Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008R0452

Rialachán (CE) Uimh. 452/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 i ndáil le staidreamh maidir le hoideachas agus le foghlaim ar feadh an tsaoil a tháirgeadh agus a fhorbairt Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

IO L 145, 4.6.2008, p. 227–233 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 01/01/2021

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/452/oj

4.6.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/227


RIALACHÁN (CE) Uimh. 452/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Aibreán 2008

i ndáil le staidreamh maidir le hoideachas agus le foghlaim ar feadh an tsaoil a tháirgeadh agus a fhorbairt

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Iarradh i Rún ón gComhairle an 5 Nollaig 1994 i ndáil le staidreamh maidir le hoideachas agus le hoiliúint a chur chun cinn san Aontas Eorpach (2), go gcuirfeadh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, luas faoi fhorbairt staidrimh maidir le hoideachas agus le hoiliúint.

(2)

Chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach a tionóladh sa Bhruiséil an 22 agus an 23 Márta 2005 go ndéanfaí Straitéis Liospóin a sheoladh an athuair. Tháinig sí ar an gconclúid go gcaithfeadh an Eoraip athnuachan a dhéanamh ar an mbonn atá faoin iomaíochas aici, cur lena hacmhainn fáis agus lena táirgiúlacht agus an comhtháthú sóisialta a neartú, agus béim faoi leith á cur ar an eolas, ar an nuálaíocht agus ar an leas is fearr is féidir a bhaint as an gcaipiteal daonna. Sa mhéid sin, is ríthábhachtach don Eoraip go mbeadh acmhainn infhostaitheachta, inoiriúnaitheachta agus soghluaisteachta ag saoránaigh.

(3)

D’fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach, caithfear córais oideachais agus oiliúna Eorpacha a oiriúnú do riachtanais shochaí an eolais agus don ghá atá le leibhéal feabhsaithe oideachais agus le caighdeán fostaíochta níos fearr. Tá staidreamh maidir le hoideachas, le hoiliúint agus le foghlaim ar feadh an tsaoil ríthábhachtach mar bhunús do chinntí polaitiúla.

(4)

Is gné lárnach an fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus lucht saothair a bhfuil scileanna acu, a bhfuil oiliúint orthu agus a bhfuil acmhainn inoiriúnaitheachta iontu á fhorbairt agus á chur chun cinn. Luadh sna Conclúidí Uachtaránachta de Chomhairle Eorpach an Earraigh 2005 gurb é ‘an caipiteal daonna an tsócmhainn is tábhachtaí atá ag an Eoraip’. Tá sé d’aidhm ag na Treoirlínte Comhtháite um Fhorás agus um Fhostaíocht, lena n-áirítear na treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát, ar thacaigh an Chomhairle leo ina Cinneadh 2005/600/CE (3), cur le straitéis Liospóin ar bhealach níos fearr agus straitéisí cuimsitheacha a bhunú don fhoghlaim ar feadh an tsaoil.

(5)

Is mór is fiú gur glacadh i mí Feabhra 2001 an Tuarascáil ón gComhairle dar teideal ‘Cuspóirí na gcóras oideachais agus oiliúna’ agus gur glacadh i mí Feabhra 2002 an clár oibre do 2001/2011 a d’eascair as an tuarascáil sin, agus is céim thábhachtach é i dtreo an tiomantas a urramú nuachóiriú a dhéanamh ar chórais oideachais agus oiliúna na mBallstát agus feabhas a chur ar cháilíocht na gcóras sin. Tá táscairí agus leibhéil thagartha maidir leis an meánfheidhmíocht Eorpach (‘pointí cóimheasa’) ar chuid de na hionstraimí sin den mhodh oscailte comhordaithe a bhfuil tábhacht ag baint leo don chlár oibre ‘Oideachas agus Oiliúint 2010’. Thug na hAirí Oideachais céim mhór ar aghaidh i mí Bealtaine 2003 nuair a chinn siad na cúig phointí cóimheasta Eorpacha a bheidh le baint amach roimh 2010, agus iad ag rá go soiléir nach leagann siad amach spriocanna náisiúnta ná nach sonraíonn siad na cinntí a bheidh le déanamh ag na rialtais náisiúnta.

