Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22025D0736

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 5/2025 an 7 Feabhra 2025 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/736]

IO L, 2025/736, 8.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/736/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/736/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/736

8.5.2025

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 5/2025

an 7 Feabhra 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2025/736]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2183 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 389/2011, (AE) 2016/899, (AE) 2017/440, (AE) 2017/896, (AE) 2020/164, (AE) 2020/166, (AE) 2021/2051, (AE) 2021/2096, (AE) 2023/1167, (AE) 2023/1703 agus (AE) 2023/1713 a mhéid a bhaineann le hainm shealbhóir an údaraithe le haghaidh breiseáin bheathaithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2185 ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 2024 maidir le húdarú ullmhóide de Bacillus subtilis FERM BP-07462, Enterococcus lactis FERM BP-10867 agus Clostridium butyricum FERM BP-10866 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú, gach speicis éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina bhéaróg nó le haghaidh pórúcháin agus éin ornáideacha (sealbhóir an údaraithe: Toa Biopharma Co., Ltd)) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointí 2zd (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 389/2011 ón gCoimisiún), 167 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/899 ón gCoimisiún), 205 (Rialachán Cur Chun Feidhme 2017/440 ón gCoimisiún) agus 211 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/896 ón gCoimisiún):

‘—

32024 R 2183: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2183 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2024 (IO L, 2024/2183, 3.9.2024).’

2.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointí 342 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/164 ón gCoimisiún), 344 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/166 ón gCoimisiún), 431 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2096 ón gCoimisiún), 436 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2051 ón gCoimisiún), 500 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1167 ón gCoimisiún), 508 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1703 ón gCoimisiún) agus 516 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1713 ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32024 R 2183: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2183 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2024 (IO L, 2024/2183, 3.9.2024).’

3.

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 613 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2441 ón gCoimisiún):

‘614.

32024 R 2185: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2185 ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 2024 maidir le húdarú ullmhóide de Bacillus subtilis FERM BP-07462, Enterococcus lactis FERM BP-10867 agus Clostridium butyricum FERM BP-10866 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú, gach speicis éanlaithe clóis a thógtar le bheith ina bhéaróg nó le haghaidh pórúcháin agus éin ornáideacha (sealbhóir an údaraithe: Toa Biopharma Co., Ltd.) (IO L, 2024/2185, 4.9.2024).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2183 agus (AE) 2024/2185 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 8 Feabhra 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Feabhra 2025.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2024/2183, 3.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2183/oj.

(2)   IO L, 2024/2185, 4.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2185/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/736/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top