Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22025D1836

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 148/2025 an 13 Meitheamh 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1836]

IO L, 2025/1836, 2.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1836/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1836/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1836

2.10.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 148/2025

an 13 Meitheamh 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1836]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1107 ón gCoimisiún an 13 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach córas deimhnithe aerárthaí gan foireann agus a gcomhpháirteanna, agus maidir le formheas eagraíochtaí agus pearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1109 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin don údarás inniúil maidir le deimhniúchán, formhaoirseacht agus forfheidhmiú ar aeracmhainneacht leanúnach córas aerárthaí deimhnithe gan foireann, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 66zbh (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 ón gCoimisiún):

‘—

32024 R 1109: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1109 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2024 (IO L, 2024/1109, 23.5.2024).’

2.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 66zbj (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 ón gCoimisiún):

‘66zbk.

32024 R 1107: Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1107 ón gCoimisiún an 13 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach córas deimhnithe aerárthaí gan foireann agus a gcomhpháirteanna, agus maidir le formheas eagraíochtaí agus pearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L, 2024/1107, 23.5.2024).

66zbl.

32024 R 1109: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1109 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin don údarás inniúil maidir le deimhniúchán, formhaoirseacht agus forfheidhmiú ar aeracmhainneacht leanúnach córas aerárthaí deimhnithe gan foireann, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 (IO L, 2024/1109, 23.5.2024).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1107 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1109 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 14 Meitheamh 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (3), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 146/2025 ó Chomhchoiste LEE an 13 Meitheamh 2025 (4), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2025.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2024/1107, 23.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1107/oj.

(2)   IO L, 2024/1109, 23.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1109/oj.

(3)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(4)   IO L, 2025/1840, 2.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1840/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1836/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top