(6)

An 24 Bealtaine 2005, ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir le ‘Táscairí nua san Oideachas agus san Oiliúint’ (4). Sna Conclúidí sin, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún straitéisí agus tograí a chur faoina bráid chun táscairí nua a fhorbairt i naoi gcinn de shainréimsí oideachais agus oiliúna agus chuir sí i bhfios go láidir freisin gur cheart go n-urramódh forbairt na dtáscairí nua an fhreagracht atá ar na Ballstáit a gcórais oideachais a eagrú agus nár cheart go gcuirfeadh an fhorbairt sin ualach míchuí riaracháin ná airgeadais ar an eagraíocht ná ar na hinstitiúidí lena mbaineann, ná go gcaithfeadh sé go dtiocfadh méadú ar líon na dtáscairí a úsáidtear chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul cun cinn.

(7)

Ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir leis an gComhoibriú Eorpach sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, i mí na Samhna 2004, freisin, agus chomhaontaigh sí go gcaithfí tréaniarracht a dhéanamh ar leibhéal na hEorpa ‘feabhas a chur ar scóip, ar chruinneas agus ar iontaofacht staidrimh maidir le gairmoideachas agus le gairmoiliúint ionas go bhféadfaí meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh’.

(8)

Is ríthábhachtach faisnéis staidrimh inchomparáide a bheith ar fáil ar leibhéal an Chomhphobail ionas go mbeifí in ann straitéisí don oideachas agus don fhoghlaim ar feadh an tsaoil a fhorbairt agus go mbeifí in ann monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar agus na straitéisí sin á gcur chun feidhme. Ba cheart go mbeadh táirgeadh an staidrimh bunaithe ar chreat de choincheapa comhtháite agus de shonraí inchomparáide, i bhfianaise bhunú Córais chomhtháite Eorpaigh um Fhaisnéis Staidrimh maidir le hoideachas, maidir le hoiliúint agus maidir le foghlaim ar feadh an tsaoil.

(9)

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart go dtabharfaí aird ar an nóisean de dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste sa mhargadh saothair agus dá dtagraítear sna Treoirlínte um bheartais fostaíochta na mBallstát.

(10)

Tá sonraí á mbailiú ag an gCoimisiún (Eurostat) maidir leis an ngairmoiliúint i bhfiontair, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1552/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir leis an staidreamh a bhaineann leis an ngairmoiliúint i bhfiontair (5). Caithfidh creat dlíthiúil níos leithne a bheith ann, áfach, chun a áirithiú go dtáirgfear agus go bhforbrófar ar bhealach inbhuanaithe staidreamh maidir le hoideachas agus le foghlaim ar feadh an tsaoil, creat a chumhdóidh ar a laghad na gníomhaíochtaí ábhartha uile atá ann agus iad sin uile atá beartaithe. Tá sonraí bliantúla maidir le hoideachas á mbailiú ó na Ballstáit ag an gCoimisiún (Eurostat) ar bhonn deonach, trí chomhghníomh atá á dhéanamh i gcomhar le hInstitiúid Staidrimh UNESCO (ISU) agus leis an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus a dtugtar ‘bailiúchán sonraí UEE’ go hiondúil air. Tá sonraí á mbailiú freisin ag an gCoimisiún (Eurostat) maidir le hoideachas, le hoiliúint agus le foghlaim ar feadh an tsaoil trí fhoinsí teaghlaigh eile, ar nós Shuirbhé an Aontais Eorpaigh ar an Lucht Oibre (6), staidreamh an Chomhphobail maidir le dálaí ioncaim agus maireachtála (7) agus freisin trína gcuid modúl ad hoc.

(11)

Ó tharla go bhfuil gné dhinimiciúil ag baint le ceapadh beartais agus le faireachán ar bheartas agus go n-oiriúnaítear í do dhálaí claochlaitheacha i réimse an oideachais agus na foghlama ar feadh an tsaoil, ba cheart go bhforálfadh an creat rialúcháin staidrimh do leibhéal áirithe solúbthachta i modh teoranta agus rialaithe, agus aird á tabhairt ar an ualach ar na freagróirí agus ar na Ballstáit.

(12)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon caighdeáin chomhchoiteanna staidrimh a chruthú a cheadóidh táirgeadh sonraí comhchuibhithe, a ghnóthú go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(13)

Rialaítear táirgeadh sainstaidrimh Chomhphobail leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle an 17 Feabhra 1997 maidir le Staidreamh Comhphobail (8).

(14)

Áirithítear leis an Rialachán seo go n-urramaítear go hiomlán an ceart chun cosaint sonraí pearsanta faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh di.

