA AIRGEADAIS MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN
Cuimsítear leis na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais maidir leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin na forálacha go léir a leagtar síos sa Chaibidil seo, forálacha a léifear i dteannta a chéile.
Leagtar síos leis an Socrú, teorainneacha ar na téarmaí agus na coinníollacha a bhféadfar tacaíocht oifigiúil a thabhairt dóibh. Aithníonn na Rannpháirtithe go bhfuil feidhm go traidisiúnta ag téarmaí agus coinníollacha airgeadais atá níos srianta ná na téarmaí agus na coinníollacha sin dá bhforáiltear sa Socrú maidir le hearnálacha áirithe trádála nó tionsclaíochta. Beidh urraim i gcónaí ag na Rannpháirtithe do na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais sin is gnách a bheith ann, go háirithe an prionsabal nach rachaidh téarmaí aisíocaíochta thar ré úsáideach na n-earraí.
10. Éarlais, tacaíocht oifigiúil uasta agus costais áitiúla
(a) |
Cuirfidh na Rannpháirtithe de cheangal ar cheannaitheoirí earraí agus seirbhísí atá faoi réir tacaíochta oifigiúla éarlais de 15 faoin gcéad ar a laghad de luach an chonartha onnmhairiúcháin a dhéanamh ag túsphointe an chreidmheasa, nó roimhe sin, amhail a shainmhínítear in Iarscríbhinn XI. D’fhonn éarlais a mheas, féadfar luach an chonartha onnmhairiúcháin a laghdú go cionmhar más rud é go ndéantar earraí agus seirbhísí ó thríú tír nach bhfaigheann tacaíocht oifigiúil a áireamh san idirbheart. Is incheadaithe maoiniú/árachas 100 faoin gcéad den phréimh a dhéanamh. Féadfar an phréimh a áireamh i luach an chonartha onnmhairiúcháin, nó féadfar an phréimh a fhágáil ar lár as. Sa chomhthéacs seo, ní bhreathnaítear ar íocaíochtaí coinneála a dhéantar tar éis thúsphointe an chreidmheasa mar éarlais. |
(b) |
Is i bhfoirm árachais nó ráthaíochta in aghaidh na ngnáthrioscaí réamhchreidmheasa, agus san fhoirm sin amháin, a bheidh an tacaíocht oifigiúil d’éarlais den sórt sin. |
(c) |
Ach amháin mar a fhoráiltear i mír (b) agus i mír (d), ní sholáthróidh na Rannpháirtithe tacaíocht oifigiúil is mó ná 85 faoin gcéad de luach an chonartha onnmhairiúcháin, agus soláthar tríú tíre san áireamh ach gan costais áitiúla san áireamh. |
(d) |
Féadfaidh na Rannpháirtithe tacaíocht oifigiúil do chostais áitiúla a sholáthar, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na forálacha seo a leanas:
|
11. Aicmiú na dtíortha i gcomhair téarmaí uasta aisíocaíochta
(a) |
Is iad na tíortha de Chatagóir I na tíortha sin atá ar liosta um ghrádú an Bhainc Dhomhanda (2). Tá gach tír eile i gCatagóir II. Déantar liosta um ghrádú an Bhainc Dhomhanda a athríomh go bliantúil. Ní athróidh tír ó chatagóir amháin go ceann eile ach amháin nuair a bhíonn a catagóir Bainc Dhomhanda gan athrú ar feadh dhá bhliain i ndiaidh a chéile. |
(b) |
Bíonn feidhm ag na critéir agus nósanna imeachta oibríochtúla seo a leanas nuair a bhíonn tíortha á n-aicmiú:
|
12. Téarmaí uasta aisíocaíochta
Gan dochar d’Airteagal 13, athraíonn an téarma uasta aisíocaíochta de réir aicmiú na tíre ceann scríbe arna chinneadh de réir na gcritéar atá in Airteagal 11.
(a) |
Maidir le tíortha de Chatagóir I, cúig bliana an téarma uasta aisíocaíochta, ach go bhfuil an fhéidearthacht ann téarma suas go dtí ocht mbliana go leith a chomhaontú nuair a leantar na nósanna imeachta maidir le fógra roimh ré atá leagtha síos in Airteagal 45. |
(b) |
Maidir le tíortha de Chatagóir II, 10 mbliana an téarma uasta aisíocaíochta. |
(c) |
Sa chás go mbíonn níos mó ná tír cheann scríbe amháin i gceist leis an gconradh, ba cheart do na Rannpháirtithe féachaint le Líne Choiteann a leagan síos i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá in Airteagal 55 go hAirteagal 60 chun teacht ar chomhaontú i dtaobh na dtéarmaí cuí. |
13. Téarmaí aisíocaíochta do ghléasra cumhachta neamhnúicléiche
(a) |
Maidir le gléasra cumhachta neamhnúicléiche, 12 bhliain a bheidh sa téarma uasta aisíocaíochta. Más rud é go mbíonn sé ar intinn ag Rannpháirtí tacaíocht a thabhairt do théarma aisíocaíochta is faide ná an téarma dá bhforáiltear in Airteagal 12, tabharfaidh an Rannpháirtí fógra roimh ré i gcomhréir leis an nós imeachta in Airteagal 45. |
(b) |
Is éard is gléasra cumhachta neamhnúicléiche ann ná stáisiúin chumhachta iomlána, nó codanna díobh, nach ndéantar a bhreoslú le cumhacht núicléach: áirítear leo gach comhchuid, trealamh, ábhar agus seirbhís (lena n-áirítear oiliúint don phearsanra) a bhíonn riachtanach go díreach chun stáisiúin chumhachta neamhnúicléiche den sórt sin a thógáil agus a choimisiúnú. Ní áirítear leis seo nithe a mbíonn an ceannaitheoir freagrach astu de ghnáth, e.g. costais a bhaineann le forbairt talún, bóithre, sráidbhailte foirgníochta, línte cumhachta agus lasc-chlós agus soláthar uisce; chomh maith le costais a eascraíonn as nósanna imeachta um fhaomhadh oifigiúil (e.g. ceadanna láithreáin, ceadanna luchtaithe breosla) i dtír an cheannaitheora, ach amháin:
|
14. Aisíocaíocht an bhunairgid agus íocaíocht an úis
(a) |
Déanfar an bhunsuim creidmheasa onnmhairiúcháin a aisíoc ina thráthchodanna cothroma. |
(b) |
Déanfar an bunairgead a aisíoc agus déanfar an t-ús a íoc le minicíocht nach mó ná gach sé mhí agus déanfar an chéad tráthchuid den bhunairgead agus ús tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa. |
(c) |
Maidir leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin a sholáthraítear mar thacaíocht d’idirbhearta léasa, féadfar aisíocaíochtaí comhionanna den bhunairgead agus ús in éineacht a chur i bhfeidhm in ionad aisíocaíochtaí comhionanna den bhunairgead amhail a leagtar amach i mír (a). |
(d) |
Ar bhonn eisceachtúil agus cuí-réasúnaithe, féadfar na creidmheasanna onnmhairiúcháin a sholáthar ar théarmaí eile seachas iad sin a leagtar amach in (a) go dtí (c) thuas. Is éard a bheidh de mhíniú ar sholáthar tacaíochta den sórt sin, gur ann d’éagothromaíocht idir tráthú na gcistí atá ar fáil don fhéichiúnaí agus an phróifíl seirbhíse féich a bheidh ar fáil faoi sceideal aisíocaíochta comhionann, leathbhliantúil, agus comhlíonfar na critéir seo a leanas:
|
(e) |
Ní dhéanfar caipitliú ar ús a bheidh dlite tar éis thúsphointe an chreidmheasa. |
15. Rátaí úis, préimhrátaí agus táillí eile
(a) |
Eisiatar ón ús:
|
(b) |
Sa chás go dtugtar tacaíocht oifigiúil trí bhíthin creidmheasanna díreacha/maoiniú díreach nó athmhaoiniú, féadfar an phréimh a chur le haghaidh luach an ráta úis nó féadfaidh sí a bheith ina muirear ar leithligh; beidh an dá chomhchuid sin le cur in iúl ar leithligh do na Rannpháirtithe. |
16. Tréimhse bailíochta do chreidmheasanna onnmhairiúcháin
Maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais do chreidmheasanna onnmhairiúcháin aonair nó do líne chreidmheasa, seachas an tréimhse bailíochta i gcomhair Rátaí Tagartha don Ús Tráchtála (CIRRanna) a leagtar amach in Airteagal 21, ní bheidh siad socraithe ar feadh tréimhse is mó ná sé mhí roimh an gceangaltas deiridh.
17. Gníomhaíocht chun caillteanais a sheachaint nó a íoslaghdú
Ní stopann an Socrú seo údaráis chreidmheasa onnmhairiúcháin nó institiúidí airgeadais ó théarmaí agus coinníollacha airgeadais nach bhfuil chomh srianta leis na téarmaí dá bhforáiltear sa Socrú a chomhaontú, más rud é go ndéantar gníomhaíocht den sórt sin tar éis dhámhadh an chonartha (nuair a bhíonn éifeacht cheana leis an gcomhaontú creidmheasa onnmhairiúcháin agus leis na doiciméid theagmhasacha) agus go bhfuil an ghníomhaíocht sin beartaithe go huile agus go hiomlán chun go seachnófaí nó go n-íoslaghdófaí caillteanais ó imeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ina dtrúig le neamhíocaíocht nó éilimh.
18. Comhoiriúnú
Agus oibleagáidí idirnáisiúnta Rannpháirtí á gcur san áireamh, agus ag teacht le cuspóir an tSocraithe, féadfaidh Rannpháirtí, de réir na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 42, comhoiriúnú a dhéanamh ar na téarmaí agus na coinníollacha atá á dtairiscint ag Rannpháirtí nó ag Neamh-rannpháirtí. Meastar go gcomhlíonann téarmaí agus coinníollacha airgeadais a sholáthraítear i gcomhréir leis an Airteagal seo na forálacha atá i gCaibidil I agus i gCaibidil II agus, nuair is infheidhme, atá in Iarscríbhinní I, II, III, IV agus X.
19. Rátaí íosta úis seasta faoin tacaíocht oifigiúil maoinithe
(a) |
Maidir leis na Rannpháirtithe a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais oifigiúil le haghaidh iasachtaí ar ráta seasta, déanfaidh siad na Rátaí Tagartha don Ús Tráchtála (CIRRanna) ábhartha a fheidhmiú mar rátaí íosta úis. Is éard atá in CIRRanna ná rátaí úis a bhunaítear de réir na bprionsabal seo a leanas:
|
(b) |
Ní dhéanfar soláthar tacaíochta airgeadais oifigiúil a fhritháireamh ná a chúiteamh, go páirteach ná go hiomlán, chun críche na préimhe riosca creidmheasa iomchuí a bheidh le gearradh as an riosca a ghabhann le neamh-aisíocaíocht de bhun fhorálacha Airteagal 23. |
20. Déanamh na cirranna
(a) |
Déanfaidh gach Rannpháirtí ar mian leis CIRR a bhunú ceann de na córais bunráta seo a leanas a roghnú dá airgeadra náisiúnta:
Déanfaidh na Rannpháirtithe aon eisceachtaí ar an gcóras bunráta a chomhaontú eatarthu féin. |
(b) |
Déanfar CIRRanna a shocrú ag corrlach seasta de 100 bonnphointe os cionn gach bunráta Rannpháirtí, mura rud é go n-aontaíonn na Rannpháirtithe a mhalairt. |
(c) |
Bainfidh Rannpháirtithe eile úsáid as an gCIRR a bheidh socraithe d’airgeadra ar leith más rud é go gcinneann siad maoiniú a dhéanamh san airgeadra sin. |
(d) |
Féadfaidh Rannpháirtí a chóras bunráta a athrú tar éis fógra a thabhairt sé mhí roimh ré do na Rannpháirtithe agus ar é a dhul i gcomhairle leo faoi sin. |
(e) |
Féadfaidh Rannpháirtí nó Neamh-rannpháirtí a iarraidh go ndéanfaí CIRR a bhunú d’airgeadra Neamh-rannpháirtí. Ar a dhul i gcomhairle leis an Neamh-rannpháirtí leasmhar, féadfaidh Rannpháirtí, nó an Rúnaíocht thar ceann an Neamh-rannpháirtí sin, a mholadh go ndéanfaí CIRR san airgeadra sin ag baint úsáid as nósanna imeachta na Líne Coiteann i gcomhréir le hAirteagal 55 go hAirteagal 60. |
21. Bailíocht na cirranna
Ní dhéanfar ráta iasachta atá i bhfeidhm maidir le hidirbheart a shocrú ar feadh tréimhse is faide ná 120 lá. Cuirfear corrlach 20 bonnphointe leis an CIRR, más rud é go ndéanfar téarmaí agus coinníollacha na tacaíochta oifigiúla maoinithe a shocrú roimh an dáta conartha.
22. Cur i bhfeidhm na cirranna
(a) |
I gcás ina gcuirfear tacaíocht oifigiúil maoinithe ar fáil d’iasachtaí ar rátaí comhdhlúthacha, ní cheadófar do bhainc agus d’institiúidí eile maoinithe an rogha a thabhairt maidir leis an méid is ísle i gcás an CIRR (tráth an chonartha bhunaigh) nó ráta gearrthéarmach an mhargaidh le linn ré na hiasachta. |
(b) |
I gcás aisíocaíocht luath shaorálach a bheith déanta ar iasacht nó ar aon chuid di, tabharfaidh an t-iasachtaí cúiteamh d’institiúid an rialtais a chuireann tacaíocht oifigiúil maoinithe ar fáil do na costais agus do na caillteanais go léir a thabhaítear mar thoradh ar an aisíocaíocht luath shaorálach sin, lena n-áirítear an méid a chosnódh sé d’institiúid an rialtais an chuid den insreabhadh airgid ag ráta seasta, ar cuireadh as dó leis an aisíocaíocht luath, a chur ar ais. |
23. Préimh don riosca creidmheasa
Déanfaidh na Rannpháirtithe muirir phréimhe, in éineacht le muirir úis, a ghearradh d’fhonn riosca neamhíocaíocht creidmheasanna onnmhairiúcháin a chumhdach. Maidir leis na préimhrátaí a ghearrtar ar na Rannpháirtithe, beidh siad bunaithe ar riosca, déanfaidh siad coinbhéirsiú agus ní bheidh siad neamhleordhóthanach chun na costais oibriúcháin fhadthéarmacha agus na caillteanais oibriúcháin fhadtéarmacha a chumhdach.
24. Préimhrátaí íosta do riosca creidmheasa tíre agus flaithiúnais
Ní ghearrfaidh na Rannpháirtithe muirear is lú ná an Préimhráta Íosta (MPR) don Riosca Tíre agus don Riosca Creidmheasa Flaithiúnais, beag beann ar an gceannaitheoir/iasachtaí a bheith ina eintiteas príobháideach nó poiblí.
(a) |
Déantar an MPR is infheidhme a chinneadh i gcomhréir leis na tosca seo a leanas:
|
(b) |
Is i gcéatadáin de bhunluach an chreidmheasa a shloinntear MPRanna amhail is dá mbaileofaí an phréimh go hiomlán an dáta ar tarraingíodh an creidmheas anuas ar dtús. Cuirtear ar fáil in Iarscríbhinn VI míniú ar an bhfoirmle mhatamaiticiúil a úsáidtear chun MPRanna a ríomh. |
(c) |
Do na tíortha a aicmítear i gCatagóir 0 mar a leagtar amach in Airteagal 25 é, níor bunaíodh aon MPRanna ach ní ghearrfaidh na Rannpháirtithe préimhrátaí is lú ná an phraghsáil atá ar fáil ar an margadh príobháideach cheana. |
(d) |
Beidh, i bprionsabal, na tíortha “is mó riosca” i gCatagóir 7 faoi réir préimhrátaí de bhreis ar na MPRanna arna mbunú don Chatagóir sin; is é an Rannpháirtí a bhfuil tacaíocht oifigiúil á cur ar fáil aige a chinnfidh na préimhrátaí sin. |
(e) |
Agus MPR d’idirbheart á ríomh, is é aicmiú thír an cheannaitheora a bheidh san aicmiú riosca tíre is infheidhme, mura rud é:
|
(f) |
Leagtar amach in Iarscríbhinn VII na critéir agus na coinníollacha a bhaineann le cur i bhfeidhm aicmiú riosca tíre i gcomhréir leis na staideanna a thuairiscítear sa chéad agus sa dara fleasc d’Airteagal 24(e) é. |
(g) |
Má theorannaítear an tacaíocht oifigiúil go dtí riosca tíre mar a shainmhínítear in Airteagal 25(a) é, i.e. déantar cumhdach riosca an cheannaitheora/iasachtaí a eisiamh go hiomlán, déantar an MPR a laghdú 10 faoin gcéad; déantar é sin a chuimsiú leis an bhfoirmle mhatamataiciúil in Iarscríbhinn VI a úsáidtear chun na MPRanna a ríomh. |
(h) |
Maidir leis an gcoinbhinsiún HOR a úsáidtear i ríomh MPR, is leath amháin é den íocaíocht amach móide fad na tréimhse iomláine don aisíocaíocht agus glacann sé chuige féin próifíl rialta um aisíocaíocht creidmheasa, i.e. aisíocaíocht i dtráthchodanna comhionanna leathbhliantúla den bhunairgead móide ús fabhraithe dar tús sé mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa. I gcás creidmheasanna onnmhairiúcháin ag a bhfuil próifílí aisíocaíochta neamhchaighdeánacha, déantar an tréimhse aisíocaíochta choibhéiseach (arna sloinneadh i dtráthchodanna comhionanna, leathbhliantúla) a ríomh ag úsáid na foirmle seo a leanas: tréimhse choibhéiseach aisíocaíochta = (meánré ualaithe na tréimhse aisíocaíochta - 0,25)/0,5. |
(i) |
Maidir leis an Rannpháirtí a bhfuil an MPR sa chás dá dtagraítear sa chéad fhleasc de mhír (e) thuas á chur i bhfeidhm aige agus as a dtagann préimhráta is ísle ná an MPR is infheidhme do thír an cheannaitheora, tabharfaidh sé fógra roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 44(a). Maidir leis an Rannpháirtí a bhfuil an MPR dá dtagraítear sa dara fleasc d’Airteagal 24(e) nó d’Airteagal 24(g) á chur i bhfeidhm aige, tabharfaidh sé fógra roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 45(a). |
25. Aicmiú an riosca tíre
Déanfar tíortha a aicmiú de réir a dhealraithí atá sé go ndéanfaidh siad a bhfiachais sheachtracha a sheirbhísiú (i.e. riosca creidmheasa tíre).
(a) |
Is iad seo a leanas cúig eilimint aicmiú an riosca tíre:
|
(b) |
Déantar tíortha a aicmiú i gceann de na hocht gCatagóir Riosca (0-7). Rinneadh MPRanna a bhunú do Chatagóirí 1 go dtí 7, agus 7 san áireamh, ach ní dhearnadh é sin do Chatagóir 0 toisc go meastar an riosca tíre a bheith diombaiseach do thíortha sa Chatagóir sin. |
(c) |
Maidir le Tíortha Ard-Ioncaim an ECFE, arna sainiú ag an mBanc Domhanda ar bhonn bliantúil de réir OIN per capita, déantar iad a aicmiú i gCatagóir 0.
|
(d) |
Déantar na tíortha eile seachas na Tíortha Ard-Ioncaim san ECFE (3) a aicmiú tríd an Modheolaíocht um Aicmiú Riosca Tíre, arb éard atá ann:
|
(e) |
Déanfar faireachán ar Aicmithe Riosca Tíre ar bhonn leanúnach, agus déanfar athbhreithniú orthu go bliantúil ar a laghad, agus déanfaidh an Rúnaíocht na hathruithe a thagann as an Modheolaíocht um Aicmiú Riosca Tíre a chur in iúl láithreach. Nuair a dhéantar tír a athaicmiú i gCatagóir Riosca Tíre níos ísle nó níos airde, déanfaidh na Rannpháirtithe, tráth nach déanaí ná cúig lá oibre tar éis don athaicmiú a bheith curtha in iúl ag an Rúnaíocht, préimhrátaí a ghearradh maidir leis an gCatagóir nua Riosca Tíre ag na MPRanna a bhfuil baint acu leis, nó os a gcionn. |
(f) |
Cuirfidh an Rúnaíocht na haicmithe tíre is infheidhme ar fáil don phobal. |
26. Aicmiú na n-institiúidí iltaobhacha agus réigiúnacha
Déanfar Institiúidí Iltaobhacha agus Réigiúnacha a aicmiú agus a athbhreithniú de réir mar is iomchuí; cuirfidh an Rúnaíocht an t-aicmiú sin is infheidhme ar fáil don phobal.
27. Céatadán agus cáilíocht an chlúdaigh oifigiúil creidmheasa onnmhairiúcháin
Difreáltar na MPRanna chun cáilíocht éagsúil na dtáirgí creidmheasa onnmhairiúcháin agus céatadán an chlúdaigh arna chur ar fáil ag na Rannpháirtithe mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI á chur san áireamh. Is ar dhearcadh an onnmhairtheora atá an difreáil bunaithe (i.e. chun an éifeacht iomaíoch a thagann as cáilíochtaí éagsúla an táirge a chuirtear ar fáil don institiúid onnmhairiúcháin/airgeadais a neodrú.
