Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22026D1292

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 87/2026 an 20 Márta 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1292]

IO L, 2026/1292, 25.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1292/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1292/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1292

25.6.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 87/2026

an 20 Márta 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1292]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1922 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2024 lena leagtar amach an teimpléad lena mbaileoidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(5), pointí (a) go (d), de Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

De bhun Chinneadh Uimh. 171/2025 ó Chomhchoiste LEE an 11 Iúil 2025 (2), lena n-ionchorpraítear Rialachán (AE) 2023/1230 i gComhaontú LEE, tá Lichtinstéin díolmhaithe ó na sonraí agus ón bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(5) den Rialachán sin a bhailiú agus a sholáthar. Dá bhrí sin ní bheidh feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1922 maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 1j (Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XXIV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘1ja.

32024 R 1922: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1922 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2024 lena leagtar amach an teimpléad lena mbaileoidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(5), pointí (a) go (d), de Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1922, 15.7.2024).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:

In Airteagal 1, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le Lichtinstéin.”’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1922 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Márta 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 2024/1922, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1922/oj.

(2)   IO L 2025/2107, 6.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2107/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1292/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top