EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32005D0696

Cinneadh ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 2005 ag leasú an Phrótacail ar Reacht na Cúirte Breithiúnais, d'fhonn na coinníollacha agus na teorainneacha a leagan síos maidir le hathbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais ar bhreitheanna arna dtabhairt ag an gCúirt Chéadchéime

IO L 266, 11.10.2005, p. 60–61 (ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, NL, PL, PT, SK, SL, FI, SV)
IO L 296M, 26.10.2006, p. 13–14 (GA)
IO L 173M, 27.6.2006, p. 3–4 (MT)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (BG, RO, HR)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2005/696/oj

26.10.2006   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/13


CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Deireadh Fómhair 2005

ag leasú an Phrótacail ar Reacht na Cúirte Breithiúnais, d'fhonn na coinníollacha agus na teorainneacha a leagan síos maidir le hathbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais ar bhreitheanna arna dtabhairt ag an gCúirt Chéadchéime

(2005/696/CE, Euratom)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 225(2) agus (3) agus an dara mír d'Airteagal 245 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 140a (2) agus (3) agus an dara mír d'Airteagal 160 de,

Ag féachaint d'iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais an 12 Meán Fómhair 2003,

Ag féachaint do thuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2004,

Ag féachaint do thuairim ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2005,

De bhrí an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear in Airteagal 225(2) agus (3) de Chonradh CE, mar atá arna leasú le pointe 31 d'Airteagal 2 de Chonradh Nice:

‘2.   Beidh dlínse ag an gCúirt Chéadchéime caingne nó imeachtaí arna dtionscnamh i gcoinne breitheanna ó na painéil bhreithiúnacha arna gcur ar bun de bhun Airteagal 225a a éisteacht agus a chinneadh.

Féadfaidh breitheanna arna dtabhairt ag an gCúirt Chéadchéime de bhun na míre seo a bheith go heisceachtúil faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais, faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos sa Reacht, nuair atá baol tromchúiseach ann go ndéanfaí difear d’aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Chomhphobail.

3.   Beidh dlínse ag an gCúirt Chéadchéime ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú de bhun Airteagal 234 a éisteacht agus a chinneadh in ábhair shonracha atá leagtha síos sa Reacht.

Má mheasann an Chúirt Chéadchéime go n-éilíonn an cás breith ar phrionsabal a d'fhéadfadh difear a dhéanamh d’aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Chomhphobail, féadfaidh sí an cás a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais chun go dtabharfaidh sí breith.

Féadfaidh breitheanna arna dtabhairt ag an gCúirt Chéadchéime ar cheisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú a bheith go heisceachtúil faoi réir athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais, faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos sa Reacht, i gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfaí difear d’aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Chomhphobail.’

(2)

Rinneadh leasú comhchosúil ar Airteagal 140a(2) agus (3) de Chonradh CEFA le hAirteagal 3(13) de Chonradh Nice.

(3)

Cuireadh na leasuithe sin san áireamh go páirteach in Airteagal 62 den Phrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais atá curtha i gceangal le Conradh Nice, ina sonraítear: ‘Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 225(2) agus (3) de Chonradh CE agus in Airteagal 140a(2) agus (3) de Chonradh CEFA, nuair a mheasann an Chéad Abhcóide Ginearálta go bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfaí difear d’aontacht agus do chomhchuibheas dhlí an Chomhphobail, féadfaidh sé togra a dhéanamh go ndéanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith na Cúirte Céadchéime a athbhreithniú.

Ní foláir an togra a dhéanamh laistigh de mhí ón tráth a thugann an Chúirt Chéadchéime an bhreith. Laistigh de mhí tar éis di an togra ón gCéad Abhcóide Ginearálta a fháil, cinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais an cóir nó nach cóir an bhreith a athbhreithniú.’.

(4)

I gcomhréir le Dearbhú Uimh. 13 arna chur i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach Chonradh Nice, is gá na forálacha a ghlacadh ina sonraítear, maidir le hathbhreithniú breitheanna arna dtabhairt ag an gCúirt Chéadchéime ag rialú di ar bhreitheanna na bpainéal breithiúnach agus maidir le ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú:

‘—

ról na bpáirtithe in imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais, d'fhonn a gcearta a choimirciú;

éifeacht an nós imeachta um athbhreithniú ar infhorghníomhaitheacht na breithe ón gCúirt Chéadchéime;

éifeacht na breithe ón gCúirt Bhreithiúnais ar an díospóid idir na páirtithe.’,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas idir Airteagal 62 agus Airteagal 63 den Phrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais:

‘Airteagal 62a

Tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith ar na ceisteanna atá faoi réir athbhreithniú trí bhíthin nós imeachta práinne ar bhonn an chomhaid arna sheoladh chuici ag an gCúirt Chéadchéime.

Beidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht seo agus, sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 225(2) de Chonradh CE agus in Airteagal 140a(2) de Chonradh CEFA, na páirtithe sna himeachtaí atá os comhair na Cúirte Céadchéime, i dteideal ráitis nó barúlacha i scríbhinn a bhaineann leis na ceisteanna atá faoi réir athbhreithniú a thaisceadh leis an gCúirt Bhreithiúnais laistigh den tréimhse arna forordú chun na críche sin.

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais nós imeachta ó bhéal a oscailt sula dtabharfaidh sí breith.

Airteagal 62b

Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 225(2) de Chonradh CE agus in Airteagal 140a(2) de Chonradh CEFA, gan dochar d'Airteagal 242 ná d'Airteagal 243 de Chonradh CE, ní bheidh éifeacht fionraíochta ag tograí ar athbhreithniú ná ag cinntí an nós imeachta um athbhreithniú a oscailt. Má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais go ndéanann breith na Cúirte Céadchéime difear d’aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Chomhphobail, tarchuirfidh sí an cás ar ais go dtí an Chúirt Chéadchéime a bheidh faoi cheangal ag breith na Cúirte Breithiúnais maidir le poncanna dlí; féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a rá cé acu de na héifeachtaí atá ag breith na Cúirte Céadchéime a mheasfar a bheith críochnaitheach i leith na bpáirtithe sa chúis dlí. Más amhlaidh, áfach, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe, go n-eascraíonn toradh na n-imeachtaí ó na cinntí fíorais ar orthu a bunaíodh breith na Cúirte Céadchéime, tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breithiúnas críochnaitheach.

Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 225(3) de Chonradh CE agus in Airteagal 140a(3) de Chonradh CEFA, cheal tograí ar athbhreithiniú nó cinntí an nós imeachta um athbhreithniú a oscailt, is ar dhul in éag don tréimhse a shonraítear chuige sin sa dara mír d'Airteagal 62 a bheidh éifeacht ag an bhfreagra nó ag na freagraí a thug an Chúirt Bhreithiúnais ar na ceisteanna a cuireadh faoina bráid. I gcás go n-osclaítear nós imeachta um athbhreithniú, beidh éifeacht ag an bhfreagra nó ag na freagraí atá faoi réir athbhreithniú i ndiaidh an nós imeachta sin, mura gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais a mhalairt. Má chineann an Chúirt Breithiúnais go ndéanann breith na Cúirte Breithiúnais difear d’aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Chomhphobail, cuirfear an freagra a thug an Chúirt Bhreithiúnais ar na ceisteanna atá faoi réir athbhreithniú in ionad an fhreagra a thug an Chúirt Chéadchéime.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséal, 3 Deireadh Fómhair 2005.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. ALEXANDER


Top