EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R0511

Rialachán (AE) Uimh. 511/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na Cóiré

IO L 145, 31.5.2011, p. 19–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/511/oj

31.5.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/19


RIALACHÁN (AE) Uimh. 511/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Bealtaine 2011

lena gcuirtear chun feidhme clásal coimirce déthaobhach an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit agus Poblacht na Cóiré

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 23 Aibreán 2007, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún tús a chur le caibidlíochtaí ar chomhaontú saorthrádála le Poblacht na Cóiré (“an Chóiré”) thar ceann an Aontais agus a Bhallstát.

(2)

Tá na caibidlíochtaí sin tugtha i gcrích agus síníodh an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (“an Comhaontú”), an 6 Deireadh Fómhair 2010 (2), fuair sé toiliú ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Feabhra 2011 (3) agus beidh feidhm aige de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 15.10 den Chomhaontú.

(3)

Is gá na nósanna imeachta a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm forálacha áirithe den Chomhaontú a bhaineann le coimircí.

(4)

Ba cheart na téarmaí “mórdhíobháil”, “bagairt mórdhíobhála” agus “idirthréimhse” dá dtagraítear in Airteagal 3.5 den Chomhaontú a shainmhíniú.

(5)

Ní fhéadfar breithniú i dtaobh bearta coimirce a dhéanamh ach amháin i gcás ina n-allmhairítear an táirge i dtrácht isteach san Aontas sna cainníochtaí méadaithe sin, agus faoi na coinníollacha sin, is de chineál a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le mórdhíobháil, nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le mórdhíobháil, do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí dír-iomaíocha, faoi mar atá leagtha síos in Airteagal 3.1 den Chomhaontú.

(6)

Ba cheart go mbeadh na bearta coimirce i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 3.1 den Chomhaontú.

(7)

Maidir leis na cúraimí a ghabhann le bearta leantacha a dhéanamh i ndáil leis an gComhaontú agus a ghabhann leis an gComhaontú a athbhreithniú agus, más gá, a ghabhann le bearta coimirce a fhorchur, ba cheart iad a dhéanamh sa mhodh is trédhearcaí is féidir.

(8)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thíolacadh uair amháin sa bhliain maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe agus maidir le cur i bhfeidhm na mbeart coimirce.

(9)

Ba cheart go mbeadh forálacha mionsonraithe ann maidir le himeachtaí a thionscnamh. Ba cheart go bhfaigheadh an Coimisiún faisnéis, lena n-áirítear fianaise atá ar fáil ó na Ballstáit i ndáil le haon treochtaí allmhairiúcháin a d’fhéadfadh a fhágáil gur ghá bearta coimirce a chur i bhfeidhm.

(10)

Tá iontaofacht an staidrimh i ndáil leis na hallmhairithe go léir ón gCóiré chuig an Aontas fíorthábhachtach, dá bhrí sin, chun a chinneadh an bhfuil na coinníollacha maidir le bearta coimirce a chur i bhfeidhm á gcomhlíonadh.

(11)

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh méadú ar allmhairí nach dtarlaíonn ach i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát ina chúis, nó go mbagródh sé a bheith ina chúis, as féin, le mórdhíobháil do thionscal an Aontais. Más amhlaidh go bhfuil méadú ar allmhairí nach dtarlaíonn ach i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, féadfaidh an Coimisiún réamhbhearta faireachais a thabhairt isteach. Déanfaidh an Coimisiún breithniú iomlán ar an gcaoi inar féidir an táirge atá faoi réir imscrúdaithe agus, dá thoradh sin, tionscal an Aontais a bhfuil an táirge comhchosúil á tháirgeadh aige a shainmhíniú ar dhóigh lena ndéantar foráil maidir le leigheas éifeachtach, agus na critéir faoin Rialachán seo agus faoin gComhaontú á n-urramú go hiomlán aige ag an am céanna.

(12)

Má tá fianaise leordhóthanach prima facie ann chun go mbeidh údar maith le himeacht a thionscnamh, ba cheart don Choimisiún fógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 3.2.2 den Chomhaontú.

(13)

Ba cheart go mbeadh forálacha mionsonraithe ann maidir le himscrúduithe a thionscnamh, maidir le rochtain agus cigireacht ag na páirtithe leasmhara ar an bhfaisnéis a bhailítear, maidir le héisteachtaí do na páirtithe lena mbaineann, agus maidir le deiseanna do na páirtithe sin a gcuid tuairimí a thíolacadh, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 3.2.2 den Chomhaontú.

(14)

Ba cheart don Choimisiún fógra i scríbhinn a thabhairt don Chóiré i dtaca le himscrúdú a thionscnamh agus ba cheart dó dul i gcomhairle leis an gCóiré faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 3.2.1 den Chomhaontú.

(15)

Is gá freisin, de bhun Airteagal 3.2 agus Airteagal 3.3 den Chomhaontú, teorainneacha ama a shocrú maidir le himscrúduithe a thionscnamh agus maidir le cinntí a dhéanamh i dtaobh cé acu is iomchuí nó nach iomchuí bearta a dhéanamh, d’fhonn a áirithiú go ndéanfar na cinntí sin go tapa chun deimhneacht dhlíthiúil na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a mhéadú.

