Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22026D1229

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 106/2026 an 20 Márta 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1229]

IO L, 2026/1229, 25.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1229/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1229/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1229

25.6.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 106/2026

an 20 Márta 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1229]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/792 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2025 maidir le liosta a fhoilsiú lena léirítear luachanna astaíochtaí CO2 áirithe in aghaidh an mhonaróra chomh maith le meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair a cláraíodh san Aontas de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh thréimhse tuairiscithe 2022 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 21azkae (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1786 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘21azkaf.

32025 D 0792: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/792 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2025 maidir le liosta a fhoilsiú lena léirítear luachanna astaíochtaí CO2 áirithe in aghaidh an mhonaróra chomh maith le meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair a cláraíodh san Aontas de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh thréimhse tuairiscithe 2022 (IO L, 2025/792, 25.4.2025).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/792 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Márta 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 2025/792, 25.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/792/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1229/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top