EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32009R0471

Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

IO L 152, 16.6.2009, p. 23–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2021; Arna aisghairm le 32019R2152

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/471/oj

16.6.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/23


RIALACHÁN (CE) Uimh. 471/2009 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 6 Bealtaine 2009

maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Bhanc Ceannais na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2) ,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá an fhaisnéis staidrimh faoi shreafaí trádála na mBallstát le tíortha nach Ballstáit iad fíorthábhachtach do bheartais eacnamaíocha agus trádála an Chomhphobail agus chun anailís a dhéanamh ar fhorbairtí an mhargaidh maidir le hearraí ar leith. Ba cheart feabhas a chur ar thrédhearcacht an chórais staidrimh ionas go mbeidh sé in ann freagairt don timpeallacht athraitheach riaracháin, agus riachtanais nua úsáideoirí a shásamh. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán nua a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle an 22 Bealtaine 1995 maidir le staidreamh a bhaineann le trádáil earraí ag an gComhphobal agus a Bhallstáit le tíortha nach Ballstáit iad (3), i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 285(2) den Chonradh.

(2)

Bunaítear staidreamh maidir le trádáil eachtrach ar shonraí a fhaightear ó dhearbhuithe custaim, dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 ag bunú Chód Custaim an Chomhphobail (4) (dá ngairfear ‘an Cód Custaim’ anseo feasta). Éilítear roinnt athruithe i ngeall ar an dul chun cinn atá á dhéanamh sa lánpháirtíocht Eorpach agus i ngeall ar na hathruithe san imréiteach custaim a thagann as, lena n-áirítear údarú amháin d'úsáid an dearbhaithe shimplithe nó an nós imeachta imréitigh áitiúil, chomh maith le himréiteach láraithe, a eascróidh as an bpróiseas reatha chun an Cód Custaim a nuachóiriú, mar a leagtar síos é i Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 (5), lena leagtar síos an Cód Custaim Comhphobail (an Cód Custaim Nuachóirithe) (dá ngairfear ‘an Cód Custaim Nuachóirithe’ anseo feasta). Go háirithe, fágann siad gur gá an dóigh a dtiomsaítear staidreamh maidir le trádáil eachtrach a choigeartú, athbhreithniú a dhéanamh ar choincheap Bhallstát an allmhairithe nó an onnmhairithe agus foinse na sonraí a shonrú ar dhóigh níos beaichte chun staidreamh Comhphobail a thiomsú.

(3)

Féadfaidh sé nach mbeadh dearbhuithe custaim ar fáil mar thoradh ar an simpliú a dhéantar ar fhoirmiúlachtaí agus ar rialuithe custaim faoin gCód Custaim Nuachóirithe. Chun go leanfar de thiomsú iomlán a dhéanamh ar staidreamh maidir le trádáil eachtrach, ba cheart bearta a ghlacadh a áiritheoidh go gcuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha sin a thairbhíonn den simpliú sonraí staidrimh ar fáil.

(4)

Le Cinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht gan pháipéar i ndáil le custaim agus trádáil (6), bunófar córas custaim leictreonach do mhalartú na sonraí a bheidh sna dearbhuithe custaim. Chun an sreabhadh fisiceach trádála in earraí idir na Ballstáit agus tíortha nach Ballstáit iad a thaifeadadh agus d'fhonn a áirithiú go mbeidh sonraí maidir le hallmhairí agus maidir le honnmhairí ar fáil sa Bhallstát lena mbaineann, beidh gá le socruithe idir na húdaráis chustaim agus na húdaráis staidrimh agus ba cheart na socruithe sin a shonrú. Áirítear leis seo rialacha maidir le malartú sonraí idir lucht riaracháin na mBallstát. Ba cheart go dtairbheoidh an córas um malartú sonraí seo, a mhéid is féidir, den bhonneagar atá bunaithe ag na húdaráis custaim.