(15)

Rialaítear tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 322/97 agus i Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90 ón gComhairle an 11 Meitheamh 1990 maidir le sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh a tharchur chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach (9).

(16)

Leagadh síos na coinníollacha ar dá réir is féidir rochtain a dheonú ar shonraí rúnda arna dtarchur chuig údarás an Chomhphobail le Rialachán (CE) Uimh. 831/2002 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2002 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le rochtain ar shonraí rúnda chun críocha eolaíocha (10).

(17)

Ba cheart go nglacfaí na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (11).

(18)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na nithe seo a leanas a roghnú agus a shonrú: ábhair an staidrimh mar aon lena dtréithe mar fhreagra ar riachtanais bheartais nó theicniúla, miondealú na dtréithe, tréimhse an bhreathnaithe agus na spriocdhátaí do tharchur na dtorthaí, na ceanglais cháilíochta lena n-áirítear an cruinneas is gá, agus an creat don tuairisciú maidir le cáilíocht. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán sin a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(19)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gClár Staidrimh, arna bhunú le Cinneadh 89/382/CEE ón gComhairle, Euratom (12), i gcomhréir le hAirteagal 3 den Chinneadh sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo creat comhchoiteann chun staidreamh Comhphobail a tháirgeadh go córasach i réimse an oideachais agus na foghlama ar feadh an tsaoil.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

sainmhínítear ‘staidreamh Comhphobail’ faoi mar a shainmhínítear é sa chéad fhleasc d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97;

(b)

sainmhínítear ‘táirgeadh staidrimh’ faoi mar a shainmhínítear é sa dara fleasc d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97;

(c)

sainmhínítear ‘údaráis náisiúnta’ faoi mar a shainmhínítear é sa tríú fleasc d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 322/97;

(d)

ciallaíonn ‘oideachas’ cumarsáid eagraithe, leanúnach a bhfuil an fhoghlaim ceaptha a bheith mar thoradh uirthi (13);

(e)

ciallaíonn ‘foghlaim ar feadh an tsaoil’ aon ghníomhaíocht foghlama a dhéantar i gcaitheamh an tsaoil, agus arb é an aidhm atá léi cur leis an eolas, leis na scileanna agus leis na hinniúlachtaí atá ag daoine ó thaobh cúrsaí pearsanta, cúrsaí sibhialta, cúrsaí sóisialta agus/nó ó thaobh na fostaíochta de (14);

(f)

ciallaíonn ‘micreashonraí’ taifid aonair staidrimh;

(g)

ciallaíonn ‘sonraí rúnda’ sonraí nach gceadaíonn na haonaid staidrimh a aithint ach go hindíreach, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 322/97 agus Rialachán (Euratom, CEE) Uimh. 1588/90.

Airteagal 3

Fearainn

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgeadh staidrimh i dtrí cinn d’fhearainn:

(a)

cumhdóidh Fearann 1 staidreamh maidir le córais oideachais agus oiliúna;

(b)

cumhdóidh Fearann 2 staidreamh maidir le rannpháirtíocht daoine fásta san fhoghlaim ar feadh an tsaoil;

(c)

cumhdóidh Fearann 3 staidreamh eile maidir le hoideachas agus maidir le foghlaim ar feadh an tsaoil, amhail staidreamh maidir le caipiteal daonna, maidir leis an leas sóisialta agus eacnamaíoch a dhéanann an t-oideachas, agus nach gcumhdaítear le Fearann 1 ná le Fearann 2.

Táirgfear staidreamh sna fearainn sin i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.

Airteagal 4

Gníomhartha staidrimh

1.   Déanfar táirgeadh staidrimh Chomhphobail i réimse an oideachais agus i réimse na foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun feidhme trí na gníomhartha aonair staidrimh seo a leanas:

(a)

déanfaidh na Ballstáit staidreamh maidir leis an oideachas agus leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil a sheachadadh go rialta laistigh de na spriocdhátaí arna sonrú d’Fhearann 1 agus d’Fhearann 2;

(b)

bainfear úsáid as córais eile faisnéise staidrimh agus as suirbhéanna staidrimh chun athróga agus táscairí breise a sholáthar maidir le hoideachas agus maidir le foghlaim ar feadh an tsaoil, a fhreagróidh d’Fhearann 3;

(c)

caighdeáin agus lámhleabhair maidir le creataí, coincheapa agus modhanna staidrimh a fhorbairt, a fheabhsú agus a thabhairt cothrom le dáta;

(d)

feabhas a chur ar cháilíocht sonraí, i gcomhthéacs an chreata cáilíochta, ina n-áireofar:

ábharthacht,

cruinneas,

tráthúlacht agus poncúlacht,

inrochtaineacht agus soiléireacht,

inchomparáideacht, agus

léirchruinneas.

