Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22025D1037

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 53/2025 an 14 Márta 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1037]

IO L, 2025/1037, 12.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1037/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1037/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1037

12.6.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 53/2025

an 14 Márta 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/1037]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2684 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais a bhaineann le próitéin le haghaidh bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach a mhonaraítear as hidrealasáití próitéine (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2196 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2024 lena gceartaítear an leagan Fraincise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear i réamhrá Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 77b (Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 ón gCoimisiún):

‘—

32024 R 2684: Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2684 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2024 (IO L, 2024/2684, 11.10.2024).’

2.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 124b (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún):

‘—

32024 R 2196: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2196 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2024 (IO L, 2024/2196, 5.9.2024).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2684 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2196 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Márta 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Márta 2025.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2024/2684, 11.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2684/oj.

(2)   IO L, 2024/2196, 5.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2196/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1037/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top