Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008R0301

    Rialachán (CE) Uimh. 301/2008 ón gComhairle an 17 Márta 2008 lena n-oiriúnaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 maidir le rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go bhfíorófar go bhfuiltear ag comhlíonadh dlí beatha agus bia agus rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

    IO L 97, 9.4.2008, p. 85–86 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 13/12/2019; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32017R0625

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/301/oj

    9.4.2008   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L NaN/85


    RIALACHÁN (CE) Uimh. 301/2008 ÓN gCOMHAIRLE

    an 17 Márta 2008

    lena n-oiriúnaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 maidir le rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go bhfíorófar go bhfuiltear ag comhlíonadh dlí beatha agus bia agus rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh,

    Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais 2003, agus go háirithe, Airteagal 57(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) bunaíodh creat comhchuibhithe rialacha ginearálta eagrúcháin do rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go bhfíorófar comhlíonadh dlí beatha agus bia agus comhlíonadh rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe.

    (2)

    Is gá, de bharr aontachas na mBallstát nua in 2004, liosta na gcríoch in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a chomhlánú le go mbeifear in ann na Ballstáit uile a áireamh sa liosta sin.

    (3)

    Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 882/2004.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2004 i leith chríocha Phoblacht na Seice, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na Polainne, na Slóivéine agus na Slóvaice.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Márta 2008.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    I. JARC


    (1)  IO L 165, 30.4.2004, lch. 1, leagan ceartaithe in IO L 191, 28.5.2004, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 180/2008 ón gCoimisiún (IO L 56, 29.2.2008, lch. 4)


    IARSCRÍBHINN

    ‘IARSCRÍBHINN I

    CRÍOCHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(15)

    1.

    Críoch Ríocht na Beilge

    2.

    Críoch Phoblacht na Bulgáire

    3.

    Críoch Phoblacht na Seice

    4.

    Críoch Ríocht na Danmhairge seachas na hOileáin Fharó agus an Ghraonlainn

    5.

    Críoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine

    6.

    Críoch Phoblacht na hEastóine

    7.

    Críoch na hÉireann

    8.

    Críoch na Poblachta Heilléanaí

    9.

    Críoch Ríocht na Spáinne seachas Ceuta agus Melilla

    10.

    Críoch Phoblacht na Fraince

    11.

    Críoch Phoblacht na hIodáile

    12.

    Críoch Phoblacht na Cipire

    13.

    Críoch Phoblacht na Laitvia

    14.

    Críoch Phoblacht na Liotuáine

    15.

    Críoch Ard-Diúcacht Lucsamburg

    16.

    Críoch Phoblacht na hUngáire

    17.

    Críoch Phoblacht Mhálta

    18.

    Críoch Ríocht na hÍsiltíre san Eoraip

    19.

    Críoch Phoblacht na hOstaire

    20.

    Críoch Phoblacht na Polainne

    21.

    Críoch Phoblacht na Portaingéile

    22.

    Críoch na Rómáine

    23.

    Críoch Phoblacht na Slóivéine

    24.

    Críoch Phoblacht na Slóvaice

    25.

    Críoch Phoblacht na Fionlainne

    26.

    Críoch Ríocht na Sualainne

    27.

    Críoch Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann’


    Top