Cuirfidh an Coimisiún na cumais atá ar fáil sna Ballstáit chun sonraí a bhailiú agus chun coincheapa agus modhanna a phróiseáil agus a fhorbairt san áireamh.

I gcás inarb iomchuí, tabharfar aird ar leith agus déanfar breithniú ar leith ar dhiminsean réigiúnach na sonraí a bhaileofar: i gcás inarb iomchuí, miondealófar na sonraí go córasach de réir inscne.

2.   Aon uair is féidir, iarrfaidh an Coimisiún (Eurostat) a gcomhar ar ISU, ar an ECFE agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta eile d’fhonn inchomparáideacht sonraí idirnáisiúnta a áirithiú agus dúbailt saothair a sheachaint, go háirithe maidir le coincheapa agus modhanna staidrimh a fhorbairt agus a fheabhsú agus maidir le seachadadh an staidrimh ag na Ballstáit.

3.   Aon uair a shainaithnítear riachtanais nua shuntasacha maidir le sonraí nó caighdeán neamh leordhóthanach sonraí agus sula mbaileofar aon sonraí, tionscnóidh an Coimisiún (Eurostat) treoirstaidéir a chuirfidh na Ballstáit i gcrích ar bhonn deonach. Seolfar na treoirstaidéir sin chun indéantacht an bhailiúcháin ábhartha sonraí a mheasúnú, agus aird á tabhairt ar bhuntáistí infhaighteacht na sonraí i ndáil le costais an bhailiúcháin agus leis an ualach a bheadh ar na freagróirí. Ní gá go dtiocfadh ó na treoirstaidéir bearta cur chun feidhme a d’fhreagródh dóibh.

Airteagal 5

Micreashonraí maidir le daoine aonair a tharchur

Nuair is gá sin chun staidreamh Comhphobail a tháirgeadh, tarchuirfidh na Ballstáit micreashonraí rúnda a thiocfaidh ó shuirbhéanna samplacha chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir leis na forálacha maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta agus a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 322/97 agus i Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1588/90. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar na haonaid staidrimh (na daoine aonair) a shainaithint go díreach ó na sonraí a tharchuirfear.

Airteagal 6

Bearta cur chun feidhme

1.   Na bearta seo a leanas a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, lena n-áirítear bearta chun aird a thabhairt ar fhorbairtí eacnamaíocha agus teicniúla maidir leis na sonraí a bhailiú, a tharchur agus a phróiseáil, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 7(3) d’fhonn a áirithiú go dtarchuirfear sonraí d’ardchaighdeán:

(a)

na hábhair a chumhdaíonn na fearainn agus a dtréithe mar fhreagairt ar riachtanais bheartais nó theicniúla a roghnú agus a shonrú;

(b)

miondealuithe na dtréithe;

(c)

tréimhse an bhreathnaithe agus na spriocdhátaí do tharchur na dtorthaí;

(d)

na ceanglais cháilíochta, lena n-áirítear an cruinneas is gá;

(e)

an creat don tuairisciú cáilíochta.

Más gá, de thoradh na mbeart sin, na bailiúcháin sonraí atá ann a mhéadú go suntasach nó bailiúcháin nua sonraí a dhéanamh nó suirbhéanna nua sonraí a thionscnamh, bunófar cinntí cur chun feidhme ar anailís costais/sochair a bheidh mar chuid d’anailís chuimsitheach ar na hiarmhairtí agus na himpleachtaí, agus aird á tabhairt ar bhuntáiste na mbeart, ar na costais do na Ballstáit agus ar an ualach ar na freagróirí.

