This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22026D0600
Decision of the EEA Joint Committee No 317/2025 of 5 December 2025 amending Annex XIII (Transport) to the EEA Agreement [2026/600]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 317/2025 an 5 Nollaig 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/600]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 317/2025 an 5 Nollaig 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/600]
IO L, 2026/600, 16.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/600/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/600 |
16.4.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 317/2025
an 5 Nollaig 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/600]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/870 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na tagairtí d’fhórálacha Choinbhinsiún Chicago (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/520 ón gCoimisiún an 20 Márta 2025 lena leasaítear Rialachán (AE). 2018/1048 a mhéid a bhaineann le húsáid sonraíochtaí loingseoireachta feidhmíochtbhunaithe le haghaidh oibríochtaí aigéanacha (2) , tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE, leasaítear í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 66xh (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1048 ón gCoimisiún): ‘, arna leasú le:
|
|
2. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 66zb (Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i Rialachán Tarmligthe(AE) 2025/870 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/520 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Stefán Haukur JÓHANNESSON
(1) IO L, 2025/870, 5.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/870/oj.
(2) IO L, 2025/520, 21.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/520/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/600/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)