(16)

Ba cheart imscrúdú a dhéanamh sula gcuirfear aon bheart coimirce i bhfeidhm, ach sin faoi réir cead a bheith ag an gCoimisiún bearta sealadacha a chur i bhfeidhm in imthosca criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 3.3 den Chomhaontú.

(17)

Níor cheart bearta coimirce a chur i bhfeidhm ach amháin a mhéid is gá, agus go ceann cibé tréimhse is gá, chun mórdhíobháil a chosc agus chun coigeartú a éascú. Ba cheart ré uasta na mbeart coimirce a chinneadh agus ba cheart forálacha sonracha i dtaca le fadú agus athbhreithniú na mbeart sin a leagan síos, ar nithe iad sin dá dtagraítear in Airteagal 3.2.5 den Chomhaontú.

(18)

Le faireachán géar, éascófar aon chinneadh tráthúil maidir le tionscnamh féideartha imscrúdaithe nó maidir le bearta a fhorchur. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar allmhairí agus ar onnmhairí in earnálacha íogaire ó dháta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

(19)

Is gá nósanna imeachta áirithe a leagan síos a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal 14 (Aisíocaíocht Dleachtanna Custaim nó Díolúine uathu) den Phrótacal maidir leis an Sainmhíniú ar “Táirgí Tionscnaimh” agus Modhanna Comhair Riaracháin (“an Prótacal maidir le Rialacha Tionscnaimh”) den Chomhaontú chun oibriú éifeachtach na sásraí dá bhforáiltear ann a áirithiú agus chun foráil a dhéanamh maidir le malartú cuimsitheach faisnéise leis na geallsealbhóirí ábhartha.

(20)

De bharr nach mbeidh sé indéanta an aisíocaíocht dleachta custaim a theorannú go dtí go mbeidh cúig bliana caite tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé riachtanach, ar bhonn an Rialacháin seo, bearta coimirce a fhorchur mar fhreagairt ar mhórdhíobháil nó ar bhagairt mórdhíobhála do tháirgeoirí an Aontais arb é is cúis léi ná allmhairí a thairbhíonn ó aisíocaíocht dleachta custaim nó ó dhíolúine ó dhleacht custaim. In imeacht den sórt sin, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún meastóireacht ar na fachtóirí ábhartha go léir a bhfuil baint acu le staid thionscal an Aontais, lena n-áirítear na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 14.2.1 den Phrótacal maidir le Rialacha Tionscnaimh. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar staidreamh na Cóiré maidir leis na hearnálacha íogaire a bhféadfadh sé go ndéanfaí difear dóibh de bharr aisíocaíochta dleachta ó dháta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

(21)

Ó dháta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe, ba cheart don Choimisiún faireachán an-ghéar a dhéanamh, go háirithe in earnálacha íogaire, ar an staidreamh lena dtaispeántar na hathruithe ar na hallmhairí isteach sa Chóiré agus ar na honnmhairí amach aisti.

(22)

Féadfaidh na Ballstáit tagairt a dhéanamh do bhearta coimirce cinntitheacha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo in iarratais ar ranníocaíochtaí airgeadais faoi Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a bhunú (4).

(23)

Chun clásal coimirce déthaobhach an Chomhaontaithe a chur chun feidhme, éilítear coinníollacha comhionanna maidir le bearta coimirce sealadacha agus bearta coimirce cinntitheacha a ghlacadh, maidir le réamhbhearta faireachais a fhorchur, agus maidir le himscrúdú a fhoirceannadh gan bearta a dhéanamh. Ba cheart don Choimisiún na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (5).

(24)

Is iomchuí go n-úsáidfear an nós imeachta comhairliúcháin maidir le bearta faireachais agus bearta sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí na mbeart sin agus a loighce seicheamhaí maidir le glacadh na mbeart coimirce cinntitheach. I gcás ina mbeadh moill ar fhorchur na mbeart ina cúis le damáiste a bheadh deacair a leigheas, is gá a cheadú don Choimisiún bearta sealadacha atá infheidhme láithreach a ghlacadh.

(25)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí de thionscnamh an Aontais nó na Cóiré, agus maidir leis na táirgí sin amháin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

ciallaíonn “táirgí” earraí de thionscnamh an Aontais nó na Cóiré. Maidir le táirge atá faoi réir imscrúdaithe, d’fhéadfadh sé go gcuimseofar leis líne tharaife amháin nó roinnt línte taraife, nó fodheighilt de líne tharaife, ag brath ar imthosca sonracha an mhargaidh nó ar aon deighilt táirgí a chuirtear i bhfeidhm go coitianta i dtionscal an Aontais;

(b)

ciallaíonn “páirtithe leasmhara” na páirtithe a ndéanann allmhairiú an táirge i dtrácht difear dóibh;

(c)

ciallaíonn “tionscal an Aontais” táirgeoirí an Aontais ina n-iomláine a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí dír-iomaíocha agus a oibríonn laistigh de chríoch an Aontais, nó na táirgeoirí sin de chuid an Aontais arb ionann a gcomh-aschur táirgí comhchosúla nó táirgí dír-iomaíocha agus cion mór de tháirgeacht iomlán an Aontais i dtaca leis na táirgí sin. I gcásanna nach bhfuil sa táirge comhchosúil nó sa táirge dír-iomaíoch ach táirge amháin de roinnt táirgí arna ndéanamh ag na táirgeoirí arb ionann iad agus tionscal an Aontais, déanfar an tionscal a shainmhíniú mar na hoibríochtaí sonracha atá ann i ndáil le táirgeadh an táirge chomhchosúil nó an táirge dhír-iomaíoch;

