This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D1490
Decision of the EEA Joint Committee No 143/2026 of 30 April 2026 amending Annex IX (Financial services) to the EEA Agreement [2026/1490]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 143/2026 an 30 Aibreán 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1490]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 143/2026 an 30 Aibreán 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1490]
IO L, 2026/1490, 23.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1490/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1490 |
23.7.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 143/2026
an 30 Aibreán 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1490]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/136 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2025 lena gceartaítear an leagan Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1302 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun teorainneacha suímh a chur i bhfeidhm maidir le díorthaigh tráchtearraí agus nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar dhíolmhú ó theorainneacha suímh (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 31bazh (Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1302 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
|
— |
32026 R 0136: Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/136 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2025 (IO L, 2026/136, 19.1.2026).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/136 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Aibreán 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2026/136, 19.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/136/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1490/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)