EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R0513

Rialachán (AE) Uimh. 513/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

IO L 145, 31.5.2011, p. 30–56 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/513/oj

31.5.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/30


RIALACHÁN (AE) Uimh. 513/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Bealtaine 2011

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa tuarascáil chríochnaitheach ó ghrúpa Ardleibhéil saineolaithe a foilsíodh an 25 Feabhra 2009, ar grúpa é a raibh Jacques de Larosière ina Chathaoirleach air agus a d'oibrigh faoi shainordú ón gCoimisiún, thángthas ar an gconclúid gur ghá creat maoirseachta na hearnála airgeadais laistigh den Aontas Eorpach a neartú chun an riosca agus an déine a bhainfeadh le géarchéimeanna airgeadais sa todhchaí a laghdú. Moladh sa tuarascáil athchóirithe fadréimseacha a dhéanamh ar an struchtúr maoirseachta. Tháinig an grúpa saineolaithe ar an gconclúid freisin gur cheart Córas Eorpach Maoirseoirí Airgeadais (CEMA) a chruthú arbh é a bheadh ann ná trí Údarás Maoirseachta Eorpacha — ceann amháin le haghaidh earnáil na baincéireachta, ceann amháin le haghaidh earnáil an árachais agus na bpinsean ceirde agus ceann amháin le haghaidh earnáil na n-urrús agus na margaí — agus mhol an grúpa go ndéanfaí Comhairle Eorpach um Riosca Sistéamach a chruthú.

(2)

Ina Theachtaireacht an 4 Márta 2009, dar teideal “Driving European Recovery”, mhol an Coimisiún dréachtreachtaíocht a thabhairt ar aghaidh chun an CEMA a chruthú agus ina Theachtaireacht an 27 Bealtaine 2009, dar teideal “European Financial Supervision”, soláthraíodh tuilleadh mionsonraí faoin struchtúr a d'fhéadfaí a chur ar chreat maoirseachta nua den sórt sin, agus chuir sé béim ar an tsainiúlacht a ghabhann le maoirseacht na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa.

(3)

Mhol an Chomhairle Eorpach, ina conclúidí an 19 Meitheamh 2009, go mbunófaí an CEMA arbh é a bheadh ann ná gréasán maoirseoirí airgeadais náisiúnta agus iad ag obair in éineacht le trí Údarás Maoirseachta Eorpacha nua. Ba cheart go mbeadh an CEMA dírithe ar cháilíocht agus ar chomhsheasmhacht na maoirseachta náisiúnta a uasghrádú, ar fhormhaoirseacht ar ghrúpaí trasteorann a neartú trí choláistí maoirseachta a chur ar bun agus leabhar aonair rialacha Eorpacha a bhunú a bheadh infheidhme maidir le gach rannpháirtí margaidh airgeadais sa mhargadh inmheánach. D'áitigh an Chomhairle Eorpach go tréan gur cheart go mbeadh cumhachtaí maoirseachta ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí i dtaca le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Ina theannta sin, ba cheart go gcoimeádfadh an Coimisiún a inniúlacht chun na Conarthaí a fhorfheidhmiú, go háirithe Caibidil I de Theideal VII den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis na comhrialacha ar iomaíocht i gcomhréir leis na forálacha arna nglacadh chun na rialacha sin a chur chun feidhme.

(4)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), bunaíodh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM).

(5)

Ba cheart raon feidhme inniúlacht ÚEUM a shainiú go soiléir chun gur féidir le rannpháirtithe margaidh airgeadais an t–údarás inniúil i réimse gníomhaíochta na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa a shainaithint. Ba cheart inniúlacht ghinearálta a thabhairt do ÚEUM faoi Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) maidir le hábhair a bhaineann le clárúchán agus le maoirsiú leanúnach a dhéanamh ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe.

(6)

Ba cheart go mbeadh ÚEUM freagrach go heisiach as clárúchán agus as maoirseacht na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa san Aontas. I gcás ina ndéanann ÚEUM cúraimí sonracha a tharmligean chuig údaráis inniúla, ba cheart go leanfadh ÚEUM de bheith freagrach go dlíthiúil. Ba cheart go mbeadh ceannairí na n-údarás inniúil, agus daoine eile d’fhoireann na n-údarás sin, rannpháirteach sa phróiseas cinnteoireachta laistigh de ÚEUM i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, agus iad ag gníomhú mar chomhaltaí de chomhlachtaí de chuid ÚEUM, amhail a mboird maoirseoirí nó a bpainéil inmheánacha. Ba cheart go mbeadh an chumhacht eisiach ag ÚEUM chun comhaontuithe um chomhar a thabhairt chun críche maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis mhaoirseachta de chuid tríú tíortha. Sa mhéid go bhfuil na húdaráis inniúla rannpháirteach sa phróiseas cinnteoireachta laistigh de ÚEUM, nó nuair atá cúraimí á bhforghníomhú acu thar ceann ÚEUM, ba cheart go mbeidís cumhdaithe leis na comhaontuithe sin um chomhar.

(7)

Maidir le feidhmiú an mhargaidh agus cosaint infheisteoirí, d’fhéadfadh mórán breisluacha a bheith ag gabháil le trédhearcacht na faisnéise a thugann eisitheoir ionstraime airgeadais rátáilte don ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá ceaptha. Ba cheart breithniú a dhéanamh, dá bhrí sin, i dtaobh conas is fearr is féidir trédhearcacht na faisnéise is bonn do rátálacha na n-ionstraimí airgeadais go léir a leathnú. Ar an gcéad dul síos, is é is dócha a leanfadh as nochtadh na faisnéise sin do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile atá cláraithe nó deimhnithe ná an iomaíocht idir gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a mhéadú, toisc go bhféadfadh, go háirithe, méadú ar líon na rátálacha gan iarraidh teacht as. Leis na rátálacha gan iarraidh sin a eisiúint, ba cheart go spreagfaí úsáid níos mó ná rátáil amháin in aghaidh na hionstraime airgeadais. Is dócha freisin, go mbeadh sé seo ina chabhair maidir le coinbhleachtaí leasa féidearthacha a sheachaint, go háirithe faoin tsamhail ina n-íocann an t-eisitheoir, agus ba cheart go gcuirfeadh sé feabhas ar cháilíocht na rátálacha. Ar an dara dul síos, d’fhéadfadh sé tarlú, trí nochtadh na faisnéise sin don mhargadh iomlán, go méadófaí cumas na n-infheisteoirí a gcuid anailísí riosca féin a fhorbairt trína ndícheall cuí féin a bhunú ar an bhfaisnéis bhreise sin. D’fhéadfadh sé gurbh é a thiocfadh as nochtadh den sórt sin ná laghdú ar a mhéid a bheifí ag brath ar rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. Chun na cuspóirí bunúsacha sin a bhaint amach, ba cheart don Choimisiún measúnú níos grinne a dhéanamh ar na saincheisteanna sin trí thuilleadh breithnithe a dhéanamh ar raon feidhme iomchuí na hoibleagáide maidir le nochtadh, ag féachaint don tionchar ar na margaí urrúsúcháin áitiúla, ar thuilleadh comhagallaimh leis na páirtithe leasmhara, ar fhaireachán a dhéanamh ar na forbairtí margaidh agus ar na forbairtí rialála, agus ar an taithí atá faighte ag dlínsí eile. I bhfianaise an mheasúnaithe sin, ba cheart don Choimisiún tograí reachtacha iomchuí a chur ar aghaidh. Le measúnú agus tograí an Choimisiúin, ba cheart go gceadófaí sainiú a dhéanamh ar oibleagáidí nua trédhearcachta ar an tslí is iomchuí chun déanamh de réir leas an phobail agus ar shlí is comhsheasmhaí i dtaca le cosaint infheisteoirí.

(8)

Ós rud é go n-úsáidtear rátálacha creidmheasa ar fud an Aontais, ní hé an t–idirdhealú traidisiúnta idir an t–údarás inniúil baile agus na húdaráis inniúla eile ná an úsáid a bhaineann coláistí as comhordú maoirseachta an struchtúr is iomchuí chun gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a mhaoirsiú. Ó bunaíodh ÚEUM, ní gá a thuilleadh an struchtúr sin a choimeád ar bun. Ba cheart, dá bhrí sin, an próiseas clárúcháin a shruthlíniú agus ba cheart na teorainneacha ama a laghdú dá réir.

(9)

Ba cheart go mbeadh ÚEUM freagrach as clárúchán agus as maoirsiú leanúnach na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa ach níor cheart go mbeadh sé freagrach as formhaoirsiú a dhéanamh ar úsáideoirí na rátálacha creidmheasa. Ba cheart, dá bhrí sin, go leanfadh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú faoin reachtaíocht earnála ábhartha chun maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa, ar ghnólachtaí infheistíochta, ar ghnóthais árachais, ar ghnóthais athárachais, ar ghnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS), ar institiúidí um sholáthar maidir le scor ceirde agus ar chistí infheistíochta malartacha de bheith freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar úsáid na rátálacha creidmheasa ag na hinstitiúidí agus ag na heintitis airgeadais sin a ndéantar maoirseacht orthu ar an leibhéal náisiúnta i gcomhthéacs agus chun críche chur i bhfeidhm na dtreoracha eile maidir le seirbhísí airgeadais, i gcomhthéacs agus chun críche úsáid ratálacha creidmheasa i réamheolairí.

(10)

Tá gá le hionstraim éifeachtach chun caighdeáin theicniúla rialála chomhchuibhithe a bhunú chun cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 a éascú i gcleachtas laethúil agus chun machaire réidh agus cosaint leordhóthanach infheisteoirí agus tomhaltóirí a áirithiú ar fud an Aontais. Ós rud é gur comhlacht é a bhfuil saineolas thar a bheith speisialaithe aige, is éifeachtúil agus is iomchuí forbairt dréachtchaighdeán teicniúil rialála a chur ar iontaoibh ÚEUM.

(11)

I réimse na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa, ba cheart go gcuirfeadh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag gníomhaireacht rátála creidmheasa le linn di iarratas a dhéanamh ar chlárúchán, maidir leis an bhfaisnéis nach mór do ghníomhaireacht rátála creidmheasa a sholáthar le haghaidh an iarratais ar dheimhniúchán agus le haghaidh measúnaithe ar a tábhacht shistéamach do chobhsaíocht airgeadais nó do shláine na margaí airgeadais, maidir le tíolacadh na faisnéise nach mór do ghníomhaireacht rátála creidmheasa a nochtadh, lena n-áirítear struchtúr, formáid, modh agus tréimhse tuairiscithe, i dtaca leis an measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, ar thaobh na modheolaíochtaí rátála creidmheasa, agus maidir le hinneachar agus le formáid an tuairiscithe thréimhsiúil ar shonraí rátála atá le hiarraidh ó ghníomhaireacht rátála creidmheasa chun críche na maoirseachta leanúnaí ag ÚEUM. I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, ba cheart don Choimisiún tacú leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin chun éifeacht cheangailteach dhlíthiúil a thabhairt dóibh. Le linn a chuid caighdeán teicniúil rialála a fhorbairt, ba cheart do ÚEUM breithniú a dhéanamh ar na treoirlínte arna n-eisiúint cheana féin ag Coiste na Rialálaithe Urrús Eorpacha maidir le hinneachar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus na treoirlínte sin a nuashonrú, más iomchuí agus más gá sin.

(12)

I réimsí nach gcumhdaítear le caighdeáin theicniúla rialála, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag ÚEUM treoirlínte neamhcheangailteacha a eisiúint agus a nuashonrú maidir le saincheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.

(13)

Chun a dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtach, ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann gach faisnéis atá riachtanach a éileamh, trí iarratas simplí nó trí chinneadh, ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa, ar dhaoine a bhfuil baint acu le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, ar eintitis rátáilte agus ar thríú páirtithe gaolmhara, ar thríú páirtithe a bhfuil feidhmeanna oibríochtúla eisfhoinsithe chucu ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus ar dhaoine a bhfuil gaolmhaireacht nó baint dhlúth shubstainteach ar shlí eile acu le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa nó le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa. Ba cheart go gcumhdófaí leis an ngrúpa daoine is déanaí atá luaite, mar shampla, foireann gníomhaireachta rátála creidmheasa nach bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí rátála ach a bhféadfadh faisnéis thábhachtach a bheith acu maidir le cás sonrach, mar thoradh ar a bhfeidhm laistigh den ghníomhaireacht rátála creidmheasa. D'fhéadfadh sé go mbeadh gnólachtaí a sholáthair seirbhísí don ghníomhaireacht rátála creidmheasa san áireamh sa chatagóir sin freisin. Níor cheart go mbeadh gnóthais a bhaineann úsáid as na rátálacha creidmheasa san áireamh sa chatagóir sin. Más rud é go n-éilíonn ÚEUM an fhaisnéis sin trí iarratas simplí, ní bheidh sé d'oibleagáid ar an seolaí an fhaisnéis a sholáthar, ach i gcás ina ndéanfaidh sé amhlaidh dá dheoin féin, níor cheart go mbeadh an fhaisnéis a sholáthraítear mícheart ná míthreorach. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil gan mhoill.

(14)

Chun a chumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú go héifeachtach, ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh.

(15)

Ba cheart do na húdaráis inniúla aon fhaisnéis a éilítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 a chur in iúl agus ba cheart dóibh cuidiú agus comhoibriú leis ÚEUM. Ba cheart go gcomhoibreodh ÚEUM agus na húdaráis inniúla go dlúth freisin leis na húdaráis inniúla earnála atá freagrach as maoirsiú na ngnóthas dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009. Ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit, mar shampla i gcás ina bhfuil gá le heolas agus taithí ar choinníollacha áitiúla chun cúram maoirseachta a chur i gcrích, ar eolas é agus taithí í a bhfuil fáil níos éasca orthu ar an leibhéal náisiúnta. Áirítear i measc na gcúraimí ar cheart go bhféadfaí iad a tharmligean, cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair. Sula ndéantar na cúraimí a tharmligean, ba cheart do ÚEUM dul i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha maidir leis na coinníollacha mionsonraithe a bhaineann le cúraimí a tharmligean amhlaidh, lena n-áirítear raon feidhme an chúraim atá le tarmligean, an clár ama a bheidh i gceist chun an cúram a chur i gcrích agus tarchur faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuig ÚEUM. Ba cheart go ndéanfadh ÚEUM na húdaráis atá inniúil maidir le cur i gcrích cúraim tharmligthe a chúiteamh i gcomhréir le rialachán maidir le táillí ar rialachán é a ghlacfaidh an Coimisiún trí ghníomh tarmligthe. Níor cheart go mbeadh ÚEUM in ann tarmligean a dhéanamh i gcás na cumhachta chun cinntí a ghlacadh maidir le clárúchán.

