This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22025D1841
Decision of the EEA Joint Committee No 138/2025 of 13 June 2025 amending Annex IX (Financial services) to the EEA Agreement [2025/1841]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 138/2025 an 13 Meitheamh 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1841]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 138/2025 an 13 Meitheamh 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1841]
IO L, 2025/1841, 2.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1841/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1841 |
2.10.2025 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 138/2025
an 13 Meitheamh 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1841]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/416 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar agus formáid na dtaifead leabhair orduithe le haghaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/417 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an chaoi a ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní sonraí trédhearcachta a chur i láthair (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 31r (Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘31rn. |
32025 R 0416: Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/416 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar agus formáid na dtaifead leabhair orduithe le haghaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní (IO L, 2025/416, 14.3.2025). |
|
31ro. |
32025 R 0417: Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/417 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an chaoi a ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní sonraí trédhearcachta a chur i láthair (IO L, 2025/417, 14.3.2025).’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Tharmligthe (AE) 2025/416 agus (AE) 2025/417 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 14 Meitheamh 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 41/2025 ó Chomhchoiste LEE an 20 Feabhra 2025 (3), cibé acu is déanaí.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2025.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 2025/416, 14.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/416/oj.
(2) IO L 2025/417, 14.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/417/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
(3) IO L 2025/765, 8.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/765/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1841/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)