(a) |
Braitheann cáilíocht an táirge creidmheasa onnmhairiúcháin ar cibé acu is árachas, ráthaíocht nó creidmheas díreach/airgeadú díreach é an táirge, agus maidir le táirgí árachais an bhfuil clúdach an úis le linn thréimhse feithimh na n-éileamh (i.e. an tréimhse idir dáta dlite na híocaíochta ag an gceannaitheoir/iasachtaí agus an dáta a ndlífear ar an árachóir an t-onnmhaireoir/institiúid airgeadais a aisíoc) á chur ar fáil gan formhuirear. |
(b) |
Déanfar na táirgí creidmheasa onnmhairiúcháin go léir atá ann cheana a aicmiú i gceann de na trí chatagóir táirge, arb é atá iontu:
|
28. Gnéithe roghnaithe riosca tíre agus teicnící maolaithe riosca tíre a eisiamh
Féadfaidh na Rannpháirtithe, i gcomhréir leis na critéir shonracha agus na coinníollacha sonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, eilimintí áirithe de riosca tíre a eisiamh nó teicnící sainithe de mhaolú riosca tíre a liostaítear in Airteagal 28(b) a úsáid, rud as a dtiocfadh MPRanna infheidhme níos ísle trí chur i bhfeidhm Toisc don Mhaolú/Eisiamh Riosca Tíre (MEF) i bhfoirmle an MPR. Cinntear an MEF mar a leanas:
(a) |
maidir le heisiamh eilimintí roghnaithe riosca creidmheasa tíre ó chlúdach creidmheasa oifigiúil:
|
(b) |
maidir leis na teicnící maolaithe riosca tíre seo a leanas, leagtar amach in Iarscríbhinn VIII an MPR is infheidhme chomh maith leis na critéir agus na coinníollacha faoina bhféadfar an MEF a chur i bhfeidhm:
|
(c) |
maidir le cur i bhfeidhm líon is mó ná ceann amháin de na teicnící maolaithe riosca tíre a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 28(b), ní bheidh tionchar carnach díreach acu ar an MEF is infheidhme. Le roghnú MEF iomchuí chun teaglaim na dteicnící maolaithe riosca tíre a léiriú, cuirfear san áireamh tionchar forluiteach féideartha dhá theicníc nó níos mó maidir le rioscaí comhionanna creidmheasa tíre. Sa chás ina mbíonn forluí i gceist, ní dhéanfar ach an cháilíocht chreidmheasa is fearr a chur san áireamh de ghnáth maidir leis an MEF iomchuí is infheidhme a chinneadh; |
(d) |
maidir leis an Rannpháirtí a mbeidh an MPR sna cásasnna dá dtagraítear in Airteagal 28(a) go (c) á chur i bhfeidhm aige, tabharfaidh sé fógra roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 44(a); |
(e) |
níl an liosta de theicnící maolaithe riosca tíre in Airteagal 28(b) ceaptha a bheith ina liosta dúnta; i gcomhréir le hAirteagal 66, déanfaidh na Rannpháirtithe faireachán agus athbhreithniú ar an gcorpas taithí agus úsáid á baint as na teicnící sin lena n-áirítear na critéir is infheidhme, na coinníollacha is infheidhme, na cúinsí is infheidhme, agus na MEFanna mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII iad. |
29. Athbhreithniú ar bhailíocht na bpréimhrátaí íosta do riosca creidmheasa tíre agus flaithiúnais
(a) |
Chun leordhóthanacht na MPRanna a mheas agus chun a fhoráil, más gá, do choigeartuithe, suas nó síos, úsáidfear trí Uirlis Aiseolais Préimhe (PFTanna) go comhuaineach chun faireachán a dhéanamh ar na MPRanna agus chun coigeartú a dhéanamh orthu. |
(b) |
Is cineálacha cur chuige cuntasaíochta iad an PFT um Shreabhadh Airgid Thirim agus an PFT um Fhabhruithe a dhéanann bailíocht na MPRanna a mheasúnú go comhiomlán, bunaithe ar an gCatagóir Riosca Tíre agus Ionchas an Riosca, i gcomhréir le torthaí iarbhír na Rannpháirtithe i ndáil le riosca creidmheasa tíre agus flaithiúnais na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin faoi réir na MPRanna. |
(c) |
Ceithre shraith de Tháscairí an Mhargaidh Phríobháidigh (4) atá sa tríú PFT, sraitheanna a thugann faisnéis ar phraghsáil an mhargaidh maidir le riosca creidmheasa tíre agus flaithiúnais. |
CAIBIDIL III
FORÁLACHA DO CHABHAIR CHEANGAILTE
30. Prionsabail ghinearálta
(a) |
D’aontaigh na Rannpháirtithe beartais chomhlántacha a bheith ann do chreidmheasanna onmhairiúcháin agus do chabhair cheangailte. Ba cheart gur ar iomaíocht oscailte agus saor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh a bheadh beartais onnmhairiúcháin bunaithe. Le beartais um chabhair cheangailte, ba cheart go gcuirfí ar fáil acmhainní seachtracha a bhfuil gá leo do thíortha, d’earnálacha nó do thionscadail ar beag an rochtain atá acu ar mhaoiniú margaidh nó nach bhfuil aon rochtain acu ar mhaoiniú margaidh. Le beartais um chabhair cheangailte, ba cheart go n-áiritheofaí an luach is fearr ar airgead, go n-íoslaghdófaí ar shaobhadh trádála, agus go gcuirfí le húsáid éifeachtach fhorbarthach na n-acmhainní sin. |
(b) |
Ní bhaineann na forálacha um chabhair cheangailte an tSocraithe le cláir cabhrach na n-institiúidí iltaobhacha nó réigiúnacha. |
(c) |
Ní thugtar réamhbhreith sna prionsabail seo ar thuairimí an Choiste Cúnaimh um Fhorbairt (DAC) maidir le cáilíocht cabhrach ceangailte agus neamhcheangailte. |
(d) |
D’fhéadfadh sé go n-iarrfadh Rannpháirtí faisnéis bhreise a bhainfeadh le stádas ceangailteach aon fhoirme cabhrach. Má tá éiginnteacht ann an dtagann cleachtas maoinithe áirithe laistigh de raon feidhme an tsainmhínithe maidir le cabhair cheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn XI, cuirfidh an tír bhronntach fianaise ar fáil a thacaíonn le haon éileamh gur “neamhcheangailte” le ceart atá an chabhair i gcomhréir leis an sainmhíniú in Iarscríbhinn XI. |
31. Cineálacha cabhrach ceangailte
Féadfaidh an chabhair cheangailte a bheith i gceann de na foirmeacha seo a leanas:
(a) |
Iasachtaí um Chúnamh Forbraíochta Oifigiúla (ODA) mar a shainmhínítear iad i “dTreoirphrionsabail DAC do Mhaoiniú Comhlachaithe agus Cúnamh um Fhorbairt Oifigiúil atá Ceangailte agus Neamhcheangailte go Páirteach (1987)”; |
(b) |
deontais ODA mar a shainmhínítear iad i “dTreoirphrionsabail DAC do Mhaoiniú Comhlachaithe agus Cúnamh um Fhorbairt Oifigiúil atá Ceangailte agus Neamhcheangailte go Páirteach (1987)”; agus |
(c) |
Sreafaí Oifigiúla Eile (OOF), lena n-áirítear deontais agus iasachtaí ach a dhéanann na creidmheasanna onnmhairiúcháin, arna dtacú go hoifigiúil, agus atá i gcomhréir leis an Socrú a eisiamh; nó |
(d) |
aon chomhlachas, e.g. meascán, le dlí agus le gníomh, atá faoi rialú an bhronntóra, an iasachtóra nó an iasachtaí, ar nithe iad lena mbaineann dhá ní nó níos mó de na nithe roimhe seo, agus/nó na comhchodanna maoinithe seo a leanas:
|
32. Maoiniú comhlachaithe
(a) |
Féadfaidh foirmeacha éagsúla a bheith ag maoiniú comhlachaithe, lena n-áirítear creidmheasanna measctha, maoiniú measctha, maoiniú comhpháirteach nó idirbhearta comhtháite singile. Is iad na nithe seo a leanas na príomhthréithe atá acu:
|
(b) |
Déantar comhlachas nó nascadh “le gníomh” a chinneadh leis na tosca seo a leanas:
|
(c) |
Ní chuirfidh na cleachtais seo a leanas cosc ar chomhlachas a nó nascadh a chinneadh “le gníomh”:
|
33. Incháilitheacht tíre i gcomhair cabhrach ceangailte
(a) |
Ní bheidh aon chabhair cheangailte ann do thíortha nach bhfuil cáilithe, de réir a OIN per capita, iasachtaí 17 mbliana a fháil ón mBanc Domhanda. Déanann an Banc Domhanda atháireamh ar an tairseach don chatagóir seo ar bhonn bliantúil (5). Ní athróidh tír ó chatagóir amháin go ceann eile ach amháin nuair a bhíonn a catagóir Bainc Dhomhanda gan athrú ar feadh dhá bhliain i ndiaidh a chéile. |
(b) |
Bíonn feidhm ag na critéir agus nósanna imeachta oibriúcháin seo a leanas nuair a bhíonn tíortha á n-aicmiú:
|
34. Incháilitheacht tionscadail
(a) |
Ní leathnófar cabhair cheangailte chuig tionscadail phoiblí nó phríobháideacha ar cheart, go hiondúil, go mbeidís inmharthana ar bhonn tráchtála má dhéantar iad a mhaoiniú ar théarmaí an mhargaidh nó an tSocraithe. |
(b) |
Is iad seo a leanas na heochairthástálacha don incháilitheacht sin:
|
(c) |
Tá na heochairthástálacha faoi fhomhír (b) ceaptha cur síos a dhéanamh ar an gcaoi ar cheart meastóireacht a dhéanamh ar thionscadal chun a chinneadh ar cheart é a mhaoiniú leis an gcabhair sin nó le creidmheasanna onnmhairiúcháin ar théarmaí an mhargaidh nó an tSocraithe. Tríd an bpróiseas comhairliúcháin a thuairiscítear in Airteagal 48 go hAirteagal 50, táthar ag súil go bhforbrófar corpas taithí leis an aimsir a shaineoidh níos beaichte, do chreidmheas onnmhairiúcháin agus do ghníomhaireachtaí creidmheasa araon, treoraíocht ex ante idir an dá chatagóir tionscadal. |
35. Leibhéal íosta lamháltais
Ní chuirfidh na Rannpháirtithe cabhair cheangailte ar fáil a bhfuil leibhéal lamháltais is lú ná 35 faoin gcéad aige, nó 50 faoin gcéad más Tír is lú Forbairt (LDC) í an tír thairbhíoch, ach amháin sna cásanna a leagtar síos thíos, cásanna atá díolmhaithe ó na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt a leagtar amach in Airteagal 47(a):
(a) |
cúnamh teicniúil: cabhair cheangailte arb é atá sa chomhchuid cabhrach forbartha oifigiúla ná comhar teicniúil, agus comhar teicniúil amháin, ar lú é ná 3 faoin gcéad de luach iomlán an idirbhirt nó aon mhilliún Ceart Speisialta Tarraingte (SDR), cibé acu is ísle; agus |
(b) |
tionscadail bheaga: tionscadail chaipitil is lú ná aon mhilliún SDR a mhaoinítear go hiomlán ó dheontais cúnaimh um fhorbairt. |
36. Díolúintí ó incháilitheacht tíre nó tionscadail ar chabhair cheangailte
(a) |
Níl feidhm ag forálacha Airteagal 33 agus Airteagal 34 maidir le cabhair cheangailte i gcás inar 80 faoin gcéad nó níos mó é an leibhéal lamháltais seachas cabhair cheangailte ar cuid é den phacáiste maoinithe comhlachaithe, a thuairiscítear in Airteagal 32. |
(b) |
Níl feidhm ag forálacha Airteagal 34 maidir le cabhair cheangailte a bhfuil luach is lú ná dhá mhilliún SDR aige, seachas cabhair cheangailte ar cuid é den phacáiste maoinithe comhlachaithe, a thuairiscítear in Airteagal 32. |
(c) |
Níl cabhair cheangailte do LDCanna, faoi mar a shainmhínítear í ag na Náisiúin Aontaithe, faoi réir fhorálacha Airteagal 33 agus Airteagal 34. |
(d) |
D’ainneoin Airteagal 33 agus Airteagal 34, féadfaidh Rannpháirtí, go heisceachtúil, tacaíocht a chur ar fáil trí cheann de na nithe seo a leanas:
|
37. Leibhéal lamháltais na cabhrach ceangailte a ríomh
Déantar an leibhéal lamháltais do chabhair cheangailte a ríomh agus feidhm á baint as an modh céanna agus a úsáideann an DAC d’eilimint an deontais, ach amháin:
(a) |
an ráta lascaine a úsáidtear chun an leibhéal lamháltais i gcomhair iasachta a ríomh in airgeadra ar leith, i.e. an Ráta Lascaine Difreáilte (RLD), tá sé faoi réir athraithe bhliantúil an 15 Eanáir agus déantar é a ríomh mar a leanas:
|
(b) |
is é an bonndáta chun an leibhéal lamháltais a ríomh an túsphointe don chreidmheas mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XI é; |
(c) |
chun críche leibhéal lamháltais foriomlán pacáiste maoinithe comhlachaithe a ríomh, meastar gur nialas iad leibhéal lamháltais na gcreidmheasanna, na gcistí agus na n-íocaíochtaí seo a leanas:
Maidir le híocaíochtaí ag túsphointe an chreidmheasa, nó roimhe, a mheastar nach éarlais iad, áireofar iad i ríomh an leibhéil lamháltais; |
(d) |
an ráta lascaine i gcabhair chomhoiriúnaithe: i gcabhair chomhoiriúnaithe, ciallaíonn comhoiriúnú a dhéanamh le leibhéal comhoiriúnaithe comhionann a dhéantar a athríomh leis an ráta lascaine atá i bhfeidhm tráth an chomhoiriúnaithe; |
(e) |
ní áireofar costais áitiúla agus soláthar tríú tír i ríomh an leibhéil lamháltais ach amháin más í an tír bhronntach a mhaoiníonn iad; |
(f) |
déantar leibhéal foriomlán pacáiste a chinneadh trí leibhéal ainmniúil gach comhchoda sa phacáiste a iolrú faoi leibhéal lamháltais gach comhchoda lena mbaineann, ag suimiú na dtorthaí, agus an t-iomlán seo a roinnt ar luach ainmniúil comhiomlán na gcomhchodanna; |
(g) |
is é an ráta lascaine d’iasacht ar leith an ráta atá in éifeacht tráth an fhógra. Má bhíonn fógra pras ann, áfach, is é an ráta lascaine an ráta atá i bhfeidhm an tráth ar socraíodh téarmaí agus coinníollacha na hiasachta cabhrach. Ní dhéanann athrú ar an ráta lascaine le linn ré na hiasachta a leibhéal lamháltais a athrú; |
(h) |
má dhéantar athrú airgeadra sula dtugtar an conradh chun críche, déanfar an fógra a athbhreithniú. Is é an ráta lascaine a úsáidtear chun an leibhéal lamháltais a ríomh an ráta a bheidh infheidhme tráth an athbhreithnithe. Ní gá athbhreithniú a bheith ann má dhéantar an t-airgeadra malartach agus an fhaisnéis uile is gá do ríomh an leibhéil lamháltais a shonrú san fhógra bunaidh; |
(i) |
d’ainneoin fhomhír (g), is é an ráta lascaine a úsáidtear chun leibhéal lamháltais idirbheart ar leith arna dtionscnamh faoi líne chreidmheasa um chabhair a ríomh, an ráta ar tugadh fógra faoi i dtús báire don líne chreidmheasa. |
38. Tréimhse bailíochta don chabhair cheangailte
(a) |
Leagfaidh na Rannpháirtithe síos na téarmaí agus na coinníollacha don chabhair cheangailte, cibé acu a bhaineann sé seo le hidirbhearta ar leith a mhaoiniú nó le prótacal cabhrach, le líne chreidmheasa um chabhair, nó le comhaontú dá shamhail, ar feadh níos mó ná dhá bhliain. I gcás prótacail cabhrach, líne chreidmheasa um chabhair nó comhaontú dá shamhail, tosóidh an tréimhse bailíochta dáta an tsínithe, agus beidh fógra le tabhairt faoi i gcomhréir le hAirteagal 47; tabharfar fógra faoi fhadú na líne creidmheasa amhail is dá mb’idirbheart nua é lena ngabhfaidh nóta ag míniú gur fadú atá ann agus go bhfuil sí á hathnuachan ag téarmaí a ceadaíodh an tráth ar tugadh fógra faoin bhfadú. I gcás idirbheart aonair, lena n-áirítear iad sin ar tugadh fógra fúthu faoin bprótacal cabhrach líne chreidmheasa um chabhair nó comhaontú dá shamhail, tosóidh an tréimhse bailíochta an dáta a dtabharfar fógra faoin gceangaltas i gcomhréir le hAirteagal 46 nó le hAirteagal 47, de réir mar is iomchuí. |
(b) |
Nuair a bheidh tír neamhcháilithe d’iasachtaí 17 mbliana ón mBanc Domhanda den chéad uair, déanfar tréimhse bailíochta do phrótacail cabhrach ceangailte agus línte creidmheasa atá ann cheana agus do phrótacail cabhrach ceangailte agus línte cabhrach nua arna bhfógrú a shrianadh go dtí aon bhliain tar éis dháta an aicmithe ionchasaigh i gcomhréir leis na nósanna imeachta in Airteagal 33(b). |
(c) |
Ní féidir athnuachan a dhéanamh ar na prótacail agus na línte cabhrach sin ach amháin ar na téarmaí atá i gcomhréir le forálacha Airteagal 33 agus Airteagal 34 den Socrú tar éis an méid seo a leanas:
Sna cúinsí sin, féadfar na téarmaí agus na coinníollacha atá ann cheana a choimeád d’ainneoin athrú a bheith ar an ráta lascaine a leagtar amach in Airteagal 37. |
39. Comhoiriúnú
Agus oibleagáidí idirnáisiúnta Rannpháirtí á gcur san áireamh, agus ag teacht le cuspóir an tSocraithe, féadfaidh Rannpháirtí, de réir na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 42, comhoiriúnú a dhéanamh ar na téarmaí agus na coinníollacha atá á dtairiscint ag Rannpháirtí nó ag Neamh-rannpháirtí.
CAIBIDIL IV
NÓSANNA IMEACHTA
Roinn 1: Nósanna imeachta coiteanna maidir leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin agus maidir le cabhair thrádghaolmhar
40. Fógraí
Na fógraí a leagtar amach leis na nósanna imeachta sa Socrú, déanfar iad i gcomhréir leis an bhfaisnéis a fhaightear in Iarscríbhinn V, agus áireofar iontu an fhaisnéis atá in Iarscríbhinn V, agus déanfar iad a chur i gcóip chuig an Rúnaíocht.
41. Faisnéis ar thacaíocht oifigiúil
(a) |
A luaithe a gheallann Rannpháirtí an tacaíocht oifigiúil a bhfuil fógra tugtha fúithi aige i gcomhréir leis na nósanna imeachta in Airteagal 44 go hAirteagal 47, cuirfidh sé na Rannpháirtithe eile go léir ar an eolas dá réir sin trí uimhir thagartha an fhógra a chur i bhFoirm 1C sa Chóras Tuairiscthe Creidmheasaí lena mbaineann. |
(b) |
Má tá malartú faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 52 go hAirteagal 54 ann, cuirfidh Rannpháirtí na Rannpháirtithe eile ar an eolas maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha creidmheasa atá á bheartú aige chun tacaíocht a thabhairt dóibh d’idirbheart ar leith agus d’fhéadfadh sé go n-iarrfadh sé faisnéis chomhcosúil ó na Rannpháirtithe eile. |
42. Nósanna imeachta maidir leis an gcomhoiriúnú
(a) |
Sula ndéanfaidh Rannpháirtí na téarmaí airgeadais agus na coinníollacha airgeadais a thoimhdítear a bheith á dtairiscint ag Rannpháirtí nó Neamh-rannpháirtí de bhun Airteagal 18 agus Airteagal 39 a chomhoiriúnú, déanfaidh sé gach iarracht réasúnach, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, trí na comhairliúcháin duine le duine a thuairiscítear in Airteagal 54 a úsáid, chun a fhíorú go bhfuil na téarmaí agus na coinníollacha á dtacú go hoifigiúil agus go gcomhlíonfar na nithe seo a leanas leo:
|
(b) |
Maidir le Rannpháirtí a bhfuil sé ar intinn aige téarmaí comhionanna airgeadais a thairscint agus na téarmaí a bhfuil fógra tugtha fúthu de réir Airteagal 44 agus faoi Airteagal 45, féadfaidh sé é sin a dhéanamh amhlaidh a luaithe a bheidh an tréimhse feithimh a leagtar síos iontu dulta in éag. Déanfaidh an Rannpháirtí fógra a thabhairt faoina bhfuil ar intinn aige a luaithe is féidir. |
43. Comhairliúcháin speisialta
(a) |
Maidir le Rannpháirtí a bhfuil forais réasúnacha aige a chreidiúint gur flaithiúla na téarmaí airgeadais agus na coinníollacha airgeadais atá á dtairiscint ag Rannpháirtí eile (an Rannpháirtí tionscnaimh) ná na téarmaí agus na coinníollacha dá bhforáiltear sa Socrú, cuirfidh sé an Rúnaíocht ar an eolas faoi sin. Cuirfidh an Rúnaíocht an fhaisnéis sin ar fáil láithreach. |
(b) |
Déanfaidh an Rannpháirtí tionscnaimh téarmaí airgeadais agus coinníollacha airgeadais a thairisceana a shoiléiriú laistigh de dhá lá oibre tar éis an fhaisnéis ón Rúnaíocht a eisiúint. |
(c) |
Tar éis soiléiriú a bheith déanta ag an Rannpháirtí tionscnaimh, féadfaidh aon Rannpháirtí a iarraidh go n-eagródh an Rúnaíocht cruinniú comhairliúcháin speisialta laistigh de chúig lá oibre chun an tsaincheist a phlé. |
(d) |
Ní bheidh éifeacht leis na téarmaí airgeadais agus leis na coinníollacha airgeadais a thairbheoidh den tacaíocht oifigiúil go dtí go mbeidh toradh ar chruinniú comhairliúcháin speisialta na Rannpháirtithe. |
Roinn 2: Nósanna imeachta maidir leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin
44. Fógra roimh ré agus plé ina theannta
(a) |
Déanfaidh Rannpháirtí fógra a thabhairt do na Rannpháirtithe eile go léir 10 lá féilire ar a laghad roimh aon cheanglas a eisiúint más rud é go ndearnadh an Préimhráta Íosta a cuireadh i bhfeidhm a chinneadh i gcomhréir leis an gcéad fhleasc d’Airteagal 24(e) nó Airteagal 28 i gcomhréir le hIarscríbhinn V den Socrú. Má iarrann aon Rannpháirtí eile plé le linn na tréimhse sin, fanfaidh an Rannpháirtí tionscnaimh 10 lá féilire eile. Maidir leis an MPR is infheidhme tar éis maolú/eisiamh riosca, más lú ná 75 faoin gcéad é den MPR a bheadh ann de thairbhe chur i bhfeidhm aicmiú riosca tíre do thír an cheannaitheora gan aon mhaolú ná eisiamh riosca, nó más comhionann leis é, tabharfaidh an Rannpháirtí is fógróir fógra do na Rannpháirtithe eile go léir ar a laghad 20 lá féilire roimh aon cheanglas a eisiúint. |
(b) |
Cuirfidh Rannpháirtí na Rannpháirtithe eile go léir ar an eolas maidir lena chinneadh deiridh tar éis plé a bheith ann chun an t-athbhreithniú ar an gcorpas taithí a éascú i gcomhréir le hAirteagal 66. Coimeádfaidh na Rannpháirtithe taifid faoina dtaithí maidir le préimhrátaí a dtabharfar fógraí fúthu i gcomhréir le mír (a) thuas. |
45. Fógra roimh ré d’uireasa aon phlé
(a) |
Cuirfidh an Rannpháirtí fógra chuig na Rannpháirtithe go léir ar a laghad 10 lá féilire roimh aon ghealltanas a thabhairt i gcomhréir le hIarscríbhinn V den Socrú má tá sé ar intinn aige:
|
(b) |
Más rud é go maolaíonn Rannpháirtí tionscnaimh an tacaíocht atá ar intinn aige a thabhairt d’idirbheart den sórt sin, nó má tharraingíonn sé siar í, cuirfidh sé na Rannpháirtithe eile ar an eolas láithreach. |
Roinn 3: Nósanna imeachta maidir le cabhair thrádghaolmhar
46. Fógra roimh ré
(a) |
Tabharfaidh Rannpháirtí fógra roimh ré má tá sé ar intinn aige tacaíocht oifigiúil a chur ar fáil do na nithe seo a leanas:
|
(b) |
Tabharfar fógra roimh ré ar a laghad 30 lá oibre roimh dháta deiridh na himthairisceana tráchtála nó roimh an dáta ceangaltais, cibé acu is luaithe. |
(c) |
Más rud é go dtarraingíonn an Rannpháirtí tionscnaimh siar an tacaíocht atá ar intinn aige a thabhairt maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a mbeidh fógra tugtha fúthu, cuirfidh sé na Rannpháirtithe eile ar an eolas láithreach dá réir sin. |
(d) |
Beidh feidhm ag foráil an Airteagail seo maidir le cabhair cheangailte ar cuid í den phacáiste maoinithe comhlachaithe, a bhfuil tuairisc tugtha uirthi in Airteagal 32. |
47. Fógra pras
(a) |
Tabharfaidh Rannpháirtí fógra go pras do na Rannpháirtithe eile go léir, i.e. laistigh de dhá lá oibre ón gceangaltas a dhéanamh, más rud é go dtugann sé tacaíocht oifigiúil do chabhair cheangailte a bhfuil luach ceachtar díobh seo a leanas aici:
|
(b) |
Tabharfaidh Rannpháirtí fógra go pras freisin do na Rannpháirtithe eile go léir nuair a dhéantar prótacal cabhrach, líne chreidmheasa nó comhaontú comhchosúil a shíniú. |
(c) |
Ní gá fógra a thabhairt roimh ré más mian le Rannpháirtí comhoiriúnú a dhéanamh ar na téarmaí agus na coinníollacha a bhí faoi réir fógra phrais. |
Roinn 4: Nósanna imeachta comhairliúcháin maidir le cabhair cheangailte
48. Cuspóir na gcomhairliúchán
(a) |
Féadfaidh Rannpháirtí a bhíonn ag féachaint le soiléiriú a fháil faoi spreagadh trádála a d’fhéadfadh a bheith ann a iarraidh go gcuirfí ar fáil Measúnú Cáilíochta iomlán um Chabhair (arna mhionsonrú in Iarscríbhinn IX). |
(b) |
Lena chois sin, féadfaidh Rannpháirtí a iarraidh go rachfaí i mbun comhairliúcháin leis na Rannpháirtithe eile i gcomhréir le hAirteagal 49. Áirítear leo sin comhairliúcháin duine le duine amhail a leagtar amach in Airteagal 54 d’fhonn plé a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:
|
49. Raon feidhme agus tráthú na gcomhairliúchán
(a) |
Le linn comhairliúchán a bheith ar siúl, féadfaidh Rannpháirtí, as measc nithe eile, an fhaisnéis seo a leanas a iarraidh:
|
(b) |
Críochnófar an comhairliúchán agus tabharfaidh an Rúnaíocht fógra maidir leis na conclúidí ar an dá cheist in Airteagal 48 chuig na Rannpháirtithe go léir ar a laghad 10 lá oibre roimh dháta deiridh na himthairisceana nó an dáta ceanglais, cibé acu is túisce. Má tá easaontú i measc na bpáirtithe comhairliúcháin, tabharfaidh an Rúnaíocht cuireadh do na Rannpháirtithe eile a dtuairimí a chur in iúl laistigh de chúig lá oibre. Cuirfidh sí na tuairimí sin in iúl don Rannpháirtí a thugann fógra, rannpháirtí ar cheart dó athmhachnamh a dhéanamh ar dhul ar aghaidh má dhealraíonn sé nach bhfuil aon tacaíocht shubstaintiúil ann do thairiscint cabhrach. |
50. Toradh na gcomhairliúchán
(a) |
Maidir le bronntóir ar mian leis dul ar aghaidh le tionscadal in ainneoin tacaíocht shubstaintiúil a bheith in easnamh, tabharfaidh sé fógra roimh ré maidir lena bhfuil ar intinn aige do na Rannpháirtithe eile tráth nach déanaí ná 60 lá féilire tar éis don Chomhairliúchán a bheith tagtha chun críche, i.e. glacadh le conclúid an Chathaoirligh. Scríobhfaidh an bronntóir litir freisin chuig Ard-Rúnaí an ECFE ag leagan amach torthaí na gcomhairliúchán agus ag míniú an leasa sháraithigh náisiúnta neamh-thrádghaolmhar a bhrúnn an ghníomhaíocht seo ar aghaidh. Bíonn súil ag Rannpháirtithe gur tarlú neamhghnách agus neamhchoitianta a bheidh sa tarlú sin. |
(b) |
Tabharfaidh an bronntóir fógra do na Rannpháirtithe go bhfuil litir curtha aige chuig Ard-Rúnaí an ECFE, litir a n-áireofar cóip di leis an bhfógra. Ní dhéanfaidh an bronntóir ná aon Rannpháirtí eile ceangaltas um chabhair cheangailte go dtí 10 lá oibre tar éis an fógra seo do na Rannpháirtithe a bheith eisithe. Maidir le tionscadail ar aithníodh tairiscintí tráchtála ina leith a bhí in iomaíocht lena chéile le linn na tréimhse comhairliúcháin, fadófar an tréimhse oibre 10 lá thuasluaite go dtí 15 lá. |
(c) |
Déanfaidh an Rúnaíocht faireachán ar an dul chun cinn agus ar thorthaí na gcomhairliúchán. |
Roinn 5: Malartú faisnéise maidir leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin agus maidir le cabhair thrádghaolmhar
51. Pointí teagmhála
Déanfar gach cumarsáid idir na pointí teagmhála ainmnithe i ngach tír trí chumarsáid ar an toirt, e.g. OLIS, agus pléifear leo i modh rúin.
