Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22026D0210

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 227/2025 an 24 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/210]

IO L, 2026/210, 12.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/210/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/210/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/210

12.2.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 227/2025

an 24 Deireadh Fómhair 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/210]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2025/1377 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2025 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine a chur ar an margadh agus allmhairí díobh (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1379 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a mhéid a bhaineann le digitiú an choimeádta taifead, leis an doiciméad tráchtála caighdeánach agus leis na deimhnithe sláinte caighdeánacha le haghaidh gluaiseacht seachtháirgí ainmhithe ó chriosanna srianta agus le haghaidh iompar aoiligh neamhphróiseáilte (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Baineann an Cinneadh seo, inter alia, le reachtaíocht maidir le hainmhithe beo cé is moite d’éisc agus ainmhithe dobharshaothraithe agus táirgí ainmhithe amhail ubháin, suthanna agus seamhan. An reachtaíocht a bhaineann leis na hábhair sin, ní bheidh feidhm aici maidir leis an Íoslainn, mar a shonraítear i mír 2 den Chuid Réamhráiteach de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE.

(4)

Is le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí tréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 9c (Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún) i gCuid 7.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32025 R 1377: Rialachán (AE) 2025/1377 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2025 (IO L, 2025/1377, 16.7.2025),

32025 R 1379: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1379 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2025 (IO L, 2025/1379, 16.7.2025).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán (AE) 2025/1377 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1379 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 25 Deireadh Fómhair 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Stefán Haukur JÓHANNESSON


(1)   IO L, 2025/1377, 16.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1377/oj.

(2)   IO L, 2025/1379, 16.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1379/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/210/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top