Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22025D2098

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 163/2025 an 11 Iúil 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/2098]

IO L, 2025/2098, 6.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2098/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2098/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2098

6.11.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 163/2025

an 11 Iúil 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/2098]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/181 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2025 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2393 a mhéid a bhaineann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1416 a aisghairm (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/187 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2025 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/415 ón gCoimisiún maidir le haigéad malach, aigéad citreach arna tháirgeadh ag Aspergillus niger DSM 25794 nó CGMCC 4513/CGMCC 5751 nó CICC 40347/CGMCC 5343, aigéad sorbach agus sorbáit photaisiam, aigéad aicéiteach, dé-aicéatáit sóidiam agus aicéatáit chailciam, aigéad próipianach, próipianáit sóidiam, próipianáit chailciam agus próipianáit amóiniam, aigéad formach, formáit sóidiam, formáit chailciam agus formáit amóiniam, agus aigéad lachtach arna tháirgeadh ag Bacillus coagulans (LMG S-26145 nó DSM 23965), nó Bacillus smithii (LMG S-27890) nó Bacillus subtilis (LMG S-27889) agus lachtáit chailciam a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh speicis ainmhíoch áirithe (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le ábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasaítear í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 444 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/415 ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32025 R 0187: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/187 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2025 (IO L, 2025/187, 3.2.2025).’

2.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 615 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2393 ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32025 R 0181: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/181 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2025 (IO L, 2025/181, 3.2.2025).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2025/181 agus (AE) 2025/187 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 12 Iúil 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Iúil 2025.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Kristján Andri STEFÁNSSON


(1)   IO L 2025/181, 3.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/181/oj.

(2)   IO L 2025/187, 3.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/187/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2098/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top