(d)

ciallaíonn “mórdhíobháil” lagú suntasach foriomlán ar sheasamh tháirgeoirí an Aontais;

(e)

ciallaíonn “bagairt mórdhíobhála” mórdhíobháil ar léir ina leith go bhfuil sí ar tí tarlú. Beidh cinneadh i dtaobh an bhfuil bagairt mórdhíobhála ann bunaithe ar fhíorais infhíoraithe seachas ar líomhaintí, ar thuairimíocht nó ar fhéidearthacht fhánach, agus orthu sin amháin. Ba cheart, inter alia, réamhaisnéisí, meastacháin agus anailísí a dhéantar ar bhonn na bhfachtóirí dá dtagraítear in Airteagal 5(5) a chur san áireamh chun a chinneadh an bhfuil bagairt mórdhíobhála ann;

(f)

ciallaíonn “idirthréimhse”, maidir le táirge, an tréimhse ó dháta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe, dá bhforáiltear in Airteagal 15.10 den Chomhaontú sin, go ceann 10 mbliana ón dáta a ndéantar díchur nó laghdú na taraife a thabhairt chun críche, de réir mar a bheidh i gcás gach táirge.

Airteagal 2

Prionsabail

1.   Féadfar beart coimirce a fhorchur i gcomhréir leis an Rialachán seo, más rud é go bhfuil táirge de thionscnamh na Cóiré, mar thoradh ar na dleachtanna custaim ar an táirge sin a laghdú nó a dhíchur, á allmhairiú isteach san Aontas sna cainníochtaí méadaithe sin, i dtéarmaí iomlánacha nó i gcoibhneas le táirgeacht an Aontais, agus faoi na coinníollacha sin, is de chineál a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le mórdhíobháil, nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le mórdhíobháil do thionscal an Aontais a tháirgeann táirge comhchosúil nó táirge dír-iomaíoch.

2.   Féadfaidh bearta coimirce a bheith i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

(a)

tuilleadh laghdaithe ar an ráta dleachta custaim ar an táirge lena mbaineann a chur ar fionraí de réir mar a fhoráiltear faoin gComhaontú; nó

(b)

an ráta dleachta custaim ar an táirge a mhéadú go leibhéal nach mó ná an ráta is ísle díobh seo a leanas:

ráta dleachta custaim an náisiúin barrfhabhair (“NBF”) a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an táirge agus atá i bhfeidhm an tráth a ndéantar an beart, nó

an bonnráta dleachta custaim a shonraítear sna Sceidil in Iarscríbhinn 2-A a ghabhann leis an gComhaontú, de bhun Airteagal 2.5.2 den Chomhaontú.

Airteagal 3

Faireachán

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na hathruithe a thagann ar staidreamh maidir le hallmhairiú agus onnmhairiú tháirgí na Cóiré in earnálacha íogaire a bhféadfadh aisíocaíocht dleachta ó dháta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe difear a dhéanamh dóibh agus comhoibreoidh sé ar bhonn rialta leis na Ballstáit agus le tionscal an Aontais, agus malartóidh sé sonraí leo ar bhonn rialta.

2.   Ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó na tionscail lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún breithniú a dhéanamh i dtaobh raon feidhme an fhaireacháin a leathnú chuig earnálacha eile.

3.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil faireacháin bhliantúil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an staidreamh cothrom le dáta i dtaobh allmhairiú táirgí ón gCóiré, ar táirgí iad atá in earnálacha íogaire agus sna hearnálacha sin a mbeidh faireachán leathnaithe chucu.

4.   Go ceann tréimhse cúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe, agus ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó thionscal an Aontais, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar aon mhéadú ar an líon táirgí íogaire críochnaithe de thionscnamh na Cóiré a allmhairítear isteach san Aontas i gcás ina bhfuil méadú den sórt sin inchurtha i leith úsáid mhéadaithe na bpáirteanna nó na gcomhchodanna a allmhairítear isteach sa Chóiré ó thríú tíortha nach bhfuil comhaontú saorthrádála tugtha i gcrích acu leis an Aontas agus atá clúdaithe leis na forálacha ar aisíocaíocht dleachta custaim nó ar dhíolúine ó dhleacht custaim.

5.   Chun críocha mhír 4, déanfar na táirgí seo a leanas, ar a laghad, a mheas mar tháirgí a thagann faoi réim na catagóire do tháirgí íogaire: teicstílí agus éadaí (HS 2007 ceannteidil 5204, 5205, 5206, 5207, 5408, 5508, 5509, 5510, 5511), leictreonaic tomhaltóra (HS 2007 ceannteidil 8521, 8528), gluaisteáin paisinéara (HS 2007 ceannteidil 870321, 870322, 870323, 870324, 870331, 870332, 870333) agus, freisin, na táirgí sin sa liosta breise arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 11.