(16)

Is gá a áirithiú go mbeidh na húdaráis inniúla in ann a iarraidh go ndéanfaidh ÚEUM scrúdú i dtaobh an bhfuil na coinníollacha maidir le tarraingt siar clárúcháin gníomhaireachta rátála creidmheasa á gcomhlíonadh agus a iarraidh go ndéanfaidh ÚEUM úsáid rátálacha a chur ar fionraí i gcás ina meastar go bhfuil sárú tromchúiseach agus seasmhach á dhéanamh ag gníomhaireacht rátála creidmheasa ar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009. Ba cheart do ÚEUM na hiarrataí sin a mheasúnú agus aon bhearta iomchuí a dhéanamh.

(17)

Ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a fhorchur chun go gcuirfí iallach ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa deireadh a chur le sárú, faisnéis iomlán arna éileamh ag ÚEUM a sholáthar nó glacadh le himscrúdú nó le cigireacht ar an láthair.

(18)

Ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann fíneálacha a ghearradh freisin ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa, i gcás ina gcinneann sé go bhfuil siad tar éis Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 a shárú d'aon ghnó nó le faillí. Ba cheart fíneálacha a ghearradh de réir leibhéal tromchúise na sáruithe. Ba cheart na sáruithe a roinnt ina ngrúpaí éagsúla ar cheart fíneálacha sonracha a chionroinnt ina leith. Chun an fhíneáil a bhaineann le sárú sonrach a ríomh, ba cheart do ÚEUM úsáid a bhaint as modheolaíocht dhá chéim arbh é a bheadh ann méid bunúsach a shocrú agus an méid bunúsach sin a choigeartú, más gá, faoi chomhéifeachtaí áirithe. Ba cheart an méid bunúsach a chinneadh trí láimhdeachas bliantúil na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann a chur san áireamh agus ba cheart go ndéanfaí na coigeartuithe tríd an méid bunúsach a mhéadú nó a laghdú trí na comhéifeachtaí ábhartha a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(19)

Leis an Rialachán seo, bunaítear comhéifeachtaí atá nasctha le himthosca géaraitheacha agus le himthosca maolaitheacha chun go dtabharfaí na huirlisí is gá do ÚEUM chun cinneadh a dhéanamh ar fhíneáil a bheadh comhréireach le tromchúis sáraithe arna dhéanamh ag gníomhaireacht rátála creidmheasa, agus na himthosca ar fúthu a rinneadh an sárú á gcur san áireamh.

(20)

Sula ndéanfar cinneadh maidir le fíneálacha a ghearradh nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a fhorchur, ba cheart do ÚEUM an deis a thabhairt do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil chun urraim a thabhairt dá gcearta maidir le cosaint.

(21)

Ba cheart go leanfadh na Ballstáit de bheith inniúil chun rialacha a leagan síos agus a chur chun feidhme maidir le pionóis is infheidhme i ndáil le sárú ar oibleagáid na n-institiúidí airgeadais agus na n-eintiteas eile gan ach rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 a úsáid chun críocha rialála.

(22)

Níor cheart go gcruthódh an Rialachán seo fasach ar dá réir a ghearrfadh na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha pionóis airgeadais nó pionóis neamhairgeadais ar rannpháirtithe margaidh airgeadais nó ar ghnóthais eile i dtaca le cineálacha eile gníomhaíochta.

(23)

Ba cheart go staonfadh ÚEUM ó fhíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a ghearradh más rud é, maidir le héigiontú nó le ciontú roimhe sin a éiríonn as fíorais chomhionanna nó as fíorais atá comhionann lena chéile go substaintiúil, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

(24)

Ba cheart go mbeadh cinntí ÚEUM lena ngearrtar fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis infhorfheidhmithe agus ba cheart go ndéanfaí forfheidhmiú na gcinntí sin a rialú le rialacha nós imeachta shibhialta atá i bhfeidhm sa Stát ar ina chríoch a dhéantar an forfheidhmiú. Níor cheart go mbeadh rialacha nós imeachta choiriúil san áireamh i rialacha nós imeachta shibhialta, ach ba cheart go mbeadh sé indéanta rialacha nós imeachta riaracháin a áireamh iontu.

(25)

I gcás sáraithe arna dhéanamh ag gníomhaireacht rátála creidmheasa, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag ÚEUM raon beart maoirseachta a dhéanamh, lena n-áirítear a cheangal ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa deireadh a chur leis an sárú, úsáid na rátálacha creidmheasa chun críocha rialála a chur ar fionraí, an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a thoirmeasc go sealadach ó rátálacha creidmheasa a eisiúint agus, mar rogha dheireanach, an clárúchán a tharraingt siar i gcás ina mbeidh sárú tromchúiseach, nó sárú arís agus arís eile, déanta ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa ar fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009, ach níor cheart go mbeadh na bearta maoirseachta teorannaithe do na nithe sin. Ba cheart go gcuirfeadh ÚEUM na bearta maoirseachta i bhfeidhm agus cineál agus tromchúis an tsáraithe á gcur san áireamh, agus ba cheart go ndéanfaí prionsabal na comhréireachta a urramú leo. Sula ndéanfaidh ÚEUM cinneadh maidir le bearta maoirseachta, ba cheart dó an deis a thabhairt do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil chun urraim a thabhairt dá gcearta maidir le cosaint.

(26)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear, go háirithe, le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus leis na traidisiúin bhunreachtúla sna Ballstáit. Dá réir sin, ba cheart an Rialachán seo a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus leis na prionsabail sin, lena n-áirítear na cearta agus na prionsabail sin a bhaineann le saoirse an phreasa agus le saoirse cainte sna meáin chumarsáide agus, mar chuid den cheart ginearálta chun triail chóir a fháil, an ceart chun ateangaireachta agus aistriúcháin dóibh siúd nach labhraíonn nó nach dtuigeann teanga na n-imeachtaí.

(27)

Ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, is iomchuí bearta idirthréimhseacha soiléire a leagan síos maidir le comhaid agus le doiciméid oibre a tharchur ó na húdaráis inniúla chuig ÚEUM.

(28)

Maidir le clárúchán gníomhaireachta rátála creidmheasa arna dheonú ag údarás inniúil, ba cheart go leanfadh sé de bheith bailí ar fud an Aontais tar éis na cumhachtaí maoirseachta a aistriú ó na húdaráis inniúla chuig ÚEUM.

(29)

Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE chun na critéir maidir le measúnú a dhéanamh ar choibhéis creata rialála agus maoirseachta tríú tíre a shonrú tuilleadh nó a leasú chun forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh, go gcumhachtófaí dó rialachán a ghlacadh maidir le táillí agus le rialacha mionsonraithe i dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis, agus go gcumhachtófaí dó na hiarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go ndéanfadh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúchán ar leibhéal saineolaithe.

(30)

Nuair atá gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas, ba cheart go n-áiritheodh an Coimisiún tarchur luath agus tarchur leanúnach faisnéise faoi dhoiciméid ábhartha chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(31)

Ba cheart go mbeadh trí mhí ó dháta an fhógra ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle chun agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe. Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, ba cheart go bhféadfaí an tréimhse sin a fhadú trí mhí i ndáil le hábhair shuntasacha imní. Ba cheart go bhféadfadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle freisin a chur in iúl do na hinstitiúidí eile go bhfuil sé ar intinn acu gan agóidí a dhéanamh. Is iomchuí go háirithe go ndéanfaí luathfhormheas den sórt sin ar ghníomhartha tarmligthe nuair is gá feidhmiú de réir spriocamanna, mar shampla i gcás ina bhfuil tráthchláir ann sa bhunghníomh ar dá réir nach mór don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

(32)

Sa Dearbhú maidir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a cuireadh i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin, thug an Chomhdháil dá haire go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún, i gcomhréir lena chleachtas seanbhunaithe, leanúint de dhul i gcomhairle le saineolaithe arna gceapadh ag na Ballstáit, agus dréachtghníomhartha tharmligthe i réimse na seirbhísí airgeadais á n-ullmhú aige.

(33)

Maidir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (6), tá feidhm aici i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.

(34)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (7), tá sé infheidhme go hiomlán maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.

(35)

Ós rud é nach féidir cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon creat maoirseachta éifeachtúil agus éifeachtach a chur ar bun do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa trí mhaoirseacht na ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa san Aontas a chur faoi chúram aon údaráis maoirseachta amháin, rud á fhágfaidh go mbeidh pointe teagmhála amháin ann do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus go n-áiritheofar cur i bhfeidhm comhsheasmhach na rialacha le haghaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr dá bhrí sin, de dhroim struchtúr uile-Eorpach agus thionchar uile-Eorpach na ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa atá le maoirsiú, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(36)

Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 leis seo mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3(1), cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(p)

ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 22;

(q)

ciallaíonn ‘reachtaíocht earnála’ gníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 4(1);

(r)

ciallaíonn ‘údaráis inniúla earnála’ na húdaráis inniúla náisiúnta arna n-ainmniú faoin reachtaíocht ábhartha earnála chun maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa, ar ghnólachtaí infheistíochta, ar ghnóthais árachais, ar ghnóthais athárachais, ar ghnóthais i gcomhair comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) agus ar institiúidí um chóir ar scor ceirde agus ar chistí infheistíochta malartacha.”;

(2)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   Ní fhéadfaidh institiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2006/48/CE, gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2004/39/CE, gnóthais árachais a thagann faoi réir an Chéad Treoir 73/239/CEE ón gComhairle an 24 Iúil 1973 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le tosú agus le saothrú ghnó an árachais dhírigh seachas árachas saoil (8), gnóthais árachais neamhshaoil mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2002/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir le hárachas saoil (9), gnóthais athárachais mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2005/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2005 maidir le hathárachas (10), gnóthais i gcomhair comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) (11), institiúidí um chóir ar scor gairme mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2003/41/CE agus cistí infheistíochta malartacha rátálacha creidmheasa a úsáid chun críocha rialála ach amháin más rud é go bhfuil siad eisithe ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá bunaithe san Aontas agus go bhfuil siad cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(b)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b), phointe (c) agus phointe (d):

“(b)

tá sé fíoraithe ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa go gcomhlíonann an tslí a seolann gníomhaireacht rátála creidmheasa tríú tír gníomhaíochtaí rátála creidmheasa, as a leanann eisiúint na rátála creidmheasa a bhfuil tacaíocht le tabhairt di, ceanglais atá chomh docht céanna ar a laghad leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6 go hAirteagal 12 agus go bhfuil sí in ann é sin a léiriú ar bhonn leanúnach don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) (ÚEUM);

(c)

níl teorainn le cumas ÚEUM measúnú agus faireachán a dhéanamh ar an tslí a gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa atá bunaithe i dtríú tír na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (b);

(d)

cuireann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis go léir is gá ar fáil do ÚEUM arna iarraidh sin dó lena chur ar chumas ÚEUM maoirseacht a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar an tslí a gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

is ann do shocrú iomchuí comhair idir ÚEUM agus údarás maoirseachta ábhartha na gníomhaireachta rátála creidmheasa atá bunaithe i dtríú tír. Áiritheoidh ÚEUM go sonrófar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa socrú comhair sin:

(i)

an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEUM agus údarás maoirseachta ábhartha na gníomhaireachta rátála creidmheasa atá bunaithe i dtríú tír; agus

(ii)

na nósanna imeachta a bhaineann le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena chur ar chumas ÚEUM faireachán a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar na gníomhaíochtaí rátála creidmheasa as a leanann eisiúint rátála chreidmheasa ar tugadh tacaíocht di.”;

(3)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Féadfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 iarratas a dhéanamh ar dheimhniúchán. Cuirfear an t-iarratas faoi bhráid ÚEUM i gcomhréir leis na forálacha ábhartha d'Airteagal 15.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“3.   Scrúdóidh ÚEUM an t-iarratas ar dheimhniúchán agus déanfaidh sé cinneadh ina thaobh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 16. Beidh an cinneadh ar dheimhniúchán bunaithe ar na critéir atá leagtha amach i bpointe (a) go pointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Féadfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 iarratas a dhéanamh freisin ina n-iarrfar í a dhíolmhú:

(a)

ar bhonn gach cáis ar leithligh, ó chuid de na ceanglais nó ó na ceanglais go léir atá leagtha amach i Roinn A d’Iarscríbhinn I agus in Airteagal 7(4) a chomhlíonadh más rud é go bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa in ann a léiriú, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht a gnó agus i bhfianaise chineál agus raon eisiúna a rátálacha creidmheasa, nach bhfuil na ceanglais comhréireach;

(b)

ón gceanglas a bheith i láthair go fisiceach san Aontas i gcás ina mbeadh ualach rómhór ag gabháil le ceanglas den sórt sin, agus go mbeadh an ceanglas sin díréireach, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht a gnó agus i bhfianaise chineál agus raon eisiúna a rátálacha creidmheasa.

Déanfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa iarratas ar dhíolúine faoi phointe (a) nó faoi phointe (b) den chéad fhomhír a thíolacadh i dteannta an iarratais ar dheimhniúchán. Nuair atá an t-iarratas sin á mheas, breithneoidh ÚEUM méid na gníomhaireachta rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1, ag féachaint do chineál, scála agus castacht a gnó agus do chineál agus raon eisiúna a rátálacha creidmheasa, mar aon le tionchar na rátálacha creidmheasa a eisíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ar chobhsaíocht airgeadais agus ar shláine na margaí airgeadais i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit. Ar bhonn na mbreithnithe sin, féadfaidh ÚEUM díolúine den sórt sin a dheonú don ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtagraítear i mír 1.”;

(d)

scriostar mír 5;

(e)

i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Chun na forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 38a, agus faoi réir choinníollacha Airteagal 38b agus Airteagal 38c, bearta a ghlacadh chun na critéir a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den dara fomhír den mhír seo a shonrú tuilleadh nó a leasú.”;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7 agus mhír 8:

“7.   Bunóidh ÚEUM comhaontuithe comhair le húdaráis mhaoirseachta ábhartha tríú tíortha ar ina leith a meastar go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach leis an Rialachán seo i gcomhréir le mír 6. Sonrófar leis na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a)

an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEUM agus údaráis mhaoirseachta ábhartha na dtríú tíortha lena mbaineann; agus

(b)

na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta.