52. Raon feidhme na bhfiosrúchán
(a) |
Féadfaidh Rannpháirtí fiafraí de Rannpháirtí eile cad é an dearcadh atá aige maidir le tríú tír, institiúid i dtríú tír nó faoi mhodh ar leith chun gnó a dhéanamh. |
(b) |
Féadfaidh Rannpháirtí a mbeidh iarratas ar thacaíocht oifigiúil faighte aige fiosrú a chur chuig Rannpháirtí eile, agus féadfar a lua san fhiosrú sin na téarmaí creidmheasa is fabhraí agus na coinníollacha creidmheasa is fabhraí a mbeadh an Rannpháirtí fiafraitheach toilteanach tacaíocht a thabhairt dóibh. |
(c) |
Má dhéantar fiosrúchán do níos mó ná Rannpháirtí amháin, beidh liosta seolaithe ann. |
(d) |
Cuirfear cóip de na fiosrúcháin go léir chuig an Rúnaíocht. |
53. Raon feidhme na bhfreagairtí
(a) |
Tabharfaidh an Rannpháirtí a mbeidh an fiosrúchán dírithe chuige freagairt laistigh de sheacht lá féilire agus cuirfidh sé ar fáil an méid faisnéise agus is féidir. Áireofar sa fhreagra an léiriú is fearr a fhéadfaidh an Rannpháirtí a thabhairt den chinneadh is dócha a thógfaidh sé. Más gá sin, beidh an freagra á leanúint a luaithe is féidir. Cuirfear cóipeanna chuig seolaithe eile an fhiosrúcháin agus chuig an Rúnaíocht. |
(b) |
Más rud é, i gcás freagra ar fhiosrúchán, go n-éiríonn sé neamhbhailí ina dhiaidh sin ar chúis ar bith, de bhrí mar shampla:
|
tabharfar freagra gan mhoill agus déanfar é a chur i gcóip chuig seolaithe eile an fhiosrúcháin agus chuig an Rúnaíocht.
54. Comhairliúcháin duine le duine
(a) |
Aontóidh Rannpháirtí laistigh de 10 lá oibre le hiarrataí chun comhairliúcháin duine le duine a bheith ann. |
(b) |
Cuirfear iarrataí chun comhairliúcháin duine le duine a bheith ann ar fáil do Rannpháirtithe agus do Neamh-rannpháirtithe. Beidh na comhairliúcháin sin ann a luaithe is féidir tar éis don tréimhse 10 lá oibre dul in éag. |
(c) |
Déanfaidh Cathaoirleach na Rannpháirtithe comhordú leis an Rúnaíocht maidir le haon ghníomhaíocht leantach is gá, e.g. Líne Choiteann. Déanfaidh an Rúnaíocht an toradh an chomhairliúcháin a chur ar fáil go pras. |
55. Nósanna imeachta agus formáid na línte coiteanna
(a) |
Is chuig an Rúnaíocht amháin a bhíonn na tograí maidir le Líne Choiteann dírithe. Cuirfidh an Rúnaíocht togra maidir le Líne Choiteann chuig na Rannpháirtithe go léir, agus nuair a bhíonn cabhair cheangailte i gceist, chuig pointí teagmhála DAC go léir. Ní dhéanfar céannacht an tionscnóra ar Chlár na Líne Coitinne a nochtadh ar Chlár Fograí OLIS. Féadfaidh an Rúnaíocht, áfach, céannacht an tionscnóra a nochtadh ó bhéal do Rannpháirtí nó do chomhalta an DAC arna iarraidh sin dó. Coinneoidh an Rúnaíocht taifead de na hiarrataí sin. |
(b) |
Déanfar dáta ar an togra maidir le Líne Choiteann a dhátú agus is í an fhormáid seo a leanas a bheidh air:
|
(c) |
Le togra maidir le Líne Choiteann a chuirtear ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 33(b)4, díreofar chuig an Rúnaíocht é agus déanfar é a chóipeáil chuig na Rannpháirtithe eile. Déanfaidh an Rannpháirtí a bhfuil togra maidir le Líne Choiteann á dhéanamh aige míniú iomlán a chur ar fáil faoi na cúiseanna a mheasann sé gur cheart aicmiú na tíre a bheith éagsúil leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 33(b). |
(d) |
Déanfaidh an Rúnaíocht na Línte Coiteanna ar aontaíodh orthu a chur ar fáil go poiblí. |
56. Freagairtí ar thograí maidir le líne choiteann
(a) |
Tabharfar freagraí laistigh de 20 lá féilire, cé go moltar do na Rannpháirtithe freagairt do thogra maidir le Líne Choiteann a thapúla is féidir. |
(b) |
D’fhéadfadh sé gurbh é a bheadh i bhfreagairt iarraidh ar fhaisnéis bhreise, glacadh, agus diúltú, togra chun modhnú a dhéanamh ar an Líne Choiteann nó togra malartach maidir leis an Líne Choiteann. |
(c) |
Maidir le Rannpháirtí a thugann le fios nach bhfuil aon seasamh á ghlacadh aige de bhrí nach ndeachaidh onnmhaireoir i dteagmháil leis, nó nach ndeachaidh na húdaráis sa tír fála i dteagmháil leis i gcás cabhair airgid a thabhairt don tionscadal, measfar go mbeidh an togra maidir le Líne Choiteann glactha aige. |
57. Glacadh le línte coiteanna
(a) |
Déanfaidh an Rúnaíocht, tar éis 20 lá féilire a beith caite, na Rannpháirtithe go léir a chur ar an eolas i dtaca le stádas an togra maidir le Líne Choiteann. Más rud é nach mbeidh an Líne Choiteann glactha ag na Rannpháirtithe go léir, ach nach mbeidh diúltaithe di ag aon Rannpháirtí, fágfar an togra ar oscailt ar feadh tréimhse breise d’ocht lá féilire. |
(b) |
Tar éis na tréimhse breise sin, maidir le Rannpháirtí nach mbeidh an togra maidir le Líne Choiteann diúltaithe go sainráite aige, measfar go bhfuil an Líne Choiteann glactha aige. Mar sin féin, féadfaidh Rannpháirtí, lena n-áirítear Rannpháirtí tionscnaimh, a chur de choinníoll maidir le glacadh leis an Líne Choiteann go nglacfaidh Rannpháirtí amháin nó níos mó go sainráite léi. |
(c) |
Más rud é nach nglacfaidh Rannpháirtí le heilimint amháin nó níos mó den Líne Choiteann, glacfaidh sé go hintuigthe leis na heilimintí eile go léir den Líne Choiteann. Tuigtear go bhféadfadh sé go leanfadh de ghlacadh páirteach den sórt sin go n-athródh Rannpháirtithe eile a ndearcadh i leith Líne Coitinne a bheadh molta. Tá saoirse ag na Rannpháirtithe go léir na téarmaí agus na coinníollacha nach gcumhdaítear le Líne Choiteann a chomhoiriúnú. |
(d) |
Féadfar Líne Choiteann nach mbeidh glactha a athbhreithniú agus úsáid á baint as na nósanna imeachta in Airteagal 55 agus in Airteagal 56. Sna cúinsí sin, níl na Rannpháirtithe faoi cheangal ag a gcinneadh bunaidh. |
58. Easaontú faoi línte coiteanna
Más rud é nach bhféadfaidh an Rannpháirtí tionscnaimh agus an Rannpháirtí a mhol modhnú nó athrú aontú ar Líne Choiteann laistigh den tréimhse d’ocht lá féilire sa bhreis, féadfar an tréimhse sin a fhadú trína gcomhthoil. Cuirfidh an Rúnaíocht na Rannpháirtithe go léir ar an eolas faoi aon fhadú den sórt sin.
59. Dáta éifeachta líne coitinne
Cuirfidh an Rúnaíocht na Rannpháirtithe go léir ar an eolas go rachaidh an Líne Choiteann in éifeacht nó go mbeidh diúltaithe di; rachaidh an Líne Choiteann in éifeacht trí lá féilire tar éis an fógra sin a fháil. Cuirfidh an Rúnaíocht ar fáil ar OLIS taifead a bheidh á thabhairt cothrom le dáta ar shlí leanúnach maidir leis na Línte Coiteanna a bheidh aontaithe nó a mbeidh cinneadh aontaithe ina leith.
60. Bailíocht na línte coiteanna
(a) |
Maidir le Líne Choiteann, a luaithe a aontófar faoi, beidh sí bailí go ceann tréimhse dhá bhliain ón dáta a rachaidh sí in éifeacht, mura rud é go gcuirtear an Rúnaíocht ar an eolas nach díol suime feasta í, agus go nglacann na Rannpháirtithe go léir leis sin. Beidh Líne Choiteann bailí i gcónaí ar feadh tréimhse dhá bhliain bhreise má fhéachann Rannpháirtí le fadú a fháil laistigh de 14 lá féilire ón dáta éaga bunaidh. Féadfar aontú ar fhaduithe ina dhiaidh sin a bheidh ann tríd an nós imeachta céanna. Is bailí a bheidh Líne Choiteann arna aontú i gcomhréir le hAirteagal 33(b)(4) go dtí go mbeidh sonraí an Bhainc Dhomhanda don bhliain dár gcionn ar fáil. |
(b) |
Déanfaidh an Rúnaíocht faireachán ar stádas na Línte Coiteanna agus cuirfidh sí na Rannpháirtithe ar an eolas dá réir sin, trí chothabháil a dhéanamh ar an liostáil “Státas na Línte Coiteanna Bailí” ar OLIS. Dá réir sin, déanfaidh an Rúnaíocht, inter alia, an méid seo a leanas:
|
Roinn 6: Forálacha oibríochta maidir le rátaí íosta úis (cirranna) a chur in iúl
61. Rátaí íosta úis a chur in iúl
(a) |
Maidir leis na CIRRanna do na hairgeadraí a chinntear i gcomhréir le forálacha Airteagal 20, cuirfear ar aghaidh trí chumarsáid ar an toirt iad chuig an Rúnaíocht ar a laghad uair sa mhí chun iad a dháileadh ar na Rannpháirtithe go léir. |
(b) |
Sroichfidh an fógra sin an Rúnaíocht tráth nach déanaí ná cúig lá tar éis dheireadh gach míosa a chumhdaítear leis an bhfaisnéis seo. Cuirfidh an Rúnaíocht na Rannpháirtithe go léir ar an eolas láithreach faoi na rátaí infheidhme agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí iad. |
62. Dáta éifeachta do chur i bhfeidhm rátaí úis
Rachaidh aon athruithe ar na CIRRanna in éifeacht ar an 15ú lá tar éis dheireadh gach míosa.
63. Athruithe láithreacha i rátaí úis
Nuair a cheanglófar le forbairtí an mhargaidh fógra de leasú ar CIRR a thabhairt le linn míosa, cuirfear an ráta leasaithe i bhfeidhm 10 lá tar éis fógra an leasaithe sin a bheith faighte ag an Rúnaíocht.
Roinn 7: Athbhreithnithe
64. Athbhreithniú rialta ar an socrú
(a) |
Déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú ar fheidhmiú an tSocraithe go tráthrialta. San athbhreithniú, déanfaidh na Rannpháirtithe scrúdú, inter alia, ar nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt, cur chun feidhme agus oibriú chóras DDR, na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le cabhair cheangailte, ceisteanna maidir le comhoiriúnú, ceangaltais roimh ré agus na féidearthachtaí maidir le rannpháirtíocht níos leithne sa Socrú. |
(b) |
Is ar fhaisnéis ar thaithí na Rannpháirtithe a bhunófar an t-athbhreithniú seo agus ar a moltaí chun feabhas a chur ar oibriú agus ar éifeachtacht an tSocraithe. Cuirfidh na Rannpháirtithe cuspóirí an tSocraithe san áireamh mar aon leis an staid eacnamaíoch agus airgeadais atá ann. Maidir leis an bhfaisnéis agus na moltaí is mian leis na Rannpháirtithe a chur ar aghaidh don athbhreithniú seo, sroichfidh siad an Rúnaíocht tráth nach déanaí ná 45 lá féilire roimh dháta an athbhreithnithe. |
65. Athbhreithniú ar rátaí íosta úis
(a) |
Déanfaidh na Rannpháirtithe an córas chun CIRRanna a leagan síos a athbhreithniú go tráthrialta d’fhonn a áirithiú go léiríonn na rátaí fógartha coinníollacha reatha an mhargaidh agus go bhfuil na haidhmeanna is bun leis na rátaí atá i bhfeidhm á gcomhlíonadh acu. Leis na hathbhreithnithe sin freisin cumhdófar an corrlach a bheidh le cur isteach nuair a chuirfear na rátaí sin i bhfeidhm. |
(b) |
Féadfaidh Rannpháirtí iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid Chathaoirleach na Rannpháirtithe chun athbhreithniú urghnách a bheith ann sa chás go measann an Rannpháirtí sin nach léiríonn an CIRR d’airgeadra amháin nó níos mó coinníollacha reatha an mhargaidh a thuilleadh. |
66. Athbhreithniú ar phréimhrátaí íosta agus saincheisteanna gaolmhara
Déanfaidh na Rannpháirtithe faireachán agus athbhreithniú ar na gnéithe go léir de na rialacha préimhe agus de na nósanna imeachta préimhe. Áireofar air sin:
(a) |
an mhodheolaíocht do Shamhail Mheasúnaithe Riosca Tíre chun a bailíocht a athbhreithniú i bhfianaise na taithí; |
(b) |
na Préimhrátaí Íosta don tír agus an riosca creidmheasa flaithiúnais chun iad a choigeartú thar thréimse ama d’fhonn a áirithiú gur tomhais bheacht ar riosca iad i gcónaí, agus na trí PFTanna á gcur san áireamh: an sreabhadh airgid thirim agus modhanna cur chuige na bhfabhruithe agus, i gcás inarb iomchuí, táscairí an mhargaidh phríobháidigh; |
(c) |
na hidirdhealuithe sna MPRanna a chuireann san áireamh cáilíocht éagsúil táirgí creidmheasa onnmhairiúcháin agus céatadán an chumhdaigh a chuirtear ar fáil; agus |
(d) |
corpas na taithí a bhaineann le maolú riosca agus/nó eisiamh riosca a úsáid faoi mar a leagtar amach in Airteagal 28 é agus bailíocht leanúnach agus iomchuibheas na dTosca sonracha incheadaithe um Maolú/Eisiamh Riosca. Chun cúnamh a thabhairt don athbhreithniú, cuirfidh an Rúnaíocht tuarascálacha ar fáil maidir leis na fógraí go léir. |
(1) Amhail a shainmhínítear in Airteagal 5 de Choinbhinsiún ECFE.
(2) Bunaithe ar athbhreithniú bliantúil ag an mBanc Domhanda ar aicmiú na dtíortha, bainfear úsáid as tairseach per capita Oll-Ioncaim Náisiúnta (OIN) chun catagóir tíre a aicmiú; tá an tairseach sin ar fáil ar láithreán gréasáin an ECFE (www.oecd.org/ech/xcred).
(3) Chun críocha riaracháin, maidir le roinnt tíortha arb iondúil nach bhfaigheann siad creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil, ní fhéadfar iad a aicmiú.
(4) Is iad seo a leanas Táscairí an Mhargaidh Phríobháidigh: bannaí flaithiúnais, modh léamh-thrasna, an margadh don ghéilleadh agus iasacht shindeacáite.
(5) Bunaithe ar athbhreithniú bliantúil ag an mBanc Domhanda ar aicmiú na dtíortha, bainfear úsáid as tairseach per capita Oll-Ioncaim Náisiúnta (OIN) chun críche incháilitheacht na cabhrach ceangailte; tá an tairseach sin ar fáil ar láithreán gréasáin an ECFE (www.oecd.org/ech/xcred).
(6) Chun críche Airteagal 33(b)(5), féadfar breathnú ar dhíchoimisiúnú gléasra cumhachta núicléiche mar chabhair dhaonnúil. I gcás tionóisc núicléach nó mórthionóisc thionsclaíochta a bheith ann a bhíonn ina chúis do thruailliú tromchúiseach trasteorann, féadfaidh aon Rannpháirtí a bhíonn thíos leis sin cabhair cheangailte a chur ar fáil chun éifeachtaí na tionóisce a dhíothú nó a mhaolú. I gcás go mbíonn riosca suntasach ann go dtarlóidh tionóisc den sórt sin, déanfaidh aon Rannpháirtí a d’fhéadfadh a bheith thíos leis sin agus a bhfuil sé ar intinn aige cabhair a chur ar fáil ionas nach dtarlódh sé fógra a thabhairt roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 46. Breathnóidh Rannpháirtithe eile go fabhrach maidir le dlús a chur le nósanna imeachta i leith cabhrach ceangailte i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha.
IARSCRÍBHINN I
TUISCINT EARNÁLA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN DO LONGA
CAIBIDIL I
RAON FEIDHME NA TUISCEANA EARNÁLA
1. Rannpháirtíocht
Is iad seo na rannpháirtithe don Tuiscint Earnála: an Astráil, an tAontas Eorpach, an tSeapáin, an Chóiré agus an Iorua.
2. Raon feidhme an chur i bhfeidhm
Maidir leis an Tuiscint Earnála seo, lena gcomhlántar an Socrú, leagtar amach inti treoirlínte sonracha do chreidmheasanna onnmhairiúcháin a bhfuil tacaíocht oifigiúil á fáil acu agus a bhaineann le conarthaí onnmhairiúcháin de na nithe seo a leanas:
(a) |
aon árthach farraige 100 gt agus níos mó a úsáidtear chun earraí nó daoine a iompar, nó maidir le seirbhís speisialaithe a chur i gcrích (mar shampla, árthaí iascaireachta, longa monarchana éisc, bristeoirí oighir agus dreidirí, a léiríonn ar shlí bhuan trína ngluaiseacht agus trína dtreo (stiúradh) tréithe go léir na hinseoltachta ar an bhfarraige mhór), tugaí 365 kW nó níos mó agus cabhlacha long neamhchríochnaithe ach atá ar snámh agus atá soghluaiste. Ní chumhdaítear árthaí míleata leis an Tuiscint Earnála. Ní chumhdaítear leis an Tuiscint Earnála dugaí snámha agus aonaid shoghluaiste amach ón gcósta, ach dá dtarlódh fadhbanna maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin do na struchtúir sin, féadfaidh na Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála (dá ngairfear na “Rannpháirtithe” anseo feasta) tar éis iarrataí réasúnaithe ó aon Rannpháirtí a bheith breithnithe acu, a chinneadh go mbeidh siad cumhdaithe; |
(b) |
aon athchóiriú ar long. Ciallaíonn athchóiriú loinge aon athchóiriú ar árthaí farraige de bhreis ar 1 000 gt ar choinníoll nach mbeidh athruithe radacacha ar phlean an lastais, ar an gcabhail ná ar an gcóras tiomána i gceist leis na hoibríochtaí athchóirithe; |
(c) |
|
CAIBIDIL II
FORÁLACHA DO CHREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN AGUS DO CHABHAIR CHEANGAILTE
3. Téarma uasta aisíocaíochta
Is é an téarma uasta aisíocaíochta tar éis seachadta ná 12 bhliain, agus é sin beag beann ar aicmiú tíre.
4. Íocaíocht in airgead tirim
Beidh sé de cheangal go dtabharfaí do na Rannpháirtithe íocaíocht íosta de 20 faoin gcéad in airgead tirim de phraghas an chonartha faoin seachadadh.
5. Aisíoc an bhunairgid
Íocfar an bhunsuim den chreidmheas onnmhairiúcháin i dtráthchodanna comhionanna tráthrialta sé mhí de ghnáth agus 12 mhí ar a mhéad.
6. Préimh íosta
Ní chuirfear forálacha an tSocraithe maidir leis na tagarmharcanna íosta préimhe i bhfeidhm go dtí go ndéanfaidh na Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála seo na forálacha sin a athbhreithniú tuilleadh.
7. Cabhair
Ní mór d’aon Rannpháirtí ar mian leis cabhair a chur ar fáil, i dteannta fhorálacha an tSocraithe, a dhearbhú nach mbeidh an long á hoibriú faoi chlárú oscailte le linn an téarma aisíocaíochta agus go mbeidh an dearbhú iomchuí faighte go bhfuil cónaí ar an úinéir deiridh sa tír ghlactha, nach fochuideachta neamhoibríochtúil é de leas eachtrach agus nár ghlac sé air féin gan an long a dhíol gan formheas a fháil óna rialtas.
CAIBIDIL III
NÓSANNA IMEACHTA
8. Fógra a thabhairt
Chun críche trédhearcachta, déanfaidh gach Rannpháirtí, de bhreis ar fhorálacha an tSocraithe agus Chóras Tuairiscithe Creidmheasaí IBRD/Aontas Bheirn/ECFE, faisnéis a chur ar fáil go bliantúil ar a chóras maidir le tacaíocht oifigiúil a chur ar fáil agus maidir leis an gcaoi a ndéanfar an Tuiscint Earnála seo, lena n-áirítear na scéimeanna atá i bhfeidhm, a chur chun feidhme.
