This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32010R0539
Regulation (EU) No 539/2010 of the European Parliament and of the Council of 16 June 2010 amending Council Regulation (EC) No 1083/2006 laying down general provisions on the European Regional Development Fund, the European Social Fund and the Cohesion Fund as regards simplification of certain requirements and as regards certain provisions relating to financial management
Rialachán (AE) Uimh. 539/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe i dtaca le ceanglais áirithe a shimpliú agus i dtaca le forálacha áirithe a bhaineann le bainistiú airgeadais
Rialachán (AE) Uimh. 539/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe i dtaca le ceanglais áirithe a shimpliú agus i dtaca le forálacha áirithe a bhaineann le bainistiú airgeadais
IO L 158, 24.6.2010, p. 1–6
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV) Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta
(HR)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2013; Arna aisghairm le 32013R1303
24.6.2010 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/1 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 539/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Meitheamh 2010
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe i dtaca le ceanglais áirithe a shimpliú agus i dtaca le forálacha áirithe a bhaineann le bainistiú airgeadais
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2)
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Tá dúshláin mhóra ann san Aontas mar gheall ar an ngéarchéim reatha airgeadais agus eacnamaíoch. Cé go ndearnadh gníomhaíochtaí tábhachtacha cheana féin, lena n-áirítear leasuithe ar an gcreat reachtach, ar mhaithe le héifeachtaí diúltacha na géarchéime a fhrithchothromú, is anois amháin atá tionchar na géarchéime airgeadais ar an bhfíorgheilleagar, ar mhargadh an tsaothair agus ar na saoránaigh le brath go forleathan. Tá an brú ar acmhainní airgeadais náisiúnta ag dul i méid agus ba cheart tuilleadh beart a dhéanamh chun an brú sin a mhaolú tríd an úsáid is mó agus an úsáid is éifeachtaí agus is féidir a bhaint as maoiniú Aontais. |
(2) |
Chun bainistiú ar mhaoiniú Aontais a éascú, chun cuidiú a thabhairt maidir le luathú infheistíochtaí sna Ballstáit agus sna réigiúin agus chun tionchar an mhaoinithe ar an ngeilleagar a mhéadú, is gá na rialacha lena rialaítear an beartas comhtháthaithe a shimpliú tuilleadh. |
(3) |
I bhfianaise na ndifríochtaí atá idir Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe agus na cuspóirí maidir leis an sainmhíniú a thugtar ar an gcomhshaol, is iomchuí, ar chúiseanna comhleanúnachais agus comhsheasmhachta, aon tairseach amháin a chur i bhfeidhm chun críche an tsainmhínithe ar mhórthionscadal. I bhfianaise thábhacht na n-infheistíochtaí sa chomhshaol, lena n-áirítear infheistíochtaí atá faoin tairseach dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaí faireachán iomchuí ar gach infheistíocht den sórt sin agus an Coimisiún a chur ar an eolas sna tuarascálacha bliantúla cur chun feidhme ar chláir oibríochta. |
(4) |
Is gá freisin a cheadú go gclúdófar mórthionscadal le haon chlár oibríochta amháin nó níos mó ionas go gcumasófar mórthionscadal den sórt sin, a chlúdaíonn réigiúin agus cuspóirí éagsúla, a chur chun feidhme. Beidh ábharthacht shonrach aige seo i gcás infheistíochtaí lena ngabhann tábhacht ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais. |
(5) |
Is gá ionstraimí innealtóireachta airgeadais a chur ar fáil sna bearta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite, agus tábhacht na mbeart sin sna tosaíochtaí náisiúnta agus i dtosaíochtaí an Aontais á cur san áireamh. |