(5)

Chun onnmhairí agus allmhairí Comhphobail a leithdháileadh ar Bhallstát ar leith, is gá sonraí a thiomsú maidir le ‘Ballstát cinn scríbe’, i gcás allmhairí, agus ‘Ballstát an onnmhairithe iarbhír’, i gcás onnmhairí. Sa mheántéarma, ba cheart go ndéanfaí Ballstát an allmhairithe agus Ballstát an onnmhairithe de na Ballstáit sin, chun críocha an staidrimh maidir le trádáil eachtrach.

(6)

Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart earraí chun críocha trádála eachtraí a aicmiú i gcomhréir leis an Ainmníocht Chomhcheangailte a bunaíodh le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (7) (dá ngairfear an ‘Ainmníocht Chomhcheangailte’ anseo feasta).

(7)

Chun go sásófar an gá atá ag an mBanc Ceannais Eorpach agus an gá atá ag an gCoimisiún le faisnéis faoi chion an euro i dtrádáil idirnáisiúnta earraí, ba cheart airgeadra sonraiscthe na n-onnmhairí agus na n-allmhairí a thuairisciú ar leibhéal comhiomlánaithe.

(8)

Chun críocha na hidirbheartaíochta trádála agus chun críocha na bainisteoireachta ar an margadh inmheánach, ba cheart faisnéis mhionsonraithe a thabhairt don Choimisiún maidir le cóir fhabhrach na n-earraí a allmhairítear isteach sa Chomhphobal.

(9)

Le staidreamh maidir le trádáil eachtrach, soláthraítear sonraí chun comhardú na n-íocaíochtaí agus na gcuntas náisiúnta a thiomsú. Na saintréithe a fhágann gur féidir iad a oiriúnú chun críocha chomhardú na n-íocaíochtaí, ba cheart go ndéanfaí cuid den tacar éigeantach caighdeánach sonraí díobh.

(10)

Níl staidreamh na mBallstát maidir le stórais chustaim agus maidir le limistéir neamhchustaim faoi réir fhorálacha comhchuibhithe. Leanfaidh tiomsú an staidrimh seo chun críocha náisiúnta de bheith roghnach, áfach.

(11)

Ba cheart do na Ballstáit sonraí comhiomlánaithe bliantúla maidir le trádáil, agus iad miondealaithe de réir saintréithe gnó, a sholáthar do Eurostat, a mbeadh sé ar cheann de na húsáidí a bhainfí astu éascú a dhéanamh ar an anailís ar an gcaoi a n-oibríonn cuideachtaí Eorpacha i gcomhthéacs an domhandaithe. Bunaítear an nasc idir staidreamh maidir le gnó agus staidreamh maidir le trádáil trí shonraí atá ar fáil ar an dearbhú custaim maidir leis an allmhaireoir agus maidir leis an onnmhaireoir a chumasc le sonraí a iarrtar le Rialachán (CE) Uimh. 177/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 lena mbunaítear creat comhchoiteann do chláir ghnó chun críocha staidrimh (8).

(12)

Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach (9), cuirtear creat tagartha ar fáil le haghaidh na bhforálacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Éilíonn an leibhéal fíor-mhionsonraithe faisnéise maidir le trádáil in earraí, áfach, rialacha sonracha i leith rúndachta má tá an staidreamh sin le bheith ábhartha.

(13)

Rialaítear tarchur na sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus i Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90 ón gComhairle an 11 Meitheamh 1990 maidir le sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh a tharchur chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach (10). Le bearta a ghlactar i gcomhréir leis na Rialacháin sin, áirithítear cosaint fhisiceach agus cosaint loighciúil do shonraí rúnda agus áirithítear nach dtarlóidh aon nochtadh neamhdhleathach ná aon úsáid chun críocha nach críocha staidrimh iad nuair a dhéantar staidreamh Comhphobail a tháirgeadh agus a scaipeadh.

(14)

Agus staidreamh Comhphobail á tháirgeadh agus á scaipeadh faoin Rialachán seo, ba cheart do na húdaráis staidrimh náisiúnta agus Comhphobail na prionsabail a chur san áireamh a leagtar amach sa Chód Cleachtais do Staidreamh Eorpach a ghlac an Coiste um an gClár Staidrimh an 24 Feabhra 2005 agus a cuireadh i gceangal leis an Moladh ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2005 maidir le neamhspleáchas, iontaofacht agus cuntasacht na n-údarás staidrimh náisiúnta agus Comhphobail.

