Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22025D1818

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 161/2025 an 13 Meitheamh 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1818]

IO L, 2025/1818, 2.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1818/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1818/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1818

2.10.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 161/2025

an 13 Meitheamh 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1818]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1770 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 lena leagtar síos forálacha maidir le trealamh aerárthaí a cheanglaítear i dtaca le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus rialacha oibriúcháin a bhaineann le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011, (AE) Uimh. 1207/2011 agus (AE) Uimh. 1079/2012 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1770 aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 (2) ón gCoimisiún, agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011 (3), (AE) Uimh. 1207/2011 (4) agus (AE) Uimh. 1079/2012 (5) ón gCoimisiún, atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:

1.

cuirtear isteach an pointe seo a leanas i ndiaidh phointe 66wo (arna scriosadh):

‘66wp.

32023 R 1770: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1770 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 lena leagtar síos forálacha maidir le trealamh aerárthaí a cheanglaítear i dtaca le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus rialacha oibriúcháin a bhaineann le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011, (AE) Uimh. 1207/2011 agus (AE) Uimh. 1079/2012 (IO L 228, 15.9.2023, lch. 39).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin Cur Chun Feidhme oiriúnaithe mar a leanas:

I roinn AUR.COM.2001 de Theideal 1 d’Iarscríbhinn 1, cuirfear na focail ‘Réigiún Faisnéise Eitilte Polaris (FIR) ó thuaidh ó 61°30′’ i ndiaidh na bhfocal ‘Réigiún Faisnéis Eitilte Uasta na Fionlainne (UIR) ó thuaidh ó 61°30′.’

2.

Scriostar téacsanna phointí 66we (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1079/2012 ón gCoimisiún), 66wg (Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 ón gCoimisiún), 66wj (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011 ón gCoimisiún) agus 66wl (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1207/2011 ón gCoimisiún).

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1770 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 14 Meitheamh 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2025.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 228, 15.9.2023, lch. 39.

(2)   IO L 13, 17.1.2009, lch. 3.

(3)   IO L 305, 23.11.2011, lch. 23.

(4)   IO L 305, 23.11.2011, lch. 35.

(5)   IO L 320, 17.11.2012, lch. 14.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1818/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top