8.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 20 agus ag Airteagal 24 i leith gníomhaireachtaí deimhnithe rátála creidmheasa agus i leith rátálacha creidmheasa a eisíonn siad.”;

(4)

in Airteagal 6, leasaítear mír 3 mar a leanas:

(a)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

“3.   Arna iarraidh sin ag gníomhaireacht rátála creidmheasa, féadfaidh ÚEUM gníomhaireacht rátála creidmheasa a dhíolmhú ó cheanglais phointe 2, phointe 5 agus phointe 6 de Roinn A d’Iarscríbhinn I agus ó cheanglais Airteagal 7(4) a chomhlíonadh más rud é go bhfuil an ghníomhaireacht rátála creidmheasa in ann a léiriú nach bhfuil na ceanglais sin comhréireach, i bhfianaise chineál, scála agus chastacht a gnó agus cineál agus raon eisiúna na rátálacha creidmheasa sin, agus:”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“I gcás grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, áiritheoidh ÚEUM gurb ann do cheann amháin ar a laghad de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sa ghrúpa nach bhfuil díolmhaithe ó cheanglais phointe 2, phointe 5 agus phointe 6 de Roinn A d’Iarscríbhinn I agus ó Airteagal 7(4) a chomhlíonadh.”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Eisfhoinsiú

Ní dhéanfar eisfhoinsiú ar fheidhmeanna oibríochtúla tábhachtacha ar shlí ina ndéanfaí dochar go hábhartha do cháilíocht rialú inmheánach na gníomhaireachta rátála creidmheasa agus do chumas ÚEUM maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáidí faoin Rialachán seo ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa.”;

(6)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Ní bhainfidh gníomhaireacht rátála creidmheasa úsáid as ainm ÚEUM nó ainm aon údaráis inniúil ar shlí ina léireofaí nó ina dtabharfaí le tuiscint gur thacaigh ÚEUM nó aon údarás inniúil leis na rátálacha creidmheasa nó le haon ghníomhaíochtaí rátála creidmheasa de chuid na gníomhaireachta rátála creidmheasa nó gur fhormheas sé na nithe sin.”;

(7)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

“2.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa faisnéis maidir lena cuid sonraí feidhmíochta stairiúla, lena n-áirítear minicíocht aistrithe rátálacha, agus faisnéis maidir le rátálacha creidmheasa a eisíodh san am a caitheadh agus ar athruithe orthu a chur ar fáil i stór lárnach a bhunóidh ÚEUM. Déanfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa faisnéis a sholáthar don stór sin ar fhoirm chaighdeánach de réir mar a fhorálann ÚEUM. Áiritheoidh ÚEUM go mbeidh fáil ar an bhfaisnéis sin ag an bpobal agus déanfaidh sé faisnéis achomair ar na príomhfhorbairtí a bhreathnaítear a fhoilsiú ar bhonn bliantúil.

3.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an fhaisnéis a bhaineann le nithe a leagtar amach i bpointe 2 de Chuid II de Roinn E d'Iarscríbhinn I a sholáthar go bliantúil faoin 31 Márta do ÚEUM.”;

(8)

leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Beidh an clárúchán éifeachtach i gcríoch iomlán an Aontais ón tráth a mbeidh éifeacht ag an gcinneadh gníomhaireacht rátála creidmheasa a chlárú arna ghlacadh ag ÚEUM, ar cinneadh é dá dtagraítear in Airteagal 16(3) nó Airteagal 17(3).”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa, gan aon mhoill mhíchuí, fógra a thabhairt do ÚEUM i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha a bhaineann le clárúchán tosaigh, lena n-áirítear brainse a oscailt nó a dhúnadh laistigh den Aontas.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 agus mhír 5:

“4.   Gan dochar d’Airteagal 16 ná d’Airteagal 17, déanfaidh ÚEUM an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a chlárú má thagann sé ar an gconclúid mar thoradh ar scrúdú an iarratais go gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa na coinníollacha maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint mar a leagtar amach sa Rialachán seo iad, agus Airteagal 4 agus Airteagal 6 á gcur san áireamh aige.

5.   Ní dhéanfaidh ÚEUM aon cheanglais maidir le clárúchán a fhorchur ar ceanglais iad nach ndéantar foráil ina leith sa Rialachán seo.”;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15 go hAirteagal 21:

“Airteagal 15

Iarratas ar chlárúchán

1.   Cuirfidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa iarratas ar chlárúchán faoi bhráid ÚEUM. Beidh faisnéis ar na nithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II san áireamh san iarratas.

2.   I gcás ina ndéanann grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa iarratas ar chlárúchán, tabharfaidh comhaltaí an ghrúpa sainordú do cheann amháin díobh na hiarratais go léir a chur faoi bhráid ÚEUM thar ceann an ghrúpa. Déanfaidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá dtugtar an sainordú sin faisnéis a sholáthar maidir leis na nithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II i gcomhair gach comhalta den ghrúpa.

3.   Déanfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa a hiarratas a thíolacadh in aon cheann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais. Maidir le forálacha Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (13), beidh feidhm acu mutatis mutandis maidir le haon chumarsáid eile idir ÚEUM agus na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus a bhfoireann.

4.   Laistigh de 20 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratas iomlán. Mura bhfuil an t-iarratas iomlán, déanfaidh ÚEUM spriocdháta a leagan síos faoina mbeidh ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa faisnéis bhreise a sholáthar.

Tar éis a mheasúnú go bhfuil iarratas iomlán, tabharfaidh ÚEUM fógra dá réir don ghníomhaireacht rátála creidmheasa.

Airteagal 16

ÚEUM do scrúdú an iarratais ar chlárúchán gníomhaireachta rátála creidmheasa

1.   Déanfaidh ÚEUM, laistigh de 45 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 15(4) a fháil, an t-iarratas ar chlárúchán gníomhaireachta rátála creidmheasa a scrúdú agus beidh an scrúdú sin bunaithe ar an tslí a gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.   Féadfaidh ÚEUM tréimhse an scrúdaithe a fhadú 15 lá oibre, go háirithe más rud é, maidir leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa:

(a)

go samhlaíonn sé go dtacóidh sé leis na rátálacha creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 4(3);

(b)

go samhlaíonn sé go mbainfidh sé úsáid as eisfhoinsiú; nó

(c)

go n-iarrann sé díolúine ó chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 6(3).

3.   Laistigh de 45 lá oibre ó dháta an fhógra dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 15(4), nó laistigh de 60 lá oibre ón tráth sin i gcás ina bhfuil feidhm ag mír 2 den Airteagal seo, glacfaidh ÚEUM cinneadh lán-réasúnaithe chun clárúchán a dhéanamh nó chun diúltú clárúchán a dhéanamh.

4.   Gabhfaidh éifeacht leis an gcinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM de bhun mhír 3 ar an gcúigiú lá oibre tar éis a ghlactha.

Airteagal 17

ÚEUM do scrúdú na n-iarratas ar chlárúchán grúpa gníomhaireachtaí rátála creidmheasa

1.   Déanfaidh ÚEUM, laistigh de 55 lá oibre ó dháta an fhógra dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 15(4), na hiarratais ar chlárúchán grúpa ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa a scrúdú agus beidh an scrúdú sin bunaithe ar an tslí a gcomhlíonann na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sin na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.   Féadfaidh ÚEUM tréimhse an scrúdaithe a fhadú 15 lá oibre, go háirithe más rud é, maidir le haon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sa ghrúpa:

(a)

go samhlaíonn sé go dtacóidh sé leis na rátálacha creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 4(3);

(b)

go samhlaíonn sé go mbainfidh sé úsáid as eisfhoinsiú; nó

(c)

go n-iarrann sé díolúine ó chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 6(3).

3.   Laistigh de 55 lá oibre ó dháta an fhógra dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 15(4), nó laistigh de 70 lá oibre ón tráth sin i gcás ina bhfuil feidhm ag mír 2 den Airteagal seo, glacfaidh ÚEUM cinneadh lán-réasúnaithe aonair chun clárúchán a dhéanamh nó chun diúltú clárúchán a dhéanamh maidir le gach gníomhaireacht rátála creidmheasa ar leith sa ghrúpa.

4.   Gabhfaidh éifeacht leis an gcinneadh arna ghlacadh ag ÚEUM de bhun mhír 3 ar an gcúigiú lá oibre tar éis a ghlactha.

Airteagal 18

Fógra maidir le cinneadh chun gníomhaireacht rátála creidmheasa a chlárú, chun diúltú clárúchán a dhéanamh nó chun clárúchán a tharraingt siar agus liosta na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe a fhoilsiú

1.   Laistigh de chúig lá oibre ón tráth a nglactar cinneadh faoi Airteagal 16, faoi Airteagal 17 nó faoi Airteagal 20, tabharfaidh ÚEUM fógra faoina chinneadh don ghníomhaireacht rátála creidmheasa lena mbaineann. I gcás ina ndiúltaíonn ÚEUM an ghníomhaireacht rátála creidmheasa a chlárú nó ina dtarraingíonn sé clárúchán na gníomhaireachta rátála creidmheasa siar, soláthróidh sé cúiseanna iomlána lena chinneadh.

2.   Déanfaidh ÚEUM aon chinneadh arna ghlacadh faoi Airteagal 16, faoi Airteagal 17 nó faoi Airteagal 20 a chur in iúl don Choimisiún, don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) (ÚBE), don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) (ÚEÁPC), do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis inniúla earnála.

3.   Déanfaidh ÚEUM liosta gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin. Tabharfar an liosta sin cothrom le dáta laistigh de chúig lá oibre tar éis cinneadh a ghlacadh faoi Airteagal 16, faoi Airteagal 17 nó faoi Airteagal 20. Foilseoidh an Coimisiún an liosta cothrom le dáta sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh laistigh de 30 lá tar éis an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta.

Airteagal 19

Táillí clárúcháin agus maoirseachta

1.   Gearrfaidh ÚEUM táillí ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an rialachán maidir le táillí dá dtagraítear i mír 2. Cumhdófar leis na táillí sin caiteachas iomlán riachtanach ÚEUM maidir le clárúchán agus maoirseacht gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus aisíoc aon chostas a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla a thabhú agus iad i mbun oibre de bhun an Rialacháin seo, go háirithe mar thoradh ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 30.

2.   Glacfaidh an Coimisiún rialachán maidir le táillí. Cinnfear go háirithe leis an rialachán sin cineál na dtáillí agus na nithe a bhfuil na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí, an tslí a n-íocfar iad agus an tslí a dtabharfaidh ÚEUM aisíocaíocht do na húdaráis inniúla maidir le haon chostais a d'fhéadfaidís a thabhú agus iad i mbun oibre de bhua an Rialacháin seo, go háirithe mar gheall ar aon tarmligean cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 30.

Cumhdóidh méid na táille a ghearrtar ar ghníomhaireacht rátála creidmheasa na costais riaracháin go léir agus beidh sé comhréireach le láimhdeachas na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann.

Déanfaidh an Coimisiún an rialachán maidir le táillí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh trí bhíthin gnímh tharmligthe i gcomhréir le hAirteagal 38a agus faoi réir choinníollacha Airteagal 38b agus Airteagal 38c.

Airteagal 20

Clárúchán a tharraingt siar

1.   Gan dochar d'Airteagal 24, déanfaidh ÚEUM clárúchán gníomhaireachta rátála creidmheasa a tharraingt siar más rud é, maidir leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa:

(a)

go dtréigeann sí an clárúchán go sainráite nó nach ndearna sí rátálacha creidmheasa ar bith a sholáthar i leith na sé mhí roimhe sin;

(b)

go bhfuair sí an clárúchán trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó ar aon mhodh neamhrialta eile; nó

(c)

nach gcomhlíonann sí na coinníollacha faoinar cláraíodh í a thuilleadh.

2.   Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit ina ndéantar na rátálacha creidmheasa arna eisiúint ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa lena mbaineann a úsáid agus a mheasann go bhfuil ceann de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta a iarraidh go ndéanfaidh ÚEUM scrúdú i dtaobh an bhfuil na coinníollacha maidir le clárúchán na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann a tharraingt siar comhlíonta. Má chinneann ÚEUM gan clárúchán na gníomhaireachta rátála lena mbaineann a tharraingt siar soláthróidh sé cúiseanna iomlána ina leith sin.

3.   Gabhfaidh éifeacht láithreach ar fud an Aontais leis an gcinneadh maidir le clárúchán a tharraingt siar, ach sin faoi réir na hidirthréimhse chun rátálacha creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 24(4) a úsáid.

CAIBIDIL II

MAOIRSEACHT AG ÚEUM

Airteagal 21

ÚEUM

1.   Gan dochar d'Airteagal 25a, áiritheoidh ÚEUM go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 déanfaidh ÚEUM treoirlínte a eisiúint agus a thabhairt cothrom le dáta maidir leis an gcomhar idir ÚEUM, na húdaráis inniúla agus na húdaráis inniúla earnála chun críocha an Rialacháin seo agus chun críocha na reachtaíochta earnála ábhartha, lena n-áirítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha mionsonraithe i ndáil le cúraimí a tharmligean.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, déanfaidh ÚEUM, i gcomhar le ÚBE agus le ÚEÁPC treoirlínte a eisiúint agus a thabhairt cothrom le dáta faoin 7 Meitheamh 2011 maidir le cur i bhfeidhm na réime tacaíochta faoi Airteagal 4(3) den Rialachán seo.

4.   Faoin 2 Eanáir 2012 déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a mbeidh tacaíocht le tabhairt dóibh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a thíolacadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis atá le soláthar ag gníomhaireacht rátála creidmheasa ina iarratas ar chlárúchán de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(b)

an fhaisnéis nach mór don ghníomhaireacht rátála creidmheasa a sholáthar maidir leis an iarratas ar dheimhniúchán agus maidir le measúnú ar a tábhacht shistéamach do chobhsaíocht airgeadais nó do shláine na margaí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5;

(c)

tíolacadh na faisnéise a nochtfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 11(2) agus le pointe 1 de Chuid II de Roinn E d’Iarscríbhinn I, lena n-áirítear struchtúr, formáid, modh agus tréimhse an tuairiscithe;

(d)

maidir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8(3), measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas sin ar thaobh na modheolaíochtaí rátála creidmheasa;

(e)

inneachar agus formáid tuairiscithe thréimhsiúil ar shonraí rátála atá le hiarraidh ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar mhaithe le maoirseacht leanúnaí ag ÚEUM.

