Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22026D1285

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 85/2026 an 20 Márta 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1285]

IO L, 2026/1285, 25.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1285/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1285/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1285

25.6.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 85/2026

an 20 Márta 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1285]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2355 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 a mhéid a bhaineann le foilsiú tagairtí do Dhoiciméid um Measúnú Eorpach maidir le córais ghloinithe do bhalcóiní agus do lochtáin gan frámaí ingearacha agus córais chomhdhéanta d’insliú teirmeach seachtrach le córas rindreála (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1zzp (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 ón gCoimisiún) de Chaibidil XXI d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32025 D 2355: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2355 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 (IO L, 2025/2355, 20.11.2025).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2355 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Márta 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 2025/2355, 20.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2355/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1285/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top