2.   Tabharfaidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 aird ar na nithe seo a leanas:

(a)

i ndáil leis na Fearainn uile, an t-ualach a d’fhéadfadh a bheith ar institiúidí oideachais agus ar dhaoine aonair;

(b)

i ndáil leis na Fearainn uile, torthaí na dtreoirstaidéar dá dtagraítear in Airteagal 4(3);

(c)

i ndáil le Fearann 1, na comhaontuithe is deireanaí idir ISU, an ECFE agus an Coimisiún (Eurostat) maidir le coincheapa, sainmhínithe, formáid bhailithe na sonraí, próiseáil na sonraí, tréimhsiúlacht agus na spriocdhátaí do tharchur na dtorthaí;

(d)

i ndáil le Fearann 2, na torthaí ón Treoirshuirbhé maidir le hOideachas do Dhaoine Fásta a rinneadh idir 2005 agus 2007 agus riachtanais bhreise maidir le forbairt;

(e)

i ndáil le Fearann 3, infhaighteacht, oiriúnacht agus comhthéacs dlíthiúil na bhfoinsí sonraí Comhphobail atá ann tar éis scrúdú iomlán a dhéanamh ar na foinsí sonraí uile atá ann.

3.   Más gá, glacfar maoluithe teoranta agus idirthréimhsí do Bhallstát amháin nó níos mó ná Ballstát amháin, iad araon arna mbunú ar chúinsí oibiachtúla, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

Airteagal 7

An Coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gClár Staidrimh cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Aibreán 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. LENARČIČ


(1)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Meán Fómhair 2007 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 14 Feabhra 2008.

(2)  IO C 374, 30.12.1994, lch. 4.

(3)  IO L 205, 6.8.2005, lch. 21.

(4)  IO C 141, 10.6.2005, lch. 7.

(5)  IO L 255, 30.9.2005, lch. 1.

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 2104/2002 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2002 lena n-oiriúnaítear Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle maidir le suirbhé samplach ar an lucht oibre a eagrú sa Chomhphobal agus Rialachán (CE) Uimh. 1575/2000 ón gCoimisiún lena gcuirtear Rialachán (CE) Uimh. 577/98 chun feidhme a mhéid a bhaineann leis an liosta d’athróga oideachais agus oiliúna agus a gcódú a úsáidfear le haghaidh tarchuir sonraí ó 2003 ar aghaidh (IO L 324, 29.11.2002, lch. 14).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1983/2003 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2003 lena gcuirtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le staidreamh an Chomhphobail maidir le dálaí ioncaim agus maireachtála (AE-SDIM) a mhéid a bhaineann le liosta de na spriocathróga príomhúla (IO L 298, 17.11.2003, lch. 34) chun feidhme.

(8)  IO L 52, 22.2.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

(9)  IO L 151, 15.6.1990, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 322/97.

(10)  IO L 133, 18.5.2002, lch. 7. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1000/2007 (IO L 226, 30.8.2007, lch. 7).

(11)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(12)  IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.

(13)  De réir leagan 1997 den Aicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach ar an Oideachas (ISCED).

(14)  Rún ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 maidir leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil (IO C 163, 9.7.2002, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

FEARAINN

Fearann 1: córais oideachais agus oiliúna

1.   Aidhm

Is é aidhm an bhailiúcháin sonraí seo sonraí inchomparáide a chur ar fáil maidir le gnéithe lárnacha de na córais oideachais agus oiliúna, go sonrach maidir le rannpháirtíocht i gcláir oideachais agus le críochnú na gclár sin, agus freisin maidir le costas agus le cineál na n-acmhainní a thiomnaítear don oideachas agus don oiliúint.

2.   Raon feidhme

Cumhdóidh an bailiúchán sonraí na gníomhaíochtaí intíre oideachais uile gan aird ar úinéireacht ná ar urraíocht na n-institiúidí lena mbaineann (cibé acu poiblí nó príobháideach, náisiúnta nó eachtrannach) agus gan aird ar mheicníocht soláthair an oideachais. Dá réir sin, cumhdóidh na bailiúcháin sonraí na cineálacha uile mac léinn agus na haoisghrúpaí uile.

3.   Ábhair a chumhdófar

Baileofar sonraí maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

clárú mac léinn, lena n-áirítear tréithe na mac léinn;

(b)

mic léinn nua;

(c)

céimithe agus bronntaí céime;

(d)

caiteachas ar oideachas;

(e)

an fhoireann oideachais;

(f)

na teangacha eachtrannacha a fhoghlaimítear;

(g)

an líon daoine sna ranganna;

agus féadfar na táscairí a ríomh de réir na n-ionchur, na bpróiseas agus thorthaí na gcóras oideachais agus oiliúna.

