Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32004D0407

    Cinneadh ón gComhairle an 26 Aibreán 2004 ag leasú Airteagail 51 agus 54 den Phrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais

    IO L 132, 29.4.2004, p. 5–6 (ES, DA, DE, EL, EN, FR, IT, NL, PT, FI, SV)
    IO L 296M, 26.10.2006, p. 6–7 (GA)

    Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (CS, ET, LV, LT, HU, MT, PL, SK, SL, BG, RO, HR)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2004/407(1)/oj

    26.10.2006   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L NaN/6


    CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

    an 26 Aibreán 2004

    ag leasú Airteagail 51 agus 54 den Phrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais

    (2004/407/CE, Euratom)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe an dara mír d'Airteagal 245 de,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh d'Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe an dara mír d'Airteagal 160 de,

    Ag féachaint d'iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais an 12 Feabhra 2003,

    Ag féachaint do thuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2004,

    Ag féachaint do thuairim ón gCoimisiún an 10 Samhain 2003,

    De bhrí an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Déanann pointe 31 d'Airteagal 2 de Chonradh Nice foráil nua a chur in ionad Airteagal 225 de Chonradh CE a bhforáiltear sa chéad fhomhír de mhír 1 di: ‘Beidh dlínse ag an gCúirt Chéadchéime caingne nó imeachtaí dá dtagraítear in Airteagail 230, 232, 235, 236 agus 238, cé is moite díobh siúd a shanntar do phainéal breithiúnach agus díobh siúd a fhorchoimeádtar sa Reacht chuig an gCúirt Bhreithiúnais, a éisteacht agus a chinneadh ag céadchéim. Féadfar a fhoráil sa Reacht go mbeidh dlínse ag an gCúirt Chéadchéime maidir le haicmí eile caingne nó imeachtaí’.

    (2)

    Rinneadh leasú comhchosúil ar Chonradh CEFA le hAirteagal 3(13) de Chonradh Nice.

    (3)

    Cuireadh an leasú sin san áireamh sa dréacht sealadach d'Airteagal 51 den Phrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais faoina bhforáiltear: ‘De mhaolú ar an riail atá leagtha síos in Airteagal 225(1) de Chonradh CE agus in Airteagal 140a(1) de Chonradh CEFA, beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais i gcaingne arna dtionscnamh ag na Ballstáit, ag institiúidí na gComhphobal agus ag an mBanc Ceannais Eorpach.’

    (4)

    De réir fhuarlitir agus de réir mhórbhrí Airteagal 225 nua de Chonradh CE agus Airteagal 140a nua de Chonradh CEFA, is gá Airteagal 51 den Phrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais a dhréachtú an athuair chun dlínsí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Céadchéime faoi seach a shonrú, toisc nach mór an t-aistriú dlínse ag céadchéim chuig an gCúirte Chéadchéime a bheith suntasach agus toisc nach mór do na critéir maidir leis an gcionroinnt a bheith sách soiléir le go dtuigfidh na hinstitiúidí agus na Ballstáit iad gan aon éideimhne.

    (5)

    Is cóir gur faoi inniúlacht na Cúirte Céadchéime a thig caingne arna dtionscnamh ag na Ballstáit in aghaidh gníomhartha de chuid na Comhairle ar leo a dhéanann sí a cumhachtaí feidhmithe a chur chun feidhme, i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear sa tríú fleasc d'Airteagal 202 de Chonradh CE. Is cásanna iad sin inar choimeád an Chomhairle chuici féin an ceart na cumhachtaí feidhmithe sin a chur chun feidhme, sin nó inar ghabh sí chuici féin an athuair an ceart sin le linn nós imeachta coiste.

    (6)

    Forálacha Airteagal 54 den Phrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais maidir leis na cásanna ina bhféadfaidh an Chúirt Chéadchéime dlínse a dhiúltú i bhfabhar na Cúirte Breithiúnais, caithfear iad a leasú chun iad a chur in oiriúint d'inniúlachtaí nua na Cúirte Céadchéime. Caithfidh an fhéidearthacht a bheith ann dlínse a dhiúltú nuair a thugtar cásanna gaolmhara os comhair na Cúirte Céadchéime agus os comhair na Cúirte Breithiúnais agus go bhféadfadh réiteach cáis amháin a bheith ag brath ar réiteach an cháis eile,

    TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

    Airteagal 1

    1.

