EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008R0297

Rialachán (CE) Uimh. 297/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 maidir le feidhmiú caighdeán cuntasaíochta idirnáisiúnta, i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún

IO L 97, 9.4.2008, p. 62–63 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/297/oj

9.4.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/62


RIALACHÁN (CE) Uimh. 297/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2008

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 maidir le feidhmiú caighdeán cuntasaíochta idirnáisiúnta, i ndáil leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharliament na hEorpa agus ón gComhairle (3) go bhfuil bearta áirithe le glacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (4).

(2)

Leasaíodh Cinneadh 1999/468/CE le Cinneadh 2006/512/CE, lenar tugadh isteach an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta leo a ghlacadh, ar bearta iad a cheapfar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunaidh a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh a leasú, inter alia trí chuid de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha.

(3)

I gcomhréir leis an ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (5) maidir le Cinneadh 2006/512/CE, chun go mbeidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú infheidhme maidir le hionstraimí atá i bhfeidhm cheana agus a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh, caithfear na hionstraimí sin a choigeartú i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme.

(4)

Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún cinntí a dhéanamh maidir le hinfheidhmeacht caighdeán cuntasaíochta idirnáisiúnta laistigh den Chomhphobal. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go gceapfar iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 a leasú trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(5)

Ós rud é go bhféadfadh feidhmiú an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú laistigh de na gnáth-spriocthréimhsí, i gcúinsí áirithe eisceachtúla, deacracht a chruthú maidir le caighdeáin chuntasaíochta nua-eisithe, leasuithe ar chaighdeáin chuntasaíochta atá cheana ann nó léirmhínithe ar chaighdeáin chuntasaíochta atá cheana ann a ghlacadh in am le go bhféadfadh gnóthais iad a chur i bhfeidhm don bhliain airgeadais ábhartha, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa, don Choimisiún, agus don Chomhairle gníomhú go mear lena áirithiú go nglacfaí na caighdeáin agus na léirmhínithe sin go tráthúil ionas nach ndéanfar dochar do thuiscint agus do mhuinín infheisteoirí.

(6)

Ba cheart, mar sin, Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(1):

‘1.   Déanfaidh an Coimisiún cinntí maidir le hinfheidhmeacht caighdeán cuntasaíochta idirnáisiúnta laistigh den Chomhphobal. Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 6(2).’;

2.

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

scriostar mír 3.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. LENARČIČ


(1)  IO C 161, 13.7.2007, lch. 45.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Samhain 2007 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 3 Márta 2008.

(3)  IO L 243, 11.9.2002, lch. 1.

(4)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(5)  IO C 255, 21.10.2006, lch. 1.


Top