Tarchuirfidh na Ballstáit faisnéis iomchuí (meiteashonraí) lena ndéanfaidh siad cur síos ar shainiúlachtaí na gcóras náisiúnta oideachais agus oiliúna agus a mhéid atá siad ag luí le haicmí idirnáisiúnta chomh maith le haon imeacht ó shonraíochtaí na hiarrata ar shonraí agus aon fhaisnéis eile a bheidh riachtanach chun na sonraí a léirmhíniú agus chun táscairí inchomparáide a thiomsú.

4.   Tréimhsiúlacht

Soláthrófar sonraí agus meiteashonraí go bliantúil, mura sonrófar a mhalairt, laistigh de na spriocdhátaí a chomhaontófar idir an Coimisiún (Eurostat) agus na húdaráis náisiúnta agus aird á tabhairt ar na comhaontuithe is deireanaí idir ISU, an ECFE agus an Coimisiún (Eurostat).

Fearann 2: Rannpháirtíocht daoine fásta san fhoghlaim ar feadh an tsaoil

1.   Aidhm

Is é aidhm an tsuirbhé seo sonraí inchomparáide a chur ar fáil maidir le rannpháirtíocht agus le neamh-rannpháirtíocht daoine fásta san fhoghlaim ar feadh an tsaoil.

2.   Raon feidhme

Is é an t-aonad staidrimh a bheidh ann an duine aonair agus cumhdófar ar a laghad an pobal sa raon aoise 25-64 bliain d’aois. I gcás ina mbaileofar faisnéis trí mheán suirbhé, déanfar seachfhreagraí a sheachaint a mhéid is féidir.

3.   Ábhair a chumhdófar

Cumhdóidh an suirbhé na hábhair seo a leanas:

(a)

rannpháirtíocht agus neamh-rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí foghlama;

(b)

tréithe na ngníomhaíochtaí foghlama sin;

(c)

faisnéis maidir leis na scileanna a ndéanfar féintuairisciú orthu;

(d)

faisnéis shochdhéimeagrafach.

Baileofar freisin ar bhonn deonach sonraí maidir le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sóisialta agus cultúrtha mar athróga mínitheacha a bheidh úsáideach chun breis anailíse a dhéanamh ar phróifílí na rannpháirtithe agus na neamh-rannpháirtithe.

4.   Foinsí sonraí agus méid na samplaí

Is suirbhé samplach a bheidh mar fhoinse do na sonraí. Féadfar foinsí sonraí riaracháin a úsáid d’fhonn an t-ualach ar na freagróirí a laghdú. Déanfar méid na samplaí a ríomh ar bhonn riachtanas cruinnis nach n-éileoidh go mbeadh níos mó ná 5 000 duine aonair san áireamh i méid na samplaí náisiúnta éifeachtúla, a ríomhfar ar an toimhde go ndéanfar sampláil randamach shimplí. Laistigh de na teorainneacha sin, beidh gá le cur chuige samplála faoi leith i gcás fophobal sonrach.

5.   Tréimhsiúlacht

Baileofar sonraí gach cúig bliana. Is í an bhliain 2010, ar a luaithe, an chéad bhliain a gcuirfear chun feidhme é.

Fearann 3: Staidreamh eile maidir le hoideachas agus le foghlaim ar feadh an tsaoil

1.   Aidhm

Is é aidhm an bhailiúcháin sonraí seo sonraí inchomparáide breise a chur ar fáil maidir le hoideachas agus le foghlaim ar feadh an tsaoil chun tacú le beartais shonracha ar leibhéal an Chomhphobail nach gcumhdaítear le Fearann 1 ná le Fearann 2.

2.   Raon feidhme

Tagróidh staidreamh eile maidir le hoideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil do na gnéithe seo a leanas:

(a)

staidreamh maidir le hoideachas agus leis an ngeilleagar atá riachtanach ar leibhéal an Chomhphobail chun monatóireacht a dhéanamh ar na beartais i leith oideachais, taighde, iomaíochais agus fáis;

(b)

staidreamh maidir le hoideachas agus leis an margadh saothair atá riachtanach ar leibhéal an Chomhphobail chun monatóireacht a dhéanamh ar na beartais fostaíochta;

(c)

staidreamh maidir le hoideachas agus le cuimsiú sóisialta atá riachtanach ar leibhéal an Chomhphobail chun faireachán a dhéanamh ar na beartais i leith na bochtaineachta, an chuimsithe shóisialta agus lánpháirtiú imirceach.

I gcás na ngnéithe a liostaítear anseo thuas, gheofar na sonraí is gá ó fhoinsí staidrimh Comhphobail atá ann cheana.


Top