EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R0580

Rialachán (AE) Uimh. 580/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise maidir lena ré Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

IO L 165, 24.6.2011, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 18/06/2013; Arna aisghairm le 32013R0526

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/580/oj

24.6.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/3


RIALACHÁN (AE) Uimh. 580/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2011

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise maidir lena ré

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa bhliain 2004, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 (3) lenar bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (“an Ghníomhaireacht”).

(2)

Sa bhliain 2008, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1007/2008 (4) lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 maidir le ré na Gníomhaireachta.

(3)

Ó mhí na Samhna 2008, tionóladh díospóireacht phoiblí maidir le treo ginearálta iarrachtaí na hEorpa ar mhaithe le slándáil mhéadaithe gréasáin agus faisnéise, lena n-áirítear díospóireacht maidir leis an nGníomhaireacht. I gcomhréir le straitéis an Choimisiúin um Rialáil Níos Fearr, agus mar rannchuidiú leis an díospóireacht sin, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí maidir leis na cuspóirí i gcomhair beartais neartaithe i ndáil le slándáil gréasáin agus faisnéise ar leibhéal an Aontais, ar comhairliúchán é a bhí ar siúl ó Shamhain 2008 go dtí Eanáir 2009. I Nollaig 2009, ba é an toradh a bhí ar an díospóireacht ná Rún ón gComhairle an 18 Nollaig 2009 maidir le cur chuige comhoibríoch Eorpach i leith Slándála Gréasáin agus Faisnéise (5).

(4)

Agus aird á tabhairt ar thorthaí na díospóireachta poiblí, beartaítear ionstraim eile a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 460/2004.

(5)

D’fhéadfadh sé go dteastódh tréimhse fhada ama le haghaidh díospóireachta i ndáil le nós imeachta reachtach maidir le hathchóiriú na Gníomhaireachta, agus ós rud é go rachaidh sainordú na Gníomhaireachta in éag an 13 Márta 2012, is gá síneadh a ghlacadh trína gcumasófar plé leordhóthanach i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle agus trína n-áiritheofar comhsheasmhacht agus leanúnachas.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, ré na Gníomhaireachta a shíneadh go dtí an 13 Meán Fómhair 2013,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar an méid seo a leanas a chur in ionad Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 460/2004:

“Airteagal 27

Bunófar an Ghníomhaireacht an 14 Márta 2004 ar feadh thréimhse naoi mbliana agus sé mhí.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 8 Meitheamh 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

GYŐRI E.


(1)  IO C 54, 19.2.2011, lch. 35.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Márta 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Bealtaine 2011.

(3)  IO L 77, 13.3.2004, lch. 1.

(4)  IO L 293, 31.10.2008, lch. 1.

(5)  IO C 321, 29.12.2009, lch. 1.


Top