Airteagal 4

Imeachtaí a thionscnamh

1.   Déanfar imscrúdú a thionscnamh arna iarraidh sin do Bhallstát, d’aon duine dlítheanach nó d’aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, ag gníomhú dóibh thar ceann thionscal an Aontais, nó ar fhéintionscnamh an Choimisiúin más dealraitheach don Choimisiún go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann, arna chinneadh ar bhonn na bhfachtóirí dá dtagraítear in Airteagal 5(5), le bheith ina húdar maith le tionscnamh den sórt sin.

2.   Beidh san iarraidh ar imscrúdú a thionscnamh fianaise go bhfuil na coinníollacha maidir le forchur an bhirt coimirce a leagtar amach in Airteagal 2(1) á gcomhlíonadh. De ghnáth, beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarraidh: ráta agus méid an mhéadaithe ar allmhairí i ndáil leis an táirge lena mbaineann, arna shloinneadh i dtéarmaí iomlánacha agus i dtéarmaí coibhneasta, an sciar den mhargadh baile a ghlacann na hallmhairí méadaithe, na hathruithe ar an leibhéal díolacháin, an táirgeacht, an táirgiúlacht, úsáid acmhainne, brabúis agus caillteanais, agus fostaíocht.

Féadfar imscrúdú a thionscnamh freisin i gcás ina dtagann borradh ar allmhairí nach dtarlaíonn ach i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, ar choinníoll go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann go bhfuil na coinníollacha maidir le tionscnamh á gcomhlíonadh, de réir mar a chinntear ar bhonn na bhfachtóirí dá dtagraítear in Airteagal 5(5).

3.   Cuirfidh Ballstát an Coimisiún ar an eolas más dealraitheach go léiríonn treochtaí san allmhairiú ón gCóiré go bhfuil gá le bearta coimirce. Beidh ar áireamh san fhaisnéis sin an fhianaise atá ar fáil agus a chinntear ar bhonn na bhfachtóirí dá dtagraítear in Airteagal 5(5). Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na Ballstáit go léir.

4.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit láithreach má fhaightear iarraidh de bhun mhír 1 nó má dhéanann an Coimisiún breithniú maidir le himscrúdú a thionscnamh ar a thionscnamh féin. Déanfar an comhairliúchán leis na Ballstáit laistigh d’ocht lá oibre tar éis don Choimisiún an iarraidh nó an fhaisnéis a sheoladh, faoi mar a fhoráiltear i mír 1 agus i mír 3 faoi seach den Airteagal seo, agus déanfar an comhairliúchán laistigh den Choiste dá dtagraítear in Airteagal 14. Más rud é go ndealraíonn sé, tar éis an chomhairliúcháin, go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann, de réir mar a chinntear ar bhonn na bhfachtóirí dá dtagraítear in Airteagal 5(5), le go bhfuil údar maith le himeacht a thionscnamh, foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfar an tionscnamh laistigh d’aon mhí amháin ón tráth a bhfaighfear an iarraidh de bhun mhír 1.

5.   Maidir leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 4:

(a)

tabharfar achoimre ann ar an bhfaisnéis a fuarthas agus ceanglófar leis go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha uile a chur chuig an gCoimisiún;

(b)

luafar ann an tréimhse ar laistigh di a fhéadfaidh páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus faisnéis a thíolacadh, más rud é go bhfuil na tuairimí agus an fhaisnéis sin le cur san áireamh le linn an imscrúdaithe;

(c)

luafar ann an tréimhse ar laistigh di a fhéadfaidh páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh ar éisteacht ó bhéal a fháil os comhair an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 5(9).

6.   Féadfar an fhianaise a bhailítear chun imeachtaí a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 14.2 den Phrótacal maidir le Rialacha Tionscnaimh a úsáid freisin le haghaidh imscrúduithe a dhéanfar d’fhonn bearta coimirce a fhorchur i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a shonraítear san Airteagal seo, go háirithe le linn na chéad tréimhse cúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

Airteagal 5

An t-imscrúdú

1.   Tar éis an t-imeacht a thionscnamh, cuirfidh an Coimisiún tús le himscrúdú. Tosóidh an tréimhse, amhail mar a leagtar amach i mír 3, ar an lá a bhfoilseofar an cinneadh chun imscrúdú a thionscnamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar agus déanfaidh na Ballstáit cibé bearta is gá chun éifeacht a thabhairt d’aon iarraidh den sórt sin. Más rud é gur faisnéis de chineál leasa ghinearálta í an fhaisnéis sin, agus nach faisnéis rúnda í de réir bhrí Airteagal 12, cuirfear leis na comhaid neamhrúnda í, faoi mar a fhoráiltear i mír 8.

3.   Aon uair is féidir, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de shé mhí tar éis é a thionscnamh. Féadfar an teorainn ama sin a fhadú trí mhí in imthosca eisceachtúla, amhail líon neamhghnách ard páirtithe a bheith ann nó staideanna casta margaidh. Déanfaidh an Coimisiún fógra a thabhairt do na páirtithe leasmhara go léir i dtaobh aon fhadaithe den sórt sin agus míneoidh sé na cúiseanna leis an bhfadú sin.

4.   Lorgóidh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheasann sé a bheith riachtanach chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 2(1), agus, i gcás ina measann sé gurb iomchuí, féachfaidh sé leis an bhfaisnéis sin a fhíorú.