(6) |
Chun go n-éascófar oiriúnú clár oibríochta chun déileáil leis an ngéarchéim reatha airgeadais agus eacnamaíoch, ba cheart do na Ballstáit anailís a sholáthar lena dtabharfaí údar maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gclár oibríochta seachas meastóireacht a dhéanamh air. |
(7) |
I gcomhréir le prionsabal na dea-bhainistíochta airgeadais agus leis na rialacha náisiúnta is infheidhme, ba cheart ioncaim arna nginiúint leis na hoibríochtaí a chur san áireamh le linn an ranníocaíocht phoiblí a ríomh. Is gá simpliú a dhéanamh ar fhaireachán na n-ioncam chun an faireachán sin a ailíniú leis an timthriall cláraithe foriomlán. |
(8) |
Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, is gá a shoiléiriú go dtagann caiteachas chun bheith cáilithe ón dáta a ndéantar iarraidh ar athbhreithniú cláir oibríochta a thíolacadh don Choimisiún i gcás ina dtagann sé faoi réim catagóire nua caiteachais a chuirtear isteach tráth athbhreithnithe an chláir oibríochta sin, agus sa chás sin amháin. |
(9) |
Ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar raon feidhme na bhforálacha maidir le hinmharthanacht na n-oibríochtaí. Is iomchuí, go háirithe, cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a theorannú, a mhéid a bhaineann siad le gníomhartha a thagann faoi réim raon feidhme an chúnaimh ó Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), do ghníomhartha a thagann faoi réim na rialacha ar chabhair ó Stát lena ngabhann oibleagáid infheistíocht a chothabháil. Thairis sin, is gá cur i bhfeidhm na bhforálacha sin ar oibríochtaí a eisiamh más rud é, tar éis iad a chríochnú, go ndéantar modhnú substainteach orthu mar thoradh ar scor de ghníomhaíocht tháirgIúil de bharr féimheachta neamhchalaoisí. |
(10) |
Is gá soiléiriú agus simpliú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bheidh ag teastáil don tuairisciú bliantúil ar chur chun feidhme airgeadais cláir oibríochta. Dá bhrí sin, is iomchuí an fhaisnéis airgeadais, a cheanglaítear a thabhairt sa tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme cláir oibríochta, a ailíniú leis an bhfaisnéis a sholáthraítear sa ráiteas caiteachais agus an sainmhíniú ar tháscairí airgeadais a shoiléiriú. |
(11) |
Chun íocaíocht airleacan le tairbhithe a fhaigheann cabhair ó Stát a shimpliú agus chun na rioscaí airgeadais a ghabhann le híocaíocht den sórt sin a theorannú, ba cheart raon feidhme na ráthaíochtaí inghlactha a ath-shainmhíniú. |
(12) |
De bharr imthosca eisceachtúla agus i bhfianaise an tionchair thromchúisigh gan fasach atá ag an ngéarchéim reatha eacnamaíoch agus airgeadais ar bhuiséid na mBallstát, tá gá le tráthchuid bhreise réamh-mhaoinithe don bhliain 2010 i gcás na mBallstát is mó atá thíos leis an ngéarchéim chun go bhféadfaidh sreabhadh airgid rialta a bheith ann le linn chur chun feidhme na gclár agus chun íocaíochtaí le tairbhithe a éascú le linn chur chun feidhme na gclár. |
(13) |
Ba cheart simpliú a dhéanamh ar na ceanglais a bhaineann le ráitis chaiteachais maidir le hionstraimí innealtóireachta airgeadais. Go háirithe, de bhreis ar chostais bhainistíochta, ba cheart a mheas gur caiteachas cáilithe iad táillí bainistíochta. |
(14) |
Ar chúiseanna comhsheasmhachta, is iomchuí go mbainfeadh Ballstáit athúsáid as na méideanna ceartaithe ar oibríocht a bhí mar chuid de pháirtchlabhsúr i gcás mírialtachtaí arna mbrath ag na Ballstáit iad féin. |
(15) |