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 51 den Phrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais:

    ‘Airteagal 51

    De mhaolú ar an riail atá leagtha síos in Airteagal 225(1) de Chonradh CE agus in Airteagal 140a(1) de Chonradh CEFA, forchoimeádtar dlínse chuig an gCúirt Bhreithiúnais sna caingne dá dtagraítear in Airteagail 230 agus 232 de Chonradh CE agus in Airteagail 146 agus 148 de Chonradh CEFA nuair a thionscnaíonn Ballstát iad:

    (a)

    i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, nó de chuid an dá institiúid sin ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, seachas

    cinntí arna ndéanamh ag an gComhairle faoin tríú fomhír d'Airteagal 88(2) de Chonradh CE;

    gníomhartha de chuid na Comhairle arna nglacadh de bhun rialacháin ón gComhairle a bhaineann le bearta chun trádáil a chosaint de réir bhrí Airteagal 133 de Chonradh CE;

    gníomhartha de chuid na Comhairle lena gcuireann sí cumhachtaí feidhmithe chun feidhme i gcomhréir leis an tríú fleasc d'Airteagal 202 de Chonradh CE;

    (b)

    i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid an Choimisiúin faoi Airteagal 11a de Chonradh CE.

    Forchoimeádtar dlínse freisin chuig an gCúirt Bhreithiúnais sna caingne dá dtagraítear sna hAirteagail chéanna nuair a thionscnaíonn institiúid de chuid na gComhphobal nó an Banc Ceannais Eorpach iad i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, nó de chuid an dá institiúid sin ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, nó de chuid an Choimisiúin, nó nuair a thionscnaíonn institiúid de chuid na gComhphobal iad i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh.’

    2.

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír d'Airteagal 54 den Phrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais:

    ‘Má thugtar cásanna os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Céadchéime araon ina bhfuil an faoiseamh céanna á éileamh, ina dtógtar an tsaincheist chéanna léirithe nó ina gcaitear amhras ar bharántúlacht an ghnímh chéanna, féadfaidh an Chúirt Chéadchéime, tar éis di na páirtithe a éisteacht, bac a chur ar na himeachtaí os a comhair go dtí go mbeidh breithiúnas tugtha ag an gCúirt Bhreithiúnais nó, i gcás caingne arna dtionscnamh de bhun Airteagal 230 de Chonradh CE nó Airteagal 146 de Chonradh CEFA, féadfaidh sí dlínse a dhiúltú chomh maith chun go bhféadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith a thabhairt ar na caingne sin. Sna himthosca céanna, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a chinneadh freisin bac a chur ar na himeachtaí a tugadh os a comhair; má dhéanann sí amhlaidh, leanfar de na himeachtaí a tugadh os comhair na Cúirte Céadchéime.’

    3.

    Cuirtear an mhír nua seo a leanas le hAirteagal 54 den Phrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais:

    ‘Má dhéanann Ballstát agus institiúid de chuid na gComhphobal an gníomh céanna a chonspóid, diúltóidh an Chúirt Chéadchéime dlínse chun go bhféadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith a thabhairt ar na hiarratais sin.’

    Airteagal 2

    Cásanna a thig faoi inniúlacht na Cúirte Céadchéime de bhua an Chinnidh seo agus a bheidh tugtha os comhair na Cúirte Breithiúnais faoin dáta a dtiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm

    ach

    (a)

    ina bhfuil bac curtha ar na himeachtaí, ar an dáta sin, i gcomhréir leis an abairt dheireanach den tríú mír d'Airteagal 54 den Phrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais,

    (b)

    nach bhfuil deireadh curtha iontu, ar an dáta sin, leis an gcuid i scríbhinn den nós imeachta, mar a shonraítear in Airteagal 44 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais,

    déanfar iad a tharchur chuig an gCúirt Chéadchéime.

    Airteagal 3

    Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo ar an gcéad lá den dara mí tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Lucsamburg, 26 Aibreán 2004.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    B. COWEN


    Top