5.   Déanfaidh ÚEUM tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a fhoilsiú gach bliain agus den chéad uair faoin 1 Eanáir 2012. Go háirithe, beidh measúnú sa tuarascáil sin ar an tslí a gcuireann na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe faoin Rialachán seo Iarscríbhinn I chun feidhme.

6.   Déanfaidh ÚEUM tuarascáil a thíolacadh gach bliain do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún maidir le bearta maoirseachta a rinne, agus maidir leis na pionóis a d'fhorchuir, ÚEUM faoin Rialachán seo, lena n-áirítear na fíneálacha agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis.

7.   Comhoibreoidh ÚEUM le ÚBE agus le ÚEÁPC le linn a chúraimí a chomhlíonadh aige agus rachaidh sé i gcomhairle le ÚBE agus le ÚEÁPC sula ndéanfaidh sé treoirlínte a eisiúint agus a thabhairt cothrom le dáta agus sula dtíolacfaidh sé dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 2, i mír 3 agus i mír 4.

(10)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 22a

Scrúdú maidir le comhlíonadh oibleagáid na cúltástála

1.   I bhfeidhmiú na maoirseachta leanúnaí a dhéanann sé ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá cláraithe faoin Rialachán seo, déanfaidh ÚEUM scrúdú tráthrialta maidir le comhlíonadh Airteagal 8(3).

2.   Gan dochar d'Airteagal 23, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas faoi chuimsiú an scrúdaithe dá dtagraítear i mír 1:

(a)

forfheidhmiú cúltástála ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a fhíorú;

(b)

anailís a dhéanamh ar thorthaí na cúltástála sin; agus

(c)

a fhíorú go bhfuil próisis i bhfeidhm ag na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa chun torthaí na cúltástála a chur san áireamh ina modheolaíochtaí rátála.”;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23 go hAirteagal 27:

“Airteagal 23

Gan cur isteach ar inneachar rátálacha nó ar mhodheolaíochtaí

Le linn a gcuid dualgas faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, ní chuirfidh ÚEUM, an Coimisiún ná aon údarás poiblí eile de chuid Ballstáit isteach ar inneachar rátálacha creidmheasa nó ar mhodheolaíochtaí.

Airteagal 23a

Feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 23b go hAirteagal 23d

Maidir leis na cumhachtaí a thugtar do ÚEUM nó d'aon oifigeach de chuid ÚEUM nó d'aon duine eile arna údarú ag ÚEUM le hAirteagal 23b go hAirteagal 23d, ní úsáidfear iad chun a éileamh go nochtfaí faisnéis nó doiciméid atá faoi réir pribhléide dlíthiúla.

Airteagal 23b

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   Féadfaidh ÚEUM, trí iarraidh shimplí nó trí chinneadh, a éileamh ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa, ar dhaoine a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa, ar eintitis rátáilte agus ar thríú páirtithe gaolmhara, ar thríú páirtithe a ndearna gníomhaireachtaí rátála creidmheasa feidhmeanna oibríochtúla nó gníomhaíochtaí áirithe a eisfhoinsiú chucu agus ar dhaoine atá gaolmhar nó bainteach, thairis sin, go dlúth agus go substainteach le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa nó le gníomhaíochtaí rátálacha creidmheasa an fhaisnéis go léir is gá a sholáthar chun a chúraimí a chomhall faoin Rialachán seo.

2.   Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á seoladh faoi mhír 1, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí leis an iarraidh;

(b)

luafaidh sé cuspóir na hiarrata;

(c)

sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;

(d)

socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar;

(e)

cuirfidh sé in iúl don duine a n-iarrtar an fhaisnéis air nach bhfuil aon oibleagáid ann an fhaisnéis sin a sholáthar, ach, i gcás ina dtugtar freagra ar an iarraidh ar fhaisnéis, nach ceart go mbeidh sé mícheart nó míthreorach;

(f)

léireoidh sé an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 36a, i dteannta phointe 7 de Roinn II d'Iarscríbhinn III, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach.

3.   Nuair atá soláthar faisnéise á éileamh faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí leis an iarraidh;

(b)

luafaidh sé cuspóir na hiarrata;

(c)

sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;

(d)

socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a sholáthar;

(e)

sonróidh sé na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 36b i gcás an fhaisnéis a éileofar a bheith neamhiomlán;

(f)

sonróidh sé an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 36a, i dteannta phointe 7 de Roinn II d'Iarscríbhinn III, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach; agus

(g)

sonróidh sé an ceart chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus chun an cinneadh a chur faoi athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.   Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe nó, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.   Déanfaidh ÚEUM, gan mhoill, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis nó chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus lena mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis bunaithe.

Airteagal 23c

Imscrúduithe ginearálta

1.   Chun a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM gach imscrúdú riachtanach a dhéanamh maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23b(1). Chuige sin, cumhachtófar d'oifigigh ÚEUM agus do dhaoine eile arna n-údarú ag ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan spleáchas don mheán ina stóráiltear iad;

(b)

cóipeanna a dhéanamh nó cóipeanna deimhnithe a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;

(c)

aon duine dá dtagraítear in Airteagal 23b(1) nó a n-ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta, agus na freagraí a thaifeadadh;

(d)

agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;

(e)

taifid ar thrácht teileafóin agus ar thrácht sonraí a iarraidh.

2.   Déanfaidh oifigigh ÚEUM agus daoine eile arna n-údarú ag ÚEUM chun críocha na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe. Sonróidh an t-údarú sin freisin na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 36b i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile a éilítear nó na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23b(1) nó má tá na nithe sin neamhiomlán, agus sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 36a, i dteannta phointe 8 de Roinn II d'Iarscríbhinn III, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23b(1) mícheart nó míthreorach.

3.   Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23b(1) faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinnidh ó ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 36b, na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus an ceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú.

4.   In am trátha sula ndéanfar an t-imscrúdú, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarraidh a fháil ó ÚEUM, tabharfaidh oifigigh de chuid údaráis inniúil cúnamh do na daoine údaraithe sin le linn dóibh a ndualgais a chur i gcrích. Féadfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin.

5.   Más rud é, maidir le hiarraidh ar thaifid ar thrácht teileafóin nó ar thrácht sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, go gceanglaítear údarú a fháil ina leith ó údarás breithiúnach de réir rialacha náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

6.   I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú, ar ábhar é sin dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta rialú i dtaobh an bhfuil cinneadh ÚEUM barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d'ábhar na n-imscrúduithe. Le linn dó rialú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ÚEUM chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 23d

Cigireachtaí ar an láthair

1.   Chun a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM na cigireachtaí ar an láthair go léir is gá a dhéanamh ag áitreabh gnó na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 23b(1). Féadfaidh ÚEUM an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré más gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil.

2.   Féadfaidh oifigigh ÚEUM agus daoine eile arna n-údarú ag ÚEUM chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh dul isteach in aon áitreabh gnó nó ar aon talamh de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir cinnidh maidir le himscrúdú arna ghlacadh ag ÚEUM agus beidh na cumhachtaí go léir atá sonraithe in Airteagal 23c(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh thréimhse na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.

3.   Déanfaidh oifigigh ÚEUM agus daoine eile arna n-údarú ag ÚEUM chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a thabhairt ar aird ina sonraítear ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 36b i gcás nach dtéann na daoine lena mbaineann faoin gcigireacht. In am trátha roimh an gcigireacht, tabharfaidh ÚEUM fógra faoin gcigireacht d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh.

4.   Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23b(1) faoi chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú le cinneadh ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, sonrófar ann an dáta a mbeidh an chigireacht le tosú agus taispeánfar ann na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 36b, na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú. Déanfaidh ÚEUM na cinntí sin tar éis dul i gcomhairle le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh.

5.   Arna iarraidh sin ag ÚEUM, déanfaidh oifigigh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin arna n-údarú nó arna gceapadh ag údarás inniúil an Bhallstáit sin, cúnamh gníomhach a thabhairt d'oifigigh ÚEUM agus do dhaoine eile arna n-údarú ag ÚEUM. Chuige sin, beidh na cumhachtaí a leagtar amach i mír 2 acu. Féadfaidh oifigigh de chuid údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin arna iarraidh sin.

6.   Féadfaidh ÚEUM freisin a cheangal ar údaráis inniúla cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 23c(1) a chur i gcrích thar a cheann. Chuige sin, beidh na cumhachtaí céanna ag na húdaráis inniúla agus atá ag ÚEUM de réir mar atá leagtha amach san Airteagal seo agus in Airteagal 23c(1).

7.   I gcás ina bhfaigheann oifigigh ÚEUM agus daoine eile arna n-údarú ag ÚEUM a bheidh á dtionlacan go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireachta arna hordú de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gach cúnamh is gá dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, ionas go mbeidh sé ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.

8.   Más rud é, maidir leis an gcigireacht ar an láthair dá bhforáiltear i mír 1 nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear i mír 7, go gceanglaítear údarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir rialacha náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

9.   I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú, ar ábhar é sin dá dtagraítear i mír 8, déanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta rialú i dtaobh an bhfuil cinneadh ÚEUM barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d'ábhar na cigireachta. Le linn dó rialú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ÚEUM chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an gcigireacht ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 23e

Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh

1.   Más rud é, le linn a dhualgais faoin Rialachán seo a chur i gcrích, go bhfaigheann ÚEUM amach go bhfuil tásca tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurbh ann d'fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an t-ábhar a imscrúdú. Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach ná tar éis a bheith rannpháirteach i maoirseacht dhíreach ná neamhdhíreach, ná i bpróiseas clárúcháin, na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa lena mbaineann, agus comhlíonfaidh sé a chuid feidhmeanna go neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ÚEUM.

2.   Déanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha arna dtíolacadh ag daoine atá faoi réir a n-imscrúduithe á gcur san áireamh agus déanfaidh sé comhad iomlán ina mbeidh a chuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM.

Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 23b agus chun imscrúduithe a sheoladh agus chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 23c agus le hAirteagal 23d. Nuair atá na cumhachtaí sin á n-úsáid aige, comhlíonfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin Airteagal 23a.

Nuair atá a chuid cúraimí á gcomhall aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus ar an bhfaisnéis uile atá bailithe ag ÚEUM trína ghníomhaíochtaí maoirseachta.

3.   Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi réir a n-imscrúdaithe éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n-imscrúdú. Ní dhéanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí a bhunú ar fhíorais seachas fíorais a raibh deis ag na daoine a bhí faoi réir imscrúdúcháin barúil a thabhairt ina leith.

Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn imscrúduithe faoin Airteagal seo.

4.   Nuair a bheidh an comhad ina bhfuil a chuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM ag an oifigeach imscrúdúcháin, tabharfaidh sé fógra faoin méid sin do na daoine atá faoi réir imscrúdúcháin. Beidh na daoine atá faoi réir imscrúdúcháin i dteideal rochtain a bheith acu ar an gcomhad, ach sin faoi réir an leasa dhlisteanaigh atá ag daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní shínfidh an ceart rochtana ar an gcomhad chuig faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe.

5.   Ar bhonn an chomhaid ina bhfuil cinntí an oifigigh imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, déanfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM, tar éis éisteacht a thabhairt do na daoine atá faoi réir imscrúdúcháin i gcomhréir le hAirteagal 25 agus le hAirteagal 36c, a chinneadh an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III déanta ag na daoine a bhí faoi réir imscrúduithe, agus más amhlaidh an cás, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 24 agus gearrfaidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 36a.

6.   Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití Bhord Maoirseoirí ÚEUM ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta Bhord Maoirseoirí ÚEUM.

7.   Déanfaidh an Coimisiún rialacha nós imeachta breise a ghlacadh maidir le feidhmiú na cumhachta chun fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a ghearradh, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a bhailiú, agus déanfaidh sé rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na tréimhsí teorann i dtaca le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.

Déanfar na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 38a agus faoi réir choinníollacha Airteagal 38b agus Airteagal 38c.

8.   Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúisimh choiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha más rud é, le linn a chuid dualgas faoin Rialachán seo a chur i gcrích, go bhfaigheann sé amach go bhfuil tásca tromchúiseacha ann go bhféadfadh sé gurbh ann d'fhíorais ar dóigh ina leith gurb ionann iad agus cionta coiriúla. Ina theannta sin, staonfaidh ÚEUM ó fhíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a ghearradh más rud é, maidir le héigiontú nó le ciontú roimhe sin a éiríonn as fíorais chomhionanna nó as fíorais atá comhionann lena chéile go substaintiúil, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 24

Bearta maoirseachta á ndéanamh ag ÚEUM

1.   Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 23e(5), go bhfaigheann Bord Maoirseoirí ÚEUM amach go ndearna gníomhaireacht rátála creidmheasa ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na cinntí seo a leanas:

(a)

clárúchán na gníomhaireachta rátála creidmheasa a tharraingt siar;

(b)

toirmeasc sealadach a chur ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa maidir le rátálacha creidmheasa a eisiúint ar toirmeasc é a bheidh infheidhme ar fud an Aontais, go dtí go gcuirtear deireadh leis an sárú;

(c)

chun críocha rialála, úsáid na rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa a chur ar fionraí, ar fionraí í a bheidh infheidhme ar fud an Aontais, go dtí go gcuirtear deireadh leis an sárú;

(d)

a cheangal ar an ngníomhaireacht rátála creidmheasa deireadh a chur leis an sárú;

(e)

fógraí poiblí a eisiúint.

2.   Nuair atá na cinntí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a)

fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b)

ar nocht an sárú laigí tromchúiseacha nó sistéamacha i nósanna imeachta an ghnóthais nó ina chórais bhainistithe nó ina rialuithe inmheánacha;

(c)

ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;

(d)

an d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú.

3.   Sula nglacfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM na cinntí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1, cuirfidh sé an méid sin in iúl do ÚBE agus do ÚEÁPC.