Is iomchuí go bhfadófaí an spriocam maidir le ríomh shaoradh uathoibríoch an ghealltanais don bhuiséad bliantúil a bhaineann leis an ranníocaíocht bhliantúil iomlán don bhliain 2007 chun feabhas a chur ar dháileadh na gcistí atá geallta i gcomhair clár oibríochta áirithe. Tá gá le solúbthacht den sórt sin mar gheall ar thosú na gclár a bheith níos moille ná mar a raibh súil leis agus mar gheall ar fhormheas déanach na gclár. |
(16) |
Ar bhonn na taithí atá faighte, is iomchuí, maidir le laghdú na méideanna atá faoi réir riail an tsaortha uathoibríoch, ar laghdú é de réir na méideanna lena mbaineann i gcás mórthionscadail, go gcuirfí i bhfeidhm é ón dáta a dhéantar an t-iarratas mórthionscadail a chomhlíonann ceanglais uile an Rialacháin seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin. |
(17) |
Chun go bhféadfaidh Ballstáit tairbhe a bhaint as na bearta simpliúcháin i rith na tréimhse cláraithe iomláine agus chun an chóir chomhionann a áirithiú, is gá leasuithe áirithe a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach. |
(18) |
Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (3) a leasú le Rialachán (CE) Uimh. 397/2009 (4), lenar tugadh isteach na rialacha cáilitheachta i gcomhair caiteachais ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar úsáid fuinnimh in-athnuaite i dtithíocht atá ann cheana sna Ballstáit go léir. Is iomchuí, dá bhrí sin, na leasuithe a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid fuinnimh in-athnuaite a chur i bhfeidhm ó dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 397/2009. |
(19) |
Ón tráth a ndéantar iarratas mórthionscadail a chomhlíonann ceanglais uile an Rialacháin seo a thíolacadh, ba cheart go ndéanfaí na méideanna atá clúdaithe san iarratas a chosaint ar shaoradh uathoibríoch. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an gcosaint sin maidir le gach iarratas mórthionscadail arna thíolacadh ó thús na tréimhse cláraithe agus ba cheart go mbeadh feidhm chúlghabhálach aici, go háirithe i bhfianaise na géarchéime reatha airgeadais. |
(20) |
Ós rud é, mar gheall ar an ngéarchéim gan fasach atá ag fearadh ar na margaí airgeadais idirnáisiúnta, gur gá beart a dhéanamh go mear chun na hiarmhairtí ar an ngeilleagar ina iomláine a fhrithchothromú, ba cheart go dtiocfadh leasuithe eile i bhfeidhm an lá tar éis lá foilsithe an Rialacháin seo in Iris OifigIúil an Aontais Eorpaigh. |
(21) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (5), a leasú dá réir. |
(22) |
Tar éis an athraithe sa phróiseas cinnteoireachta de thoradh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, inter alia, níor tugadh isteach na leasuithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo in am chun cur i bhfeidhm Airteagal 93(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 284/2009 (6), a chosc. De bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (7) (an Rialachán Airgeadais), is é a bheadh de thoradh dá bhrí sin ar shaoraí arna ndéanamh ag an gCoimisiún ná go gcealófaí leithreasaí don bhliain airgeadais 2007, ar leithreasaí iad ba cheart a leathadh thar na blianta airgeadais 2008 go 2013, i gcomhréir leis na rialacha arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo. Is iomchuí, dá bhrí sin, mar bheart idirthréimhseach, go gceadófaí na leithreasaí ábhartha a athbhunú, de réir mar is gá, chun na rialacha um shaoradh, arna leasú leis an Rialachán seo, a chur chun feidhme, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 leis seo mar a leanas:
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39: ‘Airteagal 39 Inneachar Mar chuid de chlár oibríochta nó de chláir oibríochta, féadfar caiteachas a chuimsíonn sraith oibreacha, gníomhaíochtaí nó seirbhísí atá beartaithe inti féin chun cúram doroinnte de chineál beacht eacnamaíoch nó teicnIúil a chur i gcrích, ar cúram é lena ngabhann spriocanna atá sainaitheanta go soiléir agus ar mó a chostas iomlán ná EUR 50 milliún (“mórthionscadal” anseo feasta), a mhaoiniú as an ERDF agus as an gCiste Comhtháthaithe.’; |