9. Athbhreithniú
(a) |
Déanfar an Tuiscint Earnála a athbhreithniú go bliantúil nó arna iarraidh sin ag aon Rannpháirtí i gcomhthéacs Mheitheal an ECFE sa longthógáil, agus déanfar tuarascáil do na Rannpháirtithe sa Socrú. |
(b) |
D’fhonn comhchuibheas agus comhsheasmhacht idir an Socrú agus an Tuiscint Earnála a éascú agus cineál thionscal na longthógála á chur san áireamh, rachaidh na Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála seo agus sa Socrú i gcomhairle lena chéile agus déanfaidh siad comhordú de réir mar is iomchuí. |
(c) |
Ar chinneadh a bheith déanta ag na Rannpháirtithe sa Socrú an Socrú a athrú, déanfaidh na Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála seo (na Rannpháirtithe) an cinneadh sin a scrúdú agus a ábharthacht don Tuiscint Earnála seo a bhreithniú. Go dtí go ndéanfar an breithniú sin, ní bheidh feidhm ag na leasuithe a ghabhann leis an Socrú don Tuiscint Earnála seo. Sa chás go bhféadfaidh na Rannpháirtithe glacadh leis na leasuithe a ghabhann leis an Socrú, déanfaidh siad é sin a thuairisciú i scríbhinn do na Rannpháirtithe sa Socrú. Sa chás nach féidir leis na Rannpháirtithe glacadh leis na leasuithe a ghabhann leis an Socrú a mhéid a bhaineann lena gcur i bhfeidhm sa longthógáil, cuirfidh siad na Rannpháirtithe don Socrú ar an eolas faoina n-agóidí agus rachaidh siad i mbun comhairliúcháin d’fhonn féachaint le réiteach a fháil ar na saincheisteanna. Sa chás nach bhféadfar teacht ar aon socrú idir an dá ghrúpa, is ag tuairimí na Rannpháirtithe, maidir leis an bhfeidhm a bheidh ag na leasuithe don longthógáil, a bheidh an forlámhas. |
(d) |
Tar éis don “Socrú lena nUrramaítear Gnáthchoinníollacha Iomaíochta i dTionscal na Longthógála Tráchtála agus Desiúcháin” a theacht i bhfeidhm, scoirfidh an Tuiscint Earnála seo d’fheidhm a bheith aici do na Rannpháirtithe sin atá ceangailte go dlíthiúil Tuiscint Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin do Longa 1994 [C/WP6(94)6] a chur i bhfeidhm. Féachfaidh na Rannpháirtithe sin le hathbhreithniú láithreach a dhéanamh chun Tuiscint 1994 a bheith i gcomhréir leis an Tuiscint Earnála seo. |
Ceangaltán
TIOMANTAIS DON OBAIR A BHEIDH ANN AMACH ANSEO
I dteannta na hOibre a bheidh ann Amach Anseo maidir leis an Socrú, aontaíonn na Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála seo an méid seo a leanas:
(a) |
liosta léiritheach a chur le chéile de chineálacha long a mheastar i gcoitinne nach bhfuil inmharthana ó thaobh na tráchtála de, agus na disciplíní i ndáil le cabhair cheangailte a leagtar amach sa Socrú á gcur san áireamh; |
(b) |
forálacha an tSocraithe i ndáil leis na tagarmharcanna íosta préimhe a athbhreithniú d’fhonn iad a ionchorprú sa Tuiscint Earnála seo; |
(c) |
plé a dhéanamh, faoi réir na bhforbairtí i gcaibidlí ábhartha idirnáisiúnta, maidir le cur isteach disciplíní eile i ndáil le rátaí íosta úis, lena n-áirítear CIRR speisialta agus rátaí comhlúthacha; |
(d) |
Infheidhmeacht na dtráthchodanna bliantúla maidir le haisíoc an bhunairgid a phlé. |
IARSCRÍBHINN II
TUISCINT EARNÁLA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN DO GHLÉASRA CUMHACHTA NÚICLÉICHE
CAIBIDIL I
RAON FEIDHME NA TUISCEANA EARNÁLA
1. Raon feidhme an chur i bhfeidhm
(a) |
Maidir leis an Tuiscint Earnála seo, lena gcomhlántar an Socrú:
|
(b) |
Tá feidhm ag an Tuiscint Earnála seo maidir le nuachóiriú gléasra cumhachta núicléiche atá cheana ann nuair is 80 milliún SDR (Catagóir X), nó os a chionn, luach an nuachóirithe agus nuair is dóichí go bhféadfaí ré eacnamaíoch an ghléasra a fhadú 15 bliana ar a laghad. Mura gcomhlíontar ceachtar den dá chritéar sin, beidh feidhm ag téarmaí an tSocraithe. |
(c) |
Is iad téarmaí an tSocraithe, seachas téarmaí na Tuisceana Earnála, a bheidh infheidhme maidir le tacaíocht oifigiúil a thugtar chun gléasra cumhachta núicléiche a dhíchoimisiúnú. Is é an sainmhíniú atá ar dhíchoimisiúnú, an gléasra cumhachta núicléiche a dhúnadh síos nó a bhaint ó chéile. Leis na nósanna imeachta um Líne Choiteann a leagtar síos in Airteagal 55 go hAirteagal 60 den Socrú, is féidir na téarmaí aisíocaíochta a shrianadh nó a fhadú. |
2. Athbhreithniú
Déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú go rialta ar fhorálacha na Tuisceana Earnála.
CAIBIDIL II
FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN AGUS MAIDIR LE CABHAIR CHEANGAILTE
3. Téarma uasta aisíocaíochta
Cúig bliana déag an téarma uasta aisíocaíochta, beag beann ar aicmiú tíre.
4. Aisíocaíocht an bhunairgid agus íocaíocht an úis
(a) |
Déanfar bunsuim chreidmheas onnmhairiúcháin a aisíoc ina tráthchodanna cothroma. |
(b) |
Déanfar an bunairgead a aisíoc agus déanfar an t-ús a íoc ar a laghad gach sé mhí agus déanfar an chéad tráthchuid den bhunairgead agus ús tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa. |
(c) |
Maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin a sholáthraítear mar thacaíocht d’idirbhearta léasa, féadfar aisíocaíochtaí comhionanna den bhunairgead agus den ús in éineacht a chur i bhfeidhm in ionad aisíocaíochtaí comhionanna den bhunairgead amhail a leagtar amach i mír (a). |
5. Rátaí íosta úis
(a) |
Maidir le Rannpháirtí a sholáthraíonn tacaíocht oifigiúil airgeadais trí mhaoiniú díreach, athmhaoiniú nó tacaíocht ráta úis, déanfaidh sé rátaí íosta úis a chur i bhfeidhm; déanfaidh an Rannpháirtí an Ráta Speisialta Tagartha don Ús Tráchtála (SCIRR) ábhartha a chur i bhfeidhm. Más rud é go mbíonn an ceangaltas socraithe SCIRR teoranta ar dtús do thréimhse uasta nach mó ná 15 bliana ag tosú ar an dáta ar dámhadh an conradh, beidh aon tacaíocht oifigiúil don tréimhse atá fanta den iasacht teoranta freisin do ráthaíochtaí nó do thacaíocht ráta úis ag an SCIRR ábhartha a bheidh i réim tráth an tar-rollta. |
(b) |
I gcás ina soláthraítear tacaíocht oifigiúil maoinithe don trealamh le haghaidh páirtsoláthair gléasra cumhachta núicléiche, agus nach bhfuil freagracht ar bith ar an soláthróir i leith an choimisiúnaithe, is é an SCIRR i gcomhréir le hAirteagal 6 den Tuiscint Earnála seo a bheidh sa ráta íosta úis. Mar rogha air sin, féadfaidh an Rannpháirtí an CIRR ábhartha a thairiscint i gcomhréir le hAirteagal 20 den Socrú, ar an gcoinníoll nach mó ná 10 mbliana an tréimhse uasta ón dáta ar dámhadh an conradh go dtí dáta na haisíocaíochta deiridh. |
6. Déanamh na scirranna
Déanfar SCIRRanna a shocrú ag corrlach seasta de 75 bonnphointe os cionn an CIRR don airgeadra i dtrácht, ach amháin i gcás an CIRR do Yen na Seapáine, lena socrófar an corrlach ag 40 bonnphointe. Maidir leis na hairgeadraí sin a bhfuil níos mó ná ráta amháin CIRR acu, i gcomhréir leis an gcéad fhleasc d’Airteagal 20(a) den Socrú, is é an CIRR ag a bhfuil an téarma is faide a úsáidfear chun an SCIRR a dhéanamh.
7. Costais áitiúla agus caipitliú an úis
Níl feidhm ag forálacha Airteagal 10(d) den Socrú sa chás go soláthraítear tacaíocht oifigiúil maoinithe bunaithe ar an SCIRR. Maidir leis an tacaíocht oifigiúil maoinithe ag rátaí eile seachas na SCIRRanna do na costais áitiúla agus do chaipitliú an úis a fhabhraítear roimh an túsphointe, arna dtógáil le chéile, ní chlúdóidh sí méid is mó ná 15 faoin gcéad den luach onnmhairiúcháin.
8. Tacaíocht oifigiúil do bhreosla núicléach
(a) |
Ní rachaidh an téarma uasta aisíocaíochta don chéad lucht breosla thar ceithre bliana ó thráth a sheachadta. Maidir le Rannpháirtí a sholáthraíonn tacaíocht oifigiúil maoinithe don chéad lucht breosla, déanfaidh sé rátaí íosta úis a chur i bhfeidhm; déanfaidh an Rannpháirtí an CIRR ábhartha a chur i bhfeidhm. Maidir leis an gcéad lucht breosla, ní bheidh níos mó ann ná lán an chroíleaceáin núicléach a suiteáladh ar dtús, móide dhá athluchtú ina dhiaidh sin, arb éard a bheidh iontu sin le chéile méid suas go dtí dhá thrian de lán an chroíleacáin núicléach. |
(b) |
Is é an téarma uasta aisíocaíochta d’athluchtaí breosla núicléach ina dhiaidh sin ná sé mhí. Más rud é, i gcúinsí eisceachtúla, go meastar gurb iomchuí téarmaí níos faide a bheith ann, ach gan na téarmaí sin dul thar dhá bhliain in aon chás, beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 44 den Socrú. Maidir leis an Rannpháirtí a sholáthraíonn tacaíocht oifigiúil maoinithe don athluchtú breosla núicléach ina dhiaidh sin, déanfaidh sé rátaí íosta úis a chur i bhfeidhm; déanfaidh an Rannpháirtí an CIRR ábhartha a chur i bhfeidhm. |
(c) |
Maidir le tacaíocht oifigiúil i dtaca le soláthar ar leithligh a dhéanamh ar Sheirbhísí Saibhriúcháin Úráiniam, ní sholáthrófar í ar théarmaí atá níos fabhraí ná na téarmaí sin is infheidhme maidir le breosla núicléach. |
(d) |
Íocfar as athphróiseáil agus bainistiú breosla spíonta (lena n-áirítear diúscairt dramhaíola) ar bhonn airgid thirim. |
(e) |
Ní dhéanfaidh na Rannpháirtithe breosla núicléach ná seirbhísí gaolmhara a sholáthar saor in aisce. |
9. Cabhair
Ní sholáthróidh na Rannpháirtithe tacaíocht chabhrach, mura rud é gur i bhfoirm deontais neamhcheangailte a bheidh an tacaíocht sin.
CAIBIDIL III
Nósanna imeachta
10. Comhairliúchán roimh ré
Á aithint do na Rannpháirtithe na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann dá mbainfí amach dearcadh coiteann i dtaca le téarmaí i gcás gléasra cumhachta núicléiche, comhaontaíonn siad dul i mbun comhairliúcháin roimh ré sna cásanna go léir ina bhfuil sé ar intinn tacaíocht oifigiúil a sholáthar.
11. Fógra roimh ré
(a) |
Déanfaidh an Rannpháirtí a thionscnaíonn comhairliúchán roimh ré fógra a thabhairt do na Rannpháirtithe eile go léir 10 lá oibre, ar a laghad, sula nglacfaidh sé an cinneadh críochnaitheach faoi na téarmaí a bhfuil sé ar intinn aige tacú leo i gcomhréir le hIarscríbhinn V den Socrú. |
(b) |
Ní ghlacfaidh na Rannpháirtithe eile cinneadh críochnaitheach faoi na téarmaí lena dtacóidh siad i rith na tréimhse 10 lá oibre a shonraítear i bhfomhír (a) thuas, ach déanfaidh siad, laistigh de chúig lá, faisnéis a mhalartú leis na Rannpháirtithe eile go léir sa chomhairliúchán maidir leis na téarmaí creidmheasa is iomchuí don idirbheart agus é mar chuspóir acu dearcadh coiteann a bhaint amach ar na téarmaí sin. |
(c) |
Mura mbaintear dearcadh coiteann amach ar an dóigh sin laistigh den tréimhse 10 lá tar éis an fógra tosaigh a fháil, déanfar an cinneadh críochnaitheach a bheidh glactha ag gach aon Rannpháirtí sa chomhairliúchán a chur siar ar feadh 10 lá oibre eile, agus i rith na tréimhse sin déanfar iarrachtaí breise i gcomhairliúchán duine le duine chun teacht ar dhearcadh coiteann. |
IARSCRÍBHINN III
TUISCINT EARNÁLA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN d’AERÁRTHAÍ SIBHIALTA
CUID 1
MÓR-AERÁRTHAÍ AGUS INNILL d’AERÁRTHAÍ DEN SÓRT SIN
CAIBIDIL I
RAON FEIDHME
1. Foirm agus raon feidhme an chur i bhFeidhm
(a) |
Maidir le Cuid 1 den Tuiscint Earnála, lena gcomhlántar an Socrú, leagtar amach inti treoirlínte sonracha is infheidhme maidir leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil a bhaineann le díol nó léasú mór-aerárthaí sibhialta nua, atá liostaithe i bhFoscríbhinn I, mar aon le hinnill a shuiteáiltear in aerárthaí den sórt sin. Is éard is aerárthach nua ann ná aerárthach faoi úinéireacht an mhonaróra, i.e. aerárthach nach bhfuil seachadta nó nár úsáideadh roimhe sin chun na críche atá ceaptha di, eadhon paisinéir táille-íocaíochta agus/nó lastas a iompar. Ní chuirfeadh sé seo bac ar Rannpháirtí tacaíocht a thabhairt do théarmaí is iomchuí d’aerárthaí nua maidir le hidirbhearta a bhfuil socruithe eatramhacha maoinithe tráchtála leagtha síos dóibh mar gheall gur cuireadh moill ar sholáthar na tacaíochta oifigiúla, agus go bhfuil a fhios ag an Rannpháirtí é seo roimh ré. I gcásanna den sórt sin, bheadh an téarma aisíocaíochta, lena n-áirítear “túsphointe an chreidmheasa” agus “dáta na haisíocaíochta deiridh”, mar a chéile agus faoi mar a bheadh sé dá mba rud é go mbeadh tacaíocht oifigiúil á tabhairt maidir le díol nó léasú an aerárthaigh, amhail ón dáta ar seachadadh an t-aerárthach i dtús báire. |
(b) |
Tá téarmaí Chaibidil I infheidhme freisin maidir le hinnill agus páirteanna spártha nuair a bhreathnaítear orthu mar chuid d’ordú bunaidh an aerárthaigh, faoi réir fhorálacha Airteagal 33 de Chuid 3 den Tuiscint Earnála seo. Ní bhaineann an méid sin le hionsamhlóirí eitilte, atá faoi réir théarmaí an tSocraithe. |
2. Cuspóir
Is é an cuspóir atá leis an gCuid seo den Tuiscint Earnála ná cothromaíocht chomhchuibhithe a bhunú lena ndéanfar sna margaí go léir:
— |
coinníollacha maoinithe iomaíocha idir na Rannpháirtithe a thabhairt cothrom lena chéile, |
— |
maoiniú a neodrú i measc na Rannpháirtithe, rud a bheadh ina thoisc sa rogha a dhéanfaí idir aerárthaí iomaíocha, agus |
— |
saobhadh ar iomaíocht a sheachaint. |
CAIBIDIL II
FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN AGUS MAIDIR LE CABHAIR
3. Éarlais
(a) |
Éileoidh na Rannpháirtithe éarlais íosta de 15 faoin gcéad de phraghas iomlán an aerárthaigh, lena n-áirítear an praghas ar chabhail an eitleáin agus ar aon innill atá suiteáilte móide na hinnill spártha agus na páirteanna spártha a mhéid a dtagraítear dóibh in Airteagal 33 de Chuid 3 den Tuiscint Earnála seo. |
(b) |
Is i bhfoirm árachais agus ráthaíochtaí, i.e. cumhdach foirfe, in aghaidh na ngnáthrioscaí réamhchreidmheasa, agus san fhoirm sin amháin, a fhéadfaidh an tacaíocht oifigiúil d’éarlais den sórt sin a bheith. |
4. Téarma uasta aisíocaíochta
Dhá bhliain déag an téarma uasta aisíocaíochta.
5. Airgeadraí incháilithe
Is iad Dollar na Stát Aontaithe, an Euro agus Punt na Ríochta Aontaithe na hairgeadraí atá incháilithe maidir le tacaíocht oifigiúil maoinithe.
6. Aisíoc an bhunairgid
(a) |
Déanfar bunsuim chreidmheas onnmhairiúcháin a aisíoc de ghnáth i dtráthchodanna comhionanna agus rialta ar a laghad gach sé mhí agus déanfar an chéad tráthchuid tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa. I gcás léasanna, féadfar an phróifíl aisíocaíochta sin a chur i bhfeidhm maidir leis an mbunairgead amháin nó maidir leis an mbunairgead agus ús in éineacht. |
(b) |
Déanfaidh Rannpháirtí a bhfuil sé ar intinn aige tacú le haisíocaíocht an bhunairgid ar théarmaí atá éagsúil ó na téarmaí a leagtar síos i mír (a) na nithe seo a leanas a chomhlíonadh:
|
7. Íocaíocht an úis
(a) |
De ghnáth, ní dhéanfar ús a chaipitliú i rith na tréimhse aisíocaíochta. |
(b) |
Beidh an t-ús in-aisíoctha ar a laghad gach sé mhí agus déanfar an chéad íocaíocht úis tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa. |
(c) |
Tabharfaidh Rannpháirtí a bhfuil sé ar intinn aige tacú le híocaíocht an úis ar théarmaí atá éagsúil ó na téarmaí sin a leagtar síos i mír (a) agus i mír (b) fógra roimh ré. |
8. Rátaí íosta úis
(a) |
Maidir leis na Rannpháirtithe a sholáthraíonn tacaíocht oifigiúil maoinithe, nach rachaidh thar 85 faoin gcéad de phraghas iomlán an aerárthaigh dá dtagraítear i bhfomhír (a) d’Airteagal 3 den Tuiscint Earnála seo, déanfaidh siad rátaí íosta úis a chur i bhfeidhm, ar rátaí iad a fhéadfaidh a bheith suas go dtí uasmhéid de 62,5 faoin gcéad de phraghas iomlán an aerárthaigh ar an dóigh seo a leanas:
|
(b) |
Déanfar an céatadán uasta de phraghas iomlán an aerárthaigh a fhéadfar a mhaoiniú ag na rátaí íosta úis seasta a shonraítear i bhfomhír (a) thuas a theorannú go dtí 62,5 faoin gcéad nuair a dhéantar aisíocaíocht na hiasachta a leathadh amach thar ré iomlán an mhaoinithe agus go dtí 42,5 faoin gcéad nuair a dhéantar aisíocaíocht na hiasachta a leathadh amach thar na haibíochtaí deiridh. Tá de shaorthoil ag na Rannpháirtithe ceachtar den dá chur chuige aisíocaíochta a úsáid, faoi réir na huasteorann is infheidhme don phatrún sin. Tabharfaidh Rannpháirtí a thairgeann tráinse den sórt sin fógra do na Rannpháirtithe eile faoin méid, faoin ráta úis, faoin dáta ar a bhfuil an ráta úis socraithe, faoin tréimhse bhailíochta don ráta úis agus faoin bpatrún aisíocaíochta. Déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú ar an dá uasteorainn nuair a dhéantar gach athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 17 den Tuiscint Earnála seo lena scrúdú an bhfuil buntáistí breise ag gabháil le huasteorainn amháin le hais an chinn eile agus é mar chuspóir an ceann is mó buntáiste a choigeartú ionas go mbeidh cothromaíocht níos fearr ann. |
(c) |
Faoi réir na tairsí 85 faoin gcéad atá sonraithe i bhfomhír (a) thuas:
|
(d) |
Maidir leis na rátaí íosta úis, tá an phréimh árachais creidmheasa agus na táillí ráthaíochta san áireamh iontu. Níl na táillí ceangaltais agus bainistíochta, áfach, san áireamh sa ráta úis. |
9. Coigerartuithe ar an ráta úis
Déanfar na rátaí íosta úis a leagtar amach in Airteagal 8 den Tuiscint Earnála seo a athbhreithniú gach dhá sheachtain. Má bhíonn 10 mbonnphointe nó níos mó de dhifríocht i meán an toraidh bannaí rialtais don airgeadra ábhartha ag aibíocht leanúnach faoi dheireadh aon tréimhse dhá sheachtain, déanfar na rátaí íosta úis sin a choigeartú leis an difríocht chéanna bonnphointí a shonraítear thuas agus déanfar an ráta athríofa a shlánú go dtí na cúig bhonnphointe is gaire.
10. Tréimhse bailíochta do chreidmheasanna onnmhairiúcháin/do thairiscintí ráta úis
Ní rachaidh fad na dtairiscintí íosta ráta úis a shocrófar i gcomhréir le hAirteagal 8 den Tuiscint Earnála seo thar thrí mhí.
11. Tairiscintí rátaí úis a chinneadh agus rátaí úis a roghnú
(a) |
Féadfaidh na Rannpháirtithe tacaíocht oifigiúil maoinithe i gcomhréir le hAirteagal 8 agus le hAirteagal 9 den Tuiscint Earnála seo a sholáthar ag ráta úis a mbeidh feidhm leis ar an dáta a ndearnadh an tairiscint ráta úis maidir le haerárthach ábhartha, ar an gcoinníoll go nglacfaí leis an tairiscint laistigh den tréimhse bailíochta i gcomhréir le hAirteagal 10 den Tuiscint Earnála seo. Mura nglactar amhlaidh leis an tairiscint ráta úis, féadfar tairiscintí ráta úis eile a dhéanamh aon tráth go dtí an dáta a seachadfar an t-aerárthach ábhartha, ach gan é a bheith níos déanaí ná an dáta sin. |
(b) |
Féadfar glacadh leis an tairiscint ráta úis agus féadfar an ráta úis a roghnú am ar bith idir an uair a síníodh an conradh agus an dáta ar seachadadh an t-aerárthach ábhartha. Beidh an ráta a roghnóidh an t-iasachtaí neamh-inchúlghairthe. |
12. Tacaíocht de chineál cumhdaigh fhoirfe
Féadfaidh na Rannpháirtithe tacaíocht oifigiúil a sholáthar trí bhíthin ráthaíochta nó árachais amháin, i.e. cumhdach foirfe, faoi réir na tairsí 85 faoin gcéad a shonraítear in Airteagal 8(a) den Tuiscint Earnála seo. Tabharfaidh aon Rannpháirtí a sholáthraíonn tacaíocht den sórt sin fógra do na Rannpháirtithe eile faoin méid, faoin téarma, faoin airgeadra, faoin bpatrún aisíocaíochtaí agus faoi rátaí úis.
13. Pointe tagartha iomaíochta
Sa chás gur ann d’iomaíocht arna tacú go hoifigiúil, féadfar i gcás aerárthaí atá ar liosta na mór-aerárthaí sibhialta i bhFoscríbhinn I den Tuiscint Earnála seo, agus atá in iomaíocht le haerárthaí eile, go dtairbheoidís de na téarmaí agus na coinníollacha creidmheasa céanna ina leith.
14. Urrús don riosca aisíocaíochta
Féadfaidh na Rannpháirtithe urrús a chinneadh, ar urrús é a mheasann siad a bheith inghlactha chun urrú a dhéanamh ar an riosca aisíocaíochta agus gan orthu dul i gcomhairle leis na Rannpháirtithe eile. Comhaontaíonn siad, áfach, mionsonraí an urrúis sin a sholáthar má iarrann na Rannpháirtithe eile é, nó nuair a mheastar gur iomchuí é sin a dhéanamh.
15. Athruithe múnla
Sa chás go mbíonn tairiscint ráta úis seasta déanta nó tugtha i gcrích i dtaca le cineál amháin aerárthaigh, comhaontaíonn na Rannpháirtithe nach bhféadfar na téarmaí atá sa tairiscint sin a aistriú chuig cineál eile aerárthaigh a bhfuil ainmníocht múnla dhifriúil air.
16. Léasanna
Féadfaidh na Rannpháirtithe, faoi réir théarmaí eile Chuid 1 den Tuiscint Earnála seo, tacaíocht a sholáthar maidir le léas maoinithe ar an mbonn céanna le conradh díolacháin.
17. Cabhair
Ní sholáthróidh na Rannpháirtithe tacaíocht chabhrach, mura rud é gur i bhfoirm deontais neamhcheangailte a bheidh an tacaíocht sin. Breithneoidh na Rannpháirtithe go báúil, áfach, aon iarrataí ar Líne Choiteann maidir le cabhair cheangailte chun críche daonchairdiúla.
CAIBIDIL III
NÓSANNA IMEACHTA
18. Fógra roimh ré, comhoiriúnú agus malartú faisnéise
I dtaca leis na nósanna imeachta maidir le fógra roimh ré, comhoiriúnú agus malartú faisnéise a leagtar amach sa Socrú, tá feidhm acu maidir leis an gCuid seo den Tuiscint Earnála. Chomh maith leis sin, féadfaidh na Rannpháirtithe a iarraidh go ndéanfaí comhairliúchán má tá aon chúis acu lena chreidiúint go bhfuil creidmheas arna thacú go hoifigiúil á thairiscint ag Rannpháirtí eile i dtaca le téarmaí agus coinníollacha nach bhfuil ag luí leis an Tuiscint Earnála. Déanfar an comhairliúchán laistigh de 10 lá, ach taobh amuigh de sin leanfar na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 54 den Socrú.
19. Athbhreithniú
Déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú go rialta ar nósanna imeachta agus forálacha na Tuisceana Earnála seo lena dtabhairt níos gaire do choinníollacha an mhargaidh. Má thagann athrú as cuimse ar choinníollacha an mhargaidh nó ar ghnáthchleachtais maoinithe, áfach, féadfar athbhreithniú a iarraidh tráth ar bith.
