Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22026D1266

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 66/2026 an 20 Márta 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1266]

IO L, 2026/1266, 25.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1266/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1266/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1266

25.6.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 66/2026

an 20 Márta 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1266]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1470 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2025 maidir leis na socruithe chun liostaí na n-oibreoirí agus na ngrúpaí oibreoirí agus an fhaisnéis fíor-riachtanach a bhaineann leis an deimhniú a sholáthraítear d’oibreoirí agus do ghrúpaí oibreoirí a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) ,tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Is le reachtaíocht maidir le hearraí bia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hearraí bia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear i réamhrá Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 54bq (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1195 ón gCoimisiún) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘54br.

32025 R 1470: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1470 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2025 maidir leis na socruithe chun liostaí na n-oibreoirí agus na ngrúpaí oibreoirí agus an fhaisnéis fíor-riachtanach a bhaineann leis an deimhniú a sholáthraítear d’oibreoirí agus do ghrúpaí oibreoirí a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/1470, 24.7.2025).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1470 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Márta 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh..

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2025/1470, 24.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1470/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1266/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top