2. |
Leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:
|
3. |
In Airteagal 41, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2: ‘1. Tabharfaidh an Coimisiún breithmheas ar an mórthionscadal, trí dhul i gcomhairle le saineolaithe seachtracha, lena n-áirítear an BEI, más gá sin, agus déanfaidh sé sin i bhfianaise na bhfachtóirí dá dtagraítear in Airteagal 40, a mhéad atá sé ag teacht le tosaíochtaí an chláir oibríochta nó na gclár oibríochta lena mbaineann, a mhéad a chuireann sé le baint amach spriocanna na dtosaíochtaí sin agus a mhéad atá sé ag teacht le beartais eile de chuid an Aontais. 2. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh chomh luath agus is féidir ach tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis don Bhallstát nó d’údarás bainistíochta mórthionscadal a thíolacadh, ar choinníoll go dtíolacfar é i gcomhréir le hAirteagal 40. Déanfar an cuspóir fisicIúil, an méid ar maidir leis a bheidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe d’ais tosaíochta an chláir oibríochta nó na gclár oibríochta lena mbaineann, agus plean bliantúil nó pleananna bliantúla na ranníocaíochta airgeadais ón ERDF nó ón gCiste Comhtháthaithe a shainiú leis an gcinneadh sin.’; |
4. |
Leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:
|
5. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 48(3): ‘3. I rith na tréimhse cláraithe, déanfaidh na Ballstáit meastóireachtaí a bheidh nasctha le faireachán ar chláir oibríochta, go háirithe i gcás ina léirítear san fhaireachán sin go bhfuiltear ag imeacht go suntasach ó na spriocanna a bhí leagtha síos ar dtús. Más rud é go moltar athbhreithniú a dhéanamh ar chláir oibríochta, de réir mar a luaitear in Airteagal 33, soláthrófar anailísí ar na cúiseanna leis an athbhreithniú, lena n-áirítear aon deacrachtaí i dtaca le cur chun feidhme, agus ar an tionchar a meastar a bheidh ag an athbhreithniú, lena n-áirítear an tionchar ar straitéis an chláir oibríochta. Déanfar torthaí meastóireachtaí nó anailísí den sórt sin a sheoladh chuig an gcoiste faireacháin um an gclár oibríochta agus chuig an gCoimisiún.’; |
6. |
In Airteagal 55, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4: ‘3. I gcás nach féidir an t-ioncam a mheas go hoibiachtúil roimh ré, déanfar an glan-ioncam a ghintear laistigh de chúig bliana ón tráth a gcríochnaítear oibríocht áirithe a asbhaint as an gcaiteachas a bheidh dearbhaithe don Choimisiún. 4. I gcás ina suitear gur ghin oibríocht glan-ioncam nár cuireadh san áireamh faoi mhír 2 agus faoi mhír 3, déanfaidh an t-údarás deimhniúcháin an glan-ioncam sin a asbhaint tráth nach déanaí ná an uair a thíolactar na doiciméid don chlár oibríochta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 89(1). Déanfar an t-iarratas ar íoc an iarmhéid chríochnaithigh a cheartú dá réir sin.’; |
7. |
In Airteagal 56(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘I gcás ina ndéantar catagóir nua caiteachais dá dtagraítear i dTábla 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1828/2006 ón gCoimisiún (8) a chur isteach tráth athbhreithnithe cláir oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo, beidh aon chaiteachas a thagann faoin gcatagóir sin cáilithe ón dáta a gcuirtear an iarraidh ar athbhreithniú an chláir oibríochta faoi bhráid an Choimisiúin. |
8. |
Leasaítear Airteagal 57 mar a leanas:
|
9. |