CUID 2
NA hAERÁRTHAÍ NUA GO LÉIR, SEACHAS MÓR-AERÁRTHAÍ
CAIBIDIL IV
RAON FEIDHME
20. Foirm agus raon feidhme an chur i bhFeidhm
Maidir le Cuid 2 den Tuiscint Earnála, lena gcomhlántar an Socrú, leagtar amach inti treoirlínte sonracha is infheidhme maidir leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil i ndáil le díol agus léasú aerárthaí nua, nach gcuimsítear le Cuid 1 den Tuiscint Earnála seo. Ní bhaineann an méid sin le hárthaí foluaineacha ná le hionsamhlóirí eitilte, atá faoi réir théarmaí an tSocraithe.
21. Lándícheall
Le forálacha na Caibidle seo, cuirtear in iúil na téarmaí is flaithiúla a fhéadfaidh Rannpháirtithe a thairiscint agus tacaíocht oifigiúil á soláthar acu. Beidh urraim i gcónaí ag na Rannpháirtithe, áfach, do ghnáth-théarmaí an mhargaidh maidir le cineálacha éagsúla aerárthaí agus déanfaidh siad gach a bhfuil ar a gcumas lena chinntiú nach mbaintear an bonn de na téarmaí sin.
22. Catagóirí aerárthaí
Tá na catagóirí aerárthaí seo a leanas comhaontaithe ag na Rannpháirtithe:
— Catagóir A: aerárthaí faoi chumhacht tuirbín, lena n-áirítear héileacaptair, (e.g. aerárthaí turbascairde, turbailiáin agus trubaghaothráin) ina mbíonn idir 30 agus 70 suíochán de ghnáth,
— Catagóir B: aerárthaí eile faoi chumhacht tuirbín, lena n-áirítear héileacaptair,
— Catagóir C: aerárthaí eile, lena n-áirítear héileacaptair.
Tá liosta léiritheach de na haerárthaí atá i gCatagóir A agus i gCatagóir B le fáil i bhFoscríbhinn I.
CAIBIDIL V
FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN AGUS MAIDIR LE CABHAIR
23. Téarma uasta aisíocaíochta
Athraíonn an téarma uasta aisíocaíochta de réir aicmiú chatagóirí na n-aerárthaí, rud a chinnfear de réir na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 22 den Tuiscint Earnála seo.
(a) |
Maidir le haerárthaí de Chatagóir A, 10 mbliana an téarma uasta aisíocaíochta. |
(b) |
Maidir le haerárthaí de Chatagóir B, seacht mbliana an téarma uasta aisíocaíochta. |
(c) |
Maidir le haerárthaí de Chatagóir C, cúig bliana an téarma uasta aisíocaíochta. |
24. Aisíoc an bhunairgid
(a) |
Déanfar bunsuim chreidmheas onnmhairiúcháin a aisíoc de ghnáth i dtráthchodanna comhionanna agus rialta gach sé mhí, ar a laghad, agus déanfar an chéad tráthchuid tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa. I gcás léasanna, féadfar an phróifíl aisíocaíochta sin a chur i bhfeidhm maidir leis an mbunairgead amháin nó maidir leis an mbunairgead agus ús in éineacht. |
(b) |
Déanfaidh Rannpháirtí a bhfuil sé ar intinn aige tacú le haisíocaíocht an bhunairgid ar théarmaí atá éagsúil ó na téarmaí a leagtar síos i mír (a) na nithe seo a leanas a chomhlíonadh:
|
25. Íocaíocht an úis
(a) |
De ghnáth, ní dhéanfar ús a chaipitliú i rith na tréimhse aisíocaíochta. |
(b) |
Beidh an t-ús in-aisíoctha ná gach sé mhí, ar a laghad, agus déanfar an chéad íocaíocht úis ag tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa. |
(c) |
Tabharfaidh Rannpháirtí a bhfuil sé ar intinn aige tacú le híocaíocht an úis ar théarmaí atá éagsúil ó na téarmaí sin a leagtar síos i mír (a) agus i mír (b) fógra roimh ré. |
(d) |
Eisiatar ón ús:
|
26. Rátaí íosta úis
Maidir leis na Rannpháirtithe a sholáthraíonn tacaíocht oifigiúil maoinithe, déanfaidh siad rátaí íosta úis a chur i bhfeidhm; déanfaidh an Rannpháirtí an CIRR ábhartha a leagtar amach in Airteagal 20 den Socrú a chur i bhfeidhm.
27. Préimh árachais agus táillí ráthaíochta
Ní dhéanfaidh na Rannpháirtithe préimh árachais nó táillí ráthaíochta a tharscaoileadh go páirteach ná ina n-iomláine.
28. Cabhair
Ní sholáthróidh na Rannpháirtithe tacaíocht chabhrach, mura rud é gur i bhfoirm deontais neamhcheangailte a bheidh an tacaíocht sin. Breithneoidh na Rannpháirtithe go báúil, áfach, aon iarrataí ar Líne Choiteann maidir le cabhair cheangailte chun críche daonchairdiúla.
CAIBIDIL VI
NÓSANNA IMEACHTA
29. Fógra roimh ré, comhoiriúnú agus malartú faisnéise
Sa chás gur ann d’iomaíocht arna tacú go hoifigiúil maidir le díol nó léasú, féadfar i gcás aerárthaí a bhíonn in iomaíocht le haerárthaí ó chatagóir eile nó le haerárthaí a chuimsítear i gCodanna eile den Tuiscint Earnála, i ndáil leis an díol nó léasú sainiúil sin, go dtairbheoidís de na téarmaí agus na coinníollacha creidmheasa céanna agus a dhéantar leis na haerárthaí eile sin. Maidir leis na nósanna imeachta maidir le fógra roimh ré, comhoiriúnú agus malartú faisnéise a leagtar amach sa Socrú, tá feidhm acu maidir leis an gCuid seo den Tuiscint Earnála. Chomh maith leis sin, féadfaidh na Rannpháirtithe a iarraidh go ndéanfaí comhairliúchán má tá aon chúis acu lena chreidiúint go bhfuil creidmheas arna thacú go hoifigiúil á thairiscint ag Rannpháirtí eile i dtaca le téarmaí nach bhfuil ag luí leis an Tuiscint Earnála. Déanfar an comhairliúchán laistigh de 10 lá, ach taobh amuigh de sin leanfar na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 54 den Socrú.
30. Athbhreithniú
Déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú go rialta ar nósanna imeachta agus forálacha na Tuisceana Earnála seo lena dtabhairt níos gaire do choinníollacha an mhargaidh. Má thagann athrú as cuimse ar choinníollacha an mhargaidh nó ar ghnáthchleachtais maoinithe, áfach, féadfar athbhreithniú a iarraidh tráth ar bith.
CUID 3
AERÁRTHAÍ ATHLÁIMHE, INNILL SPÁRTHA, PÁIRTEANNA SPÁRTHA, CONARTHAÍ COTHABHÁLA AGUS SEIRBHÍSE
CAIBIDIL VII
RAON FEIDHME
31. Foirm agus raon feidhme an chur i bhFeidhm
Maidir le Cuid 3 den Tuiscint Earnála, lena gcomhlántar an Socrú, leagtar amach inti treoirlínte sonracha is infheidhme maidir leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil a bhaineann le díol nó léasú aerárthaí athláimhe; agus maidir le hinnill spártha, páirteanna spártha agus conarthaí cothabhála agus seirbhíse d’aerárthaí nua agus d’aerárthaí athláimhe araon. Níl feidhm ag an gcuid sin le hárthaí foluaineacha ná le hionsamhlóirí eitilte, atá faoi réir théarmaí an tSocraithe. Tá feidhm ag na forálacha ábhartha de Chuid 1 agus de Chuid 2 den Tuiscint Earnála seo, ach amháin sna cásanna seo a leanas.
32. Aerárthaí athláimhe
Ní thacóidh na Rannpháirtithe le téarmaí creidmheasa atá níos fabhraí ná na téarmaí sin a leagtar amach sa Tuiscint Earnála d’aerárthaí nua. Tá feidhm ag na rialacha seo a leanas go sainiúil maidir le haerárthaí athláimhe.
(a) |
Déanfar na téarmaí seo a athbhreithniú má athraítear an téarma uasta aisíocaíochta le haghaidh aerárthaí nua. |
(b) |
Cuirfidh na Rannpháirtithe i bhfeidhm na forálacha a leagtar amach in Airteagal 24 agus in Airteagal 25 den Tuiscint Earnála seo. |
(c) |
Maidir leis na Rannpháirtithe a sholáthraíonn tacaíocht oifigiúil maoinithe, déanfaidh siad rátaí íosta úis a chur i bhfeidhm; déanfaidh an Rannpháirtí an CIRR ábhartha a leagtar amach in Airteagal 20 den Socrú a chur i bhfeidhm. |
33. Innill spártha agus páirteanna spártha
(a) |
Féadfar an maoiniú do na hítimí sin, nuair a bhreathnaítear orthu mar chuid d’ordú bunaidh an aerárthaigh, a dhéanamh ar na téarmaí céanna atá ann don aerárthach. I gcásanna den sórt sin, áfach, cuirfidh na Rannpháirtithe san áireamh freisin cé chomh mór atá an fhlít de gach cineál aerárthaigh, lena n-áirítear aerárthaí atá á bhfáil, aerárthaí atá faoi réir ordaithe dhocht nó aerárthaí atá faoi úinéireacht cheana féin, bunaithe ar na nithe seo a leanas:
|
(b) |
Sa chás nach n-ordaítear na hítimí sin in éineacht leis an aerárthach, cúig bliana a bheidh sa téarma uasta aisíocaíochta maidir le hinnill spártha nua agus dhá bhliain a bheidh sa téarma uasta aisíocaíochta maidir le páirteanna spártha eile. |
(c) |
D’ainneoin fhomhír (b) thuas maidir le hinnill spártha nua do mhór-aerárthaí, féadfaidh na Rannpháirtithe suas go dtí trí bliana eile a chur leis an téarma uasta aisíocaíochta de chúig bliana
Déanfar an luach conarthach a athbhreithniú gach dhá bhliain agus déanfar é a choigeartú de réir an ardaithe i bpraghas. |
(d) |
Tá an ceart ar coimeád ag na Rannpháirtithe a gcleachtas a athrú agus é a chomhoiriúnú le cleachtais na Rannpháirtithe iomaíocha a fhad agus a bhaineann le tráthú na chéad aisíocaíochta den bhunairgead i ndáil le hinnill spártha agus páirteanna spártha. |
34. Conarthaí cothabhála agus seirbhíse
Féadfaidh na Rannpháirtithe tacaíocht oifigiúil maoinithe a thairiscint maidir le téarma aisíocaíochta de suas go dtí dhá bhliain i dtaca le conarthaí cothabhála agus seirbhíse.
CAIBIDIL VIII
NÓSANNA IMEACHTA
35. Fógra roimh ré, comhoiriúnú agus malartú faisnéise
Maidir leis na nósanna imeachta maidir le fógra roimh ré, comhoiriúnú agus malartú faisnéise a leagtar amach sa Socrú, tá feidhm acu maidir leis an gCuid seo den Tuiscint Earnála. Chomh maith leis sin, féadfaidh na Rannpháirtithe a iarraidh go ndéanfaí comhairliúchán má tá aon chúis acu lena chreidiúint go bhfuil creidmheas arna thacú go hoifigiúil á thairiscint ag Rannpháirtí eile i dtaca le téarmaí nach bhfuil ag luí leis an Tuiscint Earnála. Déanfar an comhairliúchán laistigh de 10 lá, ach taobh amuigh de sin leanfar na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 54 den Socrú.
36. Athbhreithniú
Déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú go rialta ar nósanna imeachta agus forálacha na Tuisceana Earnála seo lena dtabhairt níos gaire do choinníollacha an mhargaidh. Má thagann athrú as cuimse ar choinníollacha an mhargaidh nó ar ghnáthchleachtais maoinithe, áfach, féadfar athbhreithniú a iarraidh tráth ar bith.
Foscríbhinn I
LIOSTA LÉIRITHEACH
Beidh gach cineál aerárthaigh chomhchosúil eile a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo cuimsithe ag an Tuiscint Earnála seo agus cuirfear leis an liosta iomchuí iad in am trátha. Ní liostaí uileghabhálacha iad na liostaí seo agus ní ann dóibh ach amháin chun léiriú a thabhairt ar an gcineál aerárthaigh a bheidh le cur sna catagóirí éagsúla sa chás go bhféadfadh amhras a bheith ann ina thaobh.
MÓR-AERÁRTHAÍ SIBHIALTA
Monaróir |
Ainmníocht |
Airbus |
A 300 |
Airbus |
A 310 |
Airbus |
A 318 |
Airbus |
A 319 |
Airbus |
A 320 |
Airbus |
A 321 |
Airbus |
A 330 |
Airbus |
A 340 |
Boeing |
B 737 |
Boeing |
B 747 |
Boeing |
B 757 |
Boeing |
B 767 |
Boeing |
B 777 |
Boeing |
B 707, 727 |
British Aerospace |
RJ70 |
British Aerospace |
RJ85 |
British Aerospace |
RJ100 |
British Aerospace |
RJ115 |
British Aerospace |
BAe146 |
Fairchild Dornier |
728 Jet |
Fairchild Dornier |
928 Jet |
Fokker |
F 70 |
Fokker |
F 100 |
Lockheed |
L-100 |
McDonnell Douglas |
sraith MD-80 |
McDonnell Douglas |
sraith MD-90 |
McDonnell Douglas |
MD-11 |
McDonnell Douglas |
DC-10 |
McDonnell Douglas |
DC-9 |
Lockheed |
L-1011 |
Ramaero |
1.11-495 |
AERÁRTHAÍ DE CHATAGÓIR A
Aerárthaí faoi chumhacht tuirbín – lena n-áirítear héileacaptair (e.g. aerárthaí turbascairde, turbailiáin agus trubaghaothráin), ina mbíonn idir 30 agus 70 suíochán de ghnáth. Más rud é go bhforbraítear mór-aerárthach nua faoi chumhacht tuirbín ina bhfuil os cionn 70 suíochán, déanfar comhairliúcháin a thionól láithreach, má iarrtar sin, d’fhonn a chomhaontú an t-aerárthach sin a aicmiú sa chatagóir seo nó i gCuid 1 den Tuiscint i bhfianaise na staide iomaíochais.
Monaróir |
Ainmníocht |
Aeritalia |
G 222 |
Aeritalia/Aerospatiale |
ATR 42 |
Aeritalia/Aerospatiale |
ATR 72 |
Aerospatiale/MBB |
C160 Transall |
De Havilland |
Dash 8 |
De Havilland |
Dash 8 - 100 |
De Havilland |
Dash 8 - 200 |
De Havilland |
Dash 8 - 300 |
Boeing Vertol |
234 Chinook |
Broman (U.S.) |
BR 2000 |
British Aerospace |
BAe ATP |
British Aerospace |
BAe 748 |
British Aerospace |
BAe Jetstream 41 |
British Aerospace |
BAe Jetstream 61 |
Canadair |
CL 215T |
Canadair |
CL 415 |
Canadair |
RJ |
Casa |
CN235 |
Dornier |
DO 328 |
EH Industries |
EH-101 |
Embraer |
EMB 120 Brasilia |
Embraer |
EMB 145 |
Fairchild Dornier |
528 Jet |
Fairchild Dornier |
328 Jet |
Fokker |
F 50 |
Fokker |
F 27 |
Fokker |
F 28 |
Gulfstream America |
Gulfstream I-4 |
LET |
610 |
Saab |
SF 340 |
Saab |
2000 |
Short |
SD 3-30 |
Short |
SD 3-60 |
Short |
Sherpa |
AERÁRTHAÍ DE CHATAGÓIR B
Aerárthaí eile faoi chumhacht tuirbín, lena n-áirítear héileacaptair.
Monaróir |
Ainmníocht |
Aerospatiale |
AS 332 |
Agusta |
A 109, A 119 |
Beech |
1900 |
Beech |
Super King Air 300 |
Beech |
Starship 1 |
Bell Helicopter |
206B |
Bell Helicopter |
206L |
Bell Helicopter |
212 |
Bell Helicopter |
230 |
Bell Helicopter |
412 |
Bell Helicopter |
430 |
Bell Helicopter |
214 |
Bombardier/Canadair |
Global Express |
British Aerospace |
BAe Jetstream 31 |
British Aerospace |
BAe 125 |
British Aerospace |
BAe 1000 |
British Aerospace |
BAe Jetstream Super 31 |
Beech Aircraft Corpn d/b/a Raytheon Aircraft Co. |
Hawker 1000 |
Beech Aircraft Corpn d/b/a Raytheon Aircraft Co. |
Hawker 800 |
Beech Aircraft Corpn d/b/a Raytheon Aircraft Co. |
King Air 350 |
Beech Aircraft Corpn d/b/a Raytheon Aircraft Co. |
sraith Beechjet 400 |
Beech Aircraft Corpn d/b/a Raytheon Aircraft Co. |
Starship 2000A |
Bell |
B 407 |
Canadair |
Challenger 601-3A |
Canadair |
Challenger 601-3R |
Canadair |
Challenger 604 |
Casa |
C 212-200 |
Casa |
C 212-300 |
Cessna |
Citation |
Cessna |
441 Conquest III agus sraith Caravan 208 |
Claudius Dornier |
CD2 |
Dassault Breguet |
Falcon |
Dornier |
DO 228-200 |
Embraer |
EMB 110 P2 |
Embraer/FAMA |
CBA 123 |
Eurocopter |
AS 350, AS 355, EC 120, AS 365, EC 135 |
Eurocopter |
B0105LS |
Fairchild |
Merlin/300 |
Fairchild |
Metro 25 |
Fairchild |
Metro III V |
Fairchild |
Metro III |
Fairchild |
Metro III A |
Fairchild |
Merlin IVC-41 |
Gulfstream America |
Gulfstream II, III, IV agus V |
IAI |
Astra SP agus SPX |
IAI |
Arava 101 B |
Learjet |
sraitheanna 31A, 35A, 45 agus 60 |
MBB |
BK 117 C |
MBB |
BO 105 CBS |
McDonnell Helicopter System |
MD 902, MD 520, MD 600 |
Mitsubishi |
Mu2 Marquise |
Piaggio |
P 180 |
Pilatus Britten-Norman |
BN2T Islander |
Piper |
400 LS |
Piper |
T 1040 |
Piper |
PA-42-100 (Cheyenne 400) |
Piper |
PA-42-720 (Cheyenne III A) |
Piper |
Cheyenne II |
Reims |
Cessna-Caravan II |
SIAI-Marchetti |
SF 600 Canguro |
Short |
Tucano |
Westland |
W30 |
IARSCRÍBHINN IV
TUISCINT EARNÁLA MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN DO THIONSCADAIL SNA RÉIMSÍ UM FHUINNEAMH INATHNUAITE AGUS ACMHAINNÍ UISCE, ATÁ I bhFEIDHM AR FEADH TRÉIMHSE TRIALAÍ GO DTÍ AN 30 MEITHEAMH 2007
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
1. Raon feidhme an chur i bhfeidhm
Maidir leis an Tuiscint Earnála seo, lena gcomhlántar an Socrú, leagtar amach inti téarmaí agus coinníollacha airgeadais a bhféadfadh feidhm a bheith acu maidir leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus a bhaineann le conarthaí onnmhairiúcháin le haghaidh tionscadail sna réimsí um fhuinneamh inathnuaite agus acmhainní uisce; tá raon feidhme na n-earnálacha incháilithe leagtha amach i bhFoscríbhinn 1.
CAIBIDIL II
TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA AIRGEADAIS MAIDIR LEIS NA CREIDMHEASANNA ONNMHAIRIÚCHÁIN
2. Téarmaí uasta aisíocaíochta
Cúig bliana déag an téarma uasta aisíocaíochta, beag beann ar aicmiú tíre, amhail a leagtar amach in Airteagal 11 den Socrú.
3. Aisíocaíocht an bhunairgid agus íocaíocht an úis
(a) |
Déanfar bunsuim chreidmheas onnmhairiúcháin a aisíoc ina tráthchodanna cothroma. |
(b) |
Déanfar an bunairgead a aisíoc agus déanfar an t-ús a íoc ar a laghad gach sé mhí agus déanfar an chéad tráthchuid den bhunairgead agus ús tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa. |
(c) |
Maidir leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin a sholáthraítear mar thacaíocht d’idirbhearta léasa, féadfar aisíocaíochtaí comhionanna den bhunairgead agus den ús in éineacht a chur i bhfeidhm in ionad aisíocaíochtaí comhionanna den bhunairgead amhail a leagtar amach i mír (a). |
4. Rátaí íosta úis seasta faoin tacaíocht oifigiúil maoinithe
Maidir le Rannpháirtí a sholáthraíonn tacaíocht oifigiúil maoinithe trí mhaoiniú díreach, athmhaoiniú nó tacaíocht ráta úis, déanfaidh sé na rátaí íosta úis seo a leanas a chur i bhfeidhm:
(a) |
maidir le téarma aisíocaíochta suas go dtí 12 bhliain, agus 12 bhliain san áireamh, déanfaidh an Rannpháirtí an Ráta Tagartha don Ús Tráchtála (CIRR) ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 20 den Chomhaontú, a chur i bhfeidhm; |
(b) |
maidir le téarma aisíocaíochta is mó na 12 bhliain agus suas go dtí 14 bliana, agus 14 bliana san áireamh, beidh feidhm ag formhuirear de 20 bonnphointe os cionn an CIRR maidir leis na hairgeadraí go léir; |
(c) |
maidir le téarma aisíocaíochta is mó ná 14 bliana, beidh feidhm ag an Ráta Tagartha Speisialta don Ús Tráchtála (SCIRR) i gcomhréir le hAirteagal 5 den Tuiscint Earnála maidir leis na hairgeadraí go léir. |
5. Déanamh na SCIRRanna
Déanfar SCIRRanna a shocrú ag corrlach seasta de 75 bhonnphointe os cionn an CIRR don airgeadra i dtrácht, ach amháin i gcás an CIRR do Yen na Seapáine, lena socrófar an corrlach ag 40 bonnphointe. Maidir leis na hairgeadraí sin a bhfuil níos mó ná ráta amháin CIRR acu, i gcomhréir leis an gcéad fhleasc d’Airteagal 20(a) den Socrú, is é an CIRR ag a bhfuil an téarma is faide a úsáidfear chun an SCIRR a dhéanamh.
CAIBIDIL III
NÓSANNA IMEACHTA
6. Fógra roimh ré d’uireasa aon phlé
Déanfaidh Rannpháirtí fógra a thabhairt do na Rannpháirtithe eile go léir 10 lá oibre, ar a laghad, sula n-eiseoidh sé aon cheagaltas atá cuimsithe le raon feidhme na Tuisceana Earnála seo i gcomhréir le hIarscríbhinn V den Socrú.
CAIBIDIL IV
ATHBHREITHNIÚ
7. Tréimhse trialach agus faireachán
(a) |
Beidh feidhm ag na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais a leagtar amach sa Tuiscint Earnála seo ar feadh Tréimhse Trialaí de dhá bhliain i.e. ón 1 Iúil 2005 go dtí an 30 Meitheamh 2007. I rith na tréimhse trialaí dhá bhliain sin, déanfaidh na Rannpháirtithe athbhreithniú ar oibríocht na Tuisceana Earnála seo d’fhonn breithniú a dhéanamh ar an taithí a bheidh faighte. |
(b) |
Déanfar na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais seo a scor ag deireadh na Tréimhse Trialaí mura rud é go gcomhaontaíonn na Rannpháirtithe ar cheann díobh seo a leanas:
|
(c) |
Tuairisceoidh an Rúnaíocht ar chur chun feidhme na dtéarmaí agus na gcoinníollacha airgeadais seo. |
Foscríbhinn 1
EARNÁLACHA INCHÁILITHE
Beidh na hearnálacha seo a leanas sna réimsí um fhuinneamh inathnuaite agus acmhainní uisce incháilithe do na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais a leagtar síos sa Tuiscint Earnála seo ón 1 Iúil 2005, ar an gcoinníoll go mbreathnaítear dá dtionchar i gcomhréir le Moladh 2003 an ECFE maidir le Bealaí cur chuige Coiteanna i leith an Chomhshaoil agus i leith Chreidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (1) (arna leasú ina dhiaidh sin ag Comhaltaí Mheitheal an ECFE um Chreidmheasanna Onnmhairiúcháin agus um Ráthaíocht Creidmheasa (ECG) agus arna chomhaontú ag Comhairle an ECFE):
(a) |
fuinneamh gaoithe; |
(b) |
fuinneamh geoiteirmeach; |
(c) |
cumhacht taoide agus srutha taoide; |
(d) |
cumhacht na dtonnta; |
(e) |
cumhacht ghrianfhótavoltach; |
(f) |
grianfhuinneamh teirmeach; |
(g) |
aigéanfhuinneamh teirmeach; |
(h) |
bithfhuinneamh: gach bithmhais inbhuanaithe, gás líonadh talún, suiteálacha fuinnimh a úsáideann gás ó ghléasra cóireála séarachais agus suiteálacha fuinnimh a úsáideann bithghás. Ciallóidh “bithmhais” an cion in-bhithdhíghrádaithe de tháirgí, de dhramháil agus d’iarmhair ón talmhaíocht (lena n-áirítear substaintí glasraíocha agus ainmhíocha), ón bhforaoiseacht agus ó thionscail ghaolmhara, chomh maith leis an gcion in-bhithdhíghrádaithe de dhramhaíl tionsclaíochta agus uirbeach; |
(i) |
tionscadail a bhaineann le huisce a sholáthar lena úsáid ag an duine agus saoráidí cóireála dramhuisce:
|
(j) |
hidreachumhacht. |
(1) Tuigtear go bhfuil feidhm ag Moladh an ECFE chomh maith céanna maidir le tionscadail nach bhfuil incháilithe do na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais seo.