5.   Agus an t-imscrúdú á dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na fachtóirí ábhartha go léir de chineál oibiachtúil agus inchainníochtaithe, ar fachtóirí iad a bhfuil baint acu le staid thionscal an Aontais, go háirithe ráta agus méid an mhéadaithe ar allmhairí an táirge lena mbaineann, i dtéarmaí iomlánacha agus i dtéarmaí coibhneasta, an sciar sin den mhargadh baile a ghlacann na hallmhairí méadaithe, na hathruithe ar an leibhéal díolacháin, an táirgeacht, an táirgiúlacht, úsáid acmhainne, brabúis agus caillteanais, agus fostaíocht. Ní liosta iomlán é an liosta sin agus d’fhéadfadh an Coimisiún fachtóirí ábhartha eile a chur san áireamh i gcomhair a chinnidh i dtaobh an bhfuil mórdhíobháil nó bagairt mhórdhíobhála ann, amhail stoic, praghsanna, fáltas ar chaipiteal a úsáidtear, sreabhadh airgid, agus fachtóirí eile is cúis le mórdhíobháil, nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le mórdhíobháil, nó a bhagraíonn a bheith ina gcúis le mórdhíobháil do thionscal an Aontais.

6.   Féadfaidh páirtithe leasmhara a bheidh tar éis teacht chun cinn de bhun Airteagal 4(5)(b), agus féadfaidh ionadaithe na Cóiré, ar iarraidh a dhéanamh i scríbhinn, iniúchadh a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile a chuirtear ar fáil don Choimisiún i dtaca leis an imscrúdú, seachas doiciméid inmheánacha arna n-ullmhú ag údaráis an Aontais nó ag údaráis na mBallstát, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha maidir le tíolacadh a gcáis agus nach faisnéis rúnda atá ann de réir bhrí Airteagal 12 agus ar choinníoll go bhfuil sí á húsáid ag an gCoimisiún san imscrúdú. Féadfaidh páirtithe leasmhara a bheidh tar éis teacht chun cinn a gcuid tuairimí i leith na faisnéise a chur in iúl don Choimisiún. Déanfar na tuairimí sin a chur san áireamh i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann chun tacú leo.

7.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na sonraí uile agus an staidreamh go léir a úsáidtear don imscrúdú ar fáil, sothuigthe, trédhearcach agus infhíoraithe.

8.   Áiritheoidh an Coimisiún, a luaithe a bheidh an creat teicniúil is gá ann, go mbeidh rochtain ar líne faoi chosaint pasfhocail ann don chomhad neamhrúnda (“ardán ar líne”), agus déanfaidh sé bainistiú air sin, agus is tríd sin a scaipfear an fhaisnéis go léir atá ábhartha agus nach bhfuil faoi rún, de réir bhrí Airteagal 12. Tabharfar rochtain ar an ardán ar líne sin do na páirtithe leasmhara san imscrúdú agus, chomh maith leis sin, do na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa.

9.   Tabharfaidh an Coimisiún éisteacht do na páirtithe leasmhara, go háirithe i gcás ina bhfuil iarratas i scríbhinn déanta acu laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos san fhógra a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar iarratas é ina léireofar gur dóigh iarbhír go ndéanfaidh toradh an imscrúdaithe difear dóibh agus go bhfuil cúiseanna speisialta ann le héisteacht ó bhéal thabhairt dóibh.

Tabharfaidh an Coimisiún éisteacht do na páirtithe sin ar ócáidí eile má tá cúiseanna speisialta ann le héisteacht a thabhairt dóibh arís.

10.   Nuair nach soláthraítear faisnéis laistigh de na teorainneacha ama a bheidh socraithe ag an gCoimisiún, nó nuair a chuirtear isteach go mór ar an imscrúdú, féadfar na cinntí a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras a bheidh ar fáil. I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún amach go ndearna aon pháirtí leasmhar nó aon tríú páirtí faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar dó, déanfaidh sé neamhshuim den fhaisnéis sin agus féadfaidh sé úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

11.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra i scríbhinn don Chóiré faoi imscrúdú a thionscnamh agus rachaidh sé i gcomhairle leis an gCóiré chomh luath roimh ré agus is indéanta sula ndéanfaidh sé beart coimirce a chur i bhfeidhm, d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a eascraíonn ón imscrúdú agus d’fhonn tuairimí faoin mbeart a mhalartú.

Airteagal 6

Réamhbhearta faireachais

1.   I gcás ina bhfuil an treocht maidir le hallmhairí táirge de thionscnamh na Cóiré de chineál a fhágann go bhféadfadh ceann de na staideanna dá dtagraítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 leanúint aisti, féadfar allmhairiú an táirge sin a chur faoi réir réamhbheart faireachais.

2.   Má tharlaíonn borradh ar allmhairiú táirgí atá sna hearnálacha íogaire agus nach dtarlaíonn sé ach i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, féadfaidh an Coimisiún réamhbhearta faireachais a thabhairt isteach.

3.   Déanfaidh an Coimisiún réamhbhearta faireachais a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

4.   Beidh tréimhse theoranta bailíochta ag réamhbhearta faireachais. Mura bhforáiltear a mhalairt, scoirfidh siad de bheith bailí ag deireadh an dara tréimhse sé mhí tar éis na chéad sé mhí tar éis na bearta a thabhairt isteach.

