This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22025D2252
Decision No 1/2025 of the Joint Committee established by the Agreement between the European Union and the Republic of Moldova on the Carriage of Freight by Road of 19 September 2025 as regards the continuation of the Agreement [2025/2252]
Cinneadh Uimh. 1/2025 ón gComhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir le hIompar Lasta de Bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive, an 19 Meán Fómhair 2025 a mhéid a bhaineann le leanúint leis an gComhaontú [2025/2252]
Cinneadh Uimh. 1/2025 ón gComhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir le hIompar Lasta de Bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive, an 19 Meán Fómhair 2025 a mhéid a bhaineann le leanúint leis an gComhaontú [2025/2252]
PUB/2025/1167
IO L, 2025/2252, 25.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2252/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2252 |
25.11.2025 |
CINNEADH Uimh. 1/2025 ÓN GCOMHCHOISTE ARNA BHUNÚ LEIS AN GCOMHAONTÚ MAIDIR LE HIOMPAR LASTA DE BHÓTHAR IDIR AN TAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT NA MOLDÓIVE,
an 19 Meán Fómhair 2025
a mhéid a bhaineann le leanúint leis an gComhaontú [2025/2252]
TÁ AN COMHCHOISTE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir le hIompar Lasta de Bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive (1), agus go háirithe Airteagal 6(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh Uimh. 2/2022 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive (‘an Comhaontú’), cuireadh síneadh leis an gComhaontú go dtí an 30 Meitheamh 2024. Le Cinneadh Uimh. 1/2024 ón gComhchoiste, cuireadh síneadh eile leis an gComhaontú go dtí an 31 Nollaig 2025. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 6(2) den Chomhaontú, táthar leis an gComhchoiste a thionól 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá ann le leanúint leis an gComhaontú agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin. |
|
(3) |
Léirigh an faireachán ar an gComhaontú freisin gur thug sé tacaíocht do Phoblacht na Moldóive faoi imthosca uafásacha chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Léirigh an faireachán a rinneadh ar an gComhaontú go bhfuil an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive araon tar éis tairbhí a bhaint as ó thaobh na trádála de, agus go bhfuil oibreoirí iompair de bhóthar an dá pháirtí tar éis tairbhe a bhaint as an méadú ar sheirbhísí iompair de bhóthar freisin. |
|
(4) |
In éineacht le comhaontú comhchosúil maidir le hiompar de bhóthar a síníodh leis an Úcráin, chuir an Comhaontú go mór freisin le honnmhairiú earraí na hÚcráine chuig an Aontas trí na Lánaí Dlúthpháirtíochta. |
|
(5) |
Ba cheart leanúint leis an gComhaontú a thuiscint mar bheart a rannchuidíonn freisin le hatógáil na hÚcráine tar éis chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. |
|
(6) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, leanúint leis an gComhaontú go dtí an 31 Márta 2027, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leanúint leis an gComhaontú
Leis seo, cuirtear síneadh leis an gComhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive go dtí an 31 Márta 2027.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann an Chomhchoiste
Na Comhchathaoirligh
Kristian SCHMIDT
Mircea PĂSCĂLUȚĂ
(1) IO AE L 181, 7.7.2022, lch. 4. ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2022/1165/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2252/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)