This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32008R0108
Regulation (EC) No 108/2008 of the European Parliament and of the Council of 15 January 2008 amending Regulation (EC) No 1925/2006 on the addition of vitamins and minerals and of certain other substances to foods
Rialachán (CE) Uimh. 108/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur i mbianna
Rialachán (CE) Uimh. 108/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur i mbianna
IO L 39, 13.2.2008, p. 11–13
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV) Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta
(HR)
In force
13.2.2008 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L NaN/11 |
RIALACHÁN (CE) UIMH. 108/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Eanáir 2008
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur i mbianna
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) go bhfuil an nós imeachta rialúcháin a bunaíodh le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (4) le cur i bhfeidhm maidir le bearta cur chun feidhme a bhaineann leis an Rialachán sin a ghlacadh. |
(2) |
Leasaítear Cinneadh 1999/468/CE le Cinneadh 2006/512/CE, lenar tugadh isteach nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, chun bearta a bhfuil raon feidhme ginearálta acu a ghlacadh, ar bearta iad a cheaptar chun eilimintí neamhriachtanacha d’ionstraim bhunaidh a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh a leasú, inter alia trí roinnt de na heilimintí sin a scriosadh nó tríd an ionstraim a fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha. |
(3) |
Ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún modhnuithe ar Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 a ghlacadh; bianna breise a shuíomh nach bhféadfar vitimíní ná mianraí áirithe a chur iontu; cinntí a ghlacadh maidir leis na liostaí de shubstaintí údaraithe, de shubstaintí toirmiscthe nó de shubstaintí srianta eile a bhunú agus/nó a leasú; na coinníollacha faoina bhféadfar vitimíní agus mianraí a úsáid a shainmhíniú, amhail critéir íonachta, méideanna uasta, méideanna íosta agus srianta nó toirmisc eile ar vitimíní agus mianraí a chur i mbia; agus maoluithe ó fhorálacha áirithe den Rialachán sin a bhunú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go gceapfar iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán sin a leasú, inter alia lena fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. |
(4) |
Más rud é, ar mhórchúiseanna práinne, nach féidir na gnáth-theorainneacha ama don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a chomhlíonadh, ba chóir go mbeadh an Coimisiún in ann leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE chun vitimíní agus mianraí áirithe a liostaítear sna hiarscríbhinní a scriosadh agus chun substaintí áirithe eile in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 a áireamh nó a leasú. |
(5) |
Ba chóir, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 mar a leanas:
1. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(3): ‘3. Glacfar modhnuithe ar na liostaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3), agus aird á tabhairt ar thuairim an Údaráis. Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 14(4) chun vitimín nó mianra a bhaint de na liostaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Sula ndéanfar na modhnuithe sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe leasmhara, go háirithe oibreoirí gnó bia agus grúpaí tomhaltóirí.’; |
2. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d’Airteagal 4: ‘Bearta lena gcinnfear na bianna breise nó catagóirí bianna breise nach bhféadfar vitimíní agus mianraí áirithe a chur iontu agus a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, féadfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3) faoi threoir na fianaise eolaíche agus aird á tabhairt ar luach cothaithe na mbianna breise sin nó na gcatagóirí bianna breise sin.’; |
3. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1): ‘1. Bearta lena gcinnfear na critéir íonachta i gcomhair foirmithe vitimíní agus substaintí mianraí a liostaítear in Iarscríbhinn II agus a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3), ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm acu de bhun mhír 2 den Airteagal seo.’; |
4. |
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
5. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7(1): ‘1. Ní bheidh i lipéadú, i gcur i láthair ná i bhfógraíocht bianna a mbeidh vitimíní agus mianraí curtha leo aon ní a dhearbhódh nó a thabharfadh le tuiscint nach féidir le haiste chothrom agus ilchineálach bia méideanna cuí cothaitheach a sholáthar. I gcás inar cuí, féadfar maolú a bhaineann le cothaitheach sonrach agus a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 14(3).’; |
6. |
leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
7. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14: ‘Airteagal 14 An nós imeachta coiste 1. Tabharfaidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 cúnamh don Choimisiún. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de. Is trí mhí a shocrófar mar an tréimhse dá leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de. 4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.’ |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Eanáir 2008
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
H.G PÖTTERING
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. LENARČIČ
(1) IO C 325, 30.12.2006, lch. 40.
(2) Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2007 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 17 Nollaig 2007.
(3) IO L 404, 30.12.2006, lch. 26.
(4) IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).