4.   Féadfar leanúint de rátálacha creidmheasa a úsáid chun críocha rialála tar éis ghlacadh na gcinntí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) de mhír 1 ar feadh tréimhse nach faide ná:

(a)

10 lá oibre ón dáta a bpoiblítear cinneadh ÚEUM faoi mhír 5 más rud é go bhfuil rátálacha creidmheasa den ionstraim airgeadais chéanna nó den eintiteas céanna arna n-eisiúint ag gníomhaireachtaí eile rátála creidmheasa atá cláraithe faoin Rialachán seo; nó

(b)

trí mhí ón dáta a bpoiblítear cinneadh ÚEUM faoi mhír 5 más rud é nach bhfuil rátálacha creidmheasa den ionstraim airgeadais chéanna nó den eintiteas céanna arna n-eisiúint ag gníomhaireachtaí eile rátála creidmheasa atá cláraithe faoin Rialachán seo.

Féadfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a fhadú trí mhí in imthosca eisceachtúla a bhaineann le cur isteach a d'fhéadfadh a bheith ann maidir leis an margadh nó a bhaineann le héagobhsaíocht airgeadais agus an fadú sin a dhéanamh arna iarraidh sin ag ÚBE nó ag ÚEÁPC.

5.   Déanfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM, gan aon mhoill mhíchuí, fógra a thabhairt don ghníomhaireacht rátála creidmheasa lena mbaineann maidir le haon chinneadh arna ghlacadh de bhun mhír 1 agus cuirfidh sé aon chinneadh den sórt sin in iúl do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis inniúla earnála, don Choimisiún, do ÚBE agus do ÚEÁPC. Déanfaidh sé aon chinneadh den sórt sin a phoibliú ar a láithreán gréasáin laistigh de 10 lá oibre ón dáta a nglactar é.

Nuair atá a chinneadh á phoiblú aige, faoi mar a thagraítear don mhéid sin sa chéad fhomhír, poibleoidh Bord Maoirseoirí ÚEUM freisin go bhfuil an ceart ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa lena mbaineann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh, gur taisceadh achomharc den sórt sin, más ábhartha an méid sin, á shonrú nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag achomharc den sórt sin agus go bhfuil an Bord Achomhairc ábalta cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 25

Éisteacht na ndaoine lena mbaineann

1.   Sula ndéanfar aon chinneadh faoi Airteagal 24(1), déanfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM an deis a thabhairt do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil maidir le fionnachtana ÚEUM. Ní dhéanfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM a chuid cinntí a bhunú ach amháin ar na fionnachtana sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír má tá gá le gníomhaíocht phráinneach chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis dó a chinneadh a dhéanamh.

2.   Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na n-imeachtaí a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, ach sin faoi réir an leasa dhlisteanaigh atá ag daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní shínfidh an ceart rochtana ar an gcomhad chuig faisnéis rúnda.

Airteagal 25a

Údaráis inniúla earnála atá freagrach as Airteagal 4(1) (rátálacha creidmheasa a úsáid) a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú

Beidh na húdaráis inniúla earnála freagrach as Airteagal 4(1) a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha earnála.

CAIBIDIL III

COMHOIBRIÚ IDIR ÚEUM, ÚDARÁIS INNIÚLA AGUS ÚDARÁIS INNIÚLA EARNÁLA

Airteagal 26

Oibleagáid chun comhoibriú a dhéanamh

Comhoibreoidh ÚEUM, ÚBE, ÚEÁPC, na húdaráis inniúla agus na húdaráis inniúla earnála i gcás ina bhfuil gá leis sin chun críocha an Rialacháin seo agus chun críocha na reachtaíochta ábhartha earnála.

Airteagal 27

Malartú faisnéise

1.   Déanfaidh ÚEUM, na húdaráis inniúla agus na húdaráis inniúla earnála, gan moill mhíchuí, an fhaisnéis is gá chun a gcuid dualgas a chur i gcrích faoin Rialachán seo agus faoin reachtaíocht ábhartha earnála a sholáthar dá chéile.

2.   Féadfaidh ÚEUM faisnéis rúnda atá beartaithe i gcomhair chomhlíonadh a gcúraimí a tharchur chuig na bainc cheannais, chuig an gCóras Eorpach Banc Ceannais agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach, ina gcáil mar údaráis airgeadaíochta, chuig an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach agus, i gcás inarb iomchuí, chuig údaráis phoiblí eile atá freagrach as córais íocaíochta agus comhshocraíochta a fhormhaoirsiú. Ar an gcaoi chéanna, ní chuirfear cosc ar údaráis ná ar comhlachtaí den sórt sin faisnéis a chur in iúl do ÚEUM, ar faisnéis í a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó ÚEUM chun a dhualgais faoin Rialachán seo a chur i gcrích.”;

(12)

scriostar Airteagal 28 agus Airteagal 29;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30, Airteagal 31 agus Airteagal 32:

“Airteagal 30

ÚEUM do tharmligean cúraimí chuig údaráis inniúla

1.   I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a chomhlíonadh go cuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí sonracha maoirseachta a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte arna n-eisiúint ag ÚEUM de bhun Airteagal 21(2). Féadfaidh an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 23b agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 23d(6) a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.

2.   Sula ndéanfar cúram a tharmligean, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha. Bainfidh an comhairliúchán sin leis na nithe seo a leanas:

(a)

raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

(b)

an tráthchlár chun an cúram a bheidh le tarmligean a chomhlíonadh; agus

(c)

tarchur na faisnéise atá riachtanach, idir tharchur ag ÚEUM agus tharchur chuig ÚEUM.

3.   I gcomhréir leis an rialachán maidir le táillí atá le glacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 19(2), déanfaidh ÚEUM údarás inniúil a chúiteamh i leith na gcostas arna dtabhú mar thoradh ar chúraimí tarmligthe a chur i gcrích.

4.   Deanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar an tarmligean dá dtagraítear i mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean cúraimí a chúlghairm aon tráth.

Ní dhéanfaidh tarmligean cúraimí difear do fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn ar chumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a sheoladh agus a fhormhaoirsiú. Ní tharmligfear freagrachtaí maoirseachta faoin Rialachán seo, lena n-áirítear cinntí clárúcháin, measúnuithe críochnaitheacha agus cinntí leantacha maidir le sáruithe.

Airteagal 31

Fógraí agus iarrataí ar fhionraíocht ó údaráis inniúla

1.   I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil Ballstáit amach de go bhfuil gníomhaíochtaí atá contrártha don Rialachán seo á ndéanamh nó déanta ar chríoch a Bhallstáit féin nó ar chríoch Ballstáit eile, tabharfaidh sé fógra ina thaobh sin do ÚEUM ar an tslí is sonraí agus is féidir. I gcás ina measann an t-údarás inniúil gurb iomchuí sin chun críocha imscrúdúcháin, féadfaidh an t-údarás inniúil a mholadh freisin do ÚEUM measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le leas a bhaint as na cumhachtaí faoi Airteagal 23b agus faoi Airteagal 23c i ndáil leis an ngníomhaireacht rátála creidmheasa atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí sin.

Déanfaidh ÚEUM gníomhaíocht iomchuí. Déanfaidh sé an t-údarás inniúil a thug an fógra a chur ar an eolas faoin toradh agus, a mhéid is féidir, faoi aon fhorbairtí suntasacha eatramhacha.

2.   Gan dochar don dualgas fógra a thabhairt mar a leagtar amach i mír 1 é, i gcás ina measann an t-údarás inniúil Ballstáit, arb é an t-údarás a thug an fógra é, go bhfuil na hoibleagáidí a eascraíonn ón Rialachán seo á sárú ag gníomhaireacht rátála creidmheasa atá cláraithe, ar gníomhaireacht í a n-úsáidtear a cuid rátálacha creidmheasa laistigh de chríoch an Bhallstáit sin, agus go bhfuil na sáruithe sin sách tromchúiseach agus sách seasmhach chun tionchar suntasach a bheith acu ar chosaint infheisteoirí nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais sa Bhallstát sin, féadfaidh an t-údarás inniúil a thug an fógra a iarraidh ar ÚEUM fionraí a chur, chun críocha rialála, ar úsáid rátálacha creidmheasa na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann ag na hinstitiúidí airgeadais agus ag na heintitis eile dá dtagraítear in Airteagal 4(1). Déanfaidh an t-údarás inniúil a thug an fógra cúiseanna iomlána lena iarraidh a sholáthar do ÚEUM.

I gcás ina measann ÚEUM nach bhfuil údar maith leis an iarraidh, cuirfidh sé an t-údarás inniúil a thug an fógra ar an eolas faoin méid sin i scríbhinn agus leagfaidh sé amach na cúiseanna. I gcás ina measann ÚEUM go bhfuil údar maith leis an iarraidh, déanfaidh sé na bearta iomchuí chun an tsaincheist sin a réiteach.

Airteagal 32

Rúndacht ghairmiúil

1.   Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir le ÚEUM, maidir leis na húdaráis inniúla agus maidir leis na daoine go léir a oibríonn nó a d’oibrigh do ÚEUM, do na húdaráis inniúla nó d'aon duine eile a ndearna ÚEUM cúraimí a tharmligean chucu, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe atá ar conradh ag ÚEUM. Ní dhéanfar faisnéis atá cumhdaithe le rúndacht ghairmiúil a nochtadh do dhuine eile nó le húdarás eile ach amháin má tá an nochtadh sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.

2.   Maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaigheann ÚEUM, na húdaráis inniúla, na húdaráis inniúla earnála nó údaráis agus comhlachtaí eile dá dtagraítear in Airteagal 27(2) nó a mhalartaítear eatarthu faoin Rialachán seo, measfar gur faisnéis rúnda í, ach amháin i gcás ina sonraíonn ÚEUM nó an t-údarás inniúil nó údarás eile lena mbaineann nó comhlacht eile lena mbaineann tráth na cumarsáide go bhféadfar an fhaisnéis sin a nochtadh nó i gcás ina bhfuil nochtadh den sórt sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.”;

(14)

scriostar Airteagal 33;

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34 agus Airteagal 35:

“Airteagal 34

Comhaontú maidir le faisnéis a mhalartú

Ní fhéadfaidh ÚEUM comhaontuithe comhair a thabhairt chun críche maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla de chuid tríú tíortha ach amháin má tá an fhaisnéis arna nochtadh faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach ar a laghad leo siúd a leagtar amach in Airteagal 32.

Beidh malartú faisnéise den sórt sin ann ar mhaithe le comhlíonadh chúraimí ÚEUM nó chúraimí na n-údarás maoirseachta sin.

Maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír, déanfaidh ÚEUM Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (16) a chur i bhfeidhm.

Airteagal 35

Faisnéis ó thríú tíortha a nochtadh

Ní fhéadfaidh ÚEUM an fhaisnéis a fhaightear ó údaráis mhaoirseachta de chuid tríú tíortha a nochtadh ach amháin más rud é go bhfuil comhaontú sainráite faighte ag ÚEUM nó ag údarás inniúil ón údarás maoirseachta a tharchuir an fhaisnéis agus, i gcás inarb infheidhme, gur chun na gcríoch dár thug an t-údarás maoirseachta sin a chomhaontú amháin a nochtfar an fhaisnéis nó i gcás ina bhfuil nochtadh den sórt sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla.

(16)

cuirtear an ceannteideal “Pionóis, fíneálacha, íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis, nós imeachta coiste, cumhachtaí tarmligthe agus tuairisciú” mar cheannteideal ar Chaibidil 1 de Theideal IV in ionad “Pionóis, nós imeachta coiste agus tuairisciú”;

(17)

in Airteagal 36, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre agus an dara mír:

“Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar Airteagal 4(1) agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás inniúil earnála gach pionós a ghearrtar maidir le sárú ar fhorálacha Airteagal 4(1) a nochtadh don phobal, mura rud é go ndéanfadh an nochtadh sin dochar mór do na margaí airgeadais nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.”;

(18)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 36a

Fíneálacha

1.   Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 23e(5), go gcinneann Bord Maoirseoirí ÚEUM go ndearna gníomhaireacht rátála creidmheasa, d'aon ghnó nó le faillí, ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirtear fíneáil i gcomhréir le mír 2.

Measfar sárú ag gníomhaireacht rátála creidmheasa a bheith déanta d’aon ghnó má thagann ÚEUM ar fhachtóirí oibiachtúla lena dtaispeántar gur ghníomhaigh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa nó a lucht bainistíochta sinsearaí d'aon turas chun an sárú a dhéanamh.

2.   Déanfar méid bunúsach na bhfíneálacha dá dtagraítear i mír 1 a áireamh laistigh de na teorainneacha seo a leanas:

(a)

maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointí 1 go 5, 11 go 15, 19, 20, 23, 28, 30, 32, 33, 35, 41, 43, 50 agus 51 de Roinn I d’Iarscríbhinn III, is é EUR 500 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 750 000;

(b)

maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointí 6 go 8, 16 go 18, 21, 22, 24, 25, 27, 29, 31, 34, 37 go 40, 42, 45 go 47, 48, 49, 52 agus 54 de Roinn I d’Iarscríbhinn III, is é EUR 300 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 450 000;

(c)

maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointí 9, 10, 26, 36, 44 agus 53 de Roinn I d’Iarscríbhinn III, is é EUR 100 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 200 000;

(d)

maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointí 1, 6, 7 agus 8 de Roinn II d’Iarscríbhinn III, is é EUR 50 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 150 000;

(e)

maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe 2, i bpointe 4 agus i bpointe 5 de Roinn II d’Iarscríbhinn III, is é EUR 25 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 75 000;

(f)

maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe 3 de Roinn II d’Iarscríbhinn III, is é EUR 10 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 50 000;

(g)

maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe 1 go pointe 3 agus i bpointe 11 de Roinn III d’Iarscríbhinn III, is é EUR 150 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 300 000;

(h)

maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointí 4, 6, 8 agus 10 de Roinn III d’Iarscríbhinn III, is é EUR 90 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 200 000;

(i)

maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe 5, i bpointe 7 agus i bpointe 9 de Roinn III d’Iarscríbhinn III, is é EUR 40 000 ar a laghad a bheidh sna fíneálacha agus ní rachaidh siad thar EUR 100 000.

