Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22025D1859

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 121/2025 an 13 Meitheamh 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1859]

IO L, 2025/1859, 2.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1859/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1859/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1859

2.10.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 121/2025

an 13 Meitheamh 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1859]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3166 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh turcaithe lena ramhrú, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, bainbh scoite, Suidae scoite seachas Sus scrofa domesticus, agus cránacha, maidir lena húdarú haghaidh muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae, bainbh dhiúil de gach speiceas Suidae agus cránacha de gach mionspeiceas Suidae (sealbhóir an údaraithe: Kemin Europa N.V.), agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366 agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013, (AE) Uimh. 787/2013 agus (AE) 2017/2276 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3162 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 maidir le húdarú crágaigh tirisín fheirigh mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú, gach speicis éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina mbéaróga, agus turcaithe agus mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe: Akeso Biomedical, Inc. SAM, atá á ionadú san Aontas ag Pen & Tec Consulting SLU) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3167 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 maidir le hullmhóid chianacóbalaimín (vitimín B12) arna táirgeadh le Ensifer adhaerens CGMCC 19596 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3168 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 maidir le hullmhóid arb é atá inti sinc-L-seiléineimeitiainín mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhithe (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3166, aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013 (5), (AE) Uimh. 787/2013 (6) agus (AE) Uimh. 2017/2276 (7) ón gCoimisiún, atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(6)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasaítear í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 485 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366 ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32024 R 3166: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3166 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 (IO L, 2024/3166, 19.12.2024).’

2.

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 618 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2414 ón gCoimisiún):

‘619.

32024 R 3166: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3166 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh turcaithe lena ramhrú, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, bainbh scoite, Suidae scoite seachas Sus scrofa domesticus, agus cránacha, maidir lena húdarú haghaidh muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae, bainbh dhiúil de gach speiceas Suidae agus cránacha de gach mionspeiceas Suidae (sealbhóir an údaraithe: Kemin Europa N.V.), agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366 agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013, (AE) Uimh. 787/2013 agus (AE) 2017/2276 (IO L, 2024/3166, 19.12.2024).

620.

32024 R 3162: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3162 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 maidir le húdarú crágaigh tirisín fheirigh mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú, gach speicis éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina mbéaróga, agus turcaithe agus mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe: Akeso Biomedical, Inc. SAM, atá á ionadú san Aontas ag Pen & Tec Consulting SLU) (IO L, 2024/3162, 19.12.2024).

621.

32024 R 3167: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3167 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 maidir le hullmhóid chianacóbalaimín (vitimín B12) arna táirgeadh le Ensifer adhaerens CGMCC 19596 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L, 2024/3167, 19.12.2024).

622.

32024 R 3168: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2024/3168 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2024 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti sinc-L-seiléineimeitiainín mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhithe (IO L, 2024/3168, 19.12.2024).’

3.

Scriostar téacs phointí 80 (Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013 ón gCoimisiún), 99 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 787/2013 ón gCoimisiún) agus 234 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2276 ón gCoimisiún).

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3166, (AE) 2024/3162, (AE) 2024/3167 agus (AE) 2024/3168 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 14 Meitheamh 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2025.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2024/3166, 19.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3166/oj.

(2)   IO L, 2024/3162, 19.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3162/oj.

(3)   IO L, 2024/3167, 19.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3167/oj.

(4)   IO L, 2024/3168, 19.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/3168/oj.

(5)   IO L 91, 3.4.2013, lch. 5.

(6)   IO L 220, 17.8.2013, lch. 15.

(7)   IO L 326, 9.12.2017, lch. 50.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1859/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top