(15)

Ba cheart forálacha sonracha a fhoirmliú a fhanfaidh i bhfeidhm go dtí go dtabharfar sonraí breise ar an dearbhú custaim mar thoradh ar athruithe ar an reachtaíocht chustaim agus go dtí go gceanglófar le reachtaíocht an Chomhphobail malartú sonraí custaim a dhéanamh go leictreonach.

(16)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon bunú an chreata chomhchoitinn do tháirgeadh córasach staidrimh Comhphobail ar thrádáil eachtrach a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí an ghnímh, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(17)

Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (11).

(18)

Ba cheart, go háirithe, go gcumhachtófaí don Choimisiún oiriúnú a dhéanamh ar an liosta de na nósanna imeachta custaim nó de na cóireálacha nó de na húsáidí atá faofa ag lucht custaim agus lena gcinntear onnmhairiú nó allmhairiú chun críocha staidrimh maidir le trádáil eachtrach; rialacha éagsúla nó rialacha sonracha a ghlacadh d'earraí nó do ghluaiseachtaí a bhfuil forálacha sonracha ag teastáil, ar chúiseanna modheolaíochta, ina leith; oiriúnú a dhéanamh ar liosta na n-earraí agus na ngluaiseachtaí a eisiatar ón staidreamh maidir le trádáil eachtrach; na sonraí staidrimh eile, de bhreis ar an dearbhú custaim, a shonrú do thaifid ar onnmhairí nó ar allmhairí earraí nó gluaiseachtaí áirithe; na sonraí staidrimh a shonrú, lena n-áirítear na cóid a bheidh le húsáid; ceanglais a bhunú maidir le tiomsú staidrimh; saintréithe na samplaí a shonrú; an tréimhse tuarascála agus leibhéal an chomhiomlánaithe do thíortha comhpháirtíochta, d'earraí agus d'airgeadraí a bhunú; agus, freisin, oiriúnú a dhéanamh ar an spriocdháta maidir le staidreamh a tharchur, agus ar ábhar, ar chlúdach agus ar athbhreithniú na gcoinníollacha do staidreamh a tarchuireadh cheana féin; agus an spriocdháta a bhunú i ndáil le staidreamh a tharchur maidir le trádáil agus é miondealaithe de réir saintréithe gnó agus de réir airgeadra shonraiscthe. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Comhphobail a tháirgeadh go córasach maidir le trádáil earraí le tíortha nach Ballstáit iad (dá ngairfear ‘staidreamh maidir le trádáil eachtrach’ anseo feasta).

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘earraí’ gach maoin shochorraithe, lena n-áirítear leictreachas;

(b)

ciallaíonn ‘críoch staidrimh an Chomhphobail’ críoch chustaim an Chomhphobail mar a shainmhínítear sa Chód Custaim í, agus Oileán Heligoland ar chríoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine á chur léi;

(c)

ciallaíonn ‘údaráis náisiúnta staidrimh’ na forais náisiúnta staidrimh agus na comhlachtaí eile atá freagrach i ngach Ballstát as staidreamh maidir le trádáil eachtrach a tháirgeadh;

(d)

ciallaíonn ‘údaráis chustaim’‘na húdaráis chustaim’ mar a shainmhínítear sa Chód Custaim iad;

(e)

ciallaíonn ‘dearbhú custaim’‘an dearbhú custaim’ mar a shainmhínítear sa Chód Custaim é;

(f)

ciallaíonn ‘cinneadh ó lucht custaim’ aon ghníomh oifigiúil de chuid na n-údarás custaim a bhaineann le dearbhuithe custaim ar glacadh leo agus a bhfuil éifeacht dhlíthiúil acu maidir le duine amháin nó níos mó.