Chun a chinneadh ar cheart méid bunúsach na bhfíneálacha a shocrú ag ceann íochtair, ag lár nó ag ceann uachtair na dteorainneacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, tabharfaidh ÚEUM aird ar láimhdeachas bliantúil na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin. Beidh an méid bunúsach ag ceann íochtair na teorann i gcás gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar lú a láimhdeachas bliantúil ná EUR 10 milliún, beidh sé i lár na teorann i gcás na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa a bhfuil a láimhdeachas bliantúil idir EUR 10 milliún agus EUR 50 milliún agus beidh sé ag ceann uachtair na teorann i gcás na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar mó a láimhdeachas bliantúil ná EUR 50 milliún.

3.   Déanfar na méideanna bunúsacha, arna sainiú de réir na dteorainneacha a leagtar amach i mír 2, a choigeartú, más gá sin, trí fhachtóirí géaraitheacha nó fachtóirí maolaitheacha a chur san áireamh i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht ghéaraitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an méid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith a chur leis an méid bunúsach.

Is ceann ar cheann a dhéanfar gach comhéifeacht mhaolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an méid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith a dhealú ón méid bunúsach.

4.   D'ainneoin mhír 2 agus mhír 3, ní rachaidh an fhíneáil thar 20 % de láimhdeachas bliantúil na gníomhaireachta rátála creidmheasa lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin agus, i gcás ina bhfuair an ghníomhaireacht rátála creidmheasa tairbhe airgeadais go díreach nó go neamhdhíreach ón sárú, beidh an fhíneáil comhionann, ar a laghad, leis an tairbhe airgeadais sin.

Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh gníomhaireachta rátála creidmheasa, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, ar fíneáil í a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.

Airteagal 36b

Íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis

1.   Déanfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM, le cinneadh, íocaíocht thréimhsiúil phionóis a ghearradh:

(a)

chun iallach a chur ar ghníomhaireacht rátála creidmheasa deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun pointe (d) d'Airteagal 24(1);

(b)

chun iallach a chur ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 23b(1) faisnéis iomlán a sholáthar, ar faisnéis í arna héileamh le cinneadh de bhun Airteagal 23b;

(c)

chun iallach a chur ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 23b(1) géilleadh d'imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt ar aird agus aon fhaisnéis eile arna soláthar le linn imscrúdaithe arna sheoladh le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 23c a iomlánú agus a cheartú;

(d)

chun iallach a chur ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 23b(1) géilleadh do chigireacht ar an láthair arna sainordú le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 23d.

2.   Beidh íocaíocht thréimhsiúil phionóis éifeachtach agus comhréireach. Déanfar an íocaíocht thréimhsiúil phionóis a ghearradh ar bhonn laethúil go dtí go ndéanfaidh an an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an cinneadh ábhartha dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.

3.   D'ainneoin mhír 2, is é a bheidh i méid íocaíochta tréimhsiúla pionóis ná 3 % den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin nó, i gcás daoine nádúrtha, 2 % den mheánioncam laethúil sa bhliain féilire roimhe sin. Déanfar é a ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena ngearrtar an íocaíocht thréimhsiúil phionóis.

4.   Féadfar íocaíocht thréimhsiúil phionóis a ghearradh ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí tar éis an fógra faoi chinneadh ÚEUM a fháil.

Airteagal 36c

Éisteacht a thabhairt do na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí

1.   Sula ndéanfar aon chinneadh maidir le fíneáil agus/nó le híocaíocht thréimhsiúil phionóis a ghearradh faoi Airteagal 36a nó faoi phointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 36b(1), tabharfaidh Bord Maoirseoirí ÚEUM deis do na daoine sin atá faoi réir na n-imeachtaí éisteacht a fháil maidir le fionnachtana ÚEUM. Is ar na fionnachtana sin a raibh deis ag na daoine atá faoi réir na n-imeachtaí a dtuairimí a thabhairt ina leith, agus orthu sin amháin, a bhunóidh Bord Maoirseoirí ÚEUM a chuid cinntí.

2.   Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir na n-imeachtaí a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh na daoine sin i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad ÚEUM, ach sin faoi réir an leasa dhlisteanaigh atá ag daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní shínfidh an ceart rochtana ar an gcomhad chuig faisnéis rúnda ná doiciméid ullmhúcháin inmheánacha de chuid ÚEUM.

Airteagal 36d

Fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a nochtadh, a fhorfheidhmiú agus a leithdháileadh agus cineál na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí sin

1.   Déanfaidh ÚEUM gach fíneáil agus gach íocaíocht thréimhsiúil phionóis a ghearrtar de bhun Airteagal 36a agus Airteagal 36b a nochtadh don phobal, mura rud é go ndéanfadh an nochtadh sin don phobal dochar mór do na margaí airgeadais nó go mbeadh sé ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann.

2.   Is de chineál riaracháin a bheidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a ghearrtar de bhun Airteagal 36a agus Airteagal 36b.

3.   Beidh na fíneálacha agus na híocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a ghearrtar de bhun Airteagal 36a agus Airteagal 36b infhorfheidhmithe.

Déanfar forfheidhmiú a rialú leis na rialacha nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Stát ar ina chríoch a dhéantar an forfheidhmiú. Maidir leis an ordú chun forfheidhmiú a dhéanamh, déanfar é a chur i gceangal leis an gcinneadh gan aon fhoirmiúlacht eile seachas barántúlacht an chinnidh a fhíorú ag an údarás a bheidh ainmnithe chuige sin ag rialtas gach Ballstáit, ar údarás é a chuirfidh rialtas gach Ballstáit ÚEUM agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an eolas ina leith.

Nuair atá na foirmiúlachtaí sin curtha i gcrích, ar iarratas ón bpáirtí lena mbaineann, féadfaidh an páirtí sin dul i mbun an fhorfheidhmiúcháin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an chomlachta inniúil.

Ní fhéadfar forfheidhmiúchán a fhionraí ach amháin trí bhreith ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin á rá go bhfuil an forfheidhmiúchán á chur i gcrích ar dhóigh neamhrialta.

4.   Déanfar méideanna na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a leithdháileadh chuig buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 36e

Athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ar dá réir a ghearr ÚEUM fíneáil nó íocaíocht thréimhsiúil phionóis. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht thréimhsiúil phionóis a gearradh a neamhniú, a laghdú nó a mhéadú.”;

(19)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 37:

“Airteagal 37

Leasuithe ar na hiarscríbhinní

Chun forbairtí, lena n-áirítear forbairtí idirnáisiúnta, ar mhargaí airgeadais, go háirithe i leith ionstraimí airgeadais nua, a chur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 38a agus faoi réir na gcoinníollacha in Airteagal 38b agus Airteagal 38c, bearta a ghlacadh chun na hiarscríbhinní, seachas Iarscríbhinn III, a leasú.”;

(20)

in Airteagal 38, scriostar mír 2;

(21)

cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

“Airteagal 38a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 5(6), in Airteagal 19(2), in Airteagal 23e(7) agus in Airteagal 37 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse ceithre bliana ón 1 Meitheamh 2011. Déanfaidh an Coimisiún, sé mhí, ar a dhéanaí, roimh dheireadh na tréimhse ceithre bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir leis an gcumhacht tharmligthe. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch i gcomhair tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 38b.

2.   A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

3.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 38b agus in Airteagal 38c a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 38b

An tarmligean a chúlghairm

1.   Maidir le tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 5(6), in Airteagal 19(2), in Airteagal 23e(7) agus in Airteagal 37, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm aon tráth.

2.   Féachfaidh an institiúid a bhfuil tús curtha aici le nós imeachta inmheánach chun a chinneadh an ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm le fógra a thabhairt don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach ama sula ndéantar an cinneadh críochnaitheach, agus sonróidh sí an chumhacht tharmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme.

3.   Cuirfidh an cinneadh chun an chúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an gcinneadh láithreach nó ar dháta is déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 38c

Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse trí mhí ó dháta an fhógra.

Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí.

2.   Mas rud é, nuair a rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle i gcoinne an ghnímh tharmligthe, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an dáta a bheidh sonraithe ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse sin in éag, más rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

3.   Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. I gcomhréir le hAirteagal 296 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, luafaidh an institiúid a dhéanfaidh an agóid na cúiseanna leis an agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe.”;

(22)

leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 2;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Faoin 1 Iúil 2011, déanfaidh an Coimisiún, i bhfianaise forbairtí sa chreat rialála agus maoirseachta do ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa i dtríú tíortha, tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na héifeachtaí atá ag na forbairtí sin agus ag na forálacha idirthréimhseacha dá dtagraítear in Airteagal 40 ar chobhsaíocht na margaí airgeadais san Aontas.”;

(23)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 39a

Tuarascáil ó ÚEUM

Faoin 31 Nollaig 2011, déanfaidh ÚEUM measúnú ar na riachtanais foirne agus ar na riachtanais acmhainní a eascraíonn as glacadh de láimh a chumhachtaí agus a dhualgas i gcomhréir leis an Rialachán seo agus déanfaidh sé tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún.”;

(24)

in Airteagal 40, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

“Féadfaidh na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá ann cheana leanúint de rátálacha creidmheasa a d’fhéadfadh institiúidí airgeadais agus eintitis eile a úsáid chun críocha rialála dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a eisiúint mura rud é go ndiúltaítear clárúchán a dhéanamh. I gcás ina ndiúltaítear clárúchán a dhéanamh, beidh feidhm ag Airteagal 24(4) agus (5).”;

(25)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 40a

Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le ÚEUM

1.   Maidir leis na hinniúlachtaí agus leis na dualgais uile a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin i réimse na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa, ar inniúlachtaí agus dualgais iad a tugadh do na húdaráis inniúla, cibé acu atá, nó nach bhfuil, siad ag gníomhú mar údaráis inniúla an Bhallstáit baile, agus a tugadh do choláistí i gcás inar bunaíodh iad, déanfar iad a fhoirceannadh an 1 Iúil 2011.

Maidir le hiarratas ar chlárúchán atá faighte ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile nó ag an gcoláiste ábhartha faoin 7 Meán Fómhair 2010, áfach, ní dhéanfar é a aistriú chuig ÚEUM, agus déanfaidh na húdaráis sin agus an coláiste ábhartha an cinneadh i dtaobh an clárúchán a dhéanamh nó diúltú an clárúchán a dhéanamh.

2.   Gan dochar don dara fomhír de mhír 1, aon chomhaid nó aon doiciméid oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin i réimse na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa, lena n-áirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá fós ar siúl, nó aon chóipeanna deimhnithe díobh, glacfaidh ÚEUM ar láimh iad ar an dáta dá dtagraítear i mír 1.

3.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla agus na coláistí dá dtagraítear i mír 1 go ndéanfar aon taifid atá ann cheana nó aon doiciméid oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a aistriú chuig ÚEUM a luaithe agus is féidir agus ar aon chuma faoin 1 Iúil 2011. Tabharfaidh na húdaráis inniúla agus na coláistí sin gach cúnamh agus gach comhairle is gá do ÚEUM chun go n-éascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil, agus dul i mbun, gníomhaíochta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin i réimse na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa.

4.   Gníomhóidh ÚEUM mar chomharba dlíthiúil na n-údarás inniúil agus na gcoláistí dá dtagraítear i mír 1 in aon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a eascraíonn as gníomhaíocht mhaoirseachta agus fhorfheidhmiúcháin arna saothrú ag na húdaráis inniúla agus ag na coláistí sin maidir le cúrsaí a thagann faoi réim an Rialacháin seo.

5.   Maidir le haon chlárúchán gníomhaireachta rátála creidmheasa, arna dhéanamh i gcomhréir le Caibidil I de Theideal III ag údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, leanfaidh sé de bheith bailí tar éis aistriú na n-inniúlachtaí chuig ÚEUM.

6.   Faoin 1 Iúil 2014 agus faoi réir raon feidhme a maoirseachta leanúnaí, déanfaidh ÚEUM fíorú amháin ar a laghad ar na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa go léir a thagann faoi réim a chuid inniúlachtaí maoirseachta.”;

(26)

leasaítear Iarscríbhinn I leis seo i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(27)

cuirtear isteach na hiarscríbhinní atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Bealtaine 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

GYŐRI E.


(1)  IO C 337, 14.12.2010, lch. 1.

(2)  IO C 54, 19.2.2011, lch. 37.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Nollaig 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Aibreán 2011.

(4)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.

(5)  IO L 302, 17.11.2009, lch. 1.

(6)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(7)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(8)  IO L 228, 16.8.1973, lch. 3.

(9)  IO L 345, 19.12.2002, lch. 1.

(10)  IO L 323, 9.12.2005, lch. 1.

(11)  IO L 302, 17.11.2009, lch. 32.”;

(12)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.”;

(13)  IO 17, 6.10.1958, lch. 385/58.

(14)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 12.

(15)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 48.”;

(16)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.”;


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 mar a leanas:

(1)

i bpointe 2 de Roinn A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre deireanaí:

“Déanfar tuairimí chomhaltaí neamhspleácha an bhoird riaracháin nó an bhoird maoirseachta arna n-eisiúint i leith na gcúrsaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) a thíolacadh don bhord go tréimhsiúil agus cuirfear ar fáil do ÚEUM iad, arna iarraidh sin.”;

(2)

i bpointe 8 de Roinn B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“8.

Coimeádfar taifid agus rianta iniúchta dá dtagraítear i bpointe 7 ag áitreabh na gníomhaireachta rátála creidmheasa cláraithe ar feadh cúig bliana ar a laghad agus cuirfear ar fáil do ÚEUM iad, arna iarraidh sin.”;

(3)

i bpointe 2 de Chuid II de Roinn E, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“2.

go bliantúil, an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

liosta den 20 cliant is mó atá ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa de réir an ioncaim a ghintear uathu;

(b)

liosta na gcliant sin de chuid na gníomhaireachta rátála creidmheasa ar cliant iad ar mhó a rannchuidiú leis an ráta fáis ó thaobh ghiniúint ioncam na gníomhaireachta rátála creidmheasa sa bhliain airgeadais roimhe sin ná 1,5 uaire ráta fáis ioncam iomlán na gníomhaireachta rátála creidmheasa an bhliain sin. Ní áireofar aon chliaint den sórt sin ar an liosta ach amháin i gcás ina bhfuil sé freagrach as níos mó ná 0,25 % d'ioncaim iomlána dhomhanda na gníomhaireachta rátála creidmheasa ar an leibhéal domhanda an bhliain sin; agus

(c)

liosta de na rátálacha creidmheasa a eisíodh i rith na bliana, ar liosta é lena léirítear an cion de rátálacha creidmheasa gan iarraidh atá ina measc.”.