In Airteagal 67(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
10. |
Leasaítear Airteagal 78 mar a leanas:
|
11. |
Leasaítear Airteagal 82(1) mar a leanas:
|
12. |
In Airteagal 88(3), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: ‘Ach i gcásanna ina mbraitheann an Ballstát mírialtachtaí in oibríochtaí a bhí faoi réir dearbhaithe páirtchlabhsúir, beidh feidhm ag Airteagal 98(2) agus (3). Déanfar an ráiteas caiteachais dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 den Airteagal seo a choigeartú dá réir.’; |
13. |
Leasaítear Airteagal 93 mar a leanas:
|
14 |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 94: ‘Airteagal 94 An tréimhse bhearnaithe i gcás mórthionscadal agus scéimeanna cabhrach 1. I gcás ina dtíolacann an Ballstát iarratas mórthionscadail a chomhlíonann na ceanglais go léir a leagtar síos in Airteagal 40, déanfar na méideanna a bhféadfadh saoradh uathoibríoch difear a dhéanamh dóibh a laghdú de réir na méideanna bliantúla a bhaineann le mórthionscadail den sórt sin. I gcás ina ndéanann an Coimisiún cinneadh chun scéim chabhrach a údarú, déanfar na méideanna a bhféadfadh saoradh uathoibríoch difear a dhéanamh dóibh a laghdú de réir na méideanna bliantúla a bhaineann le scéimeanna cabhrach den sórt sin. 2. I gcás na méideanna bliantúla dá dtagraítear i mír 1, is é an dáta tosaithe le haghaidh ríomh na spriocamanna don saoradh uathoibríoch dá dtagraítear in Airteagal 93 dáta an chinnidh dá éis sin is gá chun mórthionscadail nó scéimeanna cabhrach den sórt sin a údarú.’. |
Airteagal 2
Bearta idirthréimhseacha
Chun fónamh do na himthosca eisceachtúla san idirthréimhse go dtí go mbeidh na rialacha saortha a thugtar isteach leis an Rialachán seo i bhfeidhm, déanfar leithreasaí atá curtha ar ceal mar gheall ar shaoraí a rinne an Coimisiún don bhliain airgeadais 2007 le linn Airteagal 93(1) agus Airteagal 97 de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 284/2009 a chur chun feidhme, de bhun Airteagal 11 den Rialachán Airgeadais, a athbhunú a mhéad is gá sin chun an dara fomhír d’Airteagal 93(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006, arna leasú leis an Rialachán seo, a chur chun feidhme.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris OifigIúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm, áfach, ag pointe (5) agus pointe (7) d’Airteagal 1 amhail ón 1 Lúnasa 2006, ag pointí (8), (10)(a), (10)(b)(i), (13) agus (14) d’Airteagal 1 amhail ón 1 Eanáir 2007 agus ag pointí (4), (10)(b)(ii) agus (10)(c) d’Airteagal 1 amhail ón 10 Meitheamh 2009.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, 16 Meitheamh 2010.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
J. BUZEK
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
D. LÓPEZ GARRIDO
(1) IO C 128, 18.5.2010, lch. 95.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2010 (nár foilsíodh fós san Iris OifigIúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 3 Meitheamh 2010.
(3) IO L 210, 31.7.2006, lch. 1.
(4) IO L 126, 21.5.2009, lch. 3.
(5) IO L 210, 31.7.2006, lch. 25.
(6) IO L 94, 8.4.2009, lch. 10.
(7) IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1828/2006 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2006 lena leagtar amach rialacha i ndáil le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus rialacha i ndáil le cur chun feidhme Rialachán (CE) 1080/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (IO L 371, 27.12.2006, lch. 1.)’;
(9) IO L 53, 23.2.2002, lch. 1.’;
(10) Réamhaisnéis Gheilleagar na hEorpa, Fómhar 2009 (European Economy, Uimh. 10. 2009: Oifig Foilseachán OifigIúil an CE, Lucsamburg).’;