Airteagal 3

Raon feidhme

1.   Leis an staidreamh maidir le trádáil eachtrach, déanfar taifeadadh ar allmhairiú agus ar onnmhairiú earraí.

Déanfaidh na Ballstáit onnmhairiú a thaifeadadh i gcás ina bhfágfaidh earraí críoch staidrimh an Chomhphobail i gcomhréir le ceann de na nósanna imeachta custaim seo a leanas nó i gcomhréir le ceann de na cóireálacha nó de na húsáidí atá faofa ag lucht custaim, arna leagan síos sa Chód Custaim:

(a)

onnmhairiú;

(b)

próiseáil amach;

(c)

ath-onnmhairiú tar éis próiseála isteach nó próiseála faoi rialú custaim.

Déanfaidh na Ballstáit allmhairiú a thaifeadadh i gcás ina dtiocfaidh earraí isteach ar chríoch staidrimh an Chomhphobail i gcomhréir le ceann amháin de na nósanna imeachta custaim seo a leanas, a leagtar síos sa Chód Custaim:

(a)

scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta;

(b)

próiseáil isteach;

(c)

próiseáil faoi rialú custaim.

2.   Maidir leis na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, ar eilimintí iad a bhaineann le hoiriúnú a dhéanamh ar an liosta de na nósanna imeachta custaim nó de na cóireálacha nó de na húsáidí atá faofa ag lucht custaim dá dtagraítear i mír 1 d'fhonn athruithe sa Chód Custaim nó forálacha a dhíorthaíonn as coinbhinsiúin idirnáisiúnta a chur san áireamh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

3.   Ar chúiseanna modheolaíochta, éilíonn earraí áirithe nó gluaiseachtaí áirithe forálacha sonracha. Baineann sé seo le gléasraí tionsclaíocha, le soithí agus le haerárthaí, le táirgí mara, le hearraí arna seachadadh chuig soithí agus chuig aerárthaí, le coinsíneachtaí tuislithe, le hearraí míleata, le hearraí chuig suiteálacha amach ón gcósta nó ó shuiteálacha amach ón gcósta, le spásárthaí, le leictreachas agus le gás, agus le dramhtháirgí (dá ngairfear ‘earraí sonracha nó gluaiseachtaí sonracha’ anseo feasta).

Maidir leis na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, agus a bhaineann le hearraí sonracha agus le gluaiseachtaí sonracha agus le forálacha éagsúla nó le forálacha sonracha a bhfuil feidhm acu maidir leo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

4.   Ar chúiseanna modheolaíochta, déanfar earraí áirithe nó gluaiseachtaí áirithe a eisiamh ón staidreamh maidir le trádáil eachtrach. Baineann sé seo le hór airgeadaíochta agus le modhanna íocaíochta ar dlíthairiscintí iad; le hearraí a mbeartaítear úsáid dóibh is úsáid de chineál taidhleoireachta nó de chineál comhchosúil, le gluaiseacht earraí idir an Ballstát atá á n-onnmhairiú agus an Ballstát atá á n-allmhairiú agus a bhfórsaí náisiúnta armtha atá lonnaithe thar lear chomh maith le hearraí áirithe a fuair agus a dhiúscair fórsaí armtha eachtracha; le hearraí áirithe nach ábhar d'idirbheart tráchtála iad; le gluaiseachtaí seoltóirí saitilíte sula seolfar iad; le hearraí atá le deisiú agus le hearraí tar éis a ndeisithe, le hearraí a bhfuil úsáid le baint astu go sealadach nó le hearraí tar éis úsáid a bhaint astu go sealadach; le hiompróirí faisnéise saincheaptha agus faisnéise íoslódaithe; agus le hearraí a ndearnadh dearbhú ó bhéal do lucht custaim ina leith ar choinníoll nach mó a luach ná tairseach staidrimh 1 000 EUR, de réir luacha, nó nach mó a nglanmhais ná 1 000 cileagram, nó is earraí de chineál neamhthráchtála.