IARSCRÍBHINN V
FAISNÉIS ATÁ LE SOLÁTHAR LE hAGHAIDH FÓGRAÍ
Déanfar an fhaisnéis atá liostaithe i Roinn I thíos a sholáthar le haghaidh na bhfógraí go léir a dhéantar faoin Socrú (lena n-áirítear na hIarscríbhinní a ghabhann leis). Sa bhreis air sin, déanfar an fhaisnéis a shonraítear i Roinn II a sholáthar, de réir mar is iomchuí, maidir leis an gcineál sainiúil fógra atá á dhéanamh.
I. FAISNÉIS ATÁ LE SOLÁTHAR LE hAGHAIDH NA bhFÓGRAÍ GO LÉIR
(a) Faisnéis bhunúsach
1. |
An tír a dhéanann an fógra |
2. |
An dáta a ndéantar an fógra |
3. |
Ainm an údaráis/na gníomhaireachta a dhéanann an fógra |
4. |
Uimhir thagartha |
5. |
An fógra bunaidh nó athbhreithniú ar fhógra roimhe sin (an uimhir athbhreithnithe de réir mar is ábhartha) |
6. |
Uimhir an tráinse (más ábhartha) |
7. |
Uimhir thagartha na líne creidmheasa (más ábhartha) |
8. |
Airteagal/Airteagail an tSocraithe faoina bhfuil an fógra á dhéanamh |
9. |
Uimhir thagartha an fhógra atá á chomhoiriúnú (más ábhartha) |
10. |
Tuairisc ar an tacaíocht atá á comhoiriúnú (más ábhartha) |
(b) Faisnéis ar an gCeannaitheoir/Iasachtaí/Ráthóir
11. |
Tír an cheannaitheora/an iasachtaí |
12. |
Ainm an cheannaitheora/an iasachtaí |
13. |
Suíomh an cheannaitheora/an iasachtaí |
14. |
Stádas an cheannaitheora/an iasachtaí |
15. |
Tír an ráthóra (más ábhartha) |
16. |
Ainm an ráthóra (más ábhartha) |
17. |
Suíomh an ráthóra (más ábhartha) |
18. |
Stádas an ráthóra (más ábhartha) |
(c) Faisnéis ar Earraí agus/nó ar Sheirbhísí atá á n-onnmhairiú agus faisnéis ar an Tionscadal
19. |
Tuairisc ar na hearraí agus/nó na seirbhísí atá á n-onnmhairiú |
20. |
Tuairisc ar an tionscadal (más ábhartha) |
21. |
Suíomh an tionscadail (más ábhartha) |
22. |
Dáta deiridh don tairiscint (más ábhartha) |
23. |
Dáta éaga na líne creidmheasa (más ábhartha) |
24. |
Luach an chonartha/na gconarthaí atá ag fáil tacaíochta, bíodh sé sin ina luach iarbhír (do gach líne chreidmheasa agus gach idirbheart maoinithe tionscadail nó d’aon idirbheart aonair a dhéantar go saorálach) nó de réir an scála seo a leanas arna shloinneadh i milliúin SDR:
|
25. |
Airgeadra an chonartha/na gconarthaí |
(d) Téarmaí agus Coinníollacha Airgeadais an Chreidmheasa Onnmhairiúcháin arna Thacú go hOifigiúil
26. |
Luach creidmheasa: an luach iarbhír do na fógraí lena mbaineann línte creidmheasa agus idirbhearta maoinithe tionscadail nó d’aon idirbheart aonair a dhéantar go saorálach, nó de réir an scála SDR |
27. |
Airgeadra an chreidmheasa |
28. |
Éarlais (céatadán de luach iomlán na gconarthaí arna dtacú) |
29. |
Costais áitiúla (céatadán de luach iomlán na gconarthaí arna dtacú) |
30. |
Túsphointe an chreidmheasa agus tagairt don fhomhír infheidhme d’Airteagal 10 |
31. |
Fad na tréimhse aisíocaíochta |
32. |
An bonn don ráta úis |
33. |
An ráta úis nó an corrlach |
II. FAISNÉIS BHREISE ATÁ LE SOLÁTHAR, DE RÉIR MAR IS IOMCHUÍ, d’FHÓGRAÍ A DHÉANTAR MAIDIR LE FORÁLACHA SAINIÚLA
(a) Socrú, Airteagal 14(d)5
1. |
Próifíl aisíocaíochta |
2. |
Minicíocht aisíocaíochta |
3. |
An t-achar ama idir túsphointe an chreidmheasa agus an chéad aisíocaíocht ar an mbunairgead |
4. |
An méid den ús a caipitlíodh roimh thúsphointe an chreidmheasa |
5. |
Meánré ualaithe na tréimhse aisíocaíochta |
6. |
Míniú ar an gcúis nach bhfuil tacaíocht á tabhairt de réir mhír (a) go dtí mír (c) d’Airteagal 14 |
(b) Socrú, Airteagal 24 agus Airteagal 28
1. |
An t-aicmiú riosca tíre atá ag tír an cheannaitheora/an iasachtaí nó ag an institiúid iltaobhach/réigiúnach |
2. |
Fad na tréimhse don íocaíocht amach |
3. |
Céatadán an chumhdaigh maidir leis an riosca tíre |
4. |
Cáilíocht an chumhdaigh (i.e. faoi bhun an chaighdeáin, caighdeánach, os cionn an chaighdeáin) |
5. |
MPR bunaithe ar an aicmiú riosca tíre atá ag tír an cheannaitheora/an iasachtaí d’uireasa aon ráthaíocht ó thríú tír, aon rannpháirtíocht ag institiúid iltaobhach/réigiúnach agus/nó aon mhaolú/eisiamh riosca |
6. |
An MPR is infheidhme |
7. |
An préimhráta iarbhír a mhuirearaítear (arna shloinneadh i bhformáid MPR mar chéatadán den bhunairgead) |
(c) Socrú, Airteagal 24(e), an chéad fhleasc
1. |
An t-aicmiú riosca tíre atá ag tír an ráthóra |
2. |
Deimhniú go gcuimsíonn an ráthaíocht gach ceann de na cúig riosca tíre atá liostaithe in Airteagal 25(a) ar feadh fad iomlán an chreidmheasa |
3. |
Léiriú an bhfuil an méid iomlán faoi riosca (i.e. bunairgead agus ús) cuimsithe ag an ráthaíocht |
4. |
Deimhniú go bhfuil an ráthóir inchairde a mhéid a bhaineann le méid an fhéich atá faoi ráthaíocht |
5. |
Deimhniú go bhfuil an ráthaíocht bailí go dlíthiúil agus go bhféadfar é a fhorghníomhú i ndlínse an tríú tír |
6. |
Léiriú an bhfuil aon chaidreamh airgeadais idir an ráthóir agus an ceannaitheoir/iasachtaí |
7. |
Sa chás go bhfuil caidreamh idir an ráthóir agus an ceannaitheoir/iasachtaí:
|
(d) Socrú, Airteagal 28
1. |
An teicníc don mhaolú/eisiamh riosca a úsáidtear |
2. |
An MEF a cuireadh i bhfeidhm |
3. |
Míniú iomlán ar na rioscaí creidmheasa tíre atá seachtraithe/díchurtha nó teoranta/eisiata san idirbheart aonair, chomh maith le míniú ar an gcaoi a dtugann an seachtrú/díchur nó teorannú/eisiamh sin ar rioscaí creidmheasa tíre bonn cirt don MHEF a chuirtear i bhfeidhm. |
(e) Socrú, Airteagal 46 agus Airteagal 47
1. |
Foirm na cabhrach ceangailte (i.e. cabhair forbartha nó creidmheas réamh-mheasctha nó maoiniú comhlachaithe) |
2. |
An leibhéal lamháltais fhoriomláin den mhaoiniú cabhrach ceangailte agus neamhcheangailte i bpáirt, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 37 |
3. |
An DDR a úsáidtear chun an leibhéal lamháltais a ríomh |
4. |
Mar a dhéileáiltear le híocaíochtaí airgid thirim agus an leibhéal lamháltais á ríomh |
5. |
Srianta ar úsáid na línte creidmheasa |
(f) Iarscríbhinn II, Airteagal 10
1. |
Próifíl aisíocaíochta |
2. |
Minicíocht aisíocaíochta |
3. |
An t-achar ama idir túsphointe an chreidmheasa agus an chéad aisíocaíocht ar an mbunairgead |
4. |
Tacaíocht don chostas áitiúil: téarmaí íocaíochta agus an cineál tacaíochta |
5. |
An cion den tionscadal atá le maoiniú (maille le faisnéis ar leithligh faoi luchtanna breosla i gcás inarb iomchuí) |
6. |
Aon fhaisnéis ábhartha eile (lena n-áirítear tagairtí do chásanna gaolmhara) |
(g) Iarscríbhinn IV, Airteagal 6
1. |
Tuairisc chuimsitheach ar an tionscadal, lena n-áirítear an earnáil shainiúil mar atá liostaithe i bhFoscríbhinn 1 den Tuiscint Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin do Thionscadail sna Réimsí um Fhuinneamh Inathnuaite agus Acmhainní Uisce (Iarscríbhinn IV). |
2. |
Míniú iomlán ar an gcúis go bhfuil gá le téarmaí speisialta airgeadais. |
3. |
Maidir leis an ráta úis, faisnéis faoin leibhéal formhuirir os cionn an CIRR i gcás inarb infheidhme Airteagal 4(b) nó (c) den Tuiscint Earnála maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin do Thionscadail sna Réimsí um Fhuinneamh Inathnuaite agus Acmhainní Uisce (Iarscríbhinn IV). |
(h) Iarscríbhinn X, Airteagal 5
1. |
Míniú ar an gcúis go bhfuil téarmaí maoinithe tionscadail á soláthar |
2. |
Luach an chonartha i ndáil le conradh d’fhoirgníocht lándéanta, cuid d’fhochonarthaí, etc. |
3. |
Tuairisc chuimsitheach ar an tionscadal |
4. |
An cineál cumhdaigh a sholáthraítear roimh thúsphointe an chreidmheasa |
5. |
An céatadán den chumhdach le haghaidh riosca polaitiúil roimh thúsphointe an chreidmheasa |
6. |
An céatadán den chumhdach le haghaidh riosca tráchtála roimh thúsphointe an chreidmheasa |
7. |
An cineál cumhdaigh a sholáthraítear i ndiaidh thúsphointe an chreidmheasa |
8. |
An céatadán den chumhdach le haghaidh riosca polaitiúil i ndiaidh thúsphointe an chreidmheasa |
9. |
An céatadán den chumhdach le haghaidh riosca tráchtála i ndiaidh thúsphointe an chreidmheasa |
10. |
Fad na tréimhse foirgníochta (más infheidhme) |
11. |
Fad na tréimhse don íocaíocht amach |
12. |
Meánré ualaithe na tréimhse aisíocaíochta |
13. |
Próifíl aisíocaíochta |
14. |
Minicíocht aisíocaíochta |
15. |
An t-achar ama idir túsphointe an chreidmheasa agus an chéad aisíocaíocht ar an mbunairgead |
16. |
An céatadán den bhunairgead a bheidh íoctha leath bealaigh tríd an téarma creidmheasa |
17. |
An méid den ús a caipitlíodh roimh thúsphointe an chreidmheasa |
18. |
Táillí eile a fhaigheann an ECA, e.g. táillí ceangaltais (roghnach, ach amháin i gcás idirbhearta le ceannaitheoirí i dTíortha Ard-Ioncaim an ECFE) |
19. |
An préimhráta (roghnach, ach amháin i gcás tionscadail i dTíortha Ard-Ioncaim an ECFE) |
20. |
Deimhniú (agus míniú de réir mar is gá) gurb iad seo a leanas atá i gceist leis an idirbheart nó gur tréith den idirbheart iad:
|
(i) Iarscríbhinn X, Airteagal 5, i gcomhair tionscadal i dTíortha Ard-Ioncaim an ECFE
1. |
Méid iomlán an tsindeacáitithe féich don tionscadal, lena n-áirítear iasachtóirí oifigiúla agus príobháideacha |
2. |
Méid iomlán an tsindeacáitithe féich ó iasachtóirí príobháideacha |
3. |
An céatadán den sindeacáitiú féich a sholáthraíonn na Rannpháirtithe |
4. |
Deimhniú ar an méid seo a leanas:
|
(1) Sonraigh an líon iolraithe de 40 milliún SDR atá os cionn 280 milliún SDR, e.g. dhéanfaí 410 milliún SDR a fhógairt mar “Catagóir XV + 4”.
IARSCRÍBHINN VI
RÍOMH NA bPRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA
Is é seo a leanas an fhoirmle chun an MPR is infheidhme maidir le creidmheas onnmhairiúcháin a ríomh:
MPR = ((a × HOR) + b) × (PC/0,95) × QPF × PCF × (1-MEF) × BRF
sa mhéid gurb iad seo a leanas na noda:
— |
is iad a agus b na comhéifeachtaí a bhaineann leis an gCatagóir Riosca Tíre is infheidhme, |
— |
is é HOR ionchas an riosca, |
— |
is é PC céatadán an chumhdaigh, |
— |
is é QPF an toisc do cháilíocht an táirge, |
— |
is é PCF an toisc do chéatadán an chumhdaigh, |
— |
is é MEF an toisc don mhaolú/eisiamh riosca tíre, |
— |
is é BRF an toisc do chumhdach an riosca ceannaitheora, |
Faightear na luachanna do chomhéifeachtaí a agus b ón tábla seo a leanas:
|
Catagóir Riosca Tíre |
|||||||
0 |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
7 |
|
a |
n/a |
0,100 |
0,225 |
0,392 |
0,585 |
0,780 |
0,950 |
1,120 |
b |
n/a |
0,350 |
0,350 |
0,400 |
0,500 |
0,800 |
1,200 |
1,800 |
Déantar Ionchas an Riosca (HOR) a ríomh mar a leanas:
|
I gcás próifílí aisíocaíochta caighdeánacha (i.e. aisíocaíochtaí comhionanna leathbhliantúla den bhunairgead): HOR = (fad na tréimhse don íocaíocht amach × 0,5) + fad na tréimhse don aisíocaíocht |
|
I gcás próifílí aisíocaíochta neamhchaighdeánacha, déantar an tréimhse aisíocaíochta choibhéiseach (arna shloinneadh i dtráthchodanna comhionanna, leathbhliantúla) a ríomh ag úsáid na foirmle seo a leanas: HOR = (meánré ualaithe na tréimhse aisíocaíochta - 0,25)/0,5 |
Ní dhéanann sé difear ar bith don ríomh má úsáidtear blianta nó míonna san fhoirmle chomh fada agus go mbaintear úsáid as an aonad céanna don tréimhse don íocaíocht amach agus don tréimhse don aisíocaíocht.
An Céatadán den Chumhdach (PC) arna shloinneadh mar luach deachúil (i.e. sloinntear 95 faoin gcéad mar 0,95)
Faightear an Toisc do Cháilíocht an Táirge (QPF) ón tábla seo a leanas:
|
Catagóir Riosca Tíre |
|||||||
Cáilíocht an Táirge |
0 |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
7 |
faoi bhun an chaighdeáin |
n/a |
0,9965 |
0,9935 |
0,9850 |
0,9825 |
0,9825 |
0,9800 |
0,9800 |
caighdeánach |
n/a |
1,0000 |
1,0000 |
1,0000 |
1,0000 |
1,0000 |
1,0000 |
1,0000 |
os cionn an chaighdeáin |
n/a |
1,0035 |
1,0065 |
1,0150 |
1,0175 |
1,0175 |
1,0200 |
1,0200 |
Déantar an Toisc do Chéatadán an Chumhdaigh (PCF) a chinneadh mar a leanas:
|
Maidir le PC <= 0,95, PCF = 1 |
|
Maidir le PC > 0,95, PCF = 1 + ((PC - 0,95)/0,05) × an chomhéifeacht do chéatadán an chumhdaigh |
|
Catagóir Riosca Tíre |
|||||||
0 |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
7 |
|
an chomhéifeacht do chéatadán an chumhdaigh |
n/a |
0,00000 |
0,00337 |
0,00489 |
0,01639 |
0,03657 |
0,05878 |
0,08598 |
Déantar an Toisc don Mhaolú/Eisiamh Riosca Tíre (MEF) a chinneadh mar a leanas:
|
Maidir leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin nach bhfuil aon mhaolú riosca tíre ag gabháil leo, MEF = 0 |
|
Maidir leis na creidmheasanna onnmhairiúcháin a bhfuil maolú riosca tíre ag gabháil leo, cinntear an MEF i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIII. |
Déantar an Toisc do Chumhdach an Riosca Ceannaitheora (BRF) a chinneadh mar a leanas:
|
Nuair a bhíonn an cumhdach do riosca ceannaitheora eisiata go hiomlán, BRF = 0,90 |
|
Nuair nach mbíonn an cumhdach do riosca ceannaitheora eisiata, BRF = 1 |
IARSCRÍBHINN VII
NA CRITÉIR AGUS NA COINNÍOLLACHA A RIALAÍONN CUR I bhFEIDHM AN AICMITHE RIOSCA TÍRE NUAIR A BHÍONN RÁTHÓIR TRÍÚ TÍR NÓ INSTITIÚID ILTAOBHACH NÓ RÉIGIÚNACH I gCEIST
CUSPÓIR
San Iarscríbhinn seo, tugtar na critéir agus na coinníollacha a rialaíonn cur i bhfeidhm an aicmithe riosca tíre nuair a bhíonn ráthóir tríú tír nó institiúid iltaobhach nó réigiúnach i gceist de réir na staideanna a bhfuil tuairisc orthu sa chéad fhleasc agus sa dara fleasc d’Airteagal 24(e) den Socrú.
CUR I bhFEIDHM
Aicme Riosca Tíre nuair a bhíonn Ráthóir Tríú Tír i gceist
Cás 1: Ráthaíocht don Mhéid Iomlán faoi Riosca
Nuair a dhéantar urrús i bhfoirm ráthaíochta ó eintiteas atá suite lasmuigh de thír an cheannaitheora/iasachtaí a thabhairt don mhéid iomlán faoi riosca (i.e. bunairgead agus ús), féadfar gurb é an tAicmiú Riosca Tíre don tír ina bhfuil an ráthóir lonnaithe a bheidh infheidhme nuair a chomhlíontar na critéir seo a leanas:
— |
cumhdaíonn an ráthaíocht fad iomlán an chreidmheasa, |
— |
tá an ráthaíocht neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollach agus ar fáil nuair a iarrtar sin, |
— |
tá an ráthaíocht bailí go dlíthiúil agus is féidir í a fhorghníomhú i ndlínse thír an ráthóra, |
— |
is ann don ráthaíocht maidir leis na cúig ghné de na rioscaí creidmheasa tíre i dtír an cheannaitheora/iasachtaí, |
— |
tá an ráthóir inchairde a mhéid a bhaineann le méid an fhéich atá faoi ráthaíocht, |
— |
tá an ráthóir faoi réir rialú airgeadais agus rialacháin aistrithe na tíre ina bhfuil sé lonnaithe, |
— |
más fochuideachta/máthairchuideachta den eintiteas faoi ráthaíocht é an ráthóir, déanfaidh na Rannpháirtithe, ar bhonn cás ar chás, a chinneadh: (1) agus an ghaolmhaireacht idir an fhochuideachta/máthairchuideachta agus méid cheangaltas dlíthiúil na máthairchuideachta á bhreithniú, an bhfuil an fhochuideachta/mháthairchuideachta neamhspleách ar bhonn dlí agus ar bhonn airgeadais, agus an bhféadfadh sí a cuid oibleagáidí íocaíochta a chomhall; (2) an bhféadfadh imeachtaí/rialacháin áitiúla nó idirghabháil fhlaithiúnais difear a dhéanamh don fhochuideachta/máthairchuideachta; agus (3) an measfadh an Ceannáras gurb é féin atá faoi dhliteanas i gcás mainneachtana. |
Cás 2: Ráthaíocht a bhfuil Teorainn leis an Méid inti
Nuair a dhéantar urrús i bhfoirm ráthaíochta ó eintiteas atá suite lasmuigh de thír an cheannaitheora/iasachtaí a thabhairt don mhéid theoranta faoi riosca (i.e. bunairgead agus ús), féadfar gurb é an tAicmiú Riosca Tíre don tír ina bhfuil an ráthóir lonnaithe a bheidh infheidhme don chion den chreidmheas atá faoi réir ráthaíochta. Sa bhreis ar na critéir atá liostaithe i gcomhair Chás 1, ní fhéadfar aicmiú tíre an ráthóra a chur i bhfeidhm ach amháin nuair atá an méid faoi ráthaíocht (bunairgead móide an t-ús gaolmhar) ar cheann díobh seo a leanas: (1) níos mó ná 10 faoin gcéad den bhunairgead móide an t-ús gaolmhar, nó comhionann leis; nó (2) bunairgead de chúig mhilliún SDR móide an t-ús gaolmhar más mó an t-idirbheart ná 50 milliún SDR.
Maidir leis an gcion nach bhfuil faoi ráthaíocht, is é an tAicmiú Riosca Tíre do thír an cheannaitheora a bheidh infheidhme.
Aicme Riosca Tíre lena léirítear Institiúid Iltaobhach nó Réigiúnach
Cás 1: Ráthaíocht don Mhéid Iomlán faoi Riosca
Nuair a dhéantar urrús i bhfoirm ráthaíochta ó institiúid aicmithe iltaobhach nó réigiúnach a thabhairt don mhéid iomlán faoi riosca (i.e. bunairgead agus ús), féadfar gurb é an tAicmiú Riosca Tíre don institiúid iltaobhach nó réigiúnach sin a bheidh infheidhme nuair a chomhlíontar na critéir seo a leanas:
— |
cumhdaíonn an ráthaíocht fad iomlán an chreidmheasa, |
— |
tá an ráthaíocht neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollach agus ar fáil nuair a iarrtar sin, |
— |
is ann don ráthaíocht maidir leis na chúig ghné de na rioscaí creidmheasa tíre i dtír an cheannaitheora/iasachtaí, |
— |
tá an ráthóir faoi dhliteanas dlíthiúil i dtaca le méid iomlán an chreidmheasa, |
— |
déantar na haisíocaíochtaí go díreach leis an gcreidiúnaí. |
Cás 2: Ráthaíocht a bhfuil Teorainn leis an Méid inti
Nuair a dhéantar urrús i bhfoirm ráthaíochta ó institiúid aicmithe iltaobhach nó réigiúnach a thabhairt do mhéid teoranta faoi riosca (i.e. bunairgead agus ús), féadfar gurb é an tAicmiú Riosca Tíre don institiúid iltaobhach nó réigiúnach sin a bheidh infheidhme don chion den chreidmheas atá faoi réir ráthaíochta. Sa bhreis ar na critéir atá liostaithe i gcomhair Chás 1, ní fhéadfar aicmiú institiúide iltaobhaí nó réigiúnaí a chur i bhfeidhm ach amháin nuair atá an méid faoi ráthaíocht (bunairgead móide an t-ús gaolmhar) ar cheann díobh seo a leanas: (1) níos mó ná 10 faoin gcéad den bhunairgead móide an t-ús gaolmhar, nó comhionann leis; nó (2) bunairgead de chúig mhilliún SDR móide an t-ús gaolmhar más mó an t-idirbheart ná 50 milliún SDR.
Maidir leis an gcion nach bhfuil faoi ráthaíocht, is é an tAicmiú Riosca Tíre do thír an cheannaitheora a bheidh infheidhme.
Cás 3: Institiúid Iltaobhach nó Réigiúnach ina Iasachtaí
Nuair is í an institiúid iltaobhach nó réigiúnach an t-iasachtaí, féadfar gurb é an tAicmiú Riosca Tíre don institiúid iltaobhach nó réigiúnach sin a bheidh infheidhme.
