Το έγγραφο αυτό έχει ληφθεί από τον ιστότοπο EUR-Lex
Έγγραφο 22025D1863
Decision of the EEA Joint Committee No 128/2025 of 13 June 2025 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2025/1863]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 128/2025 an 13 Meitheamh 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1863]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 128/2025 an 13 Meitheamh 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1863]
IO L, 2025/1863, 2.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1863/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Ισχύει
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/1863 |
2.10.2025 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 128/2025
an 13 Meitheamh 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1863]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán (AE) 2025/350 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2025 lena ndiúltaítear údarú a thabhairt do mhaíomh sláinte a dhéantar i leith bianna, seachas na maímh sin lena dtagraítear do riosca galair a laghdú agus iad siúd lena dtagraítear d’fhorbairt agus do shláinte leanaí (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Rialachán (AE) 2025/351 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia, lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/1616 maidir le hábhair phlaisteacha athchúrsáilte agus earraí plaisteacha athchúrsáilte atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bianna, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 282/2008, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006 maidir le dea-chleachtas monaraíochta d’ábhair agus d’earraí atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia a mhéid a bhaineann le plaisteach athchúrsáilte agus ábhair eile a bhaineann le rialú cáilíochta agus monaraíocht ábhar plaisteach agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear i réamhrá Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasaítear í mar a leanas:
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointí 54zzzb (Rialachán (CE)Uimh. 2023/2006 ón gCoimisiún) agus 55 (Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún):
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 56 (Rialachán (AE) 2022/1616 ón gCoimisiún): ‘, arna leasú le:
|
3. |
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 264 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/167 ón gCoimisiún):
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin (AE) 2025/350 agus (AE) 2025/351 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 14 Meitheamh 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2025.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 2025/350, 24.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/350/oj.
(2) IO L 2025/351, 24.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/351/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1863/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)