Maidir leis na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, agus a bhaineann le hearraí nó le gluaiseachtaí a eisiamh ón staidreamh maidir le trádáil eachtrach, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

Airteagal 4

Foinse sonraí

1.   Is é an dearbhú custaim, lena n-áirítear leasuithe nó athruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar na sonraí staidrimh mar thoradh ar chinntí arna ndéanamh ag lucht custaim agus a mbeadh baint acu leis, an fhoinse sonraí le haghaidh taifead ar allmhairiú agus ar onnmhairiú earraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

2.   Más rud é, mar thoradh ar a thuilleadh simplithe ar fhoirmiúlachtaí agus ar rialuithe custaim de bhun Airteagal 116 den Chód Custaim Nuachóirithe, nach mbeidh taifead ar onnmhairiú earraí agus ar allmhairiú earraí ar fáil d'údaráis chustaim, déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch ar deonaíodh simpliú dó na sonraí staidrimh a shainítear in Airteagal 5 den Rialachán seo a sholáthar.

3.   Féadfaidh na Ballstáit leanúint d'úsáid a bhaint as foinsí eile sonraí chun a staidreamh náisiúnta a thiomsú go dtí dáta cur chun feidhme sásra do mhalartú comhpháirteach sonraí trí mheán leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

4.   I gcás earraí sonracha nó gluaiseachtaí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(3), féadfar foinsí sonraí seachas an dearbhú custaim a úsáid.

5.   Maidir leis na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, agus a bhaineann le sonraí a thiomsú de réir mhír 2 agus mhír 4 den Airteagal seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3). Leis na bearta seo tabharfar lánaird ar an ngá atá ann córas éifeachtúil a chur ar bun, rud a dhéanfadh íoslaghdú ar an ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar lucht riaracháin.

Airteagal 5

Sonraí staidrimh:

1.   Gheobhaidh na Ballstáit an tsraith sonraí seo a leanas ó na taifid ar allmhairiú agus ar onnmhairiú dá dtagraítear in Airteagal 3(1):

(a)

an sreabhadh trádála (allmhairiú, onnmhairiú);

(b)

an tréimhse tagartha mhíosúil;

(c)

luach staidrimh na n-earraí ar theorainn náisiúnta Bhallstáit an allmhairithe nó an onnmhairithe;

(d)

an chainníocht arna sloinneadh i nglanmhais agus in aonad forlíontach más rud é go sonraítear ar an dearbhú custaim í;

(e)

an trádálaí, is é sin an t-allmhaireoir/coinsíní i gcás allmhairiú agus an t-onnmhaireoir/coinsíneoir i gcás onnmhairiú;

(f)

Ballstát an allmhairithe nó an onnmhairithe, is é sin an Ballstát inar taisceadh an dearbhú custaim agus, más rud é go sonraítear ar an dearbhú custaim é:

(i)

i gcás allmhairiú, an Ballstát cinn scríbe;

(ii)

i gcás onnmhairiú, Ballstát an onnmhairithe iarbhír;

(g)

na tíortha comhpháirtíochta, is é sin

(i)

i gcás allmhairiú, an tír tionscnaimh agus tír an choinsínithe/an tseolta;

(ii)

i gcás onnmhairiú, an tír chinn scríbe is deireanaí a bhfuil eolas ann ina leith;

(h)

na hearraí, arb éard atá iontu, de réir na hAinmníochta Comhcheangailte:

(i)

i gcás allmhairiú, cód earraí an fho-cheannteidil Taric;

(ii)

i gcás onnmhairiú, cód earraí fho-cheannteideal na hAinmníochta Comhcheangailte;

(i)

an cód nós imeachta custaim a bheidh le húsáid chun an nós imeachta staidrimh a chinneadh;

(j)

cineál an idirbhirt más rud é go sonraítear ar an dearbhú custaim é;

(k)

an chóir fhabhrach ar allmhairiú, i gcás ina ndeonóidh na húdaráis chustaim é;

(l)

an t-airgeadra sonraiscthe, más rud é go sonraítear ar an dearbhú custaim é;

(m)

an chóir iompair, lena sonrófar an méid seo a leanas:

(i)

an chóir iompair ag an teorainn;

(ii)

an chóir iompair inmheánach;

(iii)

an coimeádán.