Institiúidí Iltaobhacha nó Réigiúnacha a aicmiú
Beidh institiúidí iltaobhacha agus réigiúnacha incháilithe lena n-aicmiú más iondúil go mbíonn an institiúid díolmhaithe ó rialú airgeadais agus rialacháin aistrithe na tíre ina bhfuil sí lonnaithe. Déanfar institiúidí den sórt sin a aicmiú i gCatagóirí Riosca Tíre ó 0 go dtí 7, ar bhonn cás ar chás de réir measúnaithe ar an riosca a ghabhann le gach ceann acu, bunaithe ar a fhiúntas féin, agus an méid seo a leanas á bhreithniú:
— |
an bhfuil neamhspleáchas, ar bhonn reachtúil agus ar bhonn airgeadais, ag an institiúid, |
— |
an bhfuil sócmhainní uile na hinstitiúide díolmhaithe ó náisiúnú nó ó choigistiú, |
— |
an bhfuil lánsaoirse ag an institiúid cistí a aistriú agus a chomhshó, |
— |
an bhfuil an institiúid saor ó aon idirghabháil ag an rialtas inti sa tír ina bhfuil sí lonnaithe, |
— |
an bhfuil díolúine cánach ag an institiúid, agus |
— |
an bhfuil oibleagáid ar Bhalltíortha uile na hinstitiúide caipiteal breise a sholáthar chun freastal ar oibleagáidí na hinstitiúide. |
Agus an measúnú á dhéanamh, ba cheart go gcuirfí san áireamh freisin an taifead íocaíochta stairiúil i gcásanna mainneachtana ar rioscaí creidmheasa tíre, bíodh sé sin sa tír ina bhfuil sí lonnaithe nó i dtír an cheannaitheora/iasachtaí; mar aon le haon tosca eile a d’fhéadfaí a mheas a bheith cuí don phróiseas measúnaithe.
Ní liosta iata é an liosta d’institiúidí aicmithe iltaobhacha agus réigiúnacha, agus féadfaidh Rannpháirtí institiúid a ainmniú mar institiúid a ndéanfaí athbhreithniú uirthi de réir na mbreithnithe thuasliostaithe. Poibleoidh na Rannpháirtithe na haicmithe a dhéanfar ar institiúidí iltaobhacha agus réigiúnacha.
IARSCRÍBHINN VIII
CRITÉIR AGUS COINNÍOLLACHA A RIALAÍONN CUR I bhFEIDHM AN MHAOLAITHE/EISIAIMH RIOSCA TÍRE NUAIR A BHÍONN NA PRÉIMHRÁTAÍ ÍOSTA Á RÍOMH
CUSPÓIR
San Iarscríbhinn seo, tugtar mionsonraí ar an tslí a n-úsáidtear na teicnící do mhaolú/eisiamh riosca creidmheasa tíre atá liostaithe in Airteagal 28(b) den Socrú; áirítear air seo na critéir, na coinníollacha agus na himthosca sainiúla atá i bhfeidhm maidir lena n-úsáid chomh maith leis na MEFanna is infheidhme.
CUR I bhFEIDHM GINEARÁLTA
I gcás gach ceann de na teicnící do mhaolú/eisiamh riosca creidmheasa tíre atá liostaithe in Airteagal 28(b) den Socrú:
— |
is iad na MEFanna atá liostaithe an t-uasmhéid a bheartófaí sna himthosca is fearr agus ba cheart údar maith a lua leo ar bhonn cás ar chás, |
— |
fionnfaidh na Rannpháirtithe an féidir forghníomhú bailí a dhéanamh ar na socruithe slándála ina dtimpeallacht dhlíthiúil/bhreithiúnach, |
— |
maidir leis an MPR a thiocfaidh as úsáid na dteicnící do mhaolú/eisiamh riosca creidmheasa tíre, ní bhainfidh sé an bonn de phraghsáil sa mhargadh príobháideach in imthosca comhchosúla, |
— |
sa chás go mbeidh maoiniú á fháil ag idirbheart ó fhoinsí eile ag an am céanna, déileálfar le haon urrús a choimeádfar i dtaca leis an gcreidmheas onnmhairiúcháin oifigiúil ar bhonn pari passu, ar a laghad, leis an urrús céanna a bheidh ar seilbh ag na foinsí eile. |
CUR I bhFEIDHM SAINIÚIL
1. Struchtúr ag a bhfuil Sreabhadh Ionchasach Eischósta nasctha le Cuntas Eascró Eischósta
Sainmhíniú:
Doiciméad i scríbhinn, amhail gníomhas nó socrú um scaoileadh nó um iontaobhaithe, a bhíonn séalaithe agus a sheachadtar chuig tríú páirtí, i.e. duine nach páirtí san ionstraim sin é nó í, agus ar doiciméad é a choinneofar i seilbh an tríú páirtí sin go dtí go ndéanfar coinníollacha áirithe a chomhall agus an uair sin go ndéanfaidh an tríú páirtí é a sheachadadh chuig an bpáirtí eile chun go mbeidh éifeacht leis. Má chomhlíontar na critéir seo a leanas, faoi réir na dtosca breise atá liostaithe a chur san áireamh, is féidir leis an teicníc seo na rioscaí um aistriú a laghdú nó a dhíothú, go príomha sna catagóirí ardriosca tíre.
Critéir:
— |
tá an cuntas eascró ceangailte le tionscadal um thuilleamh ó mhalairt eachtrach agus is é an tionscadal féin agus/nó infháltais onnmhairiúcháin eischósta eile a ghineann na sreafaí isteach sa chuntas eascró, |
— |
is i seilbh eischósta atá an cuntas eascró, i.e. tá sé lonnaithe lasmuigh de thír an cheannaitheora/iasachtaí mar a bhfuil na rioscaí tíre a bhaineann le haistriú nó nithe eile an-teoranta (i.e. tír atá aicmithe i gCatagóir 0), |
— |
tá an cuntas eascró i mbanc den chéad aicme nach bhfuil á rialú go díreach nó go hindíreach le leasanna an cheannaitheora/iasachtaí nó ag tír an cheannaitheora/iasachtaí, |
— |
tá cistiú an chuntais á urrú trí chonarthaí fadtéarmacha nó trí chonarthaí iomchuí eile, |
— |
is in airgeadra crua atá teaglaim fhoinsí ioncaim (i.e. iad sin a ghintear leis an tionscadal féin agus/nó le foinsí eile) an cheannaitheora/iasachtaí atá ag sreabhadh tríd an gcuntas agus is féidir a bheith ag súil leis go réasúnach gur leor na foinsí ioncaim sin le chéile chun críche na fiach-sheirbhíse ar feadh fhad iomlán an chreidmheasa, agus go dtagann siad ó chustaiméir coigríche inchairde amháin nó níos mó atá lonnaithe i dtíortha ar fearr a leibhéal riosca ná tír an cheannaitheora/iasachtaí (i.e. tíortha a aicmítear de ghnáth i gCatagóir 0), |
— |
tugann an ceannaitheoir/iasachtaí ordú neamh-inchúlghairthe do na custaiméirí coigríche íoc isteach go díreach sa chuntas (i.e. ní chuirtear íocaíochtaí ar aghaidh trí chuntas atá á rialú ag an gceannaitheoir/iasachtaí nó trína thír), |
— |
tá na cistí a bheidh le coinneáil sa chuntas comhionann le sé mhí ar a laghad den fhiach-sheirbhís. Sa chás ina mbíonn téarmaí solúbtha aisíocaíochta á gcur i bhfeidhm faoi struchtúr maoinithe tionscadail, déantar méid is comhionann leis an bhfiach-sheirbhís sé mhí iarbhír a choinneáil sa chuntas faoi na téarmaí solúbtha sin; d’fhéadfadh an méid sin athrú in imeacht ama ag brath ar phróifíl na fiach-sheirbhíse, |
— |
tá srian curtha ag an gceannaitheoir/iasachtaí ar rochtain chuig an gcuntas (i.e. ní bheidh rochtain ann go dtí go mbeidh íocaíocht na fiach-sheirbhíse déanta faoin gcreidmheas), |
— |
déantar na hioncaim a thaisctear sa chuntas a shannadh chuig an iasachtóir mar thairbhí díreach ar feadh ré iomlán an chreidmheasa, |
— |
le hoscailt an chuntais, tá na húdaruithe dlíthiúla go léir atá riachtanach faighte ó na húdaráis áitiúla agus ó aon údaráis iomchuí eile, |
— |
ní fhéadfaidh an cuntas eascró agus na socruithe conarthacha a bheith coinníollach agus/nó in-chúlghairthe agus/nó teoranta maidir lena dtréimhse. |
Tosca Breise atá le cur san áireamh:
Tá feidhm ag an teicníc faoi réir na saintréithe thuas a bhreithniú ar bhonn cás ar chás agus, inter alia, le haird ar na nithe seo a leanas:
— |
an tír, an ceannaitheoir/iasachtaí (i.e. bíodh sé poiblí nó príobháideach), an earnáil, an leochaileacht i ndáil leis na tráchtearraí nó na seirbhísí atá i gceist, lena n-áirítear iad a bheith ar fáil d’fhad iomlán an chreidmheasa, na custaiméirí, |
— |
na struchtúir dlí, e.g. an bhfuil an sásra díolmhaithe a dhóthain ó thionchar an cheannaitheora/iasachtaí nó a thíre, |
— |
an méid a fhéadfaidh rialtas i gcónaí cur isteach ar an teicníc, í a athnuachan nó a tharraingt siar, |
— |
an mbeadh an cuntas cosanta a dhóthain in aghaidh rioscaí tionscadal-ghaolmhara, |
— |
an méid a shreabhfaidh isteach sa chuntas agus an sásra le haghaidh leanúint den soláthar iomchuí, |
— |
an cás i ndáil le Club Pháras (e.g. gur féidir díolmhú a fháil), |
— |
an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag rioscaí tíre, taobh amuigh de riosca aistrithe, |
— |
an chosaint ar rioscaí na tíre ina bhfuil an cuntas lonnaithe, |
— |
na conarthaí leis na custaiméirí, lena n-áirítear a gcineál agus a bhfad, agus |
— |
méid foriomlán an tuillimh choigríche ionchasaigh i gcoibhneas le méid iomlán an chreidmheasa. |
An MEF is infheidhme
Is é 0,20 an MEF uasta is infheidhme, mura rud é:
|
Cás Sainiúil 1: Is é 0,40 an MEF uasta is infheidhme má chomhlíontar gach ceann de na critéir bhreise seo a leanas:
|
|
Cás Sainiúil 2: Is é 0,30 an MEF uasta is infheidhme má chomhlíontar gach ceann de na critéir bhreise seo a leanas:
|
2. Urrús Crua Eischósta
Sainmhíniú:
Urrús i bhfoirm gealltáin céadtosaíochta nó dara tosaíochta eischósta nó sannacháin urrús atá i seilbh eischósta ag scairshealbhóir an cheannaitheora/iasachtaí nó atá i seilbh eischósta ag an gceannaitheoir/iasachtaí féin, nó airgead i dtaisce atá i gcuntas eischósta.
Critéir:
— |
sainmhínítear na hurrúis mar stoic agus bannaí atá liostaithe go poiblí arna n-eisiúint ag eintitis atá lonnaithe i dtíortha ar fearr a leibhéal riosca, atá lasmuigh de thír an cheannaitheora/iasachtaí, agus a ndéantar iad a thrádáil nó a mhalartú i dtíortha atá aicmithe i gCatagóir 0, |
— |
sainmhínítear airgead tirm mar thaiscí in airgeadra crua na dtíortha atá aicmithe i gCatagóir 0 nó státchistí in airgeadraí crua den sórt sin arna n-eisiúint ag tíortha atá aicmithe i gCatagóir 0, |
— |
tá an t-urrús neamhchoinníollach agus neamh-inchúlghairthe ar feadh fhad iomlán an chreidmheasa, |
— |
tá riosca níos fearr ag gabháil leis an tír ina bhfuil an t-urrús lonnaithe ná mar atá le tír an cheannaitheora/iasachtaí agus is tír í a dhéanfaí a aicmiú de ghnáth i gCatagóir 0, |
— |
tá an t-urrús thar rochtain an cheannaitheora/iasachtaí agus lasmuigh dá dhlínse, |
— |
i rith na tréimhse aisíocaíochta, comhfhreagraíonn luach margaidh tuartha na n-urrús, arna mheasúnú go stuama, le méid an fhiachais gan íoc atá cumhdaithe ag an urrús, |
— |
in aon chás, is éard a bheidh sa taisce airgid tirim nó luach stuamachta na n-urrús (ar cheart go gcuimseodh sé an Bunairgead agus an tÚs araon) ná (1) méid nach lú ná 10 faoin gcéad den Bhunairgead móide an tÚs gaolmhar; nó (2) Bunairgead de chúig mhilliún SDR móide an tÚs gaolmhar má théann an t-idirbheart thar 50 milliún SDR, |
— |
is féidir an t-urrús a scaoileadh go dleathach agus go neamhchoinníollach i gcás mainneachtana (i.e. mainneachtain na rioscaí creidmheasa tíre i dtír an cheannaitheora/iasachtaí), |
— |
is féidir fáltais na n-urrús nó an taisce airgid tirim a chomhshó go saoráideach go dtí airgeadra an chreidmheasa nó go dtí airgeadra crua eile, |
— |
i gcás mainneachtana, déantar na hurrúis a aistriú go díreach go dtí an creidiúnaí, nó déantar an méid iomchuí den taisce airgid tirim a íoc go díreach leis an gcreidiúnaí. |
Tosca Breise atá le cur san áireamh:
Tá feidhm ag an teicníc de ghnáth maidir le gach tír, ceannaitheoir/iasachtaí agus earnáil, faoi réir na saintréithe thuas a bhreithniú ar bhonn cás ar chás agus, inter alia, le haird ar na nithe seo a leanas:
— |
impleachtaí úinéireacht (bíodh sí poiblí nó príobháideach) na n-urrús nó na taisce airgid tirim, e.g. i ndáil lena dhóchúla a bheadh sé go ndéanfaí an t-urrús sin a réadú i gcás féichiúnaithe poiblí, |
— |
luach ionchasach na n-urrús agus a dhóchúla a bheadh sé go ndéanfaí réadú i ndáil leis an eintiteas, an earnáil agus an tír as a dtagann na hurrúis, |
— |
an timpeallacht dhlíthiúil. |
An MEF is infheidhme
Maidir leis an MEF sainiúil a chuirfear i bhfeidhm:
— |
léireoidh sé an méid seachtraithe a d’fhéadfaí a dhéanamh faoi réir, inter alia, luach leantach na sócmhainní, agus léireoidh sé freisin na neamhchinnteachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le réadú an urrúis, |
— |
déanfar é a chinneadh ar bhonn cás ar chás d’fhonn go léireofaí, inter alia de réir boinn, luach an urrúis a soláthraíodh i gcoibhneas le bunluach an chreidmheasa mar aon leis an aicmiú riosca tíre is infheidhme don tír ina bhfuil an t-urrús lonnaithe. |
Measfar nach mbeidh luach an urrúis in airgead tirim níos mó ná 80 faoin gcéad de agus measfar nach mbeidh luach stoic nó bannaí níos mó ná 35 faoin gcéad dá luacháil stuamachta.
3. Urrús Sócmhainn-bhunaithe Eischósta
Sainmhíniú:
Sócmhainní i bhfoirm morgáistí céadtosaíochta ar shócmhainní réadacha (i.e. dochorraithe) atá i seilbh eischósta.
Critéir:
— |
tá an t-urrús neamhchoinníollach agus neamh-inchúlghairthe ar feadh fhad iomlán an chreidmheasa, |
— |
tá luach margaidh tuartha, arna mheasúnú go stuama, ag na sócmhainní réadacha agus is cuid shubstaintiúil de chothromas an úinéara iad. I rith na tréimhse aisíocaíochta, comhfhreagraíonn an luach tuartha le méid an fhiachais gan íoc atá amuigh ar an gceannaitheoir/iasachtaí, |
— |
is féidir an t-urrús a scaoileadh go dleathach agus go neamhchoinníollach i gcás mainneachtana (e.g. mainneachtain na rioscaí creidmheasa tíre i dtír an cheannaitheora/iasachtaí), |
— |
is féidir na fáltais a chomhshó go dtí airgeadra an chreidmheasa nó go dtí airgeadra crua eile, |
— |
i gcás mainneachtana, déantar na fáltais iomchuí a íoc leis an gcreidiúnaí, nó a shannadh go díreach chuige, |
— |
tá riosca níos fearr ag gabháil leis an tír inar féidir an t-urrús a fhorghníomhú ná mar atá le tír an cheannaitheora/iasachtaí, i.e. is tír í a dhéanfaí a aicmiú de ghnáth sna catagóirí de na rioscaí is fearr. |
Tosca Breise atá le cur san áireamh:
Tá feidhm ag an teicníc de ghnáth maidir le gach tír, ceannaitheoir/iasachtaí agus earnáil, faoi réir na saintréithe thuas a bhreithniú ar bhonn cás ar chás agus, inter alia, le haird ar na nithe seo a leanas:
— |
impleachtaí úinéireacht na sócmhainní réadacha (bíodh sí poiblí nó príobháideach), e.g. i ndáil lena dhóchúla a bheadh sé go ndéanfaí an t-urrús sin a réadú i gcás úinéirí poiblí, |
— |
cineál na sócmhainní réadacha (e.g. earnáil), rud a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an leanúnachas ina luach agus ar dhóchúlacht a réadaithe, |
— |
an timpeallacht dhlíthiúil. |
An MEF is infheidhme
Maidir leis an MEF sainiúil a chuirfear i bhfeidhm:
— |
léireoidh sé an méid seachtraithe a d’fhéadfaí a dhéanamh faoi réir, inter alia, luach leantach na sócmhainní, agus léireoidh sé freisin na neamhchinnteachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le réadú an urrúis, agus |
— |
déanfar é a chinneadh ar bhonn cás ar chás d’fhonn go léireofaí, inter alia de réir boinn, luach an urrúis a soláthraíodh i gcoibhneas le bunluach an chreidmheasa mar aon leis an aicmiú riosca tíre is infheidhme don tír ina bhfuil an t-urrús lonnaithe. |
Maidir leis an difríocht idir an MPR a eascróidh as cur i bhfeidhm na teicníce seo agus an MPR a bheadh i bhfeidhm d’uireasa aon mhaolaithe, ní bheidh sí níos mó ná 15 faoin gcéad den difríocht idir an MPR a bheadh i bhfeidhm d’uireasa aon mhaolaithe riosca agus an MPR a d’eascródh as cur i bhfeidhm an aicmithe riosca tíre don tír ina bhfuil an tsócmhainn lonnaithe.
Sna himthosca seo a leanas, beidh feidhm ag na himpleachtaí praghsála ar bhonn a bhfuil tuairisc tugtha anseo thíos orthu:
— |
tá an t-urrús (ar cheart go gcuimseodh sé an Bunairgead agus an tÚs araon) teoranta ina mhéid ar bhonn aonfhoirmeach ar feadh fad iomlán an chreidmheasa agus séard a bheidh ann ná (1) méid nach lú ná 10 faoin gcéad den Bhunairgead móide an tÚs gaolmhar; nó (2) Bunairgead de chúig mhilliún SDR móide an tÚs gaolmhar mura rachaidh an t-idirbheart thar 50 milliún SDR; sa chás seo, beidh feidhm ag an impleacht praghsála ar bhonn pro-rata i dtaca leis an mBunairgead faoi ráthaíocht/méid Bunairgid an chreidmheasa, |
— |
tá an t-urrús (ar cheart go gcuimseodh sé an Bunairgead agus an tÚs araon) teoranta ina mhéid ar bhonn neamh-aonfhoirmeach ar feadh fad iomlán an chreidmheasa agus is éard a bheidh ann ná (1) méid nach lú ná 10 faoin gcéad den Bhunairgead móide an tÚs gaolmhar; nó (2) Bunairgead de chúig mhilliún SDR móide an tÚs gaolmhar má théann an t-idirbheart thar 50 milliún SDR. Sa chás seo, beidh feidhm ag an impleacht praghsála ar bhonn pro-rata arna dhíorthú ó úsáid choincheap na meánré ualaithe. |
4. Maoiniú Eischósta Sócmhainn-urraithe agus Sócmhainn-bhunaithe
Sainmhíniú:
Urrús i bhfoirm léasa eischósta nó morgáiste céadtosaíochta ar shócmhainní sochorraithe agus i dtaca leis an urrús sin
(1) |
nach ndéantar é a úsáid chun go mbeadh na rioscaí creidmheasa tíre inghlactha (e.g. i gcás tíortha atá i gcatagóirí ardriosca); nó |
(2) |
nach urrús é atá bainteach go príomha le riosca an cheannaitheora/iasachtaí nó le riosca an iasachtóra. |
Critéir:
— |
is iondúil go bhfuil na sócmhainní bainteach go díreach leis an idirbheart, |
— |
is sócmhainní iad atá so-aitheanta agus soghluaiste nó iniompartha, agus is féidir leis an gcreidiúnaí, a ghníomhaire nó a ainmní lasmuigh de thír an cheannaitheora/iasachtaí nó an léasaí, iad a athshealbhú/urghabháil go hiarbhír agus go dleathach, |
— |
tá an t-urrús neamh-inchúlghairthe agus neamhchoinníollach ar feadh fhad iomlán an chreidmheasa, |
— |
i rith na tréimhse aisíocaíochta, tá luach margaidh tuartha, arna mheasúnú go stuama, ag na sócmhainní a chomhfhreagraíonn le méid an fhiachais gan íoc, |
— |
tá an t-urrús cláraithe i gcríoch eischósta, a bhfuil dlínse inghlactha inti, |
— |
is féidir na sócmhainní a dhíol go saoráideach agus tá deiseanna úsáide ann dóibh lasmuigh de thír an cheannaitheora/iasachtaí nó an léasaí, |
— |
is féidir na fáltais a chomhshó go dtí airgeadra an chreidmheasa nó go dtí aon airgeadra crua eile, |
— |
sa chás go ndéantar réadú ar an urrús, déantar na fáltais a íoc go díreach leis an gcreidiúnaí. |
Tosca Breise atá le cur san áireamh:
Tá feidhm ag an teicníc, ar an gcéad ásc, maidir le haerárthaí, longa agus ardáin ola, mar shampla, a bhfuil sé ceaptha iad a bheith in úsáid lasmuigh de thír an cheannaitheora/iasachtaí nó léasaí, féadfar é a chur i bhfeidhm, áfach, maidir le gach tír, ceannaitheoir/iasachtaí agus earnáil, faoi réir na saintréithe thuas a bhreithniú ar bhonn cás ar chás agus, inter alia, le haird ar na nithe seo a leanas:
— |
cineál na sócmhainní a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a soghluaiseacht iomlán, ar an bhféidearthacht iad a athshealbhú lasmuigh de thír an cheannaitheora/iasachtaí nó léasaí agus ar a luach margaidh tráchtála atá tuartha, |
— |
costais urghabhála, iompair, athchóirithe agus athdhíola na sócmhainní, mar aon leis na costais úis a fhabhraíonn go dtí tráth an athdhíola, |
— |
an fhéidearthacht na sócmhainní a urghabháil sna tíortha is fearr riosca agus a bhfuil timpeallacht dhlíthiúil iomchuí iontu. |
An MEF is infheidhme
Maidir leis an MEF sainiúil a chuirfear i bhfeidhm:
— |
léireoidh sé méid an mhaolaithe féideartha ar riosca creidmheasa tíre ag brath, inter alia, ar luach leantach na sócmhainní, agus léireoidh sé freisin na neamhchinnteachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le hin-aisghabhálacht idirnáisiúnta, |
— |
déanfar é a chinneadh ar bhonn cás ar chás, agus |
— |
ní rachaidh sé thar 0,10, nó i gcás aerárthaí ní rachaidh sé thar 0,20. |
Sa chás ina mbíonn an t-urrús (ar cheart go gcuimseodh sé an Bunairgead agus an tÚs araon) teoranta ina mhéid ar bhonn aonfhoirmeach ar feadh fhad iomlán an chreidmheasa agus gurb éard a bheidh ann: (1) méid nach lú ná 10 faoin gcéad den Bhunairgead móide an tÚs gaolmhar; nó (2) Bunairgead de chúig mhilliún SDR móide an tÚs gaolmhar má théann an t-idirbheart thar 50 milliún SDR, déanfar an MEF a ríomh ar bhonn a léireoidh méid an urrúis i gcomparáid leis an mBunairgead faoi ráthaíocht/le méid Bhunairgead an chreidmheasa.
5. Cómhaoiniú le hInstitiúidí Airgeadais Idirnáisiúnta (IFIanna)
Sainmhíniú:
Déantar an creidmheas onnmhairiúcháin (i.e. árachas/ráthaíocht/iasacht) a chómhaoiniú le IFI atá aicmithe chun críocha préimhe ag na Rannpháirtithe.