IARSCRÍBHINN II

Cuirtear na hiarscríbhinní seo a leanas le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009:

IARSCRÍBHINN III

Liosta na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 24(1) agus in Airteagal 36a(1)

I.   Sáruithe a bhaineann le coinbhleachtaí leasa, le ceanglais eagraíochtúla nó le ceanglais oibríochtúla

1.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 4(3) má thugann sí tacaíocht do rátáil chreidmheasa arna heisiúint i dtríú tír gan na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin a chomhlíonadh, ach amháin má tá an chúis leis an sárú sin taobh amuigh d'eolas nó de smacht na gníomhaireachta rátála creidmheasa.

2.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an dara fomhír d'Airteagal 4(4) má bhaineann sí úsáid as tacaíocht a thugtar do rátáil chreidmheasa arna heisiúint i dtríú tír agus é de rún aici ceanglais an Rialacháin seo a sheachaint.

3.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 1 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach mbunaíonn sí bord riaracháin nó bord maoirseachta.

4.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta na chéad mhíre de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach lagaíonn a leas gnó neamhspleáchas ná cruinneas na ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa.

5.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2) i dteannta an dara mír de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, má dhéanann sí lucht bainistíochta sinsearach a cheapadh nach bhfuil dea-chlú orthu, nach bhfuil dóthain scileanna ná taithí acu nó nach féidir leo bainistíocht fhónta stuama na gníomhaireachta rátála creidmheasa a áirithiú.

6.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an tríú mír de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach gceapann sí an líon comhaltaí neamhspleácha is gá ar a bord riaracháin nó ar a bord maoirseachta.

7.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an ceathrú mír de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, má dhéanann sí córas cúitimh do chomhaltaí neamhspleácha a boird riaracháin nó a boird maoirseachta a leagan amach, ar córas é a bhfuil nasc aige le feidhmíocht ghnó na gníomhaireachta rátála creidmheasa nó nach bhfuil socraithe d’fhonn neamhspleáchas a dtuairimí a áirithiú; nó má dhéanann sí téarma oifige is faide ná cúig bliana nó téarma oifige inathnuaite a leagan amach do chomhaltaí neamhspleácha a boird riaracháin nó a boird maoirseachta; nó má dhéanann sí comhalta neamhspleách den bhord riaracháin nó den bhord maoirseachta a dhífhostú seachas i gcás mí-iompair nó tearcfheidhmíochta gairmiúla.

8.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an cúigiú mír de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, má dhéanann sí comhaltaí nach bhfuil dóthain saineolais acu ar sheirbhísí airgeadais a cheapadh ar a bord riaracháin nó ar a bord maoirseachta; nó, i gcás ina n-eisíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa rátálacha creidmheasa ionstraimí airgeadais struchtúrtha, mura gceapann sí comhalta neamhspleách amháin ar a laghad agus comhalta amháin eile den bhord ag a mbeidh cur amach agus taithí ghrinn ar na margaí in ionstraimí struchtúrtha airgeadais ar an leibhéal sinsearach.

9.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an séú mír de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí go gcomhlíonann comhaltaí neamhspleácha an bhoird riaracháin nó an bhoird maoirseachta na cúraimí maidir le faireachán a dhéanamh ar aon cheann de na hábhair dá dtagraítear sa séú mír den phointe sin.

10.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an seachtú mír de phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí go ndéanann comhaltaí neamhspleácha an bhoird riaracháin nó an bhoird maoirseachta a dtuairimí i leith na gcúrsaí dá dtagraítear sa séú mír den phointe sin a thíolacadh don bhord go tréimhsiúil nó mura ndéanann na comhaltaí sin a dtuairimí a chur ar fáil do ÚEUM, arna iarraidh sin.

11.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 3 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach mbunaíonn sí beartais nó nósanna imeachta leordhóthanacha lena áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí atá aici faoin Rialachán seo.

12.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 4 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach bhfuil nósanna imeachta fónta riaracháin nó cuntasaíochta, sásraí rialaithe inmheánaigh, nósanna imeachta éifeachtacha um measúnú riosca, nó socruithe rialaithe nó socruithe cosanta éifeachtacha aici maidir le córais phróiseála faisnéise; nó mura ndéanann sí nósanna imeachta cinnteoireachta nó struchtúir eagraíochtúla a chur chun feidhme agus a chothabháil, mar a cheanglaítear leis an bpointe sin.

13.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 5 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach ndéanann sí roinn feidhme chomhlíonta (feidhm chomhlíonta) bhuan agus éifeachtach, agus a oibríonn go neamhspleách, a chur ar bun nó más rud é nach ndéanann sí roinn den chineál sin a chothabháil.

14.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta na chéad mhíre de phointe 6 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí go gcomhlíontar na coinníollacha lena gcumasaítear na freagrachtaí a ghabhann leis an bhfeidhm chomhlíonta a chomhall go cuí nó go neamhspleách, mar a leagtar amach sa chéad mhír den phointe sin.

15.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 7 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach mbunaíonn sí socruithe eagraíochtúla nó riaracháin atá iomchuí agus éifeachtach chun aon choinbhleachtaí leasa dá dtagraítear i bpointe 1 de Roinn B d'Iarscríbhinn I a chosc, a shainaithint, a dhíbirt nó a bhainistiú, agus a nochtadh, nó más rud é nach ndéanann sí socrú lena gcoimeádtar taifid i leith gach bagartha suntasaí ar neamhspleáchas na ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa, lena n-áirítear bagairtí suntasacha ar na rialacha maidir le hanailísithe rátála ar rialacha iad dá dtagraítear i Roinn C d'Iarscríbhinn I, mar aon leis na coimircí arna gcur i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú.

16.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 8 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-úsáideann sí córais iomchuí, acmhainní iomchuí nó nósanna imeachta iomchuí chun leanúnachas agus rialtacht a áirithiú maidir le comhlíonadh a cuid gníomhaíochtaí rátála creidmheasa.

17.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 9 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach mbunaíonn sí feidhm athbhreithnithe:

(a)

ar feidhm í lena ngabhann freagracht as athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a modheolaíochtaí, a samhlacha agus a príomhbhoinn tuisceana rátála, nó ar aon athruithe suntasacha nó ar aon mhodhnuithe suntasacha ar na nithe sin chomh maith le hathbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar oiriúnacht na modheolaíochtaí, na samhlacha agus na bpríomhbhonn tuisceana i gcás go mbaintear úsáid astu, nó go bhfuil sé beartaithe go mbainfí úsáid astu, chun measúnú a dhéanamh ar ionstraimí airgeadais nua;

(b)

ar feidhm í atá neamhspleách ar na línte gnó atá freagrach as gníomhaíochtaí rátála creidmheasa; nó

(c)

ar feidhm í ar dá réir a thugtar tuairiscí do chomhaltaí an bhoird riaracháin nó an bhoird maoirseachta.

18.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 10 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, más rud é nach ndéanann sí faireachán nó meastóireacht ar leordhóthanacht agus éifeachtúlacht a cuid córas, a sásraí rialaithe inmheánaigh agus a socruithe arna mbunú i gcomhréir leis an Rialachán seo nó más rud é nach ndéanann sí bearta iomchuí a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh.

19.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 1 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach ndéanann sí aon choinbhleachtaí leasa iarbhír nó aon choinbhleachtaí leasa féideartha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar anailísí nó ar thuairimí a cuid anailísithe rátála, a cuid fostaithe, nó ar thuairimí aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a chuid seirbhísí ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó ar seirbhísí iad atá faoina rialú, agus a bhfuil páirt dhíreach acu in eisiúint rátála creidmheasa nó daoine a dhéanann rátálacha creidmheasa a fhormheas, a shainaithint agus a dhíbirt nó iad a bhainistiú agus a nochtadh go soiléir nó go feiceálach.

20.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta na chéad mhíre de phointe 3 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, má dhéanann sí rátáil chreidmheasa a eisiúint in aon cheann de na himthosca a leagtar amach sa chéad mhír den phointe sin nó, i gcás rátála creidmheasa atá ann roimh ré, más rud é nach nochtann sí láithreach go bhféadfadh na himthosca sin difear a dhéanamh don rátáil chreidmheasa.

21.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an dara mír de phointe 3 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach ndéanann sí measúnú láithreach i dtaobh an bhfuil forais ann chun rátáil chreidmheasa reatha a athrátáil nó a tharraingt siar.

22.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta na chéad mhíre de phointe 4 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, má dhéanann sí seirbhísí sainchomhairliúcháin nó comhairleacha a sholáthar don eintiteas rátáilte nó d’aon tríú páirtí gaolmhar maidir le struchtúr corparáideach nó dlíthiúil, sócmhainní, dliteanais nó gníomhaíochtaí an eintitis rátáilte nó aon tríú páirtí gaolmhar.

23.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta na chéad choda den tríú mír de phointe 4 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach bhfuil coinbhleacht leasa ann lena gníomhaíocht rátála creidmheasa de bharr seirbhís choimhdeach a sholáthar.

24.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 5 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach ndéanann anailísithe rátála nó daoine a fhormheasann rátálacha tograí nó moltaí maidir le ceapadh na n-ionstraimí airgeadais struchtúrtha ar ina leith a bhfuiltear ag súil go n-eiseoidh an ghníomhaireacht rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa.

25.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 6 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach gceapann sí a cuid bealaí tuairiscithe nó cumarsáide ionas go n-áiritheofar go bhfuil na daoine dá dtagraítear i bpointe 1 de Roinn B neamhspleách maidir le gníomhaíochtaí eile na gníomhaireachta rátála creidmheasa a dhéantar ar bhonn tráchtála.

26.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an dara mír de phointe 8 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach gcoimeádann sí na taifid ar feadh tréimhse trí bliana ar a laghad ón tráth a dhéantar clárúchán na gníomhaireachta sin a tharraingt siar.

27.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(1) más rud é nach n-áirithíonn sí go bhfuil eolas agus taithí iomchuí i gcomhair na ndualgas atá sannta dóibh ag anailísithe rátála, ag a cuid fostaithe agus ag aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a chuid seirbhísí ar fáil don ghníomhaireacht rátála creidmheasa, nó a bhfuil a chuid seirbhísí faoi rialú na gníomhaireachta sin, agus ar daoine iad sin ag a bhfuil baint dhíreach le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa.

28.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(2) más rud é nach n-áirithíonn sí nach ndéanann aon duine dá dtagraítear in Airteagal 7(1) caibidlíocht ar tháillí nó ar íocaíochtaí a thionscnamh le haon eintiteas rátáilte, le tríú páirtí gaolmhar nó le duine ar bith ag a bhfuil nasc díreach nó neamhdhíreach leis an eintiteas rátáilte trí rialú,nó nach nglacann an duine sin páirt i gcaibidlíocht den sórt sin.

29.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 3(a) de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí go ndéanann aon duine dá dtagraítear i bpointe 1 den Roinn sin gach beart réasúnach chun maoin nó taifid atá i seilbh na gníomhaireachta rátála creidmheasa a chosaint ar chalaois, ar ghadaíocht nó ar mhí-úsáid, agus aird á tabhairt ar chineál, ar scála agus ar chastacht a gnó agus ar chineál agus ar raon a gníomhaíochtaí rátála creidmheasa.

30.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 5 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, má dhéanann sí iarmhairtí diúltacha a fhorchur ar dhuine dá dtagraítear i bpointe 1 den Roinn sin i gcás ina ndéanann an duine sin faisnéis a thuairisciú don oifigeach um chomhlíonadh á rá go raibh iompar ar bun ag aon duine eile den sórt sin a mheasann sé nó sí a bheith ina iompar mídhleathach.

31.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 6 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach ndéanann sí athbhreithniú ar obair ábhartha anailísí rátála don dá bhliain sular imigh sé nó sí, i gcás ina gcuireann anailísí rátála deireadh lena fhostaíocht nó lena fostaíocht agus ina dtéann sé nó sí isteach in eintiteas rátáilte lena raibh baint ag an anailísí rátála ó thaobh rátáil chreidmheasa a dhéanamh, nó i ngnólacht airgeadais lena raibh déileálacha ag an anailísí rátála mar chuid dá dhualgais nó dá dualgais sa ghníomhaireacht rátála creidmheasa.

32.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 1 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach ndéanann duine dá dtagraítear sa phointe sin aon ionstraim airgeadais dá dtagraítear sa phointe sin a cheannach nó a dhíol nó nach ngabhann an duine sin d'idirbheart i leith ionstraime den chineál sin.

33.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 2 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach bhfuil duine dá dtagraítear i bpointe 1 den Roinn sin páirteach i rátáil chreidmheasa dá dtagraítear i bpointe 2 den Roinn sin a chinneadh nó nach n-imríonn sé nó sí aon tionchar eile air sin.

34.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe (b), phointe (c) agus phointe (d) de phointe 3 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach ndéanann duine dá dtagraítear i bpointe 1 den Roinn sin faisnéis a nochtadh, a úsáid nó a roinnt, ar nithe iad sin dá dtagraítear sna pointí sin.

35.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 4 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach ndéanann duine dá dtagraítear i bpointe 1 den Roinn sin airgead, bronntanais nó garanna a iarraidh ar dhuine ar bith lena ndéanann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa gnó nó airgead, bronntanais nó garanna a ghlacadh ó dhuine den sórt sin.

36.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(3), i dteannta phointe 7 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach dtéann duine dá dtagraítear i bpointe 1 den Roinn sin i mbun príomhphoist bhainistíochta leis an eintiteas rátáilte nó lena thríú páirtí gaolmhar taobh istigh de shé mhí ón tráth a ndéantar an rátáil chreidmheasa.

37.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(4), i dteannta phointe (a) den chéad mhír de phointe 8 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach bhfuil baint ag an bpríomhanailísí rátála le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó lena thríú páirtithe gaolmhara ar feadh tréimhse is faide ná ceithre bliana.

38.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(4), i dteannta phointe (b) den chéad mhír de phointe 8 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach bhfuil baint ag anailísí rátála le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó lena thríú páirtithe gaolmhara ar feadh tréimhse is faide ná cúig bliana.