2.   Maidir leis na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, agus a bhaineann leis na foinsí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear na cóid a bheidh le húsáid, a shonrú tuilleadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

3.   I gcás nach luafar a mhalairt agus gan dochar don reachtaíocht chustaim, beidh na sonraí sa dearbhú custaim.

4.   Le haghaidh earraí sonracha nó gluaiseachtaí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus sonraí arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 4(2), d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le sraitheanna teoranta sonraí.

Maidir leis na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, agus a bhaineann leis na tacair theoranta sonraí sin, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

Airteagal 6

Tiomsú an staidrimh maidir le trádáil eachtrach

1.   Tiomsóidh na Ballstáit, i gcás gach tréimhse tagartha míosúla, staidreamh ar allmhairiú agus ar onnmhairiú earraí arna shloinneadh i luach agus i gcainníocht de réir an méid seo a leanas:

(a)

an cód earraí;

(b)

Ballstáit an allmhairithe/onnmhairithe;

(c)

na tíortha comhpháirtíochta;

(d)

an nós imeachta staidrimh;

(e)

cineál an idirbhirt;

(f)

an chóir fhabhrach i gcás allmhairiú;

(g)

an chóir iompair.

Féadfaidh an Coimisiún na forálacha cur chun feidhme maidir le tiomsú an staidrimh a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

2.   Déanfaidh na Ballstáit staidreamh bliantúil maidir le trádáil a thiomsú de réir saintréithe gnó, eadhon an ghníomhaíocht eacnamaíoch arna déanamh ag an bhfiontar de réir na roinne nó an leibhéil 2-dhigit d'aicmiú comhchoiteann staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (NACE) agus de réir na haicme méide i dtéarmaí líon na bhfostaithe.

Tiomsófar an staidreamh trí shonraí maidir le saintréithe gnó arna dtaifeadadh de réir Rialachán (CE) Uimh. 177/2008 a nascadh leis na sonraí arna dtaifeadadh de réir Airteagal 5(1) den Rialachán seo maidir le hallmhairí agus maidir le honnmhairí. Chuige seo, soláthróidh na húdaráis náisiúnta custaim an uimhir sainaitheantais trádálaí ábhartha do na húdaráis náisiúnta staidrimh.

Maidir leis na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, agus a bhaineann le nascadh na sonraí agus an staidrimh sin a bheidh le tiomsú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

3.   Tiomsóidh na Ballstáit, gach dara bliain, staidreamh maidir le trádáil arna mhiondealú de réir an airgeadra shonraiscthe.

Tiomsóidh na Ballstáit an staidreamh trí shampla ionadaíoch de thaifid ar allmhairí agus ar onnmhairí a úsáid, ar taifid iad as dearbhuithe custaim ina bhfuil na sonraí maidir leis an airgeadra sonraiscthe. Mura mbeidh an t-airgeadra sonraiscthe a bhaineann le honnmhairí sonraithe le fáil ar an dearbhú custaim, déanfar suirbhé chun na sonraí is gá a bhailiú.

Maidir leis na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, agus a bhaineann le saintréithe an tsampla, leis an tréimhse tuarascála agus le leibhéal an chomhiomlánaithe do thíortha comhpháirtíochta, d'earraí agus d'airgeadraí, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

4.   Féadfaidh na Ballstáit tiomsú staidrimh bhreise chun críocha náisiúnta a chinneadh i gcás ina mbeidh na sonraí ar fáil ar an dearbhú custaim.

5.   Ní bheidh sé d'oibleagáid ar na Ballstáit staidreamh ar thrádáil eachtrach a thiomsú agus a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) maidir le sonraí staidrimh arb amhlaidh ina leith, de réir an Chóid Custaim nó de réir na dtreoracha náisiúnta, nár taifeadadh fós iad ná nach féidir iad a dhéaduchtú go díreach ó shonraí eile atá ar an dearbhú custaim arna thaisceadh lena n-údaráis custaim. Dá bhrí sin, tá tarchur an staidrimh seo a leanas roghnach do na Ballstáit:

(a)

i gcás allmhairiú, an Ballstát cinn scríbe;

(b)

i gcás onnmhairiú, Ballstát an onnmhairithe iarbhír;

(c)

cineál an idirbhirt.