Critéir:
— |
tá stádas creidiúnaí tosaíochta ag an IFI, |
— |
tá measúnú déanta ag an IFI ar an tionscadal agus ar ghnéithe teicniúla, eacnamaíochta agus airgeadais an tionscadail mar aon le timpeallacht an riosca tíre, |
— |
meastar go gcoinneoidh an IFI súil ar fhorghníomhú agus ar aisíocaíocht an tionscadail. |
Tosca Breise atá le cur san áireamh:
Tá feidhm ag an teicníc maidir le gach tír, ceannaitheoir/iasachtaí agus earnáil ina bhféadfaidh an IFI idirghabháil a dhéanamh i gcomhréir lena stádas agus a bheartas faoi réir na saintréithe thuas a bhreithniú ar bhonn cás ar chás agus, inter alia, le haird ar na nithe seo a leanas i dtaca leis an tionscadal:
— |
an raibh dlúthchomhar idir an Rannpháirtí agus an IFI le linn phróiseas meastóireachta agus bunaithe an tionscadail agus le linn mhaoiniú an tionscadail, |
— |
an bhfuair an Rannpháirtí tairbhe pari passu agus clásail trasmhainneachtana ón IFI maidir le méid iomlán agus fad iomlán an chreidmheasa, |
— |
beidh feidhm freisin ag na clásail agus an comhar idir an Rannpháirtí agus an IFI sa chás nach mbíonn sceideal aibíochta an dá chreidmheas mar a chéile, agus |
— |
tá na socruithe IFI céanna i bhfeidhm maidir le haon tairiscint iomaíoch a thagann ó Rannpháirtí. |
An MEF is infheidhme
Ní bheidh an MEF uasta is infheidhme níos mó ná 0,05.
6. Maoiniú in Airgeadra Áitiúil
Sainmhíniú:
Conradh agus maoiniú a dhéantar a chaibidlú in airgeadra in-chomhshóite agus atá ar fáil go háitiúil, ach nach airgeadra crua é, agus a dhéantar a mhaoiniú go háitiúil, rud a dhíothaíonn nó a mhaolaíonn an riosca aistrithe. I bprionsabal, ní dhéanfadh an chéad dá riosca creidmheasa tíre aon difear don phríomhoibleagáid fiachais san airgeadra áitiúil.
Critéir:
— |
maidir le híocaíocht dhliteanas agus éilimh an ECA nó maidir leis an íocaíocht leis an Dír-Iasachtóir, sloinntear/déantar go huile agus go hiomlán í san airgeadra áitiúil, |
— |
níl an ECA, de ghnáth, neamhchosanta ar an riosca aistrithe, |
— |
de ghnáth, ní bheidh sé riachtanach taiscí in airgeadra áitiúil a chomhshó go hairgeadra crua, |
— |
is urscaoileadh bailí ar oibleagáid an iasachta é go ndéanfadh an t-iasachtaí an aisíocaíocht ina airgeadra féin agus ina thír féin, |
— |
má bhíonn ioncam an iasachtaí in airgeadra áitiúil, tá cosaint ag an iasachtaí ar athruithe díobhálacha sa ráta malairte, |
— |
níor cheart go ndéanfadh rialacháin um aistriú i dtír an iasachtaí difear d’oibleagáidí aisíocaíochta an iasachtaí, óir go bhfanfaidís in airgeadra áitiúil, |
— |
tar éis mainneachtana as a leanfadh íocaíocht éilimh in airgeadra áitiúil, déantar luach an éilimh a aistriú go méid coibhéiseach in airgeadra crua, amhail a leagtar amach go sainráite i gcomhaontú na hiasachta. Dhéanfaí gnóthú na híocaíochta éileamh in airgeadra áitiúil a bheadh mar fhrithluach ar luach na híocaíochta éileamh in airgeadra crua ag tráth déanta na híocaíochta éileamh, |
— |
is ar an bpáirtí árachaithe a thitfidh an fhreagracht na haisíocaíochtaí a dhéanfaidh an ceannaitheoir/iasachtaí in airgeadra áitiúil a chomhshó, agus is ar an bpáirtí árachaithe freisin a bheidh an riosca malartaithe a ghabhann le díluacháil nó luachmhéadú ar fháltais in airgeadra áitiúil. (Cé go bhféadfadh neamhchosaint dhíreach ar luaineachtaí airgeadais a bheith ann don Dír-Iasachtóir, ní neamhchosaint é atá gaolmhar le rioscaí tíre ná le rioscaí ceannaitheora/iasachtaí.) |
Tosca Breise atá le cur san áireamh:
Tá feidhm ag an teicníc ar bhonn roghnach maidir le hairgeadraí in-chomhshóite agus inaistrithe, sa chás gur slán don eacnamaíocht bhunúsach. Ba cheart go mbeadh ECA an Rannpháirtí in ann a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh a fhad a bhaineann le héilimh arna sloinneadh ina airgeadra féin a íoc sa chás go n-éiríonn don airgeadra áitiúil a bheith “do-inaistrithe” nó “neamh-inchomhshóite” tar éis don ECA dliteanas a ghlacadh ar láimh. (Thitfeadh an neamhchosaint seo ar Dhír-Iasachtóir, áfach.)
Fiú leis an méid arna mhainneachtain (ní hé luach iomlán na hiasachta) a aistriú go méid coibhéiseach in airgeadra crua, bheadh oibleagáid airgeadra áitiúil fós ar an iasachtaí, cé gur le luach “neamhiata” é, maidir leis an luach coibhéiseach in airgeadra crua den mhéid arna mhainneachtain. Chaithfeadh íocaíocht an fhiachais gan íoc, arna dhéanamh ag an iasachtaí faoi dheireadh in airgeadra áitiúil, a bheith coibhéiseach le luach na híocaíochta éileamh in airgeadra crua ag tráth déanta na híocaíochta éileamh.
An MEF is infheidhme
Déanfar an MEF sainiúil a bheidh le feidhmiú a chinneadh ar bhonn cás ar chás, ach má bhíonn na chéad trí riosca creidmheasa tíre eisiata go sainiúil, áfach, is é 0,50 an MEF uasta. Más maolú ar an riosca, agus é sin amháin, a dhéantar, i.e. gan é a eisiamh go sainráite, is é 0,35 an MEF uasta.
7. Árachas Tríú Tíre nó Ráthaíocht Choinníollach
8. Féichiúnaí a léiríonn Riosca níos Fearr ná an Riosca Flaithiúnais
Tá tuilleadh plé le déanamh ag na Rannpháirtithe ar an gcaoi a n-úsáidfear teicníc 7 agus teicníc 8 den Iarscríbhinn seo.
(1) Déanfar na ríomhanna den LLCR agus den ADSCR i gcomhréir leis na comhghnáis a bhíonn á gcur i bhfeidhm de ghnáth ag iasachtóirí stuama idirnáisiúnta chun cás baincéireachta (cás lárnach) comhaontaithe a bhunú ag tráth chríochnaithe an idirbhirt, nó gar don tráth sin, agus tar éis lándícheall cuí (teicniúil agus eacnamaíoch) a bheith déanta.
IARSCRÍBHINN IX
SEICLIOSTA DON CHÁILÍOCHT FORBARTHA
SEICLIOSTA DO CHÁILÍOCHT FORBARTHA NA dTIONSCADAL CABHAIR-MHAOINITHE
Tá roinnt critéar curtha i dtoll a chéile le blianta beaga anuas ag an DAC lena áirithiú go mbíonn tionscadail i dtíortha atá i mbéal forbartha, agus a ndéantar maoiniú orthu, go hiomlán nó go páirteach, le Cabhair Forbartha Oifigiúil (ODA), ag rannchuidiú leis an bhforbairt. Go bunúsach, tá na critéir sin le fáil sna doiciméid seo a leanas:
— |
Prionsabail an DAC maidir le Breithmheas Tionscadal (DAC Principles for Project Appraisal, 1988), |
— |
Treoirphrionsabail DAC maidir le Maoiniú Comhlachaithe agus Cúnamh Forbartha Oifigiúla atá Ceangailte agus atá Neamhcheangailte go Páirteach (DAC Guiding Principles for Associated Financing and Tied and Partially Untied Official Development Assistance, 1987), agus |
— |
Dea-Chleachtais Soláthair le haghaidh Cúnaimh Forbartha Oifigiúla (Good Procurement Practices for Official Development Assistance, 1986). |
A MHÉID ATÁ AN TIONSCADAL AG LUÍ LE TOSAÍOCHTAÍ FORIOMLÁNA INFHEISTÍOCHTA NA TÍRE FÁLA (ROGHNÚ TIONSCADAL)
An bhfuil cuid an tionscadail de na cláir um infheistíocht agus chaiteachas poiblí formheasta cheana féin ag údaráis lárnacha airgeadais agus pleanála na tíre fála?
(Sonraigh an doiciméad beartais ina luaitear an tionscadal, e.g. clár um infheistíocht phoiblí na tíre fála.)
An bhfuil an tionscadal á chómhaoiniú in éineacht le hinstitiúid airgeadais idirnáisiúnta um fhorbairt?
An bhfuil fianaise ann go ndearna institiúid airgeadais idirnáisiúnta um fhorbairt nó Comhalta eile den DAC an tionscadal a bhreithniú agus ansin a dhiúltú ar an bhforas go raibh tosaíocht íseal forbartha ag an tionscadal?
I gcás tionscadail earnála príobháidí, an bhfuil sé formheasta ag rialtas na tíre fála?
An bhfuil an tionscadal cuimsithe ag comhaontú idir-rialtasach lena bhforáiltear do raon leathan gníomhaíochtaí cabhrach a bheith á ndéanamh ag an mbronntóir sa tír fála?
ULLMHÚ AGUS BREITHMHEAS AN TIONSCADAIL
Ar ullmhaíodh, dearadh agus breithmheasadh an tionscadal ag baint leasa as caighdeáin agus critéir atá ag teacht, cuid mhór, le Prionsabail an DAC maidir le Breithmheas Tionscadail (PPA)? Baineann prionsabail ábhartha le breithmheas a dhéanamh ar thionscadail de réir na bpointí seo a leanas:
(a) |
gnéithe eacnamaíochta (mír 30 go mír 38 den PPA); |
(b) |
gnéithe teicniúla (mír 22 den PPA); |
(c) |
gnéithe airgeadais (mír 23 go mír 29 den PPA). |
I gcás tionscadail a chruthaíonn ioncam, go háirithe má bhíonn sé i mbun táirgíochta do mhargadh iomaíoch, an bhfuil an mhír lamháltais den mhaoiniú cabhrach curtha ar aghaidh chuig críochúsáideoir na gcistí? (mír 25 den PPA).
(a) |
Measúnú institiúideach (mír 40 go mír 44 den PPA). |
(b) |
Anailís shóisialta agus imdháiliúcháin (mír 47 go mír 57 den PPA). |
(c) |
Measúnú comhshaoil (mír 55 go mír 57 den PPA). |
NÓSANNA IMEACHTA UM SHOLÁTHAR
Cad é an modh soláthair a bheidh in úsáid as measc na nithe seo a leanas? (Le haghaidh sainmhínithe, féach na Prionsabail atá liostaithe in Dea-Chleachtas Soláthair le haghaidh ODA).
(a) |
Imthairiscint iomaíoch idirnáisiúnta (Prionsabal Soláthair III agus Iarscríbhinn 2 atá ag gabháil leis: Na coinníollacha íosta maidir le himthairiscint éifeachtach iomaíoch idirnáisiúnta). |
(b) |
Imthairiscint iomaíoch náisiúnta (Prionsabal Soláthair IV). |
(c) |
Comórtas neamhfhoirmiúil nó caibidlíocht dhíreach (Prionsabail Soláthair V A nó B). |
An bhfuil sé beartaithe praghas agus cáilíocht na soláthairtí a sheiceáil (mír 63 den PPA)?
IARSCRÍBHINN X
TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ATÁ INFHEIDHME MAIDIR LE hIDIRBHEARTA UM MAOINIÚ TIONSCADAIL
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
1. Raon feidhme an chur i bhfeidhm
(a) |
Leagtar amach san Iarscríbhinn seo na téarmaí agus na coinníollacha ar dá réir a bhféadfaidh Rannpháirtithe tacú le hidirbhearta um maoiniú tionscadail a chomhlíonann na critéir incháilitheachta atá leagtha amach i bhFoscríbhinn 1. |
(b) |
Sa chás nach bhfuil aon fhoráil chomhfhreagrach san Iarscríbhinn seo, is iad téarmaí an tSocraithe a mbeidh feidhm acu. |
CAIBIDIL II
TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA AIRGEADAIS
2. Téarmaí uasta aisíocaíochta
Is é 14 bliana an téarma uasta aisíocaíochta, ach amháin sa chás go mbíonn an tacaíocht oifigiúil a thugann na Rannpháirtithe do chreidmheas onnmhairiúcháin níos mó ná 35 faoin gcéad den sindeacáitiú i gcomhair tionscadail i dtír Ard-Ioncaim den ECFE, agus sa chás sin is é 10 mbliana an téarma uasta aisíocaíochta.
3. Aisíocaíocht an bhunairgid agus íocaíocht an úis
Féadfar bunsuim chreidmheas onnmhairiúcháin a aisíoc i dtráthchodanna neamhchothroma, agus féadfar an bunairgead agus an t-ús a íoc ar a laghad i dtráthchodanna leathbhliana, a fhad agus a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
ní rachaidh aon aisíocaíocht shingil den bhunairgead nó aon sraith d’íocaíochtaí an bhunairgid laistigh de thréimhse sé mhí thar 25 faoin gcéad de bhunsuim an chreidmheasa; |
(b) |
déanfar an chéad aisíocaíocht den bhunairgead tráth nach déanaí ná 24 mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa agus beidh 2 faoin gcéad, ar a laghad, de bhunsuim an chreidmheasa aisíoctha 24 mhí tar éis thúsphointe an chreidmheasa; |
(c) |
déanfar an t-ús a íoc ar a laghad gach 12 mhí agus déanfar an chéad íocaíocht úis tráth nach déanaí ná gach sé mí tar éis thúsphointe an chreidmheasa; |
(d) |
ní rachaidh meánré ualaithe na tréimhse aisíocaíochta thar seacht mbliana agus ráithe, ach amháin sa chás go mbíonn an tacaíocht oifigiúil a thugann na Rannpháirtithe do chreidmheas onnmhairiúcháin níos mó ná 35 faoin gcéad den sindeacáitiú i gcomhair tionscadail i dtír Ard-Ioncaim den ECFE, agus sa chás sin ní rachaidh an tréimhse aisíocaíochta thar cúig bliana agus ráithe; |
(e) |
tabharfaidh an Rannpháirtí fógra roimh ré de réir Airteagal 5 den Iarscríbhinn seo. |
4. Rátaí íosta úis seasta
Sa chás go dtugann Rannpháirtithe tacaíocht oifigiúil maoinithe d’iasachtaí ar ráta seasta:
(a) |
maidir le téarmaí aisíocaíochta suas go dtí 12 bhliain, agus 12 bhliain san áireamh, déanfaidh an Rannpháirtí na Rátaí Tagartha don Ús Tráchtála (CIRRanna) ábhartha, arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 20 den Chomhaontú, a chur i bhfeidhm; |
(b) |
maidir le téarmaí aisíocaíochta is mó ná 12 bhliain, beidh feidhm ag formhuirear de 20 bonnphointe ar an CIRR maidir leis na hairgeadraí go léir. |
CAIBIDIL III
NÓSANNA IMEACHTA
5. Fógra roimh ré i ndáil le hidirbhearta um maoiniú tionscadail
Nuair a bhíonn sé ar intinn ag Rannpháirtí tacaíocht a thabhairt de réir théarmaí agus choinníollacha na hIarscríbhinne seo, tabharfaidh sé fógra do na Rannpháirtithe go léir 10 lá féilire ar a laghad sula n-eisítear aon cheangaltas. Déanfar an fógra i gcomhréir le hIarscríbhinn V den Socrú. Más rud é, i rith na tréimhse sin, go lorgaíonn aon Rannpháirtí míniú i dtaca leis na téarmaí agus na coinníollacha ar dá réir atá tacaíocht á thabhairt, fanfaidh an Rannpháirtí a thugann an fógra 10 lá féilire eile sula n-eiseofar aon cheangaltas.
Foscríbhinn 1
CRITÉIR INCHÁILITHEACHTA I nDÁIL LE hIDIRBHEARTA UM MAOINIÚ TIONSCADAIL
I. Critéir bhunúsacha
Tá an méid seo a leanas i gceist leis an idirbheart nó is tréith den idirbheart iad:
(a) |
maoiniú ar aonad eacnamaíochta ar leith ina bhfuil an t-iasachtóir sásta sreafaí airgid agus tuillimh an aonaid eacnamaíochta sin a mheas mar fhoinse cistí as a ndéanfar an iasacht a aisíoc, agus go bhfuil sé sásta sócmhainní an aonaid eacnamaíochta a mheas mar chomhthaobhacht don iasacht; |
(b) |
maoiniú ar idirbhearta onnmhairiúcháin le cuideachta tionscadail neamhspleách (go dlíthiúil agus go heacnamaíoch), e.g. cuideachta sainchuspóra, i ndáil le tionscadail infheistíochta a ghineann a n-ioncaim féin; |
(c) |
comhroinnt iomchuí riosca i measc chomhpháirtithe an tionscadail, e.g. scairshealbhóirí príobháideacha nó scairshealbhóirí poiblí inchairde, onnmhaireoirí, creidiúnaithe agus ceannaitheoirí tháirgí na cuideachta tionscadail, lena n-áirítear cothromas dóthanach; |
(d) |
sreabhadh airgid tionscadail a bheidh leordhóthanach i rith na tréimhse aisíocaíochta iomláine chun costais oibríochta agus fiach-sheirbhís do chistí seachtracha a chumhdach; |
(e) |
costas oibríochta agus fiach-sheirbhís a asbhaint ar bhonn tosaíochta as ioncaim an tionscadail; |
(f) |
ceannaitheoir/iasachtaí neamhfhlaithiúnais gan aon ráthaíocht aisíocaíochta flaithiúnais (ach gan ráthaíochtaí feidhmíochta, e.g. socruithe do cheannach táirgí na cuideachta tionscadail, san áireamh); |
(g) |
urrúis shócmhainn-bhunaithe i gcomhair fáltais/sócmhainní an tionscadail, e.g. sannacháin, gealltáin, cuntais fáltais; |
(h) |
teacht teoranta, nó gan teacht ar bith, ar urraithe scairshealbhóirí earnála príobháidí/urraithe an tionscadail, tar éis chríochnú an tionscadail. |
II. Critéir bhreise maidir le hidirbhearta um maoiniú tionscadail i dtíortha ard-iomcaim an ECFE
Tá an méid seo a leanas i gceist leis an idirbheart nó is tréith den idirbheart iad:
(a) |
rannpháirtíocht i sindeacáit iasachta in éineacht le hinstitiúidí airgeadais príobháideacha nach dtairbhíonn de Chreidmheas Onnmhairiúcháin arna Thacú go hOifigiúil, agus a bhfuil na nithe seo a leanas i gceist leo:
|
(b) |
maidir leis an préimhráta i gcomhair aon tacaíochta oifigiúla, ní bhaineann sé an bonn de mhaoiniú margaidh phríobháidigh atá ar fáil agus tá sé ar cóimhéid leis na rátaí comhfhreagracha atá á muirearú ag institiúidí airgeadais príobháideacha eile atá rannpháirteach sa sindeacáitiú. |
IARSCRÍBHINN XI
LIOSTA SAINMHÍNITHE
Chun críche an tSocraithe:
(a) |
Ceangaltas: aon ráiteas, i gcibé foirm, lena gcuirtear in iúl don tír fála, don cheannaitheoir, don iasachtaí, don onnmhaireoir nó don institiúid airgeadais go dtoilítear tacaíocht oifigiúil a sholáthar, nó go bhfuil sé ar intinn é sin a dhéanamh; |
(b) |
Líne Choiteann: tuiscint idir na Rannpháirtithe, maidir le hidirbheart ar leith nó in imthosca speisialta, go gcomhaontaíonn siad téarmaí agus coinníollacha airgeadais sainiúla i gcomhair tacaíochta oifigiúla. Ní ghlacann na rialacha maidir le Líne Choiteann atá comhaontaithe ionad rialacha an tSocraithe ach amháin i gcás an idirbhirt nó na n-imthosca atá sainithe sa Líne Choiteann; |
(c) |
Leibhéal Lamháltais na Cabhrach Ceangailte: i gcás deontas, is 100 faoin gcéad é an leibhéal lamháltais. I gcás iasachtaí, is éard é an leibhéal lamháltais ná an difríocht idir luach ainmniúil na hiasachta agus luach láithreach lascainithe na n-íocaíochtaí fiach-sheirbhíse amach anseo a bheidh le déanamh ag an iasachtaí. Sloinntear an difríocht mar chéatadán de luach ainmniúil na hiasachta; |
(d) |
Luach an Chonartha Onnmhairiúcháin: an méid iomlán a bheidh le híoc ag an gceannaitheoir, nó thar a cheann, ar earraí agus/nó seirbhísí a onnmhairítear, i.e. gan na costais áitiúla a bhfuil sainmhíniú anseo thíos orthu san áireamh. I gcás léasa, eisiatar an cion sin den íocaíocht léasa atá coibhéiseach leis an ús; |
(e) |
Ceangaltas Deiridh: maidir le hidirbhearta creidmheasa onmhairiúcháin (bíodh sé sin ina idirbheart aonair nó ina líne chreidmheasa), is ann do cheangaltas deiridh nuair a cheanglaíonn an Rannpháirtí air féin déanamh de réir théarmaí agus coinníollacha airgeadais atá beacht agus iomlán, bíodh sin trí chomhaontú cómhalartach nó trí ghníomh aontaobhach; |
(f) |
Tacaíocht Ráta Úis: socrú idir rialtas agus bainc nó institiúidí airgeadais eile lena bhféadtar maoiniú onnmhairiúcháin a sholáthar ar ráta seasta atá ag leibhéal an CIRR, nó os a chionn; |
(g) |
Líne Chreidmheasa: creat, i gcibé foirm, le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin a chumhdaíonn sraith idirbheart a d’fhéadfadh a bheith nasctha le togra sainiúil, nó a bhféadfadh sé nach ann do nasc le togra sainiúil; |
(h) |
Costais Áitiúla: caiteachas ar earraí agus seirbhísí i dtír an cheannaitheora atá riachtanach chun conradh an onnmhaireora a fhorghníomhú nó chun an tionscadal a bhfuil conradh an onnmhaireora mar chuid de a thabhairt chun críche. Eisatar leis seo aon choimisiún is iníoctha le gníomhaire an onnmhaireora sa tír cheannaigh; |
(i) |
Cumhdach Foirfe: tacaíocht oifigiúil arna soláthar ag rialtas, nó thar ceann rialtais, trí bhíthin ráthaíocht nó árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, agus iad sin amháin, i.e. nach dtairbhíonn de thacaíocht maoinithe oifigiúil; |
(j) |
Téarma Aisíocaíochta: an tréimhse dar tús túsphointe an chreidmheasa, arna shainmhíniú san Iarscríbhinn seo, agus dar críoch dáta conarthach na haisíocaíochta deiridh den bhunairgead; |
(k) |
Túsphointe an Chreidmheasa:
|
(l) |
Cabhair Cheangailte: cabhair atá ceangailte go héifeachtach (le dlí nó le gníomh) le soláthar earraí agus/nó seirbhísí ón tír bhronntach agus/nó ó líon teoranta tíortha; áirítear leis seo iasachtaí, deontais nó pacáistí maoinithe comhlachaithe ag a bhfuil leibhéal lamháltais is mó ná náid faoin gcéad. Tá feidhm ag an sainmhíniú seo cibé an ndéantar an “ceangal” le comhaontú foirmiúil nó le haon chineál tuisceana neamhfhoirmiúla idir an faighteoir agus an tír bhronntach, nó cibé an áirítear sa phacáiste comhchodanna de na foirmeacha a leagtar amach in Airteagal 31 den Socrú agus nach bhfuil ar fáil go saoráideach agus go hiomlán chun maoiniú a dhéanamh ar sholáthar ó thír fála, ó mhórán gach tír eile atá i mbéal forbartha agus ó na Rannpháirtithe, nó go mbíonn cleachtais i gceist leis a mheasann an DAC nó na Rannpháirtithe a bheidh coibhéiseach le ceangal den sórt sin; |
(m) |
Cabhair Neamhcheangailte: cabhair lena n-áirítear iasachtaí nó deontais agus a bhfuil fáltais na n-iasachtaí nó na ndeontas sin ar fáil go hiomlán agus go saoráideach chun maoiniú a dhéanamh ar sholáthar ó aon tír; |
(n) |
Meánré Ualaithe na Tréimhse Aisíocaíochta: an t-achar a ghlacann sé leath de bhunairgead creidmheasa a íoc ar ais. Déantar é seo a ríomh mar shuim ama (i mblianta) idir túsphointe an chreidmheasa agus gach aisíocaíocht den bhunairgead arna ualú leis an gcion den bhunairgead a íoctar ar ais ag gach dáta aisíocaíochta. |