EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008R0298

Rialachán (CE) Uimh. 298/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe, i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún

IO L 97, 9.4.2008, p. 64–66 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/298/oj

9.4.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/64


RIALACHÁN (CE) Uimh. 298/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2008

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe, i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 37, 95 agus mír 4, pointe (b) d’Airteagal 152 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) go bhfuil bearta áirithe le glacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (4).

(2)

Leasaíodh Cinneadh 1999/468/CE le Cinneadh 2006/512/CE, lena dtugtar isteach an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun bearta a ghlacadh a bhfuil raon feidhme ginearálta acu agus a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunaidh, ar glacadh í i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, a leasú, inter alia trí roinnt de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha.

(3)

I gcomhréir leis an ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (5) maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú infheidhme ar ionstraimí a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh agus atá i bhfeidhm cheana, caithfear na hionstraimí sin a choigeartú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme.

(4)

Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún a shainiú an dtagann cineál bia ar leith nó cineál beatha ar leith faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus go dtabharfaí de chumhacht dó freisin na tairseacha a ísliú maidir lena lua ar lipéid gur ann d’ábhar taismeach agus d’ábhar nach féidir a sheachaint go teicniúil agus ar ábhar é ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe, atá comhdhéanta d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe nó a táirgeadh as orgánaigh ghéinmhodhnaithe, mar aon leis na tairseacha a ísliú maidir le hábhar géinmhodhnaithe taismeach agus nach féidir a sheachaint go teicniúil, agus dar tugadh measúnú riosca fabhrach, a bheith i mbia nó i mbeatha, agus chun bearta a ghlacadh maidir le ceanglais áirithe lipéadaithe agus faisnéise a thiteann ar oibreoirí agus ar oll-lónadóirí. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(5)

Ba cheart mar sin Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 leis seo mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2):

‘2.   I gcás inar gá, bearta a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh agus lena gcinnfear an dtagann cineál bia faoi raon feidhme na Roinne seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 35(3).’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(4):

‘4.   Na bearta sin a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh agus lena mbunaítear tairseacha cuí atá níos ísle, go háirithe i ndáil le bianna ina bhfuil OGManna, nó atá comhdhéanta díobh, nó lena gcuirtear dul chun cinn san eolaíocht agus sa teicneolaíocht san áireamh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 35(3).’;

3.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

‘Airteagal 14

Bearta cur chun feidhme

1.   Féadfaidh an Coimisiún na bearta seo a leanas a ghlacadh:

na bearta is gá chun go sásóidh na hoibreoirí na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 12(3);

na bearta is gá chun go gcomhlíonfaidh na hoibreoirí na ceanglais lipéadaithe a leagtar amach in Airteagal 13;

rialacha sainiúla maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le tabhairt ag oll-lónadóirí a chuireann bia ar fáil don tomhaltóir deiridh. Chun cás sainiúil na n-oll-lónadóirí a chur san áireamh, féadfar a fhoráil sna rialacha sin go ndéanfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 13(1)(e) a oiriúnú.

Na bearta sin a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 35(3).

2.   Chomh maith leis sin, féadfar rialacha mionsonraithe chun feidhmiú aonfhoirmeach Airteagal 13 a éascú a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).’;

4.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(2):

‘2.   I gcás inar gá, na bearta a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh agus lena gcinnfear an dtagann cineál beatha faoi raon feidhme na Roinne seo, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 35(3).’;

5.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24(4):

‘4.   Na bearta a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh agus lena mbunófar tairseacha cuí atá níos ísle, go háirithe i ndáil le beatha ina bhfuil OGManna, nó atá comhdhéanta díobh nó lena gcuirtear an dul chun cinn san eolaíocht agus sa teicneolaíocht san áireamh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 35(3).’;

6.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

‘Airteagal 26

Bearta cur chun feidhme

1.   Féadfaidh an Coimisiún na bearta seo a leanas a ghlacadh:

na bearta is gá chun go sásóidh na hoibreoirí na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 24(3);

na bearta is gá chun go gcomhlíonfaidh na hoibreoirí na ceanglais lipéadaithe a leagtar amach in Airteagal 25.

Na bearta sin a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 35(3).

2.   Chomh maith leis sin, féadfar rialacha mionsonraithe chun feidhmiú aonfhoirmeach Airteagal 25 a éascú a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 35(2).’;

7.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32(5):

‘Féadfar rialacha mionsonraithe chun an tAirteagal seo agus an Iarscríbhinn a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2).

Na bearta a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, agus lena n-oiriúnaítear an Iarscríbhinn, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 35(3).’;

8.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35(3):

‘3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

9.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 47(3):

‘3.   Na bearta a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh agus lena n-íslítear na tairseacha dá dtagraítear i mír 1, go háirithe maidir le OGManna a dhíoltar go díreach leis an tomhaltóir deiridh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 35(3).’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. LENARČIČ


(1)  IO C 161, 13.7.2007, lch. 45.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Samhain 2007 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 3 Márta 2008.

(3)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1981/2006 ón gCoimisiún (IO L 368, 23.12.2006, lch. 99).

(4)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(5)  IO C 255, 21.10.2006, lch. 1.


Top