Airteagal 7

Malartú sonraí

1.   Gan mhoill agus ar a dhéanaí le linn na míosa a leanann an mhí ar glacadh leis na dearbhuithe custaim nó a raibh siad faoi réir cinntí lucht custaim a bhain leo, gheobhaidh na húdaráis staidrimh náisiúnta ó údaráis chustaim na taifid ar na hallmhairithe agus ar na honnmhairithe agus iad bunaithe ar na dearbhuithe a taisceadh leis na húdaráis sin.

Sna taifid beidh, ar a laghad, na sonraí staidrimh sin a liostaítear in Airteagal 5 agus atá ar fáil ar an dearbhú custaim, de réir an Chóid Custaim nó de réir na dtreoracha náisiúnta.

2.   Le héifeacht ón dáta a gcuirfear sásra chun feidhme do mhalartú frithpháirteach sonraí trí mheán leictreonach, áiritheoidh údaráis chustaim go dtarchuirfear taifid ar allmhairí agus ar onnmhairí chuig údarás náisiúnta staidrimh an Bhallstáit a shonraítear mar a leanas ar an taifead:

(a)

an Ballstát cinn scríbe, i gcás allmhairiú;

(b)

Ballstát an onnmhairithe iarbhír, i gcás onnmhairiú.

Déanfar an sásra do mhalartú frithpháirteach sonraí a chur chun feidhme, ar a dhéanaí, nuair a bheidh Teideal I, Caibidil 2, Roinn 1 den Chód Custaim Nuachóirithe infheidhme.

3.   Maidir leis na forálacha cur chun feidhme lena gcinnfear an tarchur dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfar iad a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 8

Staidreamh maidir le trádáil eachtrach a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat)

1.   Tarchuirfidh na Ballstáit an staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 6(1) chuig an gCoimisiún (Eurostat) tráth nach déanaí ná 40 lá tar éis dheireadh gach tréimhse tagartha míosúla.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuimseofar sa staidreamh faisnéis maidir leis na hallmhairí uile agus maidir leis na honnmhairí uile sa tréimhse tagartha a bheidh i gceist, agus coigeartú á dhéanamh i gcás nach mbeidh taifid ar fáil.

Tarchuirfidh na Ballstáit staidreamh uasdátaithe nuair a bheidh an staidreamh a tarchuireadh cheana féin faoi réir athbhreithnithe.

Áireoidh na Ballstáit sna torthaí a tharchuirfear chuig an gCoimisiún (Eurostat) aon fhaisnéis staidrimh atá faoi rún.

Maidir leis na bearta ata ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, agus a bhaineann le hoiriúnú ar an spriocdháta le haghaidh tarchur an staidrimh, ar an ábhar, ar chumhdach agus ar choinníollacha an athbhreithnithe i gcás staidrimh a tarchuireadh cheana féin, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

2.   Maidir leis na bearta atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, agus a bhaineann leis an spriocdháta chun staidreamh a tharchur maidir le trádáil arna mhiondealú de réir saintréithe gnó dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus staidreamh a tharchur arna mhiondealú de réir airgeadra shonraiscthe dá dtagraítear in Airteagal 6(3), glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

3.   Tarchuirfidh na Ballstáit an staidreamh i bhfoirm leictreonach, i gcomhréir le caighdeán idirmhalartaithe. Féadfar na socruithe praiticiúla do tharchur na dtorthaí a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 9

Measúnú na cáilíochta

1.   Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta seo a leanas maidir leis an staidreamh a bheidh le tarchur:

(a)

tagraíonn ‘ábharthacht’ don mhéid a shásaíonn an staidreamh riachtanais reatha na n-úsáideoirí agus na riachtanais a d'fhéadfadh a bheith acu;

(b)

tagraíonn ‘cruinneas’ do cé chomh gar is atá na meastacháin do na fíorluachanna anaithnide;