39.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(4), i dteannta phointe (c) den chéad mhír de phointe 8 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach bhfuil duine a fhormheasann rátálacha creidmheasa páirteach i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte céanna nó lena thríú páirtithe gaolmhara ar feadh tréimhse is faide ná seacht mbliana.

40.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(4), i dteannta an dara mír de phointe 8 de Roinn C d'Iarscríbhinn I, más rud é nach n-áirithíonn sí nach bhfuil baint ag duine dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad mhír den phointe sin le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa a bhaineann leis an eintiteas rátáilte nó leis na tríú páirtithe gaolmhara dá dtagraítear sna pointí sin taobh istigh de dhá bhliain ó dheireadh na dtréimhsí a leagtar amach sna pointí sin.

41.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 7(5) má dhéanann sí cúiteamh nó meastóireacht feidhmíochta a thabhairt isteach atá ag brath ar an méid ioncaim a fhaigheann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa ó na heintitis rátáilte nó ó na tríú páirtithe gaolmhara.

42.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 8(2) más rud é nach ndéanann sí bearta leordhóthanacha a ghlacadh, a chur chun feidhme nó a fhorfheidhmiú d’fhonn a áirithiú go bhfuil na rátálacha creidmheasa a eisíonn sí bunaithe ar anailís chríochnúil ar an bhfaisnéis ábhartha ar fad atá ar fáil di agus atá ábhartha dá hanailís de réir a cuid modheolaíochtaí rátála.

43.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 8(3) más rud é nach n-úsáideann sí modheolaíochtaí rátála atá docht, córasach agus leanúnach agus nach dtagann faoi réir a mbailíochtaithe ar bhonn taithí stairiúla, lena n-áirítear cúltástáil.

44.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an chéad fhomhír d'Airteagal 8(4) má dhiúltaíonn sí rátáil creidmheasa eintitis nó rátáil creidmheasa ionstraime airgeadais a eisiúint toisc rátáil a bheith déanta ar chuid den eintiteas nó den ionstraim airgeadais roimhe sin ag gníomhaireacht rátála creidmheasa eile.

45.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an dara fomhír d'Airteagal 8(4) más rud é nach gcoinníonn sí taifead ar na cásanna ar fad ina n-imíonn a próiseas rátála creidmheasa ó na rátálacha creidmheasa atá ann cheana agus a d’ullmhaigh gníomhaireacht rátála creidmheasa eile i leith bunsócmhainní nó ionstraimí airgeadais struchtúrtha nó más rud é nach ndéanann sí údar maith á thabhairt maidir leis an measúnú éagsúil.

46.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an chéad abairt d’Airteagal 8(5) más rud é nach ndéanann sí faireachán ar a rátálacha creidmheasa nó nach ndéanann sí athbhreithniú ar a cuid rátálacha creidmheasa nó a cuid modheolaíochtaí féin ar bhonn leanúnach agus uair amháin sa bhliain ar a laghad.

47.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an dara habairt d'Airteagal 8(5) más rud é nach mbunaíonn sí socruithe inmheánacha chun faireachán a dhéanamh ar an tionchar a imrítear ar rátálacha creidmheasana de bharr athruithe ar choinníollacha margaidh maicreacnamaíocha nó airgeadais.

48.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (b) d’Airteagal 8(6), i gcás ina n-athraítear modheolaíochtaí, samhlacha nó príomhbhoinn tuisceana rátála a úsáidtear i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa, más rud é nach ndéanann sí athbhreithniú ar na rátálacha creidmheasa a ndéantar difear dóibh i gcomhréir leis an bpointe sin nó más rud é nach gcuirtear na rátálacha sin faoi bhreathnadóireacht san idirlinn.

49.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (c) d’Airteagal 8(6) más rud é nach ndéanann sí athrátáil ar rátáil chreidmheasa a bhí bunaithe ar mhodheolaíochtaí, ar shamhlacha nó ar phríomhbhoinn tuisceana a athraítear i gcás ina ndéanann éifeacht chomhcheangailte fhoriomlán na n-athruithe sin difear don rátáil chreidmheasa sin.

50.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 9 má dhéanann sí eisfhoinsiú ar fheidhmeanna oibríochtúla tábhachtacha ar shlí a dhéanfadh dochar go hábhartha do cháilíocht rialú inmheánach na gníomhaireachta rátála creidmheasa nó do chumas ÚEUM maoirseacht a dhéanamh ar an tslí a gcomhlíonann an ghníomhaireacht rátála creidmheasa oibleagáidí faoin Rialachán seo.

51.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(2), i dteannta an dara mír de phointe 4 de Chuid I de Roinn D d'Iarscríbhinn I, má dhéanann sí rátáil chreidmheasa a eisiúint nó más rud é nach ndéanann sí rátáil a bhí ann cheana a tharraingt siar i gcás ina mbeidh easpa sonraí iontaofa ann nó de bharr chastacht an struchtúir a bhaineann le cineál nua ionstraime airgeadais nó toisc nach bhfuil cáilíocht na faisnéise atá ar fáil sásúil go leor nó go n-ardaíonn sí ceisteanna tromchúiseacha maidir le cumas na gníomhaireachta rátála creidmheasa rátáil chreidmheasa inchreidte a sholáthar.

52.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(6) má bhaineann sí úsáid as ainm ÚEUM nó as ainm aon údaráis inniúil ar shlí a léireodh nó a thabharfadh le tuiscint go ndearna ÚEUM nó aon údarás inniúil tacaíocht nó formheas a thabhairt maidir leis na rátálacha creidmheasa nó maidir le haon ghníomhaíochtaí rátála creidmheasa de chuid na gníomhaireachta rátála creidmheasa.

53.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 13 má ghearrann sí táille ar an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 8 go hAirteagal 12.

54.

I gcás inar duine dlítheanach atá bunaithe sa Chomhphobal é an ghníomhaireacht rátála creidmheasa, sáraíonn sí Airteagal 14(1) más rud é nach ndéanann sí iarratas ar chlárúchán chun críocha Airteagal 2(1).

II.   Sáruithe a bhaineann le bacainní ar ghníomhaíochtaí maoirseachta

1.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 7 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach ndéanann sí socrú chun go gcoimeádfaí taifid nó rianta iniúchta ar a gníomhaíochtaí rátála creidmheasa mar a éilítear leis na forálacha sin.

2.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta na chéad mhíre de phointe 8 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach gcoimeádann sí na taifid nó rianta iniúchta dá dtagraítear i bpointe 7 den Roinn sin ag a háitreabh ar feadh cúig bliana ar a laghad nó más rud é nach gcuireann sí na taifid nó na rianta iniúchta sin ar fáil do ÚEUM, arna iarraidh sin dó.

3.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 9 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach gcoimeádann sí taifid lena leagtar amach cearta agus oibleagáidí na gníomhaireachta rátála creidmheasa nó an eintitis rátáilte nó a thríú páirtithe gaolmhara faoi seach faoi chomhaontú chun seirbhísí rátála creidmheasa a sholáthar ar feadh na tréimhse a mhaireann an ghaolmhaireacht leis an eintiteas rátáilte sin nó lena thríú páirtí gaolmhar.

4.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 11(2) más rud é nach gcuireann sí an fhaisnéis is gá ar fáil nó más rud é nach soláthraíonn sí an fhaisnéis sin san fhormáid a éilítear agus dá dtagraítear sa mhír sin.

5.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 11(3), i dteannta phointe 2 de Chuid I de Roinn E d'Iarscríbhinn I, más rud é ngach soláthraíonn sí liosta dá seirbhísí coimhdeacha do ÚEUM.

6.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an dara fomhír d'Airteagal 14(3) más rud é nach dtugann sí fógra do ÚEUM i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha don chlárúchán bunaidh, i gcomhréir leis an bhfomhír sin.

7.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 23b(1) má soláthraíonn sí faisnéis mhícheart nó mhíthreorach ina freagairt ar iarraidh shimplí ar fhaisnéis de bhun Airteagal 23b(2) nó mar fhreagairt ar chinneadh lena n-éilítear faisnéis de bhun Airteagal 23b(3).

8.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (c) d’Airteagal 23c(1) má thugann sí freagraí míchearta nó míthreoracha ar cheisteanna a chuirtear de bhun an phointe sin.

III.   Sáruithe a bhaineann le forálacha maidir le nochtadh

1.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta phointe 2 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach nochtann sí don phobal ainmneacha na n-eintiteas rátáilte nó ainmneacha tríú páirtithe gaolmhara óna bhfaigheann sí níos mó ná 5 % dá hioncam bliantúil.

2.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 6(2), i dteannta an dara cuid den tríú mír de phointe 4 de Roinn B d'Iarscríbhinn I, más rud é nach ndéanann sí seirbhís choimhdeach a sholáthraítear don eintiteas rátáilte nó d’aon tríú páirtí gaolmhar a nochtadh sa tuarascáil chríochnaitheach rátála.

3.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 8(1) más rud é nach nochtann sí don phobal na modheolaíochtaí, na samhlacha nó na príomhbhoinn tuisceana rátála a mbaineann sí úsáid astu ina gníomhaíochtaí rátála creidmheasa faoi mar a bhfuil tuairisc orthu i bpointe 5 de Chuid I de Roinn E d’Iarscríbhinn I.

4.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa pointe (a) d’Airteagal 8(6) i gcás ina n-athraítear modheolaíochtaí, samhlacha nó príomhbhoinn tuisceana rátála a úsáidtear i ngníomhaíochtaí rátála creidmheasa, más rud é nach ndéanann sí raon feidhme dóchúlach na rátálacha creidmheasa a ndearnadh difear dóibh a nochtadh láithreach nó má dhéanann sí an méid sin a nochtadh gan úsáid á bhaint as an modh cumarsáide céanna agus a úsáideadh chun na rátálacha creidmheasa a ndearnadh difear dóibh a dháileadh.

5.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(1) más rud é nach nochtann sí na cinntí gan leanúint ar aghaidh le rátáil chreidmheasa lena n-áirítear na cúiseanna ar fad atá leis an gcinneadh ar bhonn neamhroghnach agus go tráthúil.

6.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(2), i dteannta phointe 1 nó phointe 2, na chéad mhíre de phointe 4 nó phointe 5 de Chuid I de Roinn D d'Iarscríbhinn I nó i dteannta Chuid II de Roinn D d'Iarscríbhinn I, más rud é nach soláthraíonn sí an fhaisnéis a éilítear leis na forálacha sin agus rátáil á tíolacadh aici.

7.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(2), i dteannta phointe 3 de Chuid I de Roinn D d'Iarscríbhinn I, más rud é nach gcuireann sí an t-eintiteas rátáilte ar an eolas faoin rátáil chreidmheasa 12 uair an chloig ar a laghad sula bhfoilsítear í.

8.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(3) más rud é nach n-áirithíonn sí go ndéantar catagóirí rátála a chuirtear i leith ionstraimí airgeadais struchtúrtha a idirdhealú go soiléir trí úsáid a bhaint as siombail bhreise lena n-idirdhealaítear iad ó chatagóirí rátála a úsáidtear d’aon eintitis eile, d’aon ionstraimí airgeadais eile nó d'aon oibleagáidí airgeadais eile.

9.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(4) más rud é nach nochtann sí a cuid beartas nó nósanna imeachta i leith rátálacha creidmheasa gan iarraidh.

10.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 10(5) más rud é nach soláthraíonn sí an fhaisnéis a éilítear faoin mír sin agus rátáil chreidmheasa gan iarraidh á heisiúint aici nó más rud é nach sainaithníonn sí rátáil chreidmheasa gan iarraidh mar an gcéanna.

11.

Sáraíonn an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Airteagal 11(1) más rud é nach nochtann sí go hiomlán an fhaisnéis ar na hábhair a leagtar amach i gCuid I de Roinn E d'Iarscríbhinn I nó mura dtugann sí an fhaisnéis sin cothrom le dáta láithreach.

IARSCRÍBHINN IV

Liosta de na comhéifeachtaí atá nasctha le fachtóirí géaraitheacha agus le fachtóirí maolaitheacha chun Airteagal 36a(3) a chur i bhfeidhm

Beidh feidhm ag na comhéifeachtaí seo a leanas ar bhealach carnach maidir leis na méideanna bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 36a(2) ar bhonn gach ceann de na fachtóirí géaraitheacha agus de na fachtóirí maolaitheacha seo a leanas:

I.   Comhéifeachtaí coigeartuithe atá nasctha le fachtóirí géaraitheacha

1.

I gcás ina ndearnadh an sárú arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1,1 i ndáil le gach uair a rinneadh an sárú athuair.

2.

I gcás ina ndearnadh an sárú ar feadh tréimhse is faide ná sé mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5.

3.

I gcás inar nocht an sárú laigí sistéamacha i ndáil le heagrúchán na gníomhaireachta rátála creidmheasa, go háirithe i ndáil lena cuid nósanna imeachta, lena cuid córais bhainistíochta nó lena cuid rialuithe inmheánacha, beidh feidhm ag comhéifeacht 2,2.

4.

I gcás ina raibh tionchar diúltach ag an sárú ar cháilíocht na rátálacha a ndearna an ghníomhaireacht rátála creidmheasa lena mbaineann rátáil ina leith, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5.

5.

I gcás ina ndearnadh an sárú d'aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 2.

6.

I gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht feabhais déanta ón am a ndearnadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,7.

7.

I gcás nár chomhoibrigh ardbhainistíocht na gníomhaireachta rátála creidmheasa le ÚEUM le linn dó a chuid imscrúduithe a chur i gcrích, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5.

II.   Comhéifeachtaí coigeartuithe atá nasctha le fachtóirí maolaitheacha

1.

I gcás ina mbaineann an sárú le sárú atá liostaithe i Roinn II nó i Roinn III d'Iarscríbhinn III agus go ndearnadh é ar feadh tréimhse is giorra ná 10 lá oibre, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,9.

2.

I gcás ina bhfuil ardbhainistíocht na gníomhaireachta rátála creidmheasa in ann a léiriú go ndearna siad gach beart is gá chun an sárú a chosc, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,7.

3.

I gcás inár chuir an ghníomhaireacht rátála creidmheasa an sárú in iúl do ÚEUM ar bhealach tapa, éifeachtach agus iomlán, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,4.

4.

I gcás ina ndearna an ghníomhaireacht rátála creidmheasa bearta dá dheoin féin chun a áirithiú nach bhféadfar sárú den chineál céanna a dhéanamh sa todhchaí, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,6.

”.

Top