Airteagal 7

Bearta coimirce sealadacha a fhorchur

1.   In imthosca criticiúla ina mbeadh moill ina cúis le damáiste a bheadh deacair a leigheas, déanfar bearta coimirce sealadacha a chur i bhfeidhm de bhun réamhchinnidh, ar bhonn na bhfachtóirí dá dtagraítear in Airteagal 5(5), go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann go bhfuil méadú tagtha ar allmhairí táirge de thionscnamh na Cóiré de thoradh dleachta custaim a laghdú nó a dhíchur faoin gComhaontú, agus go bhfuil allmhairí den sórt sin ina gcúis le mórdhíobháil, nó ina gcúis le bagairt mórdhíobhála, do thionscal an Aontais.

Glacfaidh an Coimisiún bearta sealadacha i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 14(2). I gcásanna ina bhfuil mórchúiseanna práinne ann, lena n-áirítear an cás dá dtagraítear i mír 2, glacfaidh an Coimisiún bearta coimirce sealadacha atá infheidhme láithreach, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(4).

2.   I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát go ndéanfadh an Coimisiún idirghabháil láithreach agus i gcás ina mbeidh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 comhlíonta, déanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil.

3.   Ní bheidh feidhm ag bearta sealadacha ar feadh tréimhse is faide ná 200 lá.

4.   I gcás ina n-aisghairfear na bearta coimirce sealadacha toisc go léirítear san imscrúdú nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2(1) comhlíonta, déanfar aon dleacht custaim a bailíodh mar thoradh ar na bearta sealadacha sin a aisíoc go huathoibríoch.

5.   Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo maidir le gach táirge a chuirtear i saorchúrsaíocht tar éis theacht i bhfeidhm na mbeart sin. Ní dhéanfaidh na bearta sin, áfach, cosc a chur le táirgí atá faoi bhealach chuig an Aontas cheana féin a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ar choinníoll nach féidir ceann scríbe na dtáirgí sin a athrú.

Airteagal 8

Foirceannadh an imscrúdaithe agus an imeachta gan bearta a dhéanamh

1.   I gcás ina léiríonn na fíorais, faoi mar a shuífear go críochnaitheach iad, nach bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 2(1) á gcomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(3), cinneadh a ghlacadh lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú agus an t-imeacht.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, ag féachaint go cuí do chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 12, tuarascáil a phoibliú ina leagfar amach a chinntí agus na conclúidí réasúnaithe ar thángthas orthu maidir le gach saincheist chuí fíorais agus dlí.

Airteagal 9

Bearta cinntitheacha a fhorchur

1.   I gcás ina léiríonn na fíorais, faoi mar a shuífear go críochnaitheach iad, go bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 2(1) á gcomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(3), cinneadh a ghlacadh lena ndéanfar bearta coimirce cinntitheacha a fhorchur.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, ag féachaint go cuí do chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 12, tuarascáil a phoibliú ina mbeidh achoimre ar na fíorais ábharthacha agus ar na nithe atá ábhartha don chinneadh.

Airteagal 10

Ré na mbeart coimirce agus athbhreithniú orthu

1.   Ní leanfaidh beart coimirce de bheith i bhfeidhm ach amháin go ceann cibé tréimhse ama a mbeidh gá léi chun an mhórdhíobháil a chosc nó a leigheas agus chun coigeartú a éascú. Ní rachaidh an tréimhse sin thar dhá bhliain, mura rud é go bhfadaítear faoi mhír 3 í.

2.   Go dtí go bhfaightear toradh an athbhreithnithe, leanfaidh beart coimirce de bheith i bhfeidhm i rith aon tréimhse fadaithe.

3.   Féadfar, mar eisceacht, tréimhse thosaigh birt coimirce a fhadú dhá bhliain ar a mhéad ar choinníoll go gcinntear go leanann an beart coimirce de bheith riachtanach chun mórdhíobháil a chosc nó a leigheas agus chun coigeartú a éascú, agus ar choinníoll go bhfuil fianaise ann go bhfuil coigeartú á dhéanamh i dtionscal an Aontais.

4.   Déanfar faduithe a ghlacadh i gcomhréir le nósanna imeachta an Rialacháin seo is infheidhme i leith imscrúduithe agus úsáid á baint as na nósanna imeachta céanna leo sin a úsáidtear le haghaidh na mbeart tosaigh.

Ní fhéadfaidh ré iomlán an bhirt coimirce dul thar cheithre bliana, agus aon bheart sealadach san áireamh.

5.   Ní chuirfear beart coimirce i bhfeidhm tar éis dheireadh na hidirthréimhse ach amháin le toiliú na Cóiré.

Airteagal 11

Nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 14 den Phrótacal maidir le Rialacha Tionscnaimh

1.   Chun Airteagal 14 den Phrótacal maidir le Rialacha Tionscnaimh a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún faireachán géar ar na hathruithe ar staidreamh ábhartha ar allmhairiú agus onnmhairiú, de réir luacha agus más iomchuí de réir cainníochtaí, agus déanfaidh sé na sonraí sin a roinnt go tráthrialta le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle agus le tionscail an Aontais lena mbaineann, agus tuairisceoidh sé a chuid cinntí dóibh. Cuirfear tús leis an bhfaireachán ar dháta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe agus déanfar na sonraí a roinnt ar bhonn démhíosúil.

De bhreis ar na línte taraife atá in Airteagal 14.1 den Phrótacal maidir le Rialacha Tionscnaimh, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le tionscal an Aontais, liosta línte taraife ríthábhachtacha a tharraingt suas, ar línte taraife iad nach mbaineann go sonrach le hearnáil na ngluaisteán ach atá tábhachtach maidir le monarú carr agus earnálacha gaolmhara eile. Déanfar faireachán sonrach a chur i gcrích mar a leagtar síos in Airteagal 14.1 den Phrótacal maidir le Rialacha Tionscnaimh.

2.   Arna iarraidh sin do Bhallstát, nó ar thionscnamh ón gCoimisiún, déanfaidh an Coimisiún scrúdú láithreach i dtaobh an bhfuiltear ag comhlíonadh na gcoinníollacha chun Airteagal 14 den Phrótacal maidir le Rialacha Tionscnaimh a agairt agus tuairisceoidh sé a chuid cinntí laistigh de 10 lá oibre ón iarraidh sin a fháil. Tar éis comhairliúchán faoi chuimsiú an choiste speisialta dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 207(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, iarrfaidh an Coimisiún comhairliúcháin leis an gCóiré aon uair a chomhlíontar coinníollacha Airteagal 14 den Phrótacal maidir le Rialacha Tionscnaimh. Measfaidh an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha sin comhlíonta, inter alia, nuair a shroichtear na tairseacha atá luaite i mír 3 den Airteagal seo.

3.   Measfar go bhfuil difríocht 10 phointe céatadáin “suntasach” chun críocha chur i bhfeidhm mhír 2.1(a) d’Airteagal 14 den Phrótacal maidir le Rialacha Tionscnaimh nuair atá measúnú á dhéanamh ar an ráta méadaithe allmhairithe páirteanna nó comhchodanna isteach sa Chóiré i gcomparáid leis an ráta méadaithe onnmhairithe tháirgí críochnaithe ón gCóiré go dtí an tAontas. Measfar go bhfuil méadú 10 % “suntasach” chun críocha chur i bhfeidhm mhír 2.1(b) d’Airteagal 14 den Phrótacal maidir le Rialacha Tionscnaimh nuair atá measúnú á dhéanamh ar an méadú ar onnmhairiúchán táirgí críochnaithe ón gCóiré go dtí an tAontas, arna shloinneadh i dtéarmaí iomlánacha nó i gcoibhneas le táirgeacht an Aontais. Féadfar a mheas freisin, ar bhonn gach cáis ar leith, go bhfuil méaduithe atá faoi bhun na dtairseach sin “suntasach”.

Airteagal 12

Rúndacht

1.   Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar ina leith a iarradh í.

2.   Ní dhéanfar faisnéis ar bith de ghné rúnda a fhaightear de bhun an Rialacháin seo, ná aon fhaisnéis a sholáthraítear ar bhonn rúnda agus a fhaightear de bhun an Rialacháin seo, a nochtadh gan cead sonrach a fháil ó sholáthróir na faisnéise sin.

3.   I ngach iarraidh ar rúndacht, luafar na cúiseanna leis an bhfaisnéis a bheith rúnda. Más rud é, áfach, nach mian le soláthróir na faisnéise an fhaisnéis a phoibliú ná nochtadh na faisnéise i dtéarmaí ginearálta nó i bhfoirm achoimre a údarú agus go ndealraíonn sé nach bhfuil údar maith leis an iarraidh ar rúndacht, féadfar neamhshuim a dhéanamh den fhaisnéis lena mbaineann.

4.   Ar chaoi ar bith, measfar go bhfuil faisnéis faoi rún más dóigh go ndéanfadh nochtadh na faisnéise dochar suntasach do sholáthróir nó d’fhoinse na faisnéise sin.

5.   Ní fhágfaidh mír 1 go mír 4 nach bhféadfaidh údaráis an Aontais tagairt a dhéanamh d’fhaisnéis ghinearálta agus, go háirithe, do chúiseanna ar a bhfuil cinntí a dhéantar de bhun an Rialacháin seo bunaithe. Mar sin féin, cuirfidh na húdaráis sin san áireamh leas dlisteanach na ndaoine nádúrtha agus na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann ar mian leo nach nochtfar a gcuid rún gnó.

Airteagal 13

Tuarascáil

1.   Poibleoidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil maidir le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe. Beidh ar áireamh sa tuarascáil sin, faisnéis faoi ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí éagsúla atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus as na hoibleagáidí a eascraíonn as an gComhaontú a chomhall, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le bacainní ar an trádáil.

2.   Déileálfaidh ranna speisialta den tuarascáil le comhall na n-oibleagáidí faoi Chaibidil 13 den Chomhaontú agus le gníomhaíochtaí an Ghrúpa Chomhairligh Baile agus Fhóram na Sochaí Sibhialta.

3.   Déanfar achoimre ar an staidreamh agus ar na hathruithe ar an trádáil leis an gCóiré a thabhairt sa tuarascáil freisin. Déanfar torthaí an fhaireacháin ar aisíocaíocht dleachta a lua go sonrach.

4.   Beidh faisnéis sa tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

5.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, laistigh de mhí amháin ó phoibliú na tuarascála ag an gCoimisiún, a iarraidh ar an gCoimisiún teacht chuig cruinniú ad hoc de choiste freagrach na Parlaiminte chun aon saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe a chur i láthair agus a mhíniú.

Airteagal 14

An nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste a bhunaítear le hAirteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha maidir le hallmhairí (6) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 4 den Rialachán sin.

5.   Ní dhéanann mír 2, mír 3 ná mír 4 dochar, in aon slí, d’fheidhmiú na cumhachta a bhunaítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó dháta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 15.10 den Chomhaontú sin. Foilseofar fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina sonrófar dáta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Bealtaine 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

GYŐRI E.


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Feabhra 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Aibreán 2011.

(2)  Níor foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

(3)  Níor foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

(4)  IO L 406, 30.12.2006, lch. 1.

(5)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(6)  IO L 84, 31.3.2009, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN

Fáiltíonn an Coimisiún roimh an gcomhaontú ar an gcéad léamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir leis an Rialachán um Choimircí.

De réir mar a shamhlaítear sa Rialachán, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an gComhaontú Saorthrádála (CST) idir an AE agus an Chóiré agus beidh sé toilteanach aon saincheisteanna a eascróidh as cur chun feidhme an Chomhaontaithe a phlé le coiste freagrach Pharlaimint na hEorpa.

I ndáil leis sin, is mian leis an gCoimisiún an méid seo a leanas a thabhairt dá aire:

(a)

Déanfaidh an Coimisiún faireachán géar ar an mbealach a ndéanann an Chóiré a gealltanas maidir le saincheisteanna rialála, lena n-áirítear go háirithe na gealltanais a bhaineann le rialacháin theicniúla in earnáil na ngluaisteán, a chur chun feidhme. Áireofar leis an bhfaireachán sin gnéithe uile na mbacainní neamhtharaife agus déanfar torthaí an fhaireacháin a dhoiciméadú agus a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

(b)

Leagfaidh an Coimisiún béim ar leith chomh maith ar chur chun feidhme éifeachtach na ngealltanas i gCaibidil 13 den CST (Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe) maidir le saothar agus leis an gcomhshaol. I ndáil leis sin, lorgóidh an Coimisiún comhairle ón nGrúpa Comhairleach Baile, ar grúpa é ina mbeidh ionadaithe ó eagraíochtaí gnó, ó cheardchumainn agus ó eagraíochtaí neamhrialtasacha. Déanfar cur chun feidhme Chaibidil 13 den CST a dhoiciméadú go cuí agus a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Aontaíonn an Coimisiún freisin go bhfuil sé tábhachtach cosaint éifeachtach a sholáthar i gcás ina dtagann borradh go tobann ar allmhairí in earnálacha íogaire, lena n-áirítear gluaisteáin bheaga. Áireofar gluaisteáin, teicstílí agus leictreonaic tomhaltóra san fhaireachán ar earnálacha íogaire. I ndáil leis sin, tugann an Coimisiún dá aire gur féidir a mheas gur margadh ábhartha é earnáil na ngluaisteán beag chun críche imscrúdaithe coimirce.

Tugann an Coimisiún dá aire go gceanglófaí le hainmniú criosanna próiseála amach i Leithinis na Cóiré, i gcomhréir le forálacha Airteagal 12 den Phrótacal maidir le Rialacha Tionscnaimh, go mbeadh comhaontú idirnáisiúnta ann idir na Páirtithe nár mhór do Pharlaimint na hEorpa a toiliú a thabhairt ina leith. Coinneoidh an Coimisiún an Pharlaimint go hiomlán ar an eolas maidir le pléití an Choiste i leith na gCriosanna Próiseála amach i Leithinis na Cóiré.

Ar deireadh, tugann an Coimisiún dá aire freisin go n-áiritheoidh sé, má chinneann sé, de bharr imthosca eisceachtúla, ré an imscrúdaithe a fhadú de bhun Airteagal 5(3), nach rachaidh uainiú fadaithe den sórt sin thar dháta éaga aon bheart sealadach arna dtabhairt isteach de bhun Airteagal 7.


IARSCRÍBHINN II

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH

Aontaíonn an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa ar an tábhacht a bhaineann le dlúthchomhar le linn faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Saorthrádála (CST) idir an AE agus an Chóiré agus an Rialacháin um Choimircí. Chuige sin aontaíonn siad maidir leis an méid seo a leanas:

I gcás ina nglacfaidh Parlaimint na hEorpa moladh chun imscrúdú coimirce a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún scrúdú cúramach i dtaobh an bhfuil na coinníollacha faoin Rialachán maidir le tionscnamh ex-officio á gcomhlíonadh. I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh, déanfaidh sé tuarascáil a thíolacadh do choiste freagrach Pharlaimint na hEorpa ina mbeidh míniú ar na fachtóirí go léir atá ábhartha maidir le tionscnamh an imscrúdaithe sin.

Arna iarraidh sin do choiste freagrach Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún aon ábhair shonracha imní a thuairisciú di maidir le cur chun feidhme a gealltanas ag an gCóiré i leith beart neamhtharaife nó i leith Chaibidil 13 (Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe) CST.


Top