(c)

tagraíonn ‘tráthúlacht’ don tréimhse idir an fhaisnéis a bheith ar fáil agus an teagmhas nó an feiniméan a ndéantar cur síos air san fhaisnéis;

(d)

tagraíonn ‘poncúlacht’ don mhoill idir dáta eisiúna na sonraí agus an spriocdháta (an dáta faoinar cheart na sonraí a bheith seachadta);

(e)

tagraíonn ‘inrochtaineacht’ agus ‘soiléireacht’ do na coinníollacha agus do na rialacha mionsonraithe trína bhféadfaidh úsáideoirí sonraí a fháil, a úsáid agus a léiriú;

(f)

tagraíonn ‘inchomparáideacht’ do thomhas an tionchair atá ag difríochtaí i gcoincheapa, in uirlisí tomhais agus i nósanna imeachta staidrimh fheidhmigh nuair a dhéantar staidreamh a chur i gcomparáid i limistéir gheografacha éagsúla, i bhfearainn earnálacha éagsúla nó thar am;

(g)

tagraíonn ‘comhchuibheas’ do cé chomh leordhóthanach is atá na sonraí lena gcomhcheangal go hiontaofa i slite éagsula agus i gcomhair úsáidí éagsúla.

2.   Soláthróidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún (Eurostat) maidir le cáilíocht an staidrimh arna tharchur gach bliain.

3.   Agus na critéir cháilíochta a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo á gcur i bhfeidhm maidir leis an staidreamh a chumhdaítear leis an Rialachán seo, saineofar rialacha mionsonraithe agus struchtúr na dtuarascálacha cáilíochta i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht an staidrimh arna tharchur.

Airteagal 10

Scaipeadh an staidrimh maidir le trádáil eachtrach

1.   Ar leibhéal an Chomhphobail, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) staidreamh maidir le trádáil eachtrach, arna thiomsú i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus arna tharchur ag na Ballstáit, a scaipeadh de réir fhocheanntheidil na hAinmníochta Comhcheangailte ar a laghad.

I gcás ina n-iarrfaidh allmhaireoir nó onnmhaireoir amhlaidh, agus sa chás sin amháin, déanfaidh údaráis náisiúnta aon Bhallstáit cinneadh i dtaobh an scaipfear an staidreamh maidir le trádáil eachtrach de chuid an Bhallstáit sin ar shlí ina bhféadfaí an t-allmhaireoir nó an t-onnmhaireoir sin a shainaithint nó an leasófar iad sa dóigh nach ndéanfaidh scaipeadh dochar do rúndacht an staidrimh.

2.   Gan dochar do scaipeadh sonraí ar an leibhéal náisiúnta, ní scaipfidh an Coimisiún (Eurostat) sonraí mionsonraithe de réir fhocheannteidil Taric agus fabhar más rud é go ndéanfaí an bonn a bhaint de chosaint leas an phobail, a mhéid a bhaineann le beartais tráchtála agus beartais talmhaíochta an Chomhphobail, dá mba rud é go nochtfaí iad.

Airteagal 11

An nós imeachta Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um staidreamh a bhaineann le trádáil earraí le tíortha nach Ballstáit iad cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (3) agus (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 12

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 le héifeacht ón 1 Eanáir 2010.

Leanfaidh sé d'fheidhm a bheith aige maidir le sonraí a bhaineann leis na tréimhsí tagartha roimh an 1 Eanáir 2010.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 6 Bealtaine 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa,

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán

J. KOHOUT


(1)  IO C 70, 15.3.2008, lch. 1.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meán Fómhair 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Comhsheasamh ón gComhairle an 16 Feabhra 2009 (IO C 75 E, 31.3.2009, lch. 58) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  IO L 118, 25.5.1995, lch. 10.

(4)  IO L 302, 19.10.1992, lch. 1.

(5)  IO L 145, 4.6.2008, lch. 1.

(6)  IO L 23, 26.1.2008, lch. 21.

(7)  IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.

(8)  IO L 61, 5.3.2008, lch. 6.

(9)  IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

(10)  IO L 151, 15.6.